Ag léamh na Gaeilge le gloiní glic

gloiníglicSeo smaoineamh ar fiú féachaint air – cé nach bhfuil a fhios agam an chostas a ghabhann leis – agus d’fhéadfadh sé an argóint seo faoi chúrsaí aistriúchán a réiteach go glic.

Spéaclaí atá chomh glic sin go gcuireann siad aistriúcháin ar fáíl don t-é atá á chaitheamh nuair atá sé nó sí ag labhairt le duine eigean nach bhfuil comhtheanga aige nó aici leis an gcéad dhuine.   Is amhlaidh go bhfuil na spéaclaí chomh glic go dteilgíonn siad na fotheidil ar an lionsa.

Is dócha go mbeadh sé indéanta é seo a úsáid freisin le h-aghaidh aistriúcháin téacsa – nó leagan de.   Agus tá’s againn ar fad faoi Google Translate agus na buanna – is na mí bhuntáistí – a bhaineann leis an gcóras sin.

Ar aon nós, is fiú féachaint air mar chóras agus beidh sé speisiúil a dhéanamh amach conas mar a eiríonn leis is an mbeidh sé oiriúnach d’aistriúcháin Ghaeilge.

Beidh sé ar fáil sa tSeapáín ón mbliain seo chugainn.

15 de thuairimí ar “Ag léamh na Gaeilge le gloiní glic

  1. aonghus

    Glacfaidh sé tamall fada ríomh-aistriúchán foirfe ar chuir ar fáil do mhionteanga. Tá daoine ag obair air: Kevin Scannell, mar shampla. (féach anseo: http://borel.slu.edu/en2ga/)

    Ach, seo an rud – ceann de na riachtanais do chóras mar seo ná corpas mhór aistriúcháin – go díreach na cáipéisí sin a bhíonn tusa ag clamhsán fúthu!

    Freagra
  2. Daoi Mac Bladhmainn

    Is gléas suimiúil é sin cinnte, ach maidir leis an gceist seo ar fad, is é teacht i réim an Bhéarla mar theanga na n-údarás is mó a thugtar mar thús le meathlú na Gaeilge. Ní thuigim cad chuige a mbeadh duine atá in ainm is a bheith Gaelach nó ar son na Gaeilge ag iarraidh fáil réidh leis an mbua ba mhó ar son na Gaeilge ó bhunú TG4. Cacamas ar fad a bhí i d’alt san Indo, -14 cent an fhocail a dúirt tú mar phá d’aistritheoirí? Ní fhaigheann aistritheoirí ach 40% den mhéid a luaigh tú…roimh cháin agus ní hionann ‘focal’ is aon fhocal amháin, bíonn bogearraí á úsáid againn agus is minic a bhíonn breis is fiche focal á chóiriú chun pá aon fhocal a shaothrú. Dar ndóigh saothraíonn aistritheoirí neamhspleácha giota beag níos mó ná an gnáthphá ach tá siadsan sa bhearna baoil gan aon phá rialta agus a gcuid cánacha féin le réiteach. San áireamh leis an bhfigiúr a luaigh tú, cuimsítear an costas iomlán…atá níos mó ná pá iriseoirí dar leat…Dia idir sinn agus an t-éagóir is mó ar domhain….tá Cáin Bhreisluacha an Rialtais, cáin ioncaim, Árachas Sóisialta Pá-choibhneasa oibreoirí agus fostóirí, costas aistriúcháin, costas na léitheoireachta profaí, costais riaracháin, bogearraí, margaíocht, díolacháin srl. Mhínigh mé cheana i dteachtaireacht ar an suíomh seo go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le haistriú na gcáipéisí agus luach na gcáipéisí féin, na milliún euro, na céadta milliún san fhadtéarma, le saothrú ón iasacht gan trácht ar na céadta post, i bhfad Éireann níos mó ná luach na hinfheistíochta. Íocann an méid suarach a chaitear ar aistriúcháin in Éirinn as dó féin, níl sna ‘rudaí praiticiúla’ mar a chuireann tú orthu ach costas gan aon chumas borradh a chur sa gheilleagar, cé gur rudaí iad atá de dhíth. Ní chreidim gur pleidhce thú a dhéanann neamhaird ar an bhfírinne fhollasach lom agus dá réir sin caithfear an cheist a chur…cad chuige a bhfuil an feachtas aineolach seo á chur ar aghaidh agat, ar eagla go gceapfadh Kevin Myers (agus gan tuiscint ar earnáil an aistriúcháin aige) go bhfuil muid ag cur airgid amú an ea?, dar fia, b’fhéidir go bhfuil pointe agat….mar dhea! Léigh é seo os ard duit féin; cruthaíonn caiteachas ar aistriúchán borradh sa gheilleagar…. arís eile, cruthaíonn caiteachas ar aistriúchán borradh sa gheilleagar….níl sé agat go fóill?, mo léan b’fhéidir go raibh na leabhair scoile in easnamh agat féin agus tú i do mhaicín óg…cruthaíonn caiteachas ar aistriúchán borradh sa gheilleagar…mura bhfuil sé agat faoin am seo, is cosúil go bhfuil rud éigin eile ar bun agat, ardán suarach (indo) á lorg agat chun raiméis a chur os comhair an tsaoil, cá bhfios domsa…ná pléasc agus lean ar aghaidh. Is cuid de thaifead oifigiúil an stáit gach a scríobhtar, is cuma liomsa ná leis na glúine atá le teacht mura bhfuil aon spéis agat féin ná ag Béarlóirí maithe na hÉireann iad a léamh. Meas tú an bhfuil tír ar bith eile ar domhain ina bhfuil daoine ag rá….muise tá an t-airgead gann, caithfimid tuairiscí stáit a chur ar ceal, leanúint ar aghaidh le hobair an stáit, cinnte, ach ná habair le héinne a bhfuil ar bun againn agus ná bíodh taifead ann i dteanga ar bith. An chéad uair eile a bheidh tú i tescos nó siopa Uí Dhuinn, abairmíst, an nglacfaidh tú leis an leithscéal go mbeadh na praghsanna giota beag níos costasaí duit dá dtabharfaí admháil duit, agus tusa ag siúil amach le do chuid bagaistí gan taifead ar bith. Ní fhéadfadh sin a bheith i gceist agat nó is cosúil nach dtuigeann tú cad is cúis le tuarascálacha srl. Is mór an rud é stádas na teanga a thacaíonn le héileamh ar bith eile ar féidir muidne smaoineamh air anois nó amach anseo………m.sh nach teanga stát í, cén fáth nach bhfuil sé seo ar fáil……… ní leor Béarla dúinne, bíodh sé ann i nGaeilge chomh maith srl,…….is feidhmiú ‘praiticiúil’ de Bhunreacht na hÉireann é Acht na dTeangacha a shonraíonn gur í an Ghaeilge príomhtheanga na hÉireann,…….táim ag dul thar fóir ansin b’fhéidir ach is tús maith é. Mura bhfuil aon bheart ann a thacaíonn leis an mBunreacht cad is fiú iad na focail agus cén luach a chuirfidh Béarlóirí iontu mura bhfuil aon éifeacht leo? Tá scóip ann don státsheirbhís srian a chur lena mbíonn á scríobh acu gan aon amhras ach i ndáiríre ó thaobh aistriú na Gaeilge de ní shábhálfaí faic na fríde nó bíonn an stuif céanna á chur amach acu gach uile bhliain gan ach alt nó dó á leasú i. tá gach a aistríodh cheana sna cuimhní aistriúcháin agus dá réir sin ní íoctar ach amháin as na focail nua m.sh mí Eanáir in áit mí na Nollag srl. Is éileamh aineolach, lochtach, gearr-radharcach atá ar bun agat a dhéanfaidh dochar don teanga san fhadtéarma gan aon agó agus a chuirfidh níos mó airgead amú ná mar a cheapann tú féin. Déan beagán taighde in ainm Dé agus smaoinigh ar gach a bhfuil i gceist le sampla beag de na cuideachtaí a sholáthraíonn na seirbhísí seo atá ina gcur amú airgid…dar leatsa!
    http://www.bardnangleann.com/
    http://www.eofeasa.ie/
    http://www.eteams.ie/
    http://www.fiosfeasa.com/index.asp
    http://www.gnomhaigheo.ie/pages/services.php
    http://www.europus.ie/
    Má fhaightear réidh le haistriú na Gaeilge bheadh gach seirbhís eile a chuireann na comhlachtaí seo ar fáil níos costasaí nó ní bheidís ann in aon chor b’fhéidir…… ó dhíol na leabhar go hidirnáisiúnta go soláthar na bhfotheideal do TG4. Ní hamháin sin ach tá cuid de na comhlachtaí siúd thuas ag soláthar seirbhísí thar lear, is mó a luach don tír seo ná aon chaiteachas ar aistriúchán agus is mó arís na féidearthachtaí sa todhchaí. Is ionann caiteachas na hEorpa ar an nGaeilge agus lacáiste d’Éirinn nó bheadh an méid céanna á íoc againn dóibh fiú mura mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil. Tuigim go bhfuil tú ar son na teanga a Chonchubhair, tuigim go bhfuil frustrachas ag baint le gach nach bhfuil ar fáil do na Gaeil ach ní dhéanfaidh a bhfuil ar bun agat ach dochar, dochar millteanach. Seans nach bhfuil ann ach ceist ama sula ndéanfaidh an chéad rialtas eile atá le teacht ionsaí ar stádas na teanga sna scoileanna mar a fógraíodh cúpla bliana ó shin agus d’éileamh á bhronnadh ort gan aon stró. Ní hamháin go ndéanfaidh a bhfuil á éileamh agat dochar in Éirinn ach in Alban, sa Chatalóin, sa Bhreatain Bheag, i dTír na mBascach agus gach áit eile a bhfuil cainteoirí mionteangacha ag lorg stádais dóibh féin agus bua Uí Liatháin agus u-chasadh na hÉireann á úsáid mar eiseamláir chun stop a chur leo. Dúirt tusa go gcaithfidh duine ‘Stop’ a rá, bheul tá sé á rá agam duitse, déan athmhachnamh air an gceist seo seachas streachailt phearsanta a dhéanamh de!

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní doigh liom gur freagra ar an bhfadhb – meath na Gaeilge – obair a thabhairt do dhaoine nach bhfuil fiúntas leis ach i réimse beag cúng den saol. Is cosúil ón méid atá ráite anseo nach bhfuil aon bealach chun cur in iúl do stat seirbhisígh go bhfuil fiúntas leis an Ghaeilge go mbeadh an t-uafás airgid á chur amú ar chaipéisí nach léitear a aistriú go Gaeilge.

    Anuas ar sin ní féidir deireadh a chur leis an chur amú airgid seo mar go bhfuil daoine ag brath ar mar shlí beatha.

    Nach mbeadh sé nios fearr an t-airgead a chaitheamh ar leabhair nó irisí a aistriú go Gaeilge – seans go gceannódh daoine na h-irisí/leabhair sin – agus ansan ar a laghad bheadh ‘eacnamaíocht’ éigean i gceist le seo.

    Mar atá sé is cosúil go bhfuilimíd ag caitheamh airgead le faill ar mhaithe le h-íoc as na daoine atá á chaitheamh le faill.

    Nílim dall ar na h-impléachtaí eacnamúla – ach tuigtear dom gur ghá bealaí eile a aimsiú chun luach saothair a chuir ar fáil do na comhlachtaí a luaigh tú seachas obair a thabhairt doibh nach n-áiríonn pobal na Gaeilge bheith fiúntach. Agus cad é an cruthúnas ar sin? Níl pobal na Gaeilge ag léamh na caipéisí seo – na tuarascálacha bliantúla is araile – atá á n-aistriú go costasach go Gaeilge.

    Cuirtear na h-aistritheoirí ag obair ar ábhar atá atá tóir agus éileamh air….

    Freagra
    1. aonghus

      Tá tú ag glacadh leis gurbh ionann do thuairim agus tuairim “pobal na Gaeilge” – ainneoin gach duine a d’fhreagair an méid a dúirt tú a bheith ar mhalairt tuairim!

      Ós rud é go bhfuil na cáipéisí seo ar fad ar fáil ar líne, níl fianaise cruinn ann ar cé acu an léitear nó nach léitear iad. Is mór an trua sin, mar dá mbeadh fianaise ann – don Bhéarla agus don Ghaeilge, d’fhéadfaí na hacmhainní riaracháin a dhíriú níos cruinne ar an sprioc.

      Táim go láidir ar son luach ár gcuid airgid a bhaint amach. Ach nílim ar son an Ghaeilge a bhrú níos faide isteach san dara áit trí díolúine ón Ghaeilge a bhronnadh arís ar an Státseirbhís.

      Féach cad a tharla nuair a fuarthas réidh le riachtanas na Gaeilge. D’iompaigh an Roinn Éadóchais ó áit ina raibh an Ghaeilge ina theanga forleathan oibre go dtí áit le níos lú Gaeilgeoirí ná an meán. Agus tá tionchar tubaisteach aige sin ar díreach na rudaí ar mór leatsa – agus liomsa – iad. Oideachas i nGaeilge dár bpaistí.

      Freagra
  4. An Dubhaltach

    Tá tú ag cur d’am is fhuinneamh amú a Dhaoi ag iarraidh aon ní a mhíniú do igaeilge.
    Mar is féidir leat a fheiceáil óna fhreagra. Ní thuigeann sé fós.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Níl i mo thuairim ach mo thuairim. Níor dúirt mé riamh gurb é mo thuairim tuairim phobal na Gaeilge. Bíodh is go gcreidim go bhfuil an tuairim seo ag roinnt mhaith daoine sa phobal sin ach go bhfuil siad á gcoinneáíl chuthu féin mar go dtuigeann siad nach bhfuil faic i ndán doibh ach ionsuithe má osclaíonn siad i mbéal.

    Tá gá le diospóireacht. Sin an rud atá á dhéanamh anseo. Ceapaim gur cheart go mbeadh slí ann chun an líon daoine a bhionn ag léamh na caipéisí Ghaeilge ar líne a thomhas – agus tá – ach níl sé in úsáid faoi láthair.

    Tán ceart ag Aonghus – ba bhotún é fáil reidh le riachtanas Ghaeilge na stat seirbhiseach nó dá mbeadh sin ann anois, bheadh na h-acmhainní ag na ranna rialtais a gcuid aistriucháin féin a dhéanamh. Ar ndóigh ní bheadh Gaeilgeoirí áirithe sásta le sin mar ní bheadh sé ar chaighdeán na n-aistritheoirí gairmiúla le séala an Fhorais, dar leo, agus bheidís ag tabhairt amach faoi chúrsaí gramadaí. Ba cheart go mbeadh caighdeán réasúnta Ghaeilge ag stat seirbhísígh chun léiriú go bhfuil caighdeán réasúnta oideachais orthu trí chéile.

    Ach tá siad ann atá ag maiomh gur cuma faoi luach airgid nuair is í an Ghaeilge atá i gceist.

    Mura bhfuil na Gaeilgeoirí seo ar son deireadh a chur leis an aistriúcháin, faoi mar is eol dúinn anois é, cad é an áit a cheapann siad gur cheart don tua titim mar titfidh sé in áit éigean?

    Sin í an cheist atá agam – ach sin ceist nach bhfuil duine agaibh sásta freagra a thabhairt air agus sibh ag iarraidh mo mholtaí a sharú.

    Freagair an cheist sin le bhúr dtoil….

    Freagra
    1. aonghus

      Táim ar son gearradh siar ar chostas gach rud. Nílim ar son fáil go hiomlán réidh le rud ar bith. Mar sin, ba cheart costas gach chéim a iniúchadh maidir le haon foilseachán Stáit, agus luach an airgid a lorg. An chéad céim – gan rud ar bith a chuir i gcló muna bhfuil sé riachtanach. Gearradh siar ar mheamraiméis gan chiall. Níos lú seoltaí le \i{models} gleoite, agus mar sin de.

      Ní mó a dhéanamh, le níos lú acmhainní. Mar atá ar an earnáil príobháideach (agus is maith is eol dom sin!)

      Freagra
    2. Sean Mór

      Taobh istigh d’airgead na seirbhíse poiblí, ghearrfainn siar ar gach rannóg agus gach buiséad (agus béim ar leith ar na rudaí sin nach bhfuil gá leo eg tuarascáil bhliantúil chlóite in aon teanga. Ba chóir go mbeadh níos mó béime go ginearálta ar ‘maitheas don chustaiméar’. Ach aon seirbhís a choinnítear don chustaiméar i mBéarla, ba chóir é a choinneáil don chustaiméar i nGaeilge, an oiread agus is féidir. Ní scarfainn ceist na seirbhísí i mBéarla ó cheist na seirbhísí i nGaeilge; sílimse gur botún atá sa chur chuige sin, a thugann deis do naimhde na teanga í a scaradh amach mar ábhar ar leith ar chóir fáil réidh léi. Ba chóir ceist na gciorruithe taobh istigh den stát agus de sheirbhísí an stáit a phlé ina n-iomláine.

      Maidir le hairgead na Gaeilge agus na Gaeltachta, ghearrfainn siar ar na tograí/scéimeanna sin a bhfuiltear in amhras fána mhaitheas don teanga ná lucht a labhartha; mar shampla choinneoinn airgead na mban tí, ach thiocfadh liom bheith beo le deireadh a chur leis an Deontas Tithíochta; gheobhainn réidh le Scéim Labhairt na Gaeilge, ach choinneoinn na hIonaid Seirbhísí Teanga ag Údarás na Gaeltachta mar shampla, agus thacóinn go fóill le hAcadamh na hOllscolaíochta srl.

      Níl anseo ach tuairim phearsanta, dá mbeadh orm glacadh le ciorruithe, dhéanfainn mo sheacht ndícheall na tograí sin a neartaíonn an teanga agus pobal a labhartha a choinneáil, agus gheobhaidh réidh leis na scéimeanna sin ar beag, nó ar lú, a dtionchar ar shlánú na teanga.

      Cé nach n-aontóinn leis an dóigh a dtugann tú féin faoi cheist na gciorruithe a phlé, a Choncubhair, aontaím leat go bhfuil gá le plé, agus go bhfuil cuma orainn nach bhfuil muid sásta na ceisteanna crua a phlé…. San am céanna, sílim go mba bhotún é, b’fhéidir, luí síos agus glacadh leis na ciorruithe atá molta, mar níl aon amhras ormsa gurb é an dream is mó a luíonn síos an dream is mó a bheas thíos leis san am atá le theacht…

      Freagra
      1. Sean Mór

        Agus maidir le maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge, ba mhaith liom féin go mbeadh Conradh na Gaeilge mar mhór-eagraíocht náisiúnta na Gaeilge, ar nós CLG i réimse an spóirt. Ba chóir é a athstruchtúrú leis na tograí fiúntacha eile a thabhairt isteach faoina chúram (m.s. comórtas náisiúnta Ghlór na nGael / Gael Linn srl). Ar an dóigh seo bheadh maoiniú ann d’aon mhór-eagraíocht náisiúnta amháin, agus luach níos fearr ar airgead.

  6. igaeilge Údar an Ailt

    D’aontóinn le nach mór gach moladh atá déanta agat- nó tá siad déanta anseo roimhe. Ná bíodh mearbhall ort – ní ag luí síos atáim ach ag iarraidh dul i ngleic le lucht na tua sara ndíríonn siad orainn. Tá gá le plé, mar a deir tú, agus tá athas orm go bhfuil moltaí agat maidir le na ciorruithe.

    Mar shampla tacaím led mholadh fáíl reidh le Deontas Tithíochta na Gaeltachta, cé go bhfuil deontas ceadaithe dom faoin scéim sin. Táim ar shon Deontas na mBan Tí a choimead – mar is deontas é sin a thugan cabhair do dhaoine ó gach ceantar teacht go dtí an Ghaeltacht.

    Tugaim faoi ndeara nach bhfuil an dream a bhí mo cháíneadh roimhe tar éis teacht chun tosaigh le moltaí iad féin go fóill. Maith thú as glacadh leis an dúshlán a Sheáin.

    Freagra
  7. Daoi Mac Bladhmainn

    Bhuel, maidir le ciorruithe, ní léir domsa go bhfuil ciorruithe de dhíth, tuillte ná fiúntach ó thaobh na Gaeilge de. Tá an Ghaeilge ar an ngannchuid le fada an lá agus feall á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí maidir le soláthar seirbhísí gan trácht ar aitheantas ceart a fháil gur dream faoi leith muid ar chóir seirbhís faoi leith a bheith curtha ar fáil dúinn. Is ciorrú ar lucht labhartha na Gaeilge agus an Bhéarla beirt gach ciorrú a ndéanfar nach mbaineann go díreach leis an nGaeilge cion is nach bhfuil cothrom na féinne á thaispeáint don Ghaeilge go fóill. Ní féidir leis an gcóras sláinte m.sh seirbhís iomlán a thabhairt do dhaoine trí Ghaeilge, dá réir sin is cur i gcéill é a rá ‘cion is go mbeidh ciorruithe ar an gcóras sláinte bíodh ciorruithe ar Ghaeilgeoirí’, baineann ciorruithe an Bhéarla linn cheana féin, rud a léiríonn gur éagóir ceart é ciorruithe speisialta a ghearradh ar Ghaeilgeoirí agus na droch-sheirbhísí dímheasúla a thugtar dúinn 99% den am á ghearradh siar pé scéal é. Dá mba rud é go raibh cothromaíocht ann ar an gcéad dul síos ansin bheadh gá le do cheist ach sula leagfaí tua ar chaiteachas na Gaeilge bheadh orainn tomhas de chineál éigin a dhéanamh i. an ea go raibh ciorrú neamhoifigiúil ar an seirbhís seo fiú i rith na mblianta maithe m.sh féach an difear a bhí ann i gcónaí idir buiséad S4C agus TG4. Fiú agus easnamh bliantúil 28 billiún ann i gcaiteachas an rialtais (agus níl siad ach ag iarraidh 4 bhilliún a bhaint i mbliana) ba chóir ardú a bheith ann maidir le caiteachas ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Agus más rud é nach gceapann tú go bhfuil réadúlacht ag baint leis an tuairim sin, an gceapann tú gur chóir do Ghaeil a bheith ag íoc cánacha in aon chor le haghaidh seirbhísí na mBéarlóirí? Tá sé sin á dhéanamh le hochtó bliain gan aon chúiteamh ná luach ar airgead, (Cá bhfios, déarfainn go mbeadh méadú rábach ar líon na nGaeilgeoirí mura raibh iachall ar Ghaeil íoc as seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla!). Admhaím nach bhfuil mórán eolais agamsa maidir leis na scéimeanna éagsúla atá ar fáil agus pé fiúntas a bhaineann leo nó pé scóip atá iontu srian a chur le cur amú airgid, má ann dó!. Fós déarfainn an méid seo; is é an scéim is mó féidearthachas dá bhfuil againn don gheilleagar ó thaobh na teanga de ná cur chun cinn foghlaim na teanga ar fud an domhain cé go gcaitear an t-airgead sin thar lear. Nó pé caiteachas a chaitear ar spreagadh lucht foghlama na teanga thar sáile go háirithe i measc shliocht na nGael a raibh orthu imeacht, tiocfaidh an méid sin ar ais don gheilleagar arís agus arís eile le turasanna go dtí an Ghaeltacht agus chuig ceantair eile ar fud na hÉireann gan trácht ar dhíolacháin leabhair srl….. agus ar an ábhar sin ní mholfainn aon chiorruithe ar chumas na nGaeltachtaí freastal ar fhoghlaimeoirí, Deontas na mBan Tí san áireamh mar atá luaite agaibh cheana. Dar ndóigh cheadóinn do Raidió na Gaeltachta spás fógraíochta a dhíol fad is mbeadh na fógraí i nGaeilge. Caithfear idirdhealú a dhéanamh maidir le cad is caiteachas speisialta ann ar son na teanga agus cad is caiteachas a bheadh ann pé scéal é mura raibh Gaeilgeoir ar bith ar an bhfód ach amháin Béarlóirí. Tá rud amháin cinnte, áfach, ní dhéanann sé aon chiall airgead a bhaint ó réimse ná earnáil ar bith as a dtiocfadh éifeacht iarmhartach a chruthódh gá le tuilleadh ciorruithe amach anseo i. ní hionann an dochar a dhéantar le ciorrú 10% m.sh i ngach réimse. Dá ndéanfaí ciorrú millteanach ar TG4 bheadh impleachtaí móra i gceist do na comhlachtaí léiriúcháin a d’eascraigh as bunú TG4, d’fhéadfaí nach ndéanfaí cláracha Béarla fiú ar nós na Tudors in Éirinn de dheasca scrios ar chumas na hearnála in Éirinn cláracha mar sin a dhéanamh i. más mó éifeacht an chiorraithe ná luach an chiorraithe féin tá dul amú ar aon duine a mholfadh é agus leis sin fillfidh mé ar cheist na n-aistriúchán, tá níos mó i gceist ná luach na n-aistriúchán féin agus ní leigheasfadh aistriú leabhar scoile ná irisí ná nuachtán an dochar a dhéanfaí ná baol air. Is fiú 8 mbilliún earnáil an aistriúcháin ar fud an domhain agus tá méadú mór tagtha ar sciar na hÉireann sa mhargadh sin a bhuí le hAcht na dTeangacha cion is gur bunchloch é i sreabhadh airgid cuid mhaith comhlachtaí. Is rud maith ann féin ó thaobh na heacnamaíochta de Acht na dTeangacha, is saghas bónais é go ndéanann sé freastal ar chearta lucht labhartha na Gaeilge, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine a úsáideann Gaeilge agus iad ag plé le heagraisí stáit, agus go mbeidh taifead trí Ghaeilge ar fáil amach anseo do Ghaeil na todhchaí. Luaigh tú gur botún é nach féidir an Státsheirbhís a cuid cáipéisí féin a aistriú, tá dul amú ort, is cothú don gheilleagar gur gá leo infheistiú i gcuideachtaí príobháideacha. Faigheann siad an costas ar ais trí chánacha na n-aistriúchán Gaeilge (nuair a chuirtear airgead ó Thuaisceart Éireann agus ón Eoraip san áireamh)mar aon leis na cánacha ó gach seirbhís eile a chuirtear ar fáil ag na comhlachtaí, seirbhísí nach mbeadh ar fáil dá spreagfaí taom croí i sreabhadh airgid na gcuideachtaí céanna le cúlú ó Acht na dTeangacha, seirbhísí ar son na teanga cuid mhaith acu. Arís ní hionann luach aistriú leabhar scoile ná irisí sa mhargadh idirnáisiúnta is luach aistriú tuarascálacha agus cáipéisí corparáideacha (fiú mura léann tú féin iad). Ba chóir macasamhail Ghaelach den British Council a chur ar bun go háirithe agus géirchéim eacnamaíochta ann agus bíodh práinn le hinfheistiú sa Ghaeilge nó tá luach ann don gheilleagar nach bhfuil bainte amach againn go fóill. Ní fiú dúinn scian a shá inár mbolg féin agus i mbolg réimsí éagsúla den gheilleagar go deonach ionas nach mbeidh srón fuilteach lucht namhaid na Gaeilge chomh suntasaí i measc na gciorruithe. Ní raibh an caiteachas cothrom riamh, ná bíodh na ciorruithe chomh míchothrom céanna!

    Freagra
    1. DmcB

      “Luaigh tú gur botún é nach féidir an Státsheirbhís a cuid cáipéisí féin a aistriú” soiléiriú beag de dhíth ar an bpointe seo – dar ndóigh bheadh sé go maith dá mbeadh na doiciméid á gceapadh agus á gcumadh trí Ghaeilge ansin chuirfinn fáilte roimh an mbuntáiste don gheilleagar ó aistriú na gcáipéisí céanna go Béarla agus é mar ardán do chomhlachtaí Éireannacha dul san iomaíocht thar lear!

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s