Diospóireacht ar Adhmhaidin – Mise V An Aire

concubharaireeamoFiú, tá sin thart.  Caithfidh mé rá go raibh mé cineál neirbhiseach roimh an diospóireacht ar maidin inniu [beo anois] idir mé féin agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn O Cuív ar Adhmhaidin ar maidin inniu.

D’iarr an tAire ar léiritheoirí an chláir an deis a thabhairt do diospoíreacht liom faoin alt uaim a d’fhoilsigh an Sunday Independent Dé Domhnaigh.  Agus gan amhras ní raibh aon cheist ach go gcuirfí an ardán ar fáíl d’Aire na Gaeltachta ar Raidió na Gaeltachta.  An mó Aire eile atá staisiún náisiúnta raidió ann chun riar a dhéanamh air nó uirthi?

Ar aon nós thosnaigh an diospóireacht agus cé gur an Aire a d’iarr é, is mise a iarradh air labhairt ar dtúis.   Chuireas i láthair go raibh áthas an domhain orm an deis seo a fháil chun an cheist a phlé leis an Aire, ar iarratas an Aire, mar gur trath cinniúnach é seo i stair na tíre agus go bhfuil roghanna tabhachtacha le déanamh againn.

Dar liom, tá ‘airgead na Gaeilge’ á chur amú ar aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla agus chorporáideacha nach bhfuil morán leas le baint ag an bpobal astu fhaid is atá gníomhaithe teanga/eagrais/múinteoirí/eile á ngearradh agus á fhágáil ar an dtrá folamh ag an Rialtas.

Thugas cúpla sampla:

De réir Scéim Teanga na Roinne Oideachais, tá sé mar aidhm ag an Roinn sin leaganacha Gaeilge de chaipéisí chorporáideacha a chur ar fáil go comhuaineach le na leaganacha Béarla.

Foilseacháin Chorpraithe

Foilsíonn an Roinn roinnt foilseachán corpraithe gach bliain. Faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, leanfaimid orainn ag soláthar leagan Gaeilge de gach foilseachán corpraithe. Cuirtear na foilseacháin seo amach chuig na Comhpháirtithe Oideachais agus faigheann níos mó ná 4,000 scoileanna cóipeanna de na foilseacháin chorpraithe. Cuirtear leaganacha Gaeilge de dhoiciméid chuig na Gaelscoileanna agus na scoileanna Gaeltachta, ar ndóigh, agus bíonn siad ar fáil do scoileanna eile ach iad a iarraidh.

Foilseacháin

Tá an Roinn freagrach as pleanáil agus soláthar cóiríocht scoile agus dá réir sin tá sí gafa le bainistíocht tionscadal móra tógála. Mar thaca don gclár seo tá sraith de ábhar treoraithe teicniúla ann maraon le doiciméadú de leithéid Líníochtaí Ailtireachta, Billí Cainníochtaí, agus Iarratais ar Thairiscintí, &rl. De bhrí go bhfuil siad casta, teicniúil leanfar de na doiciméid seo a chur ar fáil i mBéarla amháin chomh fada agus a mhaireann an chéad scéim.

De ghnáth, is i mBéarla amháin a bhíonn fáil ar doiciméid taighde, tuairiscí coistí, moltaí meitheal oibre agus doiciméid eile a úsáidtear go hinmheánach nó a scaiptear i measc na gComhpháirtithe Oideachais.

Bileoga Eolais

Cuireann an Roinn bileoga eolais ar fáil do ghrúpaí éagsúla custaiméirí. Bíonn na bileoga seo i mBéarla de ghnáth. Eisíonn an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais a mbileoga eolais go léir i mBéarla agus i nGaeilge.

An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn

Go ginearálta, foilsítear an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla i diaidh a chéile, ach i gcaitheamh scéime 2005 – 2008 tosóidh an Roinn diaidh ar ndiaidh ag cur amach dlúthdhioscaí leis an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla orthu.

Sin mar a deir sé sa scéim.   Cuir seo i gcomparáid leis an dearcadh atá acu i leith pacaí acmhainní do na scoileanna céanna, pacaí a bheadh ina áis agus ina acmhainn do na múinteoirí agus na páistí:

Pacáistí Acmhainne agus Físeáin

Ní bhíonn eolas i bhfoirm pacáistí acmhainne agus físeáin ar fáil ach i mBéarla amháin de ghnáth mar gheall ar chostas foilseacháin líon beag pacáistí acmhainne agus tairgthe físeán i nGaeilge.

Preaseisiúintí

Faoi láthair, cuirtear preaseisiúintí amach as Béarla.

Óráidí nó Ráitis

Óráidí nó ráitis a thugann Airí, na cinn a thugtar san Oireachtas ina measc, nó óráidí a thugann oifigigh sinsearacha, cuirfear ar fáil i dteanga(cha) a dtabhartha iad.

An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn

I rith 2005 – 2008, cuirfimid leagan Gaeilge ar fáil de na foirmeacha iarratais do na seirbhísí seo leanas:

• Seirbhís Phárolla do Bhunscoileanna, Meánscoileanna, Scoileanna Pobail, Scoileanna Cuimsitheacha – Rannán Párolla

• Seirbhísí Riaracháin Bunscoile

• Seirbhísí Pearsanra d’fhoireann múinteoireachta agus foireann eile a fhostaítear ag leibhéal Bunscoile.

Déanfar cur i bhfeidhm na dtionscnamh ríomhsheirbhísí Rialtais agus tabhairt isteach na bhfoirmeacha iarratais ar-líne, a dhéanfar in éineacht leis sin, ar bhonn dátheangach. An chéad tionscnamh den sórt sin, gabháil ar-líne bhunachair éileamh tuarastal d’fhoireann múinteoireachta agus foireann eile a fhostaítear i mbunscoileanna, déanfar é a phíolótú i 2006.

An Feabhsúchán atá Curtha Romhainn

I rith 2005-2008, measúnóimid féidearthacht pacáistí acmhainne a aistriú go Gaeilge do chláir scoileanna.

Cé acu  is tabhachtaí dár libh trath go bhfuil rogha le déanamh nuair atá acmhainní gann?    Nár cheart tús áite a thabhairt do na pacaí acmhainní roimh na ‘caipéisí corporáideacha’?

Sampla eile:

Romham ar chlár Adhmhaidin inniu bhí Cabrini de Barra, gníomhaí teanga sna Déise agus duine a bhí go dtí le déanaí fostaithe mar aisitheoir teangan.  Ag tús na bliana rinne an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an cúnamh don scéim seo a aistharraingt agus anois tuigim go bhfuil Cabrini gan post.   Mór an náire mar bhí obair mhaith ar bun sa Rinn.  Anuas ar sin tá an t-airgead don Chomharchumann atáimse im bhainisteoir air, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, gearrtha le níos mó ná 50% ag Udarás na Gaeltachta agus tá ciorruithe den scála céanna curtha i bhfeidhm ar fuaid na gcomharchumainn ar fad ina bhfuil bainisteoirí faoi oiliúint fostaithe iontu.  Nílim ag lochtú UnaG – nó tá an aisínteacht sin beo ar an airgead a fhaigheann siad ó Roinn Uí Chuív.

Ar an láimh eile, tá an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis Stiurthóir Rannóg Aistriúcháin a earcú le déanaí agus is é an tuarastal atá luaite leis an post sin ná €90,000 go €130,000 móide €13,000.  An chúram a bheidh ar an duine sin suas le 40,000 leathnach d’ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge ar chostas €3m nó níos mó.   Dhíolfadh an suim airgid sin as roinnt mhaith gniomhaithe teanga ar an dtalamh sna Gaeltachtaí ar fad agus bheadh an briseadh ann d’iris Ghaeilge don aos óg,  leithéidí nós*, a mhaoiniú, rud atá de dhith go géar.

Ceist roghanna é seo agus tugann na roghanna atá á dhéanamh ag an Rialtas seo, ag an Aire seo, trath na h-eigeandála seo, léargas íontach dúinn ar chur chuige an Rialtais i leith na tíre.  Is léir nach bhfuil a fhios ag an Rialtas cad is feidir a dhéanamh chun stop a chur leis an chur amú atá ar bun san earnáil phoiblí, an earnáil atá, de reir dlí ar aon nos, faoina smacht.

Ba oscailt súl dom – agus táim cinnte d’éisteoirí Raidió na Gaeltachta ar maidin inniu – an chosaint a rinne an Aire ar na roghanna atá á dhéanamh aige agus a chomhleacaithe rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá sé ráite go minic aige go gcreideann sé gur ceart bunusach é go mbeadh abhar ar fáil sa dhá theanga oifigiúil ach, sa chéad anál eile, deir sé go gcuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla srian ar an méid aistriúchán atá le déanamh nó, de reir na Bunreachta, a chum a shean athair féin i gcomhair lena chomhairleoirí.

An uair seo, dúirt sé gurb amhlaidh go raibh ‘airgead na Gaeilge’ á sparáil ag Acht na dTeangacha Oifigiúla mar anois go gcaithfidh gach Roinn agus eagras phoiblí atá ceangailte le scéim teanga an t-airgead chun riar a dhéanamh ar an scéim teanga sin a fháil laistigh d’achmhainní na roinne féin seachas ó ‘airgead na Gaeilge’, an fhoinse don obair seo roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla.   An rud nach dtuigeann an Aire, is léir, gurb é tuiscint an phobail gur ionann airgead a chaitear ar rudaí fónta agus úsáideacha i nGaeilge agus airgead a chaitear ar aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla chorporáideacha le cheile agus airgead na Gaeilge agus, níos cirte ná sin, amharcann siad ar an airgead seo – agus an cheart acu – mar a gcuid airgid á chur amú ar an nGaeilge.

Bhí seo olc a dhothain mar ‘mhíniú’ ón Aire ach chuir an chéad chuid eile dá chaint an dlaoi mullaigh ar chúrsaí.   Dar leis ná raibh mise buartha ar chorr ar bith faoin airgead atá á chur amú ar na bunchaipéisí Béarla, caipéisí nach mbionn aistriúcháin Ghaeilge ar a bhfurmhór mhór,  agus gur mó i bhfad an cur amú airgid ar seo.   ‘Go tobann,’ arsa an Aire, ‘tá Concubhar buartha mar gheall ar an airgead atá á chur amú ar an nGaeilge’.

I simply can’t take it any more. This latest scandal is piling ignominy on my beloved Irish language. More and more money — our tax euros — is being spent on translating documents which aren’t read in English so they can be equally unread in the First Official Language.

Cén chuid de seo [thuas] nach dtuigeann sé?   Tá béim curtha le cúpla focal agam chun go dtuigfeadh sé go bhfuil imní orm faoi chur amú airgead an phobail – mo chuid airgid agus do chuid airgid – cuma cén teanga ina bhfuil an cur amú á dhéanamh.  Is mó agam, b’fhéidir, an cur amú a fheictear dom bheith á dhéanamh ar chaipéisí Ghaeilge mar gheall ar an ngrá atá agam don teanga agus an tuiscint atá agam ar na bealaí níos fearr agus níos eifeachtaí chun an t-airgead céanna a infheistiú chun toradh nios fearr a fháil ar son na teanga agus ar son na tíre.

Luaigh an Aire figiúir de €18m – creidim,nó ar eigean gur chuala mé de bharr droch líne gutháin ach beifear ábalta seo a seiceáil ar ball nuair a bheidh an agallamh ar fáíl mar phodchraoladh – leis an chaiteachas ar chaipéisí i mBéarla a dheineann ranna rialtais.   Sin suim mhór airgid agus d’admhaigh sé go raibh caipéisí faighte aige ar maidin inniu, caipéis 1000 leathnach ón NSSS (cibé dream iad san) agus caipéisí eile agus bhí sé le tuiscint uaidh nach mbeadh sé á léamh seo.

Más é sin an scéal, a Aire, tá an Rialtas seo ag cur an dubh ina gheal orainn ar fad.  Agus iad ag maíomh go bhfuil eigeandáil airgeadais ann, tá páistí óga ag fánúint ar obráidí a shlánóidh iad ón mbás agus a fheabhsóidh a mbeatha de bharr nach bhfuil maoiniú ann chun íoc as altraí chun cúram a thabhairt doibh i ndiaidh na n-obráidí in aonad dianchúraim. Go fóill tá siad ag caitheamh an oiread sin airgid ar chaipéisí ollmhóra nach leitear.  Is cinnte go bhfuil gach curiarracht le h-aghaidh cur amú airgid á shárú ag an Rialtas seo agus níos measa ná sin arís, níl aon náire orthu faoi seo.

Ag meabhrú ar an gcás sin faoi pháistí ag fanúint ar obráidí in Oisbidéal na bPáistí i gCromghlinn, chuimhnigh mé ar an leithscéal a thug an Aire ar cheapachán an stiurthóra nua ar an rannóg aistriúcháin.  Dúirt sé go raibh air an stiurthóir a cheapadh de bharr go raibh comhairle ‘Bunreachtúil’ faighte aige agus de reir an chomhairle sin go raibh baol ann go dtabharfaí cás in éadan an Stáít.

Nach mó i bhfad an chontúirt go gcuirfí an dlí ar an Stát de bharr easpa altraí dianchúraim má fhaigheann páiste bás agus iad ag feitheamh ar an obráid a shabháilfeadh a mbeatha?   Tá’s agam go cinnte nach staonfainn ó chás cúirte dá leithéid dá mbeadh mo pháiste sa chás sin.

Aontaim leis an bprionsabal go bhfuil ‘cearta teanga’ ann ach caithfear na cearta sin a chur i gcomhthéacs na linne seo agus cad é leas an phobail?  Cuid den cheist faoi leas an phobail isea leas phobal na Gaeilge – ní féidir agus nior cheart pobal na Gaeilge a scarúint ón phobal mhór faoi mar atá grúpaí ar nós Guth na Gaeltachta agus grúpaí eile atá ag stocaireacht ar son a suimeanna leasmhara féin.

Mar a deir an sean fhocal, is ar scath a cheile a mhairimíd…..

34 de thuairimí ar “Diospóireacht ar Adhmhaidin – Mise V An Aire

  1. An Dubhaltach

    Tá d’argóint bunaithe ar sheasamh atá go hiomlán mícheart. Níl an Ghaeilge thíos de bharr caiteachais ar aistriúcháin. Ní fhaightear an t-airgead le haghaidh na haistriúcháin ó chiste na Gaeilge, tagann an t-airgead sin ó na ranna éagsúla agus comhairlí contae.
    Mar a mhínigh an tAire duit a Chon, agus mar a mhíníodh duit go mion minic anseo ar do bhlag, níl airgead ó chiste na Gaeilge á chaitheamh ar aistriúcháin.
    Feictear dom go bhfuil tú ag tuiscint an méid sin faoi dheireadh thiar thall!
    Óir anois deireann tusa go gcreideann tú go bhfuil sórt faidhbe PR ag an dteanga, sé sin le rá go gcreideann “an pobal” go bhfuil a gcuid airgid á chur amú ar an nGaeilge. Mar sin, molann tú fáil réidh leis an gcuid sin den Acht (nó an tAcht ina iomláine is dóigh liom) chun aineolas Phobal an Bhéarla i leith na Gaeilge a shásamh agus iad a cheansú.

    B’fhéidir ba chóir duit díriú ar an bhfadhb .i. níl a dhóthain airgid ar fáil do thograí fiúntacha Gaeilge timpeall na tíre.
    Ach ní bhaineann sin le hairgead na ranna rialtais.

    Chomh maith leis sin, feicim anois go bhfuil tú buartha faoin ghéarchéim airgeadais agus ár gcóras sláinte!
    Dá mbeifeá chomh dháiríre faoinár bhfadhbanna airgeadais is sláinte ní bheifeá ag cur amú ama is fuinnimh ag clamhsán faoin milliún euro ar an nGaeilge ag na ranna is comhairlí contae thar tréimhse fhada, nuair atá muid ag fáil €500 milliún ar iasacht in aghaidh na seachtaine chun an tír a choinneáil ar an mbóthar. Nó an €54,000,000,000 dár gcuid airgid a bheas an rialtas ag caitheamh ar shócmhainní gan mhaith i gceann cúpla seachtain, mar shampla.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá seo an ghreannmhar Dubhaltach. Tá tú ag maíomh go bhfuilim ‘iomlán mícheart’. Ha ha ha.

    Mar a mhínigh mé ar an raidió, don Aire, is cuma cén roinn óna aimsítear an t-airgead, is airgead an cháiniocóra é, agus aithníonn an cháin iocóir é mar airgead don Ghaeilge.

    Anois níos mó ná riamh tá an cháiníocóir ag comhaireamh gach cent – agus feictear don cháiníocóir agus is cáiníocóirí na Gaeil freisin. Nár cheart go mbeimis ag lorg luach ár gcuid airgid ar an t-airgead a chaitear ar an nGaeilge.

    Dar liomsa, níl seo á fháil againn mar go bhfuil an t-airgead á chaitheamh ar chaipéisí a aistriú go Gaeilge nuair nach bhfuil na caipéisí céanna á leamh i mBéarla. Agus, sea, tá airgead á chur amú ar chaipéisí Béarla freisin – ach ní cosaint ar bith é sin ar airgead a chur amú ar na caipéisí Gaeilge.

    Feictear domsa gur beag úsáid a bhaineann pobal na Gaeilge as na cáipéisí i nGaeilge agus níl aon chruthúnas ann go bhfuil a mhalairt fíor.

    Mar sin táimíd ag caitheamh airgead le faill agus is é an peaca é go bhfuil tograí fónta, daoine maithe agus eagrais ceannródach á ngearradh agus á fhágail ar an dtrá folamh..

    Agus tá seo ag titim amach trath go bhfuil eigeandáil eacnamaíochta ann.

    Gan amhras is e an fadhb nach bhfuil a dhothain airgid ann do na tograí fiúntacha Gaeilge timpeall na tire – ach tá a dhothain airgid ann le h-aghaidh na h-aistriúcháin seo? Sin ord tosaíóchta aisteach agat, ceapaim.

    Gan amhras freisin tá an Rialtas seo, an rialtas is measa agus is dainséaraí i stair an Stáit dar liom, tar éis ana chuid airgid a chur amú ar go leor tograí – Ppars, innil leictreonach votála, is go leor eile agus anois tá siad chun na billiúin d’ár gcuid airgid a chaitheamh ar NAMA agus airgead fóirithinte do na robálaithe bainc. Ach ní leithscéal ar bith é seo chun airgead a chur amú ar thograí agus beartais Ghaeilge nach bhfuil fiúntach.

    Anois agus amach anseo beidh airgead do thograí Ghaeilge níos deacra le h-aimsiú ná riamh. Is é sin an fath go gcaithfimid bheith cinnte go bhfuil gach pingin is cent dírithe san áit go dtabharfaidh sé an luach is fearr don méid is mó daoine.

    Tograí ar nós Gaelscoil Bharra – agus gaelscoileanna eile – nós*, téacsleabhair scoile atá i gceist agam. Ach is docha gurb é an rud a tharlóidh, nuair a bhuailfidh an crú an tairne agus go mbeidh na giorruithe á dhéanamh go leanfaidh airgead na n-aistriúcháin agus go staonfar ó thograí fónta a mhaoiniú.

    Dar liomsa caithfidh duine éigean stop a rá chomh glórach agus is féidir.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Táím gonta a Philip go gceapann tú sin. Táimse ag iarraidh mo chuid argóíntí a chur i láthair chomh soléir agus is féidir. Tá daoine ann a dheirfeadh gur ‘frith Ghael’ mé ós rud é go bhfuilim ag glacadh seasamh chomh poiblí ar an cheist agus nior mhaith liom mí thuiscint bheith ann. Tá an oiread grá agam is a bhí riamh don Ghaeilge – ach nílim chun seasamh ar leataobh agus daoine á mí úsáid agus iad á saibhriú féin ar chostas thograí fiúntacha cosúil le nós* is dreamanna eile.

    Ní fheadar an raibh tú ag éisteacht fiú – ach má bhí is mas é seo do bhreith ionraic, maith go leor. Níl an fheachtas seo ach ag tosnú i gceart agus beidh, tá súil agam, cúpla gála eile le teacht i nuachtáin an Domhnaigh.

    Freagra
  4. ormondo

    Faraor ach dá mbeadh an t-airgead ann fós a caitheadh ar an gcóras vótála leictreonaí (€52m ar a laghad) agus ar na bogearraí go léir nár fheidhmigh riamh – agus nach bhfuil trácht orthu a thuilleadh i nGaelainn ná i mBéarla – d’fhéadfaí costas chórais an aistriúcháin agus go leor costais eile lena chois a sheasamh. Ba leor fiú an t-ús ar chuid bheag den airgead a meileadh sna blianta beaga le gach aisling beagnach i saol umhal na Gaelainne a chur i gcrích.

    Agus is breá liom na bóithre nua i ngach áit in Éirinn – in áiteanna fiú nach bhfuil géarghá leo, ná gá ar bith i ndáiríre – mar is iad na mótarbhealaí is foilmhe san Eoraip. Cosnaíonn ceann nua thart ar €8m in aghaidh an chiliméadair, táim ag ceapadh – gan trácht ar chostas a gcothabháilte amach anseo. Má thiomáintear ar an N7 faoi láthair feictear idir Aonach agus Luimneach go bhfuil bóthar nua a thógáil taobh leis an mbóthar breá atá ann cheana féin.

    Caithfear costais “shuaracha” na Gaelainne a chur i gcomhréir leis an bpictiúr mór.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras tá airgead curtha amú ar bhóithre is eile- ach is é an deacracht go bhfuil tusa ag caint ar ré an rachmais agus tá an ré sin thart. Tá an bearna idir chaiteachas agus ioncam €1bn nios mó ná mar a bhí súil leis ag tús na bliana seo fiú.

    Tá ré an rachmais thart go cinte. Fiú nuair a bhí sé ann in ard a réime, ní raibh an Ghaeilge ag fáil an leas is fearr as an rachmas. Nuair a bhí fás rábach ar bhuiséad an Chomhairle Ealaíon, ní raibh ach fás sa bhagán ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus, mar sin, ní raibh ach fás beag ar bhuiséad na n-eagrasaí a bhí ag déanamh na h-oibre ar an líne tosaigh.

    Mar sin creidim go bhfuil an am ann anois chun roghanna a dhéanamh. Caithfidh pobal na Gaeilge rogha a dhéanamh, luath nó mall. Beidh an t-adh linn má bhionn rogha againn go deimhin – ach má deirimíd anois gur fearr linn an ghaelscolaíocht a choimead slán seachas tús áite a thabhairt don aistriúchán, b’fheidir nach mbeidh ar ár bpáistí íoc as an bhfaillí.

    Freagra
  6. ormondo

    Cinnte, níl fágtha anois ach aghaidh a thabhairt ar na taobhanna praiticiúla den scéal faoi mar atá sé anois.

    Dá bhfaighfí gealltanas go n-infheisteofaí sa Ghaelainn cibé airgead a shábhálfaí dá ngearrfaí siar – ar bhonn eatramhach – ar na haistriúcháin b’fhéidir go nglacfaí leis a bheag nó a mhór.

    Is maith an rud é an díospóireacht ach nílim cinnte de gur oirbheart cliste é do lucht na Gaelainne bheith i lár an aonaigh ag dul i ngleic lena chéile mar gheall ar shuim airgid atá agus a bhí riamh ró-bheag ar aon chaoi – fiú amháin i réim an rachmais faoi mar a dúirt tú. Ba ghar é sin don lucht – agus go leor frithghael ina measc déarfainn – a mheil an t-uafás sin d’airgead agus a dhein an dochar is mó sa ré atá thart.

    Freagra
  7. An Dubhaltach

    Thóg tú seasamh ar an mbonn go bhfuil rudaí níos fiúntaí ann airgead a chaitheamh orthu. Déanann tú comparáid idir aistriúcháin agus nós*, abair.
    Nó aistriúcháin agus páistí, fiú!

    Ach ní oibríonn rialtas mar sin, tá córas ann agus dáiltear airgead amach do na ranna rialtas is comhairlí contae de réir. Dá stopfaí ag déanamh cúpla aistriúchán Gaeilge ní bheadh an t-airgead “sábháilte” sin caite ar aon ní Gaeilge eile.

    Tagaim le Ormondo nuair a deireann sé: “Dá bhfaighfí gealltanas go n-infheisteofaí sa Ghaelainn cibé airgead a shábhálfaí dá ngearrfaí siar – ar bhonn eatramhach – ar na haistriúcháin b’fhéidir go nglacfaí leis a bheag nó a mhór”
    Ach, ní oibríonn rialtas mar sin.

    An ea, leis, go gceapann tú go bhfuil ról agat an cáiníocóir a chosaint ó phigineacha suaracha a chaitear ar aistriúchán Gaeilge?
    Aistriúchán atá á n-úsáid, agus an ceart ag daoine go bhfuil an rogha sin ar fáil dóibh.
    Agus más cosantóir na gcáiníocóirí thú, anois, ní thuigim ar chor ar bith cén fáth sa diabhal a bhfuil tú ag tosnú leis an nGaeilge!

    Mar shampla tapa:

    Tá costas €1,800,000,000 ar cháiníocóir na hÉireann in aghaidh na bliana de bharr easpa aclaíochta sa bpobal.

    Chaith an rialtas €7,000,000,000 dár gcuid airgid ar AIB agus BOI i mbliana in athchaipitliú .
    Beidh €10,000,000,000 nó níos mó ag teastáil uathu i ndiaidh an SPV/NAMA, a bhfuil €54,000,000,000 dár gcuid ag dul amú ar sin.
    Tá beagnach €30,000,000,000 den méid sin ag dul go dtí sócmhainní ó Anglo Irish agus Irish Nationwide. Dhá bhanc atá marbh. Zombaí-bhancanna.

    Tá an cáiníocóir san earnáil phríobháideach ag íoc €8,000,000,000 in aghaidh na bliana do phinsin na hearnála poiblí.
    Tá an tuarastal is airde ar domhain ag ár bpolaiteoirí.

    Ach tá fadhb agatsa le €1,800,000 caite ar aistriúchán nGaeilge? Airgead a sholáthraíonn obair agus a chomhlíonann dualgas bunreachtúil?
    Má tá fonn ort an cáiníocóir a chosaint ó chur amú airgead an rialtais ba chóir duit tosnú ag an mbarr, le d’ailt sa Sindo.

    Freagra
  8. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Táim le Choncubhair san aragóint seo ón dtósach.An airgead a chaithtear ar an aistriúcháin níl ann ach bata a thabhairt do lucht na frith- Ghaelgoirí chun an Gaeilge a leasadh.Nílim i bhfabhar cur amú airgead cé ar Gaeilge nó béarla a chaithtear é.Tá alán rudaí fiúntachta gur féidir airgead a chaitheamh chun tachú na Gaeilge ná an áistriúcháin, leabhair tarraingteachta do dháltaí scoile, tachú le feachtas na Gaelscolaíochta, cluichí ríomhaireachta a dhearadh do daoine óga agus irisí cosúil le Nós agus gan dabht páipéar laethúil agus seachtainúil Gaeilge. Ach caithfimíd bheith curamach. Aontaoim le Ormondo nách bhfuil sé ró-chliste lucht na Gaeilge bheith ag aragóint faoi caiteachas go mór mór san Sindo atá comh frith -Ghaolach sin.Ba cheart comhréiteach a dheanamh ar an gceist seo.Tá gá le sciar an-bheag caipéisí a aistriú go Ghaeilge agus níl na hIonstraim Reachtúla i gceist agam anseo ná an ceannaire maorlathais atá a fhostú ag an Áire don ionad nua aistriúcháin ina Roinn.Tá deireadh le réim an racmhais agus beidh an fordeontas don Gaeilge i bhfad níos lú sa todhchaí, fiú beidh orainn go léir a bhfuil suim againn i gcaimhnú ár dtír ó lucht caimiléireachta agus ár dTeanga ár n-airgead féin a chaitheamh ar chaomhnú na Gaeilge.Má tá mise le m`airgead féin a thabhairt ar maithe leis an Gaeilge caithfimíd luach níos fearr a fháil ar ár n-airgead ná é a chaitheamh ar aistriúcháin caipeisí nách leann aon duine iad.

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Ní leis an €1.8m atá luaite le h-aistriúcháin anuraidh amháin an fadhb – ach i gcomhthéacs na h-aimsire seo agus an tír in eigeandáil eacnamaíochta, tá gá le roghanna a dhéanamh. Mura bhfuil an Rialtas ag obair mar sin – sé sin i tslí cliste agus glic seachas siocaithe i nosmhaireacht seanaimseartha – tá sé in am dóibh tosnú – nó tá siad ag caint ar ghiorruithe €13bn a dhéanamh as seo go dtí 2013. Is é an slí go raibh siad ag obair go dtí seo cuid is mó den chúis sinn a bheith sa bpriacal seo. An é go gceapann tú go dtiocfaidh síóg na bpriacal nó Daidí na Nollag chun an eigeandáil a reiteach gan pian dúinn?

    Mura bhfuil siad chun sceannairt a dhéanamh ar an gcóras oideachais agus sláinte -arbh fhearr leat go ndúnfaí gaelscoileanna (tre cleasanna ar nós ‘conascadh’) nó go mbeadh páistí i bpian agus i mbaol ag feitheamh ar obráidí de bharr nach bhfuil leapacha dóibh in aonad dianchúraim na n-oisbidéal? Sa chomhthéacs sin caithfear rogha a dhéanamh. Tá an tua chun titim ar an nGaeilge in áit – nó áiteanna – éigean. Tá deis againn anois, agus ní fiú morán é b’fhéidir – rogha a dhéanamh ar cén áit is fearr linn go dtitfeadh an tua? Roghnaímse Acht na dTeangacha Oifigiúla agus, anuas ar sin, Aonad nua na nAistriucháin sa Roinn Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, aonad a chosnóidh tuairim is €3m orainn as seo go ceann dhá nó thrí de bhlianta.

    Céard é do rogha? Cén áít ar mhaith leat go dtitfeadh an tua ar dtúis, sara dtiteann sé in áit éigean a fhagfaidh goimh nach féidir a leigheas i gcorp beo na Gaeilge?

    Freagra
  10. crosbhealaí

    Nach mbeidh aonad nua Aistriúcháin na Roinne ag plé le haistriúcháin ar dlíthe na tíre (ionstraim reachtúla, Achtanna)- ni le haistriúcháin ar thuarascála (faigheann na comhlachtai poibli aistritheoirí dá gcuid fein don obair seo).

    Mas fíor sin, má ta tú ag argóint in aghaidh an Aonaid nua seo, tá tú ag rá nach fiú dlithe na tíre a aistriú go Gaeilge. Ach ta tú ag ag tabhairt amach ag an am céanna nach bhfuil an Ghaeilge riachtanach a thuilleadh d’ábhair aturnae.

    Nil mórán tairbhe i stádas bunreachtúil na teanga ma ghéilltear don argóint nach fiú dlithe na tíre a aistriú.

    Freagra
  11. igaeilge Údar an Ailt

    Má tá níos mó Gaeilge le bheith sna cúirteanna, ní bheidh sé ann de bharr dlithe na tire – agus ní dlithe ach ionstraimi reachtúla atáimid ag tagairt doibh i gcás Aonad Aistriúcháin na Roinne – a bheith ar fáil ach de bharr go mbeidh níos mó Ghaeilge á labhairt i measc an phobail agus, anuas ar sin, go mbeidh Gaeilge ag na dlíodóirí is na breithimh.

    Ní mise a chur deireadh le riachtanas Ghaeilge na n-aturnae ach an Rialtas le déanaí, mar a rinne siad leis na Gardaí freisin ‘ar mhaithe le h-earcaigh a mhealladh ó chultúir mionlacha’ fiú is go bhfuil na daoine maithe sin ana fhailteach roimh an Ghaeilge.

    Sa deireadh thiar aontaim gur cheart dlithe na tíre bheith i nGaeilge – uair éigean – ag an bpointe seo, áfach, agus i gcead dhuit, ní h-é an cloch is mó ar mo phaidrín iad a bheith ann.

    Ní an dlí a bronnann stadas ar teanga, ach úsáid na teanga sin ag an bpobal.

    Freagra
  12. Seán Mór

    A Chonchubhair, a chara, an bhfuil tú i gcoinne aon airgead ar chor ar bith a chaitheamh ar an Ghaeilge taobh istigh den stát nó den tseirbhís phoiblí san am i láthair? Nó an bhfuil aon togra fiúntach Gaeilge ar chóir airgead agus am a chaitheamh air taobh istigh den stát? Luaigh tú na Gaelscoileanna agus áiseanna do ghaelscoileanna, agus aontaím leat sa mhéid sin… ach an gcreideann tú, má dhéantar cinneadh nach gcaithfidh na Comhairlí Contae, mar shampla, a dtuarascálacha bliantúla a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla níos mó, an gcreideann tú go mbeidh tusa, mise, an tAire nó aon duine in ann an t-airgead a chaithfí ar sin a chur i dtreo na n-áiseanna scoile? An síleann tú go mbeidh an Independent ar thús cadhnaíochta san fheachtas sin lena chinntiú go rachfar gach pingin isteach chuig tograí eile Gaeilge a shíleann tú féin a bheith níos fiúntaí? Is eagal liom nach bhfaighfeá an t-ardán céanna sa pháipéar céanna nuair a bheadh deireadh leis an aistriúchán. Is é an port a bheadh acu ná ‘tá deireadh le cur amú airgid ar aistriucháin, ná tosaigí anois ar chur amú airgid ar thograí amaideacha eile’.

    Creidim féin gur chóir go mbeadh ábhar ar fáil i nGaeilge ón tseirbhís phoiblí don phobal. B’fhearr liom féin go mbeadh an bhéim ar fhoirmeacha iarratais, ar labhairt na Gaeilge, ar shuíomhanna idirlín, ar chúrsaí teagaisc d’oibrithe an stáit, ar phoiblíocht ar na seirbhísí atá ar fáil agus an pobal a spreagadh lena úsáid srl. Creidim, leis, go mbeadh costas níos lú ar na haistriúcháin a bheadh riachtanach le seo a dhéanamh dá mbeadh na haistritheoirí ag obair taobh istigh den stát, ar thuarastal bliantúil, seachas ag obair mar chomhlachtaí príobháideacha. Thiocfadh leis an stát an t-airgead a úsáid ar dhóigh i bhfad níos éifeachtaí ná aistriúcháin sheachtracha, ach creidimse gur botún a bheadh ann dá ndéarfaí ‘cuir deireadh le húsáid na Gaeilge sa réimse seo den saol, an réimse oifigiúil, agus cuir gach acmhainn isteach sa réimse eile seo, réimse na meán, mar shampla’. Sílim go gcaithfidh an teanga a bheith beo in achan réimse má tá sí le maireachtáil. Cinnte, ba chóir a bheith siosmaideach faoin dóigh a chaitheann muid an t-airgead; mura bhfuil éileamh ar na rudaí atá ar fáil i nGaeilge, déarfainn gur chóir a) níos mó a chaitheamh ar rudaí a mbeidh éileamh orthu istigh sa tseirbhís phoiblí, agus b) cuidiú leis an éileamh sin a mhéadú trí phoiblíocht srl.

    Tabharfaidh mé sampla amháin duit. Sa bhliain 2003 rinne níos lú na 5% den phobal teagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall i nGaeilge san oifig ar an Chlochán Liath. Sna ceithre bliana ina dhiaidh sin, rinneadh níos mó cainteoirí Gaeilge a fhostú, cuireadh níos mó ábhar ar fáil i nGaeilge (foirmeacha iarratais srl). Chosnaigh sin uilig airgead. Tháinig méadú ar líon na dteagmhálacha i nGaeilge ó níos lú ná 5% den phobal go dtí níos mó ná 9% de na teagmhálacha sa bhliain 2007. Níl sé foirfe, agus tá sé níos ísle ná mar a ba mhaith liom féin é a bheith, ach is fianaise é gur féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh nuair a bhíonn ceangal idir cainteoirí Gaeilge a fhostú, ábhar scríofa a chur ar fáil, agus seirbhís a phoibliú.

    Freagra
  13. crosbhealaí

    Mar sin, bíodh dliothe na tíre ar fáil i nGaeilge nuair ata borradh eacnamaiochta ann, agus ná bíodh in amantai eile? Nil aon chiall leis sin- agus má bhaintear stádas in am an ghátair, ní bheadh sé éasca é a thabhart ar ais.

    Agus IS dlithe iad na hionstraimi reachtúla (statutory instruments), mar a thuigeann tú go maith- tá feidhm dlíthiúil acu. Ní thig le hiontraim reachtúil an bhun-Acht a shárú, ach míníonn siad agus comhlanaíonn siad an bun Acht. Is deabhlóidiú cumhachta ón mbun reachtaíocht a bhíonn iontu- orduithe Airí agus a leithéid.

    Conas mar a bheadh an dlí á phlé i nGaeilge sna cúirteanna gan an bhun-théasc dlíthiúil a bheith ag na dlíodóirí agus na páirtithe?

    Cuimnigh gur eascraigh gach rud san Acht Teanga ó chás Ui Bheoláin ar an gead lá- is teorannú agus sainmhíniú ar cheartaí doiléir leathain Bunreachtúla atá san Acht céanna. Sáróidh aisghairm an Achta cás Uí Bheoláin- agus an Bunreacht. Cad é do reiteach ar sin uile?

    Freagra
  14. crosbhealaí

    Nóta- tá post uimhir 15 thuas uaimse mar fhreagra ar thráchtas Choncubhair ag uimhir 13.

    Freagra
  15. igaeilge Údar an Ailt

    Molaim d’iarrachtaí a Sheáin agus ní féidir liom argóint leat go bhfuil trath chlár frith Ghaelach ag nuachtáin ar nós an Sunday Indo. Ag an am chéanna, an fath go bhfuil an phort agam is atá gur mhaith liom an oiread agus is féidir iad a threorú i dtreo ar shiúl ó na Gaelscoileanna agus iad ag feachtasú in éadan cur amú san earnáil phoiblí.

    Ar an droch uair léiríonn na figiúirí atá curtha os ár gcomhair agat gur beag an dul chun cinn ar féidir a dhéanamh fiú nuair atá duthracht agus airgead á infheistiú i bhfeistiú an chórais chun bheith ullamh do theagmhálacha le daoine le Gaeilge. Suas ó 5% go 9% i 6 mbliain – dul chun cinn atá ann ach an leor é?

    Tá bealaí ann mar a luann tú chun a chinntiú go mbeadh costas níos ísle ar an aistriúchán is gá a dhéanamh – sé sin go mbeadh daoine ag obair taobh istigh den stát seachas taobh amuigh. Gan amhras bheadh Gaeilgeoirí ag gearán nach bhfuil caighdeán Ghaeilge na bhfeidhmeannach san ar chomhchéim leis an earnáil priobháideach mar bionn Gaeil áirithe i gcónaí ag gearán – féach cad a thiteann amach anseo nuair a dheintear dearúd litrithe nó gramadaí!

    Creidimse gur cheart go mbeadh Gaeilge ag feidhmeannaigh stát agus údaráis áitiúla ó bhun – chaith siad 13 bliain á fhoghlaim agus mura bhfuil sí acu fan am go mbionn siad á earcú ag an Stat, nior cheart iad a fhostú ar an mbonn nach bhfuil caighdeán oideachais sasúil acu trí cheile. B’fhéidir, má fhaighim an deis, go dtabharfaidh mé faoin abhar sin in alt eile don Indo.

    Tá gá le coigiltis. Ní féidir leanúint leis an Status Quo. Beidh orainn bheith reidh chun rogha a dhéanamh nó deinfear é gan dul i gcomhairle linn.

    Maidir le hAonghus, is é an chiall leis an moladh atá agam, má tá ciall ar bith leis, go bhfuilimíd ag maireachtaint thar ár n-acmhainní mar thír [cé chuala tú sin á rá roimhe seo?] nach bhfuil na h-acmhainní againn chun an obair seo a dhéanamh. is feidir leat a bheith ag maíomh nach bhfuil ciall le sin ach sa deireadh thiar níl sé prainneach, dar liom. B’fheidir go bhfuil sé prainneach dar leat?

    An gcreideann tú go bhfuil sé ceart airgead a chur ar fáil don scéim sin – agus féach ar an dtuarastal dochreidte mór atá ar fáil don Stiurthóir (suas go dtí €130k sa bhliain!) – agus é a shéanadh ar ghaelscoileanna, irisí Ghaeilge, fiontair a chuideodh le labhairt na Gaeilge i measc an phobail? Mar is é sin an rogha a bheidh le déanamh – féach cad a dúirt an OECD inniu.

    Tá mise ar son na Gaeilge – ach nílim ar son beartais atá chun aimhleasa na teanga faoi mar a thuigimse é.

    Freagra
  16. Seán Mór

    Le cur leis na figiúirí a luaigh mé thuas, seo thíos na figiúirí fá choinne fo-oifig amháin san Ionad ar an Chlochán Liath. Creidimse go fóill go bhfuil fiúntas le cur chun cinn seirbhísí Gaeilge agus go dtugann na figiúirí seo tacaíocht don tuairim sin. Tá an tIonad seo lonnaithe ar an Chlochán Liath, áit ar beag seirbhís a bhí ar fáil i nGaeilge roimhe seo. Rinne 1,518 duine a ngnoithe i nGaeilge leis an Chomhairle i 2003, agus rinne 3,697 a ngnoithe i nGaeilge leis an Chomhairle i 2007. Is fiú tógáil air sin (idir seirbhísí labhartha agus seirbhísí scríofa) seachas an solas a mhúchadh air. Gan infheistiú sna seirbhísí i nGaeilge ón tseirbhís phoiblí, beidh muid ag cur in iúl do na custaiméirí seo nár chóir dóibh bacadh leis an Ghaeilge agus iad ag plé leis an stát.

    Líon na dTeagmhálacha a rinneadh leis an Chomhairle (guthán / oifig)
    Bliain Líon Iomlán Líon i nGaeilge %i nGaeilge
    2003 26,891 1,518 5.65 %
    2004 45,299 1,627 3.59 %
    2005 46,496 3,626 7.80 %
    2006 41,006 3,519 8.58 %
    2007 40,496 3,697 9.13 %

    Freagra
    1. deirdre

      Tá na figiúirí seo suimiúil, agus tá tábhacht ag baint leo.
      An rud atá ar siúl anseo, ná go bhfuil seirbhís á tabhairt as Gaeilge san oifig seo.
      Faraor, is beag oifig eile sa tír ina ndéantar an rud céanna, agus is sa treo seo a ba chóir don Stát dhul. Oifigí a oscailt a fheidhmíonn trí Ghaeilge, agus a thugann seirbhís trí Ghaeilge.
      Is iad seo na rudaí ar chóir a bheith sna scéimeanna teanga, seachas a bheith ag cinntiú go mbeidh Gaeilge ag fáilteoirí in oifigí i mBÁC tar éis trí bliana de scéime teanga.

      Dar liomsa gur chóir don Stát – agus don Aire – a chinntiú go gcuirtear na seirbhísí Stáit ar fáil trí oifigí mar an oifig sa gClochán Liath in áit a bheith ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an maorlathas trí chéile.

      Freagra
  17. séamus Mac Seáin

    tá rud amháin ann a chonchubhair thig leatsa díospóireacht a choinneáil ag dul ,Dia go deo leat.Léigh mé níos mó Gaeilge anseo ná léigh mé áit ar bith eile le mí anuas.Go leantar leis, ach cé go dtuigim an frustrachas a bhaineann le cur amú airgid agus na príorachtaí a ba cheart a bheith againn is é an bunlíne atá agamsa ná má shíleann an maorlathas go bhfuil sé tabhachtach caipéisí a bheith ar fáil i mBéarla, mar sin ba mhaith liom an chomh cheart a bheith agam iad a bheith agam i nGaeilge.Má dhéanann an Maorlathas amach nach bhfuil caipéisí áirithe de dhíth ar lucht an Bhéarla (an Sindo srl) de bharr go bhfuil sé ró chostasach. maith go leor féadfaidh siad caipéisí’s agamsa a ghearradh fosta.ach diabhail orlaigh a ghéillfidh mé ar mo chearta go dtí sin.ceart domh ceart duit an manadh ‘sagamsa.

    Freagra
  18. igaeilge Údar an Ailt

    A Shéamuis, tuigim do phointe go rí mhaith agus tá alt eile scríte agam ina bhfuil pointe céanna déanta agam ann don Indo Dé Domhnaigh seo chugainn, má fhoilsíonn siad é. Chuir sé idir alltacht agus fearg orm gurb é an chosaint a bhí ag an Aire ar an gcur amú airgid ar aistriúcháín ar chaipéisí Gaeilge go raibh i bhfad Éireann airgid á chur amú ar fhoilsiú na bunchaipéisí Béarla.

    Mura dtuigeann airí rialtais go bhfuil gá deireadh a chur le cur amú airgid ar nithe den tsort seo san am ina bhfuilimíd beo, táimid i dtrioblóid.

    Ar ndoigh má tá rud ar bith a dheineann FF go maith, is cur amú airgid é. Tá scuaine na dtionscnamh gan fiúntas ar chuir siad airgead amú air ag síneadh ó Chearnóg Mhuirfean go Cathair Saidhbhín agus níos faide i gcéin.

    Cad é do mheas ar an scéal seo go bhfuil an Irish Independent ar tí iatán Ghaeilge a fhoilsiú gach seachtain ag tosnú ar 19 Samhain – agus go bhfuil baint ag Pádraig Ó Céidigh leis? Chuala mé raflaí roimhe seo ach is cosúil go bhfuil firinne eigean sa scéal nó bhí sé á thuairisciú ar Nuacht RnaG ó chianaibh.

    Táimíd beo in am spéisiúil…

    Freagra
  19. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaoim le Seán Mór gur cheart airgead a chaitheamh ar rudaí fiúntachta mar foirme iarrthais a aistriú go Gaeilge agus traenáil a thabhairt do stáitseirbhisigh chun deileáil leis an bpobal i nGaeilge ach ní ionann sin agus acmhainn gann a chaitheamh ar aistriúcháin Tuarascála Bliantúla nách leann éinne iad.Tá cur síos suimiúil i Nuacht 24 faoi dearcadh an TUV ar acmhainn a chaitheamh ar an Gaeilge ó thuaidh.

    Freagra
  20. An Dubhaltach

    Sílim go raibh an tAire ag iarraidh a mhíniú dá mbeifeá chomh buartha faoi chur amú airgid an rialtais ar an nGaeilge nach mbeifeá ag caitheamh anuas ar an airgead uafásach á chaitheamh ar cháipéisí Béarla leis?

    “Maidir le hAonghus”
    Ní Aonghus mé! Scríobhann sé faoina ainm féin.

    Agus mura bhfuil na hacmhainní againn chun an obair seo a dhéanamh ar son na Gaeilge go bunreachtúil, mar a mhíníonn tú, b’fhéidir ba chóir duit tosaigh ag breathnú ar chostais eile a bhaineann leis an rialtas, cén fáth an deabhadh ortsa fáil réidh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla nuair atá rudaí eile san earnáil phoiblí atá i bhfad Éireann níos measa? Níl sa €1.8m sin ar son na Gaeilge ach bunthuarastal ceathrar comhairle leighis ar feadh bliana!
    Mar a dúirt Seán Mór thuas, is fiú tógáil ar an méid bainte amach go dtí seo, ní fáil réidh leis.

    Feictear domsa nach bhfuil tú ag léamh nó ag éisteacht le haon argóint eile curtha faoi do bhráid ar an ábhar seo má tá tú toilteanach ailt a sholáthair don rag lofa sin i mBaile Átha Cliath.

    Freagra
  21. igaeilge Údar an Ailt

    Aonghus – sin Crosbhealaí a Dhubhaltaigh. Tá aithne agam air de réir a ainm phearsanta.

    Tá sé ráite agam fiche n-uaire go gcuireann cur amú airgid as dom, cuma cén teanga ina bhfuil sé. Táim tar éis diospóireacht a thosnú faoin nGaeilge mar gur suim liom an Ghaeilge ach má léigh tú an alt sa rag lofa sin, mar a thugann tú air, feicfidh tú go ndeinim tagairt go mion is go minic do chaipéisí ‘rarely read in English’ an oiread is go ndeinim tagairtí do na caipéisí nach léitear i nGaeilge. Ach is léir go bhfuil fonn ort mé a íonsaí mar go bhfuil sé de dhanaíocht ionam an Ghaeilge a chosaint ón mhí úsáid atá na maorláthaigh ag déanamh uirthi.

    Is cosúil go mbeidh tusa sasta agus gach gaelscoil sa tír druidte ceal acmhainní agus na h-aistriúcháin seo – na fíor ‘rags lofa’ – á fhoilsiú go costasach go fóill ag an Rialtas.

    Mór an náire thú!

    Freagra
  22. aonghus

    Is maith an rud go bhfuil níos mó ná Aonghus amháin ann!

    Bhíos thar lear inné. Tá, mar a dúirt mé litir scríofa agam chuig an Sindo. Muna bhfoilsíonn siad é, cuirfidh mé chuig Con é.

    Achoimre: Tá an tAcht ann chun meon na maorlathaigh i leith na Gaeilge a mhúnlú. Mar sin, an cloch is mó ar phaidrín na maorlathaigh, ní mór an cloch sin a bheith as Gaeilge. Ní tharlaíonn múnlú meon mar seo thar oíche – ach mar a léiríonn figiúirí Sheáin, tá feidhm leis.

    Freagra
  23. An Dubhaltach

    @ iGaeilge
    “Is cosúil go mbeidh tusa sasta agus gach gaelscoil sa tír druidte ceal acmhainní agus na h-aistriúcháin seo – na fíor ‘rags lofa’ – á fhoilsiú go costasach go fóill ag an Rialtas.”

    Ní thuigeann tú fós nó níor mhaith leat a thuiscint. Fágfaidh mé ansin é, mar sin.

    Is tusa amháin atá ag cruthú cath, nach bhfuil ann, idir airgead na gComhairlí Contae agus airgead atá ar fáil do scolaíocht, nó d’fhiontair Gaeilge eile.

    Freagra
  24. igaeilge Údar an Ailt

    Tuigim go maith cad atá ag titim amach sa tir seo. Tá eigeandáil airgeadais sa tír mar gheall ar, don chuid is mó, mí bhainistiú acmhainní na tíre ag an Rialtas.

    Mar gheall ar sin tá ar an Rialtas ciorruithe caiteachais a chur i bhfeidhm – luach €4bn+ sa bhliain romhainn. Beidh orthu ord tosaíochtaí a dhéanamh amach – cad iad na rudaí atá gá leo anois agus cad iad na rudaí atá inmhianaithe -ach nach bhfuil gá leo. Bheadh súil agam go mba mar sin a bheadh an órd tosaíochtaí.

    Faigheann gach roinn a bhuiséad ón fhoinse céanna – uainne. Táimid ag iarraidh go gcaithfear an t-airgead sin go ciallmhar agus ar leas an chuid is mó daoine.

    Is é an deacracht atá agamsa go dtuigim nach bhfeictear dom go bhfuil an caiteachas ar aistriúcháin na gcaipéisí oifigiúla ciallmhar sa chomhthéacs seo.

    Ach má choinnítear ag dul ar aghaidh le caiteachas ar aistriúcháin, beidh ar an tua ag titim in áit éigean eile. Faoi láthair mar shampla, tá airgead Udarás na Gaeltachta gearrtha agus tá an áisiúnteacht sin tar éis airgead a ghearradh do scéimeanna éagsúla – mar shampla an Bhainisteoir Cúnta faoi oiliúint, an scéim faoina bhfuilimse fostaithe. Faigheann an tÚdarás a chuid airgid ón Roinn – gearradh é de thart ar €2m níos luaithe i mbliana. Is dócha go ngearrfar arís é sa bhuiséad atá le teacht. Ag an am chéanna is go bhfuil na ciorruithe seo á chur i bhfeidhm ar mo phost – agus ar phostanna go leor daoine eile ag obair ar an talamh – tá suas le €3m á chaitheamh ar aistriuchán na n-ionstraimí reachtúla agus tuarastal idir €90-130k á dhíól le stiurthóir nua cheaptha ar aonad nua bhunaithe na Roinne. Murach gurb é sin ‘airgead na Gaeilge’ á threorú ón líne catha ina mbionn mise agus mo leithéid ag cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail agus i dtreo maorláthas nach mbeidh ar leas ach an chuid is lú den phobal, níl fhios agam cad é.

    Níl ansan ach sampla amháin den rud ar a bhfuilim ag caint. Ní bhódhróídh mé thú lena thuilleadh – ach seo an rud, is léir go bhfuil tú ag suí go compórdach agus tú imdhíónaithe ar eifeachtaí an mhí úsáid seo ar an nGaeilge. Go n-eirí leat….

    Freagra
  25. colm

    €1.8 milliún ar cháipéisí i nGaeilge.
    €??? milliúin ar cháipéisí i mBéarla.
    €54,000 milliún do na bainc.

    A Chon, an féidir leat an áit a bhfuil an t-airgead á chur amú a fheiceáil?

    Freagra
  26. Seán Mór

    Tá tábhacht leis an phlé seo, cibé taobh ar a seasaimid. Mar a dúirt Séamus Ó Conghaile agus é ag dul i ngleic le húdaráis na hEaglaise Caitlicí agus a ndearcadh siúd ar an sóisialachas ‘is as an phlé seo a thiocfaidh soiléireacht smaointeoireachta!’

    Freagra
  27. séamus Mac Seáin

    is cinnte go bhfuil an ceart agat a sheáin mhóir.is fearr imreas ná uaigneas i gcónaí. ach ar bhealach tá an díospóireacht sáinníthe ar na caipéisí agus is trua sin.Tá iarracht ar bun ag Concubhar, is dóigh liom,na tosaíochtaí a ba cheart a bheith ag lucht na Gaeilge a shoiléiriú trí díospóireacht agus go fírinneach bhí sin de dhíth bíodh an ghéarchéim eacnámaíochta ann nó as.Cad iad na tionscnaimh is mó ar cheart béim a leagain orthú? An Ghaeltacht a chaomhnú,Gaelscolaíocht,Cúrsaí cumarsáíde,Cultúrlanna tríd an tír,Naoílanna Gaeilge do pháistí an óg,Raidío Gaeilge ins gach baile mór?.Bheadh á dtosaíochtaí féin ag daoine eile is dócha.Ní bheadh na caipéisí ag barr an liosta agam ach níl siad gan tabhacht. Is comhartha iad go bhfuil an stát toilteánach a bheith ag plé linne ar bhonn cothrom le saoránaigh eile an stáit agus tá tabhacht le sin. Scéal beag nach mbaineann le habhar go hiomlan ach sna 60í den chéad seo thart hiarradh ar Mhairtín Ó Cadhain dul ar RTÉ agus thug siad foirim dó le síniú le hairgead a fháil don chlár.Thug siad ceann Béarla dó.Dhiúltaigh sé é a ghlacadh agus d’iarr sé ceann Gaeilge.I ndhiaidh tamaill fhada tháinig siad arais agus ceann déanta acu a rinne siad go speisíalta dó.Dhiúltaigh sé an ceann sin fosta agus dúirt go gcaithfeadh sé a bheith cló bhuailte ar pháipéar snásta go díreach cosúil leis na cinn Bhéarla agus shiuil sé amach.Níl a fhios agam an bhfuair sé díolaíocht don chlár ariamh.Níor cheart dúinn muid féin a dhíol faoin ár luach in am ar bith.fiú amháin ar chaipéisí amaideacha gan chiall

    Freagra
  28. igaeilge Údar an Ailt

    ar chaipéisí amaideacha gan chiall….

    Os rud é go n-aontaímíd gur caipéisí amaideacha gan chiall atá i gceist, cén fath go mbeimís ag cur acmhainní ganna amú orthu.

    Dá mbeadh siad imithe maidin amarach, an mbeimis níos boichte gan fiú rud faighte againn mar chúiteamh?

    I bhfirinne?

    Freagra
    1. aonghus

      Bheadh; má ghéilleann muid nach gá na nithe, a chreideann an maorlathas a bheith riachtanach, a bheith ar fáil i nGaeilge. Fiú má thuigeann muide nach bhfuil siad riachtanach.

      Tá cúpla fronta sa chath. Meon an Státseirbhís i leith na Gaeilge fronta amháin. Luach ár gcuid airgid, fronta eile. Dul chun cinn fiúntach don Ghaeilge – an phríomh fronta. Dul chun cinn ar an dá fronta eile tábhachtach dó sin.

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s