Gugalaí gug mo chircín dubh…

“Suíonn sí síos agus beireann sí ubh, ubh inné, ubh inniu, gugalaí gug mo chircín dubh”

Tá sé chomh maith dom bheith ag iarraidh brí a bhaint as an leabhar is déanaí ó Dan Brown agus bheith ag iarraidh ciall a aimsiú i ráiteas de chuid an Tánaiste, Máire Ní Chochláin, is dóichí.

Agus í ag labhairt inné nuair a h-osclaíodh Oireachtas na Gaeilge go foirmeálta i Leitir Cheanainn, dúirt sí nach mbeadh aon athrú shuntasach ar chur chuige an Rialtais maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus thug sí leid go mbeadh ‘dea scéal’ don Ghaeilge is don Ghaeltacht á fhógairt go luath, amarach b’fhéidir, ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon  O Cuív, nuair a labharfaidh seisean ag ocáid atá á reachtáil ag Conradh na Gaeilge ag an Oireachtas.

Níl a fhios agam cé acu an mbeidh an tAire O Cuív sásta gur ghoid an Tánaiste cuid dá chuid éadaí ach ní h-eol dom aon dea scéal go bhféadfadh an Aire a fhógairt ach go bhfuil sé ag foilsiú an phlean atáimíd ag feitheamh ar le tréimhse fada anois, an Plean 20 Bliain don Ghaeilge is don Ghaeltacht.

Tá an tAire tar éis seal fada a chaitheamh ag suí mar chearc ar an ubh áirithe seo – agus tá sé thar am go mbeadh toradh a shaothar le feiceáil.

Is cinnte nár cheart aon fháilte a chur roimis mura bhfuil sé ag fógairt an phlean.  Is é seo ocáíd atá réamh dhéanta don cineal seo fógra – ach is dócha, freisin, go mbeadh sé níos fearr arís é a dhéanamh ag ocáid ag a bhfuil an Rialtas ar fad ann chun tacaíocht uile ranna a léiriú don phlean.

Bheadh suim agam, go h-áirithe, leithéidí Ní Chochláin féin, An Taoiseach, an tAire Oideachais agus Eolaíochta agus an tAire Airgeadais a fheiceáil gualainn ar ghualainn leis an tAire Gaeltachta agus é ag déanamh an fógra.

Níos tabhachtaí ná an phlean ná cur síos ar an modh oibre chun an plean a chur i bhfeidhm agus léargas ar na h-acmhainní a bheidh ar fáil as seo go deireadh théarma an Rialtais seo i leith an phlean.

Ach más amhlaidh go bhfuil an Rialtas sásta leis an ‘status quo’ ar an gceist seo – mar atá ráíte ag Ní Chochláin a bheag nó a mhór – caithfear teacht chun tosaigh le modh oibre nua agus is sinne a chaithfidh sin a dhéanamh beag bheann ar an Rialtas.

Neosfaidh an aimsir céard atá le rá ag an Aire – ach níor cheart bheith ag brath ar an Aire seo nó ar Aire ar bith chun na h-oibre seo a dhéanamh.   Ní léir go bhfuil an samhalaíocht agus an tuiscint ann chun tabhairt faoin obair.   Chun a bheith cinnte go ndeinfear an obair, is linn féin an imirt.

 

3 thuairim ar “Gugalaí gug mo chircín dubh…

  1. aonghus

    Fiú má bhíonn plean aige, agus acmhainní chuige, fúinn féin an obair. Is ón bpobal a thiocfaidh na cainteoirí breise – uainne atá ag tógáil clainne le Gaeilge ach go hairithe.

    Agus is muide a chaithfidh réimsí nua inar féidir Gaeilge a labhairt go poiblí a chruthú agus a leathnú.

    Ach is féidir leis an Rialtas creatlach tacaíochta a chuir ar fáil dúinn.

    Agus is féidir leo cuir lenár líon tríd Gaeilge a mhúineadh níos éifeachtaí lasmuigh agus laistigh den gcóras Gaelscolaíochta. Tá gá le leasú ó bhonn ar oiliúint múinteoirí chuige sin. Sin rud nach féidir linne baint amach linn féin.

    Ach nílim ag súil le céim mhór dá leithéid, faraor. I bhfianaise Roinn Éadóchais atá fós ag iarraidh deireadh a chuir leis an luath-tumoideachas.

    Freagra
  2. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    Ba cheart don Rialtas an Plean Fiche Bhliain a fhoilsiú.Ansin is duinn féin an Ghaeilge a shealbhú.Tá géarghá le athbhreathnú a dheanamh ar an tír, ar an Éireannachais agus ar ár dteanga.In ndiaidh Ré Uí Éochaidh agus an Tíogar Cheiltigh is iontach an deis é seo chun an Gaeilge a chur i lár an aonaigh i saol ár ndaoine.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s