Clibirt TG4 agus RTÉ

Tá’s ag leitheoirí iGaeilge go bhfuil cúis amháin gar dom chroí – agus is é sin, go mbeadh tuairisciú beo  ar TG4 ar mhór ocáidí spóirt náisiúnta, leithéidí craobhacha peile agus iomána Uile Eireann, na cluichí cáilithe i gCorn an Domhain agus cluichí móra rugbaí, na cluichí idirnáisiúnta go h-áirithe.

Ach go dtí seo – trí bhliain deag tar éis  bunú TG4 – ní raibh seo indéanta.   Cén fath?  Mar go raibh na cearta craoltóireachta díolta ag an CLG/GAA ar an praghas is airde le RTÉ, Setanta agus TV3.   Ní raibh TG4 sa reicneáil – cé go dtugann an staisiún, a bhuiochas do Nemeton, comhlacht léirithe na Déise – sár sheirbhís ó thaobh trachtaireacht spóirt.   Is é a locht a laghad.

Anois is cosúíl go bhfuil socrú déanta ag RTÉ comhoibriú le TG4 chun cluichí Sraith Magniers (rugbaí) a chur ar an scailean bheag.  Is é sin an creach atá fagtha de bharr imeacht Setanta UK níos luaithe i mbliana.

Gan amhras, is ar TG4 a thuill an Sraith Cheilteach (mar a bhi aithne air) an clú agus cáil agus an lucht féachana a mheall lucht féachana nach beag agus suimeanna réasúnta mor airgid do lucht eagraithe na sraithe.

De réir an ailt seo, sa Sunday Independent [wouldn’t you know!], tá comhnaidhm laidir idir TG4 agus RTÉ agus tá siad ag comhoibriú le cheile chun na cluichí rugair seo a fháil.

Conas nach féidir leo comhoibriú chun a chinntiú go mbeadh trachtaireacht beo ar na cluichí móra náisiúnta, ocáidí móra na hÉireeann, sa dhá theanga oifigiúil ar an dteilifís?

Ceist é sin do RTÉ, TG4, An Aire Ghnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Choimisinéir Teeanga agus eile.

 

Aon tuairim amháin ar “Clibirt TG4 agus RTÉ

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s