Seasaimís le ‘na Protastúnaigh’

Tá sé ina chonspóid faoi láthair mar gheall ar chinneadh an Aire Oideachais, Batt O’Keeffe, deireadh a chur le cabhair ar leith á bhí á fháil ag na scoileanna ar fud na tíre a bhionn táillí le n-ioc chun freastal orthu.   I measc na scoileanna móra agus rachmasacha, ní mór a rá, a bhí ag fáil an chabhair seo, bhí go leor scoileanna Protastúnacha, cuid acu atá beo beathaithe de bharr saibhreas a gcuid cliaintí agus cuid eile acu tá beo ar éigean.

An fhocal sin ‘Protastúnach’, is annamh a chloistear anois é seachas i gcomhthéacs an Tuaiscirt.  Agus is amhlaidh go ndeintear é a mheascadh ansan le ‘hAondachtaithe’.    Ní gá gur ionann Protastúnach agus Aondachtaí – ach sin scéal eile.

B’fhéidir gur comhartha é chomh h-annamh is a chloistear an focal ‘Protastúnach’ ó dheas ar an tExodus a rinne an phobal sin le linn agus i ndiaidh Cogadh na Saoirse, ábhar atá ag cothú conspóide dá chuid féin le tamall ó craoladh clár ar RTÉ, CSí, faoin teideal ‘Cork’s Bloody Secret’.

Ach bhí sé le maíomh ag an deisceart – a bhuí do Dhonacha  O Máille agus an Bunreacht ‘Caitliceach’ féin a gheall comh-mheas do gach traidisiún reiligiúnda – go raibh riar á dhéanamh ar an mionlach Protastúnach tríd an tacaíocht a bhí á fháil ag na scoileann sin ón Stát.

Nuair a thugann tú chun cuimhne go bhfuil córas iomlán oideachais éagsúil bunaithe ó thuaidh, de bharr éileamh na hEaglaise Caitlicigh,  córas atá comhthreomhar leis an gcóras Stáit, an chóras Protastúnach más maith leat, tá lón machnaimh ann dúinn sa mhéid sin.

Anuas ar sin tá córas na Gaelscolaíochta ag fáil tacaíochta áirithe ón Stát – agus, le cois sin, tá an chóras iomlánaithe ann.

Ach ó dheas anois, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta – nó an Roinn Éadochais is Aineolais – ag diultú, ar bhonn comhairle dlí ón Ard Aighne, comhairle atá rúnda de réir dealraimh, leanúint leis an chabhair a bhí á fháil ag na scoileanna seo.

Buille trom é seo do na scoileanna Protastúnacha agus an phobal atá ag brath orthu.  Titfidh an tua go trom ar scoileanna áirithe.

Tá pobail faoin dtuath atá ag brath ar na scoileanna seo chun an eiteos atá ag na pobail sin a chosaint.   Má dhúntar na scoileanna seo, ceal tacaíocht ón stat, tá eagla ar na pobail seo go bhfagfar ar an gclaí iad, dearóíl agus gan áit cheart i measc an phobail mhóir.

Tá na hEasbaig Protastúnacha – nó Easbaig Eaglais na hÉireann – tar éis labhairt amach go laidir i gcoinne an Aire agus a Roinn.  Dár leo gur díoltas atá á bhaint ag an Roinn Oideachais ar an bpobal Protastúnach as ucht gur ghlac roinnt scoileanna cás in éadan na Roinne anuraidh.   Bhí comhaontú sa chás sa deireadh.

Níl a fhios agam céard atá ar chúl cur chuige an Aire nó na Roinne ar an gcás seo – ach is é an toradh go bhfuil droch léargas tugtha ar phobal na tíre seo.

Gan amhras is é an cineal céanna cur chuige – cur chuige a dheineann imeallú ar dhaoine agus ar phobail – atá ag an Roinn Oideachais i leith pobal na Gaeilge – mar atá an scéal ar fad faoi Ciorclán 44/2007 faoi dheireadh a chur le tumoideachas.

Agus theana féin, tá scríobhnóirí áirithe ag déanamh iarracht ceangal a dhéanamh idir an tacaíocht a thugann an Stáit, de reir dealraimh, agus go bhfuil an Stát ag tarraingt siar an tacaíocht do scoileanna Protastúnacha.

Tabhair faoi ndeara an litir seo san Irish Examiner inniu:

If we can afford to have Radio na Gaeltachta and a TV service like TG 4 , and if we remain committed to maintain them even at the cost of subsidy by the taxpayers, how can maintaining Protestant schools, on a similar basis, be in any way “unconstitutional” — or not be an absolute imperative when it comes to both policy and budget allocation.

If that nonsense is allowed to stand, it means that being Irish now includes the Gaelic heritage, but excludes the Protestant one.

Agus níos túisce an tseachtain seo, bhí scéal ag colúnaí de chuid an Irish Times, scéal a fuair freagra údarásach inniu.   Seo an rud a dúirt an scríobhnóir ina céad alt agus dar liom go bhfuil sé chomh trom – is chomh mí chothrom – ar na Gaeil is a bhí an cholúnaí Jan Moir ón Irish Daily Mail ar bhás tragóideach an bhaill de Boyzone, Stephen Gataely – nó tugann an focal seo ‘segregation’ tuairimí ar nós ‘cine dheighilt’ chun tosaigh.

Seo an freagra a thug ionadaithe ó bhórd bhainistíochta agus bhí sé ceart agus cóir mar fhreagra:

Segregation is a word that carries much baggage and evokes images of intolerance from other countries and, indeed, from this island. The use of this term in relation to a school of 290 students drawn from diverse backgrounds is pejorative, inaccurate and improper.

Gan amhras ní inniu nó inné a thosnaigh scríobhnóirí an Irish Times ag íonsaí na Gaelscoileanna.  Roimhe seo bhí Kathryn Holmquist agus Sarah Carey, agus anois seo chugainn Elaine Byrne.  Ar roinnt chúinsí mar sin, de bharr go bhfuil sé ceart agus cóir ach go h-áirithe, ba cheart dúinn seasamh le nár gcomh Éireannaigh, na Protastúnaigh.

4 thuairim ar “Seasaimís le ‘na Protastúnaigh’

  1. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    Anleathrom atá a n-ímirt ar na Protustúnaigh anois ag an tÁire Ó Cuív sin a tharlaíonn i “rogue state”.

    Freagra
  2. colm

    Is annamh go mbíonn mé ar aon intinn leat, ach sin litir mhaith agat san Examiner, a Choncubhair.

    Díreach pointe amháin: is mór an trua nár chuir tú an cheist faoin gcostas a bhain leis na leagnacha Béarla den na cáipéisí céanna.

    Cheapfainn gur cheist í sin arbh fhearr le Meaney gan smaoineamh uirthi.
    Mar sa deireadh thiar, má chuirtear costas na seirbhísí i nGaeilge (lochtach mar atá siad) i gcomparáid le costas na seirbhísí stáit a chuirear ar fáil i mBéarla, bíonn cuma éagsúil ar fad ar chúrsaí.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s