Plean? Cén plean? Cad chuige an deifir?

Tháinig an tAire go Leitir Cheanainn agus is dócha go raibh an Plean 20 Bliain ina phóca aige.  Ach is éard a dúirt sé leis an slua a bhí ag freastal ar Sheimineár an Oireachtais go mbeadh an plean á fhoilsiú roimh ‘dheireadh na bliana” agus go mbeadh comhairliucháin ann faoi agus ansan, uair éigean an bhliain seo chugainn.

Agus ansan?   Proiseas comhairliúcháin eile?

Beidh sé ceithre bliain ar a laghad, táim ag ceapadh, ón am a fhograíódh go mbeadh plean ann, i mbéal na Nollag 2006, go mbeidh obair ag tosnú ar fheidhmiú an phlean seo tar éis proiseas comhairliúcháin fada tuirsiúil.  Fán am a bheidh sé in áit, beimid tinn tuirseach den Plean 20 Bliain seo.

An dtagraíonn an 20 Bliain sa ‘Phlean 20 Bliain’ don tréimhse a ghlacfaidh sé an plean a chur i bhfeidhm nó an ag tagairt don tréimhse a ghlacfaidh sé an plean a dhréachtú atá an ‘2o’ bliain seo?

An gcreideann sibh go bhfuil sé i gceist plean a bheith ann choiche – nó nach bhfuil sa chaint seo ar phlean ach cur i gcéill agus magadh.

3 thuairim ar “Plean? Cén plean? Cad chuige an deifir?

  1. Colm

    Bhuel, tá mise den tuairim ní labhrófar teangan mura bhfuil riachtanas eacnamúil nó pearsanta é a úsáid. Agus is léir dom nach bhfuil an riachtanas seo ar fhormhór na ndaoine. Mar sin, creidim cé go ndéanann an foras polaitiúil le hintinn mhaith níl clú dá laghad acu fé chursaí sochtheangeolaíochta agus ní éireoidh an plean seo.

    Freagra
  2. aonghus

    Is dóigh liom gur dála an Achta é seo. Thóg sé i bhfad ar an tAire é a bhrú tríd an gcóras. Ach ó tharla gur plean atá ann a chaithfidh an córas céanna sin a chuir i bhfeidhm, b’fhearr liom an bealach mall stuama seo ag Ó Cuív ná plean uaillmhianach nach ndéanfar tada leis.

    Fiú leis an chuir chuige mall stuama, beidh glam ard ann faoi chuir amú acmhainní ar “Teanga marbh nach labhraíonn aoinne” (TM). Beidh cosaint éigin ag an Aire más féidir leis a léiriú go raibh comhairle glactha aige agus nach gníomh eile “Gaeliban”(TM) a bhí i gceist.

    Tuigim imní Chon – tá práinn le gníomh sa Ghaeltacht. Ach is faoi muintir na Gaeltachta é sin. Féach – d’éirigh liomsa Gaeilge líofa a bhronnadh ar mo chlann – cé go raibh muid i mBeirlín don gcéad cúig bliana de saol na buachaillí. Toil atá i gceist. Muna bhfuil fonn ar muintir na Gaeltachta an Ghaeilge a thabhairt don gcéad glún eile, gheobhaidh Gaeilge na Gaeltachta bás. Ach ní féidir leis an rialtas mórán a dhéanamh faoi sin – is féidir leo athrú aeráide beag a chothú, agus tá rudaí á dhéanamh.

    Cuid de, freisin, an Acht úd a bhfuil Con dúdóite ina aghaidh – ach a chuir ar chumas Co. Co. Dhún na nGall méadú mór i gnó trí Ghaeilge a chuir chun cinn in Oifig an Chlochán Leith.

    Níl an streachailt ach ina thús!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s