Cad a dhéanfá le €1.8m?

Tá sé tugtha chun solais san Irish Independent inniu gur caitheadh €1.8m ar aistriúcháin chaipéisí oifigiúla go Gaeilge.  Is fiú an scéal a léamh ar mhaithe le tuiscint a fháil ar scála na seafóide atá ag titim amach.  Tá na milliún Euro á chaitheamh gach bliain ar chaipéisí nach léitear nuair atá daoine atá ag iarraidh foilseacháin a bheadh léamh agus tóir orthu fagtha ar an dtra folamh.

An cheist atá agam ná seo – an bhfuil tusa sasta go bhfuil an oiread sin airgid á chaitheamh ar aistriucháin, go h-áirithe ag an am seo.   Gan amhras tá go leor lúbanna ar lár sna tuairiscí a bhionn sna meáin Bhéarla ar an gceist seo – ní chuirtear san áireamh an méid airgid a chaitear ar na leaganacha Bhéarla de na caipéisí céanna nó ní áirítear an líon uaireannta a deineadh íoslódáil ar na caipéisí seo.   Go deimhin tá cosaint tréan déanta agam ar an gcaiteachas seo i litir a foilsíodh san Irish Examiner inné.   Dar liom gur fearr an t-airgead a chaitheamh ar chaipéisí a aistriú seachas bheith á thabhairt do leithéidí Brendan Drumm (a fuair bónas €70,000 in aineoin an easpa acmhainní sa chóras sláínte) nó John O’Donoghue, a chaith na céadta míle Euro ar chamchuaird ar rás chúrsaí na hEorpa.

Ach má eirímíd ró ghafa le na poinntí seo, ní fheicfimíd an phictiúir mhór.  Is é sin go bhfuil michlú á charnú ar an nGaeilge de bharr an bhásta seo trath go bhfuil eigeandáil airgeadais sa tír.

An bhfuil sé ceart agus cóir go bhfuil an oiread san airgid á chaitheamh ar chaipéisí Ghaeilge nuair atá sé soiléir nach bhfuil tóir ag Gaeilgeoirí ar na caipéisí céanna?

Agus cad is fiú do Ghaeilgeoirí bheith ag gearán faoi easpa leabhair, téacsleabhair scoile san áireamh,  nuachtáin is irisí i nGaeilge nuair atá an oiread sin acmhainní á chur i dtreo na caipéisí nach léir aon tóir a bheith orthu?

Tá mé tinn tuirseach is dubh dóite leis an bhfimínteacht a bhionn á chleachtadh ag Gaeilgeoirí ar an gceist seo.   Amhail is gur cuma leo go bhfuil airgead á chur amú nuair atá airgead á chaitheamh ar chaipéisí Ghaeilge nach léifeadh na Gaeilgeoirí céanna!

Leis an fhigiúir €1.8m IN AGHAIDH NA BLIANA a chur i gcomhthéacs, is mó é ná conradh CEITHRE BLIANA le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil a sholathar, conradh atá measúnú á dhéanamh anois ar ag Foras na Gaeilge.  €1.6m  – nó €400,000 ar a mhéid – atá á thairiscint don chonradh sin san iomlán – agus táim ag caint ar uasmhéid.

Agus is bocht an chosaint a dheineann an tAire O Cuív ar chúrsaí:

But Community, Rural and Gaeltacht Affairs Minister Éamon Ó Cuív defended his policy. He said it is “a fundamental right of the Irish speakers of this country to get certain basic documents in Irish and to get basic services through Irish”.

He said the Official Languages Act 2003 “limits the State’s obligation to translate documents” and without it, “the State could be held legally obliged to translate every single document produced”.

Anuas ar sin, tá An Choimisinéir Teana, Seán O Cuirreáin ag gearán nach bhfuil a dhothain Gaeilgeoirí ós comhair na cúirte ag troid a gcásanna i nGaeilge.   Mar a dúirt sé i bpreas ráiteas a d’eisigh a oifig inniu, d’iarradh seirbhísí ateangaireachta i gcúirteanna na tíre i 71 teanga anuraidh.    “Ní raibh an Ghaeilge fiú i measc na chéad deich dteanga,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

Dá mbeadh mioscais ionam, bheinn ag ceapadh go raibh an Choimisinéir Teanga ag iarraidh ar níos mó Gaeilgeoirí an dlí a bhriseadh níos minicí.  Ach ní dócha gur shin atá i gceist aige.

Dar liom gur coir ann féin é bheith ag moladh do dhaoine níos mó airgid a chur amú – ná mar atá á chur amú go dtí seo – ar sheirbhísí trí Ghaeilge a éileamh nuair nach bhfuil siad  ag iarraidh na seirbhisí trí Ghaeilge sa chéad dul síos.

Má tá airgead le caitheamh ar an nGaeilge, agus creidim go bhfuil sé riachtanach fiú san trath eigeandála seo, ba cheart go mbeadh airgead ann le h-aghaidh téacsleabhair is eile i nGaeilge.

Ar ndóigh tá’s agam go gcothóidh an chaint seo an ghnath aisfhreagra ón dream a chreideann – agus is dócha go bhfuil an cheart acu – má staontar ó airgead a chaitheamh ar chaipéisí a aistriú go Gaeilge nach mbeidh na h-acmhainní sin ar fáil le h-aghaidh fiontair fónta ar nós na téacsleabhair thuas luaite.

27 de thuairimí ar “Cad a dhéanfá le €1.8m?

  1. unabhan

    Tá an t-alt seo lán le botúin ghramadaigh agus litrithe. B’fhearr an t-airgead a chaitheamh ar cáipéisí cruinne ná ar thruflais scaoilte gan eagar

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    is maith a choncúbhair tú a bheith i mbun pinn arís is cuma cad é deir “Bláth na naoi nómra, Úna Bhán” bíonn abhar smaoínimh i gcónaí ar do bhlag buíochas le Dia.Sílim go raibh an ráiteas a rinne an tÁire Ó Cuív measartha tómhasta.Bíodh a’s go sílim nach é an taistriúchán an gad is cóngaraí dár scornach ó taobh na Gaeilge de ,sílim nach fúinne atá sé teora a chur leis na cearta atá dlite dúinn.Déanfaidh daoine eile dúinn é.Is ceart dúinn cinnte béim a leagán ar na rudaí is tabhachtaí dar linn ach níor cheart dúinn ach oiread cás ar mbásctha a dhéanamh do dhaoine nach sásóidh aon rud iad ach deireadh a bheith le gach seirbhís Ghaelige.Inniu na caipéisí,amárach na téacs leabhair scoile( nach bhfuil béarla acu ar scor ar bith etc.)iarraimis alán agus is féidir go bhfaighfidh muid beagán.anois bíodh oíche mhaith ag Úna ag ceartú mo chuid meancóg.

    Freagra
  3. Concubhar O Liathain

    Tagaim leat a Úna. Tá d’alt lán le botúin ghramadaigh is litrithe. An t-é a scríobhfadh “ar cáipéisí cruinne’ seachas “ar cháipéisí”, níl aon ghnó ag an duine sin bheith ag scríobh i nGaeilge ar chorr ar bith. Is iad do leithéidse atá ag déanamh ceap fonóide do lucht na Gaeilge.

    Maidir led’ theachtaireacht a Shéamuis, is dócha go bhfuil an ceart agat, ar bhonn margántaiochta, bheith ag lorg an méid is mó agus cá bhfios ach go bhfaighidh tú an bheagán agus b’fhéidir gur leor san. Sin é atá ar bun ag gach earnáil eile.

    Ag an am chéanna, agus níl a fhios agam an bhfuil an é seo an cur chuige ceart nó nach é. Ach ós rud é go bhfuil gach dream eile ag gabhail don phort céanna, agus nach féidir iad a shasamh, go bhféadfaí corr nua a chur sa scéal le cur chuige éagsúil. Is cosúil go bhfuil pairtithe an fhreasúra ar fad aontaithe gur cheart go mbeadh airgead á chaitheamh ar chur chun cinn na Gaeilge agus go gcreideann siad gur cur amú airgid é an caiteachas ar chaipéisí a aistriú. Sin doras leath oscailte dar liom. Aontaímís leo – agus molfaimís an cur chuige atá á moladh agam mar uirlis chun ioncam a ghiniúint don Ghaeilge seachas an cur chuige atá ann faoi lathair – nach bhfuil i gceist ach caiteachas gan luach saothair ar chorr ar bith.

    Freagra
  4. aonghus

    A Chon, a chara,
    an gcreideann tú i do chroí istigh go gcaithfí oiread agus cianóg rua breise ar an nGaeilge dá ndéanfaí aisghairm ar an mhír seo den Acht?

    Cuimhnigh nach airgead na Roinne Gaeltachta, ná aon airgead eile atá tiomnaithe don Ghaeilge atá i gceist anseo, ach sciar de bhuiséid riaracháin na Comhlachtaí Pobail.

    Tá’s agat go maith nach bhfuil i gcaint Ringie agus Ó S[h]ea ach an gnáth chleasaíocht pholaitiúil. An ndearna ceachtar acu moladh cruinn riamh a bhfeadfaí gníomhú air? Is cuimhin liom Ó S[h]ea ag clamhsán nach raibh an Aire gníomhach go leor ag díchoimisiúnú an tuiseal Gineadach. Ach moladh fiúntach ní dhearna ceachtar acu.

    Níl cosc ar bith ar cheachtar acu rún a mholadh chun a Acht – a ghlac an Oireachtas leis d’aon ghuth – a leasú. Ach an bhfuil sin déanta acu? Níl. Agus ní bheidh. Níl anseo ach gné eile den bholscaireacht frith Ghaeilge is dual don Irish [sic] Independent [sic].

    Dá aisghairmfí an Acht ina Iomláine amárach, bheadh siad ag clamhsán faoi gné éigin eile – an Ghaelscolaíocht abair.

    (Táthar ar an ealaíon sin cheana. féach http://www.elaine.ie)

    Freagra
  5. Concubhar O Liathain

    Is cosúil gurb é an argóint atá agat, a Aonghuis, ná gur cheart an t-airgead a chaitheamh amú ar an nGaeilge agus go bhfuil sin maith go leor leat. Is cur amú airgid é an t-airgead atá á chaitheamh ar na h-aistriucháin seo. Níl aon leas do phobal na Gaeilge as an chaiteachas seo seachas do na h-aistritheoirí féin.

    Creidimse go gcuirfear ó mhaith Acht na dTeangacha Oifigiúla gan ró mhoill nó níl an pobal chun seasamh ar leataobh agus ligint don chur amú airgid dul ar aghaidh mar seo.

    Is argóint seafóideach é bheith ag tabhairt le fios go mbeidh namhaid na Gaeilge ag díriú ar an nGaelscolaíocht má eiríonn leis an bhfeachtas Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur ó mhaith. Tá tacaíocht an phobail ag an nGaelscolaíocht. Tá Gaelscoil i ngach toghcheantar sa tír – tá votairí ag seoladh a bpáistí chuig na Gaelscoileanna sin. Níl an cnamhdroma ag an Roinn don réabhlóid a thitfeadh amach dá mbainfí an bhonn den Ghaelscolaíocht ar bhonn uile Eireannda.

    Is é an baol atá ann dar ndóigh mura ndeinieann pobal na Gaeilge an chinneadh fáil reidh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla go ndeinfear an cinneadh in ár n-ainneoin agus go mbeidh nithe eile á lorg fán am sin.

    B’fhearr liomsa go gcuirfí deireadh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus nach gcaithfí pingin nó cianóg rua sa bhreis ar an nGaaeilge ná go bhfanfadh sé ann. Is aimhleas na Gaeilge atá i gceist. Dá bhfaighfí reidh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, d’fhéadfaí aistriúchán ar gach caipéis a éileamh, mar atá ráite ag O Cuív thuas.

    He said the Official Languages Act 2003 “limits the State’s obligation to translate documents” and without it, “the State could be held legally obliged to translate every single document produced”.

    Ar ndóigh tá seasamh frith Ghaelach ag an Indo – ag an am chéanna ní féidir leat a shéanadh an fhiric sa tuairisc seo – gur caitheadh €1.8m ar an aistriúchán in aisce seo, na h-aistriúcháin nach bhfuil á léamh againn, pobal na Gaeilge?

    Freagra
    1. aonghus

      Tá i bhfad Éireann níos mó i gceist leis an Acht ná aistriúchán.

      Aontaím gurbh é an aistriúchán ar chaipéisí a leitear go hannamh, agus ag ciorcal beag daoine an ball i laige san Acht. Sin an fáth go bhfuil naimhde na Gaeilge ag díriú ar an bpointe sin.

      Is é m’argóint nár cheart aon ní a ghéilleadh gan praghas a bhaint amach air. Bheinn, mar shampla, sásta an mír seo sa reachtaíocht a ghéilleadh dá mbeadh mír eile reachtaíochta a chinnteoidh – abair – buiséid chinnte de €2m sa bhlian do ChOGG chun leanacht ar aghaidh a cuir leabhra scoile ar fáil. Nó fiú buiséid neamhspléach chinnte do TG Fóir agus RnaG.

      Ach nílim sásta géilleadh do cham scéalta.

      Agus cá bhfuil an chaint ar na griangraf agus learáidí costacha? An páipéir daor? An chaint crochta as Béarla? Cosnaíonn a leithéidí sin i bhfad Éireann níos mó ná €2m sa bhliain, bí cinnte de.

      Céard faoi an chostas atá ar leaganacha Béarla de nithe a scríobhtar as Gaeilge?

      Maidir le Gaelscoileanna, ar léigh tú an alt úd san nasc? Tá feachtas in aghaidh na Gaelscoileanna laistigh agus lasmuigh den Roinn Éadóchais, agus beidh. Mar feidhmíonn siad.

      Freagra
  6. colm

    An é Brian O’Shea an fear a dúirt, nuair a bhí an tAcht Teanga ag dul tríd an Dáil, go mbeadh sé míchothrom ar mhuintir na Síne a bhí ag teacht isteach sa tír ag an am?

    Freagra
  7. igaeilge

    Gan amhras ta an cheart agaibh le na poinnti ata deanta agaibh. Ni ar mhaithe na Sinigh a bhi O Shea agus is beag ata cinnte sa daol ach beidh an Ghaeilge faoi ionsai. Ach nil sibh abalta an pictiuir mor a fheiscint. Is e sin go bhfuil dochar buan a dheanamh don teanga de bharr costas na gcaipeisi agus an laghad duil ata ag Gaeil usaid a bhaint as na caipeisi aistrithe. Cuirim I gcomparaid an dochar a dhein an scannal faoi chostaisi leitheidi John O Donoghue don pholataiocht.

    Freagra
  8. Gael gan Naire

    Doimhneacht smaointeoireachta agus tuigbheala le mothù i bhfocail Shèamais Mhic Sheàin mar a bhìonns i gcònaì, tà mè mè fèin ag leanùint leis an tuairim sin.

    Tà cothrom na fèinne iomlàm le baint amach ag na Gaeil, ni bhainfear sin amach dar liom trìd geilleadh don àar namhàid.

    Tà na daoine ceanna i gcoinne TG4 agus Gaelscolaìocht i ndeireadh na dàla, nì fèidir fuath s’acu a mhaolù.

    Is è aisling s’acu an Ghaeilge a mharù agus Eire a thabhairt ‘abhaile’ chuig na Sasanaigh. Scrios ….

    Freagra
  9. aonghus

    Léigh alt an Indo arís, Con.
    Chomh luath is a bheidh na cáipeisí as an áireamh, beidh siad ag clamhsán faoi rud éigin eile.
    (“However, its predicted costs may increase following the introduction of new regulations on signage last March.”)

    Fógraí cosúil leis an gceann a phléigh mé ar mo bhlag, abair:

    http://aonghus.blogspot.com/2009/10/bearla-iodalach.html

    Mar thuistí, is breá liomsa fógraí mar seo, a léiríonn do mo ghasúir nach patois aisteach teallaigh atá á labhairt againn!

    Croí na ceiste: an gcaithfidh an Stáitseirbhís an Ghaeilge a chuir san áireamh sna nithe a chreideann siadsan a bheith riachtanach, nó an féidir í a imeallú mar chaitheamh aimsire mheanaicmeach?

    Creidimse go bhfuil an geonáil seo maidir le costais ann toisc go bhfuil ag éirí leis an Acht, go bhfuil sé ag tabhairt ardú croí dóibh siúd laistigh den Seirbhís a bhfuil bá acu don Ghaeilge, go bhfuil sé ag tabhairt armlón dóibh in aghaidh naimhde na Gaeilge san maorlathas.

    An rud ba cheart a dhéanamh nuair a thagann scéal saorga mar seo chun cinn ná an rud a dheánnan an Coimisnéir go béasach, soiléir, gach uair: Mian an Oireachtais (ní an Aire) a shoileiriú, ard a dhíriú ar an bhfiríc nach bhfuil iachall na caipeisí a chló, aird a dhíriú ar an bhfiríc go bhfuil siad ar fáil ar líne, agus go bhfuil feidhm cuí a bhaint astu.

    An bhfuil sé, abair, fíor nach léann ceatadán cuí dóibh siúd a bhfuil gá acu le caipéis áirithe i nGaeilge é?
    Bheadh amhras orm.

    Freagra
  10. igaeilge

    Ar mhaithe le prionsabal – stadas beannaithe na Gaeilge – ta sibh chun an Ghaeilge a bhascadh, direach mar a rinne JOD e féin a bhascadh de bharr a chiall faoina stadas.

    Freagra
    1. aonghus

      Ní hea, ach níl muid chun ligean do namhaid na Gaeilge an blár catha a roghnú. Caithfear tréan iarracht a dhéanamh na cam scéalta seo a bhréagnú, ní glacadh leo.

      Freagra
      1. igaeilge Údar an Ailt

        Ní miste liom bréaga a bhréagnú – ach níl bréag sa scéal seo. Sin é an trua. Tá €1.8m á chaitheamh ar chaipéisí nach bhfuil á léamh – agus daoine fágtha gan ábhar le léamh – nuachtáin, irisí is leabhair – ar an láimh eile. Is mór an náire é.

  11. aonghus

    Leanacht orainn a scríobh litreacha cosúil le do litir, sin an dóigh. Tuigim do Dev gur bhunaigh sé an Irish Press. B’fhéidir go bhfuil gá leis sin arís. B’fhéidir gur féidir leatsa rud éigin a dhéanamh má bhíonn Nuacht 7 i réim – fail amach cé mhéad a chaitear ar “caipéisí Béarla nach léann aoinne(TM)” nó an costas Sacs Bhéarla a chuir ar chaipéisí an RGPTG agus an CT! Is léir nach léitear iad i mBéarla, ó tharla iriseoirí an Indo fós dall ar an méid atá iontu.

    Nó fiú fáil amach conas gurbh gá athchló roimh an am a dhéanamh ar an gCléireach, nuair a chruthaigh an Sunday Times nár díoladh ach 6 cóip!

    Freagra
  12. Seán

    Cá bith d’fhanfadh €1.8m i ngeilleagar na Gaeilge. Má tá an buiséad le gearradh, ansin cionmhar.

    Freagra
  13. aonghus

    Conas go bhfuil tú chomh cinnte sin nach bhfuiltear ag baint feidhm cuí as na cáipéisí seo?

    Nuair atá cáipéis dá leithéid de dhíth orm – agus bíonn uaireanta – bainim feidhm as an leagan Gaeilge ach é bheith ar fáil. Agus bíonn, go hiondúil ar líne.

    Pé scéal, mar is eol duit féin mar iriseoir oilte, ní hionann na fíricí fíora a bheith i scéal agus an scéal a bheith fíor.

    Freagra
  14. igaeilge Údar an Ailt

    An bhfuil tusa den tuairim, i bhfirinne, go bhfuil daoine ag úsáid na caipéisí seo? Ar chas tú le h-éinne ar bhain úsáid astu seachas corr ‘anorak’? Tá’s agam mar shampla go raibh 3,000 íosluchtú ar phlean forbartha i gCorcaigh – agus thug mé chun solais an t-eolas sin nuair a bhí conspóid dá leithéid roimhe. Ach i bhfirinne, creidim gur rud annamh é sin. Dá mba rud é go raibh na caipéisí seo á úsáid, bheadh níos mó cainte orthu. Ach níl. Agus anuas ar sin tá an teanga ina mbionn siad scríofa do thuigthe don ghnath Ghaeilgeoir. Bí ag cur an dubh ina gheal ort féin, más maith leat, ach ná ceap go bhfuil daoine eile chomh dall ar an bhfirinne. Tá tú ag cosaint an rud atá dochosanta ar mhaithe le stadas atá á dhíluacháil ag an rud atá á chosaint agat.

    Freagra
    1. aonghus

      Tá an leagan Béarla do thuigthe ag an gnath Béarlóir chomh maith. Féach, is ag anoraks do anoraks atá na caipéisí seo scríofa. Ach siad na hanoraks céanna atá ag feidhmiú an chórais. Caithfear anoraks le Gaeilge a chuir chun cinn, ar mhaithe leis an gcóras a athrú.

      Agus, mar a deirim, muna mbeadh an gné seo den Acht, bheadh rud éigin eile sna scéalt a bliantúla seo san meáin Gallda.

      Sampla maith ab ea an scéal san Sunday Times faoi na Leabhair Gaeilge, a rinne Nuacht 24 fisking chuimsitheach air.

      Táim den bharúil nár cheart géilleadh orlach gan praghas a bhaint amach. What we have, we hold.

      Dála an scéal, tá amhras orm faoin “droch chlú” seo a mhaíonn tú. Bhí poll ag an IT ar an ábhar, agus bhí an toradh cothrom go maith 45 ar son tiontú, 55 ina aghaidh.

      I bhfírinne, is dóigh liom gur cuma sa tsioc leis an gnáth duine. Ní tada €1.8m le hais an €60+ m a cailleadh ar vótáil leictreonach, agus scéal a d’imigh thart a bhí ansin.

      Freagra
  15. Concubhar O Liathain

    An fadhb le scéal an Sunday Times agus fiú an scéal a rinne Nuacht 24 nach bhfuil na figiúirí iomlán agus cruinn ar fáíl, Rinne mé féin tagairt don scéal sa Sunday Times agus léirigh mé go raibh lochtanna ann fosta, dála an scéil, ach is é an bun rud nach bhfuil córas sasúil ann chun leabhair Ghaeilge a dhíol agus mar sin de go bhfuil scéalta mar seo ann le scríóbh.

    Mura bhfuil an scéal ann sa chéad dul síos, tá sé deacair é a chumadh.

    Níl mé sásta an rud atá dochosanta a chosaint. Cur amú ama is allais é nuair atá rudaí níos fearr a fhéadfainn bheith ag déanamh.

    Níl aistriúcháin nach bhfuil aoinne ag léamh – fiú na h-anoraks féin – ar leas na Gaeilge. Is cuma má tá na bunchaipéisí scríofa do anoraks an Bhéarla.

    An rud atá ag teastail uaimse go mbeadh réimse téacsleabhair is acmhainní oideachais d’ard chaighdeán ar fáíl do phaistí agus páistí eile sa chóras Gaeloideachais. Níl na h-acmhainní ann chuige sin ach tá le h-aghaidh aistriúcháín.

    Is é an ‘aistriúchán in aisce’ seo cothrom na Gaeilge de na meaisíní votála – ach fiú is nach bhfuil an oiread céanna airgid i gceist, is mar a cheile an prionsabal.

    Má dheinimíd cosaint ró thréan ar an aistriúchán seo, nuair a thiocfaidh an Ghaelscolaíocht faoi íónsaí – agus is minic dom na h-ionsaithe seo a shoilsiú, go h-áirithe iad san Irish Times, anseo – ní bheidh seasamh laidir againn. Amharcfar orainn mar an treabh a chosain an chaiteachas, in am na h-eigeandála, ar rudaí ná rabhmar ag iarraidh fiú a úsáid.

    Mura bhfuil tú ábalta nó sásta an méid sin a thuiscint, mura bhfuil tú sásta amharc chun tosaigh ón dearcadh caomhach cosantach ‘what we have we hold’ beimíd gafa i gconaí i bhfainne fí agus is í an Ghaeiilge agus ár bpáistí a bheidh ag fulaingt dá bharr.

    Freagra
  16. aonghus

    Aontaím leat maidir leis an sprioc. Ach ní aontaím leat maidir leis an bealach is fearr le dul ar aghaidh. Creidim gur gá meon na Stáitseirbhíse a athrú, go gcaithfear cuir ina luí orthu go bhfuil an Ghaeilge le cuir san áireamh ar gach céim, nach rud fánach ar féidir a leagan ar mhionghrúpa seachtrach atá ann – dream ar féidir gearradh siar a dhéanamh orthu ar ball (féach stair ChOGG), ach croí a gcuid oibre.

    Má ligeann túi dóibh neamhaird a dhéanamh ar an nGaeilge sna nithe a chreideann siadsan a bhieth tábachtach ní bheidh aon dul chun cinn le déanamh sna nithe a chreideann muide a bheith tábachtach. Má chreideann an Roinn Éadóchais, mar a chreid sular chur an CT a mhalairt in iúl dóibh – nach bhfuil sé de dhualgas orthu an siollabas a chuir i fáil i nGaeilge, cen seans go rachaidh foilsitheoir sa Bhearna baoil, ag cuir téacleabhair ar fáil go m’bhféidir nach mbeidh glacadh leis.

    Freagra
  17. Gael gan Naire

    Tà \ bhì fear ann le bliantaì anuas i mbun feachtasaìochta i gcoinne na hAchta agus srl., is è sin Darren Mac a’ Phrìora, ball Fhine Gael a bhfuil blag aige (www.realt.com).

    Tà go leor cosùlachta ann idir barùlacha s’aige agus barùlacha Chon. Is è sin go scriosanna cearta teanga iomhà na Gaeilge agus gurbh è an iomhà sin an rud is tàbhachtaì.

    Chuir mè fèin an cheist i gcònaì air àfach – cà hàit a stopfà leis na hiarrachtaì chun namhaid na Gaeilge a shasamh?

    Is ceist chothrom è dar liomsa. Tuigim an bunprionsabal go maith cè nach n-aontaìm leis.

    Tà tù a Chon. ag iarraidh leis a chur leis an Acht Teanga agus leis an Choimisinèir teanga, ceart go leor. Sin do cheart, aguis tà vòta agat.

    Tà a fhios agat àfach nach mbeadh na frithGaelaithe, roinnt acu ìoctaì go maith ag Londain sàsta leis sin amhàin.

    Mar sin, cà hàit a stopfà? Cà bhfuil do lìne sa ghaineamh? Cad a ba mhaith leat? – teascleabhair? nuachtàin? – cèn dòigh a ba mhaith leat na rudaì sin a bhaint amach? Cad è do beart?

    Freagra
  18. Concubhar O Liathain

    Mura dtuigeann sibh, a Ghaeil Gan Náire agus a Aonghuis, go bhfuilimíd ag maireachtaint in aimsir na h-eigeandála, agus go gcaithfidh pobal na Gaeilge ár bpáirt a ghlacadh sa teanntú criosanna seo, tá sibh i maireachtaint ar phlainéad eile.

    Ach fiú mura raibh am na h-eigeandála ann, cad is fiú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Choimisinéir Teanga trath nach bhfuil nuachtán Ghaeilge, téacsleabhair Ghaeilge agus irisí Ghaeilge ann mar atá sa Bhéarla, mar shampla. Sé sin réimse foilseacháín d’ard chaighdeán.

    Anuas ar sin tá GGN ag gabhail do shean cleasanna – ag caint faoi ‘díolta go maith ó Londain’ etc. An gceapann sé go bhfuil rannóg áirithe i Rialtas Gordon Brown atá dírithe ar spiairí a cheapadh chun an Ghaeilge a chur ó mhaith? Is féidir liom a rá leat a Ghaeil nár tháinig siad chomh fada liom.

    Tá mo líne sa ghainneamh soiléir. Agus léiríonn scéal mo bheatha gur sheas mé ar an líne sin i gcónai. Cosnóidh mé an cheart go mbeadh oideachas tri Ghaeilge ar fáíl do mo pháistí, go mbeidh craoltóíreacht seirbhis phoiblí ann trí Ghaeilge, go mbeidh tacaíocht stáit de short éigean ar fáil do litríócht na Gaeilge. Ní chosnóidh mé níos mó cur amú airgid ar rudaí gan mhaith – Acht na dTeangacha Oifigiúla agus, fiú go bhfuil meas agam ar Sheán Ó Cuirreáin go pearsanta, Oifig an Choimisinéara Teanga.

    Táím ag obair liom chun na rudaí sin atá luaite agam a bhaint amach. Níl a fhios agam áfach cad atá bainte amach agat a Ghaeil chun bheith ag ceistiú mo dhintiúirí. Cá bhfuil an Ghaeltacht Uirbeach, mar shampla? Cá bhfuil Baile a fuair deontas brea ó Fhoras na Gaeilge le h-aghaidh staidéar feidireachta?

    Freagra
  19. Gael gan Naire

    “Cá bhfuil Baile a fuair deontas brea ó Fhoras na Gaeilge le h-aghaidh staidéar feidireachta?”

    Go bhfios domsa nì bhfuair Baile oiread is pingin rua òn Fhoras.

    Titeann tù siar ar ionsaithe pearsanta a Chon, ach nìor fhreagair tù an cheist fà cèn dòigh a chuirfeadh deireadh leis an Acht le lìon na teacsleabhair is srl.

    Dà dtiocfadh leat an bheart seo a mhiniù, seans go mbeadh nìos mò daoine ar aon fhocal leat.

    Freagra
  20. Concubhar O Liathain

    Cén doigh a chuidíonn an Acht le solathar téacsleabhair, a Ghaeil? Ní dheineann sé. Cuireann sé paipéar le Gaeilge do thuigte do léite scríte air ar fáil – sin an méid.

    Níl a fhios agam an ndeinfear riar mar is ceart riamh ó thaobh na téacsleabhair – ach caithfimíd troid ar a son agus b’fhearr liom bheith ag troid ar son sin seachas ar son an mhaorláthas ar mire seo atá tusa ag tacú leis, dar liom.

    Dála an scéil – céard a bhí i gceist agat ach ionsaí pearsanta is tú ag caint ar ‘ioctha ó Londain’ is eile?

    Freagra
  21. Gael gan Naire

    A Chon,

    Cè nach mbìodh muid ar aonfocal fà cèn là atà ann, creidim go bhfuil tù ionraic i do chreideamh fèin agus tà meas agam ar sin.

    Silìm gur lèir nach raibh mè ag caint ortsa leis an ràiteas sin.

    Tà mè cinnte de seo àfach, nì le hEireannaigh an mheàn cumsaraide Bèarla in Eirinn ach le daoine a bhfuil a ndilseacht thall.

    Creidim go bhfuil roinnt de na ‘iriseoirì’ seo i gcoinne na Gaeilge ìoctaì ag eilimintì i stàit na Breataine.

    Freagra
  22. Gael gan Naire

    Nì chuidìonn an tAcht mar atà le teacsleabhair agus eile a chur ar fàil.

    Sin an fàth go mbeadh mo leithidì ar son Acht Teanga nìos làidre a bheith ann – fìor Acht Teanga – ina mbeadh an cheart chun Gaeloideas a fhàil agus chun teascleabhair agus eile ar fàil daingeanaithe.

    Sin aisling agus aidhm polaitìuil s’agam, rachaidh daoine i mo choinne, sin an saol.

    Troid fìochmhar a bheadh ann ar ndòigh, ach leis na tAcht Teanga mar atà creidim go bhfuil an Stàit thèis geilleadh rud beag do phrionsabail chearta teanga sa stàit thèis 80 bhliain de chur i gcèill, sin an fàth go bhfuil na heilimintì frithGhaeilge sa mheàn dubh i gcoinne.

    I ngach tìr riamh riomhe àfach ina cuireadh tùs le dhàtheangachas, Ceanada, An Bhreatain Bheag, An Chatalòin, bhì an fheachtasaìocht ceanann ceanna ag dul ar aghaidh mar atà anois.

    Pointe amhàin eile, dìreach mar eolas. Luaigh tù ‘Gaeltacht Uirbeach’ mar aidhm Bhaile thuas, seo mìthuiscint a bhìomar is atà muid i gcònaì ag iarraidh a reiteach, lonnochtaì ùra ‘Gaelphobail’ a bhì i gceist againn, nì gà go mbeadh siad uirbeach agus nì gà gur ‘scèim tìthìochta’ a bheadh i gceist.

    I làthair na huaire tà 4 iarracht chun Gaelphobail a bhaint amach, nìl ach ceann amhàin acu uirbeach.

    Freagra

Freagair aonghus Cealaigh an freagra