Gaelscoil Bharra V Aistriucháin?

Tá go leor tacaíocht léirithe ag Gaeilgeoirí éagsúla don cheangal atá ar chomhairlí chontae is údaráis phoiblí eile aistriúcháin a dhéanamh ar chaipéisí oifigiúla go Gaeilge, fiú is nach bhfuil na caipéisí céanna á cheannach ag na Gaeilgeoirí céanna.  Gan amhras ní gá iad a cheannach nó tá siad ar fáil ar an idirlíon saor in aisce – ag an am chéanna, an bhfuil aon fhianaise go bhfuil siad á léamh ar chorr ar bith?  Bíodh siad saor nó daor?

Mar a luaigh mé i dtrachtaireacht roimhe seo, tá áird á dhíriú ar an gceangal idir caiteachas ar aistriúcháin agus an easpa airgid atá ann le h-aghaidh, mar shampla, áiseanna do dhaoine aosta agus ar chumas laghdaithe a chur ar fáil doibh ina dtithe.    Ar ndóigh, mar a dúirt mé roimhe freisin, is léir nach bhfuil easpa airgid sa tir nuair atá bonas €70,000 á dhíol le ceannasaí an FSS/HSE nó nuair atá airgead á chaitheamh ar aistriúcháin nach bhfuilimíd, pobal na Gaeilge, ag cur spéis iontu.

Fagann coimhlintí mar seo mise idir dhá thine Bealtaine.  Ar láimh amháin nior mhaith liom bheith ag cur in éadan ceart teanga, sé sin go mbeadh ábhar ar fáil i nGaeilge – ach ar an láimh eile, nílim chun seasamh ar leataobh nuair atá acmhainní á shéanadh ar pháistí Gaelscoile agus iad fagtha i seomraí réamh dhéanta atá céasta ag franncaigh agus ag luchóga?  An bhfagfá do pháistí féin?

Tá gá le cur chuige nua ar na ceisteanna seo ó ghluaiseacht na Gaeilge, i gcomhthéacs na h-aimsire nua, an oiread is go bhfuil gá le h-athchuairt a thabhairt ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le cinntiú go bhfuil an reachtaíocht sin ar leas na Gaeilge agus ar leas phobal na Gaeilge agus ar leas phobal na tire anois agus sa todhchaí.

Mura gcreideann tú mé, tóg cúpla noimead chun féachaint ar seo.  Agus má tá tú sásta go mbeadh páistí ag foghlaim i bhfoirgnimh mar seo, bhuel glacfaidh mé le sin.  Mura bhfuil, dein rud éigean.  Ceannaigh an cheirnín atá éisithe acu ar iTunes – Cá Bhfuil Mo Scoil?

14 de thuairimí ar “Gaelscoil Bharra V Aistriucháin?

  1. instsignpost

    Mar tú fhéin tá mise idir dhá chomhairle faoin gceist seo. Meas tú dá mba rud é gur athríodh an dlí go gcuirfeadh an t-airgead ar fáil do na scoileann seo?

    Ní dearnadh mórán futha nuair nach raibh an dlí seo ann.

    Freagra
  2. Concubhar O Liathain

    Is léir nach easpa airgid atá i gceist nó tá an t-airgead á dhaileadh ag an Stát go fial ar bhastairí ar nós an iar Cheann Chomhairle agus eile. Ach cén fath, in am go bhfuil ganntanas airgid ann, go bhfuil an Stát sásta airgead a chaitheamh ar aistriúcháin agus nach bhfuil siad sásta an t-airgead a chaitheamh ar scoileanna, téacsleabhair agus acmhainní oideachais dár bpáistí?

    Cad é atá ar chúl a leitheid de thosaíochtaí bun os cionn?

    Táimíd beo in aimsir anois ina deirtear linn go bhfuil airgead gann – ach an bhfuil i bhfirinne? Nó an bhfuil bob á bhuaileadh orainn.

    Tá sé mí bhunreachtúil an slí atá an Stát ag caitheamh le daltaí Ghaelscoil Bharra. An feidir leis an Stat a rá go firinneach go bhfuil siad ag cothu pháistí na tíre go cothrom?

    Beag an baol. Ach go fóill fásann an sliabh de chaipéisí nach bhfuil á léamh amhail is go bhfuilimíd beo i ré an rachmais….

    Freagra
  3. aonghus

    Dá gceapfainn go mbeadh cianóg rua breise ar fáil do rud ar bith fiúntach de bharr scoir an clásal seo san Acht Teanga, aontóinn leat.

    Ach ó tharla gur as buiséid riaracháin na Ranna Stáit agus Comhlachtaí Pobail a ghlantar aon chostas a bhaineann leis an Acht, is ar rud éigin inmheánach a chaithfí an t-airgead. Ní bhfuair aon rannóg ardú de bharr an Acht a bheith i bhfeidhm – sin cuid den toisc go mbíonn siad ag clamhsán.

    Ceist eile ar fad mí éifeacht an Roinn Éadóchais, a chaitheann na milliún bliain i ndiaidh bliana ar chíos seomraí réamhdhéanta atá ag titim as a chéile, seachas clár ciallmhar tógáil scoile a reáchtáil. Sin an fíor scannal.

    Freagra
  4. Daoi Mac Bladhmainn

    Is fiú na milliúin don tír seo earnáil an aistriúcháin. Ní ó cháiníocóirí na hÉireann na milliúin úd ach ó rialtais agus ó chomhlachtaí thar lear. Is bunchloch í earnáil aistriú na Gaeilge do na cuideachtaí beaga fud fad na tíre atá ag dul san iomaíocht thar lear le haghaidh conarthaí i dteangacha iasachta agus tá ag éirí le comhlachtaí na hÉireann sa réimse seo mar gheall ar dhea-chlú na hÉireann. Má tá raiméis éigin le haistriú ó Ghearmáinis go Fraincis, an dtugtar an conradh do chomhlacht ón mBeilg nó ón bhFrainc nó do chomhlacht ón nGearmáin féin agus iad uilig ag baint leas as duine éigin san Afraic thiar. Is minic gur féidir le comhlacht Éireannach ‘Pat Cox’ a dhéanamh (gan tréas)agus luach an chonartha a bhaint ar son na hÉireann. Dar ndóigh is réimse solúbtha é réimse an aistriúcháin nach mbaineann tábhacht le láthair ach le leathanbhanda den chuid is mó. Tá conarthaí á riar ag comhlachtaí Éireannacha i mbeagnach gach teanga a bhfuil airgead á chaitheamh uirthi cé nach in Éirinn na haistritheoirí céanna a oibríonn ar fochonradh ach is lenár ngeilleagar an brabús agus is le rialtas na hÉireann an cháin a eascraíonn as. Ba chóir dúinn amharc ar chaiteachas an Rialtais ar chúrsaí aistriúcháin ar an dóigh céanna is a amharcann Rialtas Mheiriceá ar chaiteachas ar chúrsaí míleata a thugann buntáiste nach beag do chomhlachtaí déantúsaíochta agus teicneolaíochta faisnéise na tíre sin agus iad ag dul san iomaíocht thar lear; i. is infheistíocht é an caiteachas seo i mborradh an gheilleagair. Má tá sé i gceist againn mar thír comhlachtaí Éireannacha a spreagadh ‘sí an chaoi is éasca sin a dhéanamh ná conarthaí ime agus aráin a thabhairt le gur féidir leo seasamh i lár an aonaigh agus buntáiste acu nach bhfuil ag na cuideachtaí thar lear, i. mionteanga atá slán go pointe ó iomaíocht ghallda agus lucht an ‘iomaíochais’ (ar son na dtíortha móra) de chuid an Aontais Eorpaigh in ann faic a dhéanamh faoi. Ba chóir níos mó a chaitheamh ar chúsaí aistriúháin agus dá mbeimis cliste déanfaimis rudaí a aistriú go teangacha eile chomh maith ach amháin na conarthaí nua a shocrú agus a cheangal i slí nach mbeadh cuideachta ghallda in ann cuid na Gaeilge a ligean ar fochonradh agus dá réir sin spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí agus d’aistritheoirí na tíre seo tabhairt faoi theangacha nua agus sciar maith de na billiúin a chaitear ar chúrsaí aistriúcháin ar fud an domhain a thabhairt go hÉirinn! Is olc é cás na scoileanna cinnte ach ní dhéanfaidh scian sa dhroim i réimse an aistriúcháin aon mhaitheas dóibh. Féach sin agus mé gan chearta teanga nó tábhacht na Gaeilge féin a lua fiú, dar ndóigh cé gur maith iad na hargóintí ar son an aistriúcháin a bhainfeá ó smaointí dá leithéid ní bheidh iontu ag deireadh an lae ach ceist tosaíochtaí agus cé hé an fanatic a chaithfidh cent amháin ar an nGaeilge sula dtabharfar gach cúnamh do chách pé áit ar domhan iad nach bhfuil bia ná dídean acu. Is ar chúinsí eacnamaíocha amháin a sheasfaidh an Ghaeilge agus tá réimse an aistriúcháin ar ceann de na samplaí is fearr dá bhfuil againn gur rud maith é mionteanga!

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte go bhfuil argóint ag Daoi nach bhfuil ardán tugtha do go dtí seo agus is fiú go mór é. Lón machnaimh é dúinn go léir.

    Ag an am chéanna ní chuirim scian i ndroim duine ar bith. Táim ag rá an rud atá á rá agam go h-oscailte.

    Is maith ann tionscal an aistriúcháin. Ach cad is fiú bheith ag aistriú abhair nach bhfuil á léamh nó á éileamh?

    Freagra
    1. Daoi Mac Bladhmainn

      Ní raibh mé ag maoímh go bhfuil tusa ag cur scine áit ar bith, mo leithscéal as an tuiscint sin, bhíos díreach ag meabhrú dúinn uilig go gcaillfear níos mó post ná mar a ghabhann le haistriú na Gaeilge amháin agus níos mó airgid ná mar a shábhálfar, go gcaillfear stádas sa tír seo agus san Aontas Eorpach agus an Ghaeilge á baint ón taifead oifigiúil agus i ndeireadh na dála, dar liom, ní chaithfear fiú is cent amháin breise ar rudaí praiticiúla ar son na Gaeilge ná ar aon réimse eile ina bhfuil ganntanas i gceist mar a shainigh tú féin maidir le bónas Drumm. D’fhéadfaí dreasacht a thabhairt do chomhlachtaí aistriúcháin cinnte trí théacsleabhair, cluichí srl a aistriú ach cé acu ab fhearr leat a bheith ar do liosta cliaint agus tú ag iarraidh labhairt le duine ó roinn rialtais nó comhlacht ilnáisiúnach thar lear a bheidh ag caitheamh na milliún thar tréimhse 10 mbliana ar aistriúcháin? Ranna Rialtais nó mionchomhlacht foilseacháin? Is fiú óir agus airgid an t-ardú céime a fhaigheann comhlachtaí beaga cion is gur féidir leo léim mór chun tosaigh a dhéanamh a luaithe is a fhaigheann siad conradh le heagraíocht ollmhór in Éirinn a chuireann a cuid rup rap amach go dátheangach.

      Pé scéal é ní cóir dúinn a bheith ag súil go ndéanfaí téacsleabhair srl a aistriú go Gaeilge. Ní hionann aistriúchán is ceapachán mar is eol duit féin nó an mbeimis níos fearr as leis an Indo trí Ghaeilge ná Lá nó Foinse agus dar liom ní leor aistriúchán i gcás leabhar scoile go háirithe. An mbeadh éinne sásta i ndáiríre dá múinfí, cuir i gcás, stair na tíre seo trí Ghaeilge de réir léamh na leabhar Béarla?

      Baineann mo bhladhmann maidir le dreasachtaí agus forbairt geilleagair le neart réimsí eile dar ndóigh. Ba chóir bealach cartúin a bheith ann ionas nach mbeadh ar lucht leanúna TG4 amharc ar batman agus spongebob squarepants i rith an lae agus bíodh i bhfad níos mó á infheistiú i gcartúin nua-chumtha do Ghaeil óga lena léireofar scéalta agus samhlaíocht na Gaeilge m.sh fiannaíocht, rúraíocht, béal-oideas srl seachas ilchultúr gallda a bheith á aistriú go síoraí go Gaeilge (cé go gcaithfear na rudaí a mbíonn an tóir is mó orthu go hidirnáisiúnta a aistriú ar son stádas na teanga) agus ba chóir an bearna nua seo ar TG4 a líonadh trí mhalartú clár le bealach Ghaeilge na hAlban gan aon chostas. Níl aon chúis ann nach féidir Hollywood na gcartún a chruthú idir Barna agus Carna nó i nGaeltachtaí eile. Bíodh ár saothar féin á aistriú go teangacha eile agus é á dhíol ar fud an domhain seachas a mhalairt. Tá samplaí maithe de seo le feiceáil cheana fiú ar chlár Ernst and Young na bhFiontraithe i mbliana agus mar a luaigh tú is réimse áisiúil é réimse na gcluichí ríomhaire a d’fhéadfaí é a fhorbairt i dteannta leis na cartúin trí Ghaeilge….sula ndéanfaí iad a aistriú ón nGaeilge agus a onnmhairiú agus ansin ní bheadh ann ach ceist ama sula mbeadh daltaí gaelscoile ag dul go coláiste 3ú leibhéal lánghaeilge d’fhonn post in earnáil ilréimseach na Gaeilge a aimsiú, agus nach é sin an sprioc i ndeireadh na dála? slánú agus forbairt úsáid na teanga! Ní fiú dúinn a bheith ag fanacht i gcónaí ar leithéidí Samsung seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil dúinn, dar ndóigh a luaithe is a dhéantar nach é an cruthúnas gur mór an náire muid mar thír nár éirigh linn a leithéid a chur amach cheana lena dhíol ní amháin in Éirinn ach in Albain agus i measc na nGael i gcéin seachas airgead na nGael a bheith á sheoladh thar sáile as ucht seirbhísí i nGaeilge a fháil ó Sheapánaigh nó ó Mheiriceánaigh. Fós féin is tairne binn é an cruthúnas seo i gcónra namhaid na Gaeilge, bídís ag clamhsán ach ní insíonn brabús ná gáire na nGall aon bhréag!

      Ní cóir dúinn a bheith ag déanamh rogha maidir le fiúntas aon chaiteachas ar an nGaeilge fad is atá an caiteachas sin ag saothrú airgead as an nua dúinn agus cén dochar mura léitear gach a scríobhtar ar an bpointe i gceachtar de Ghaeilge nó de Bhéarla nó tá a luach sa gheilleagar cheana, i stádas teanga na Gaeilge ar fud an domhain agus an idirlín agus sna Phds a dhéanfar sna ranna staire, eacnamaíochta, eolaíochta sóisialta, eolaíochta polaitiúla srl. in ollscoil lán-Ghaeilge lá éigin i ndiaidh dúinne uilig a bheith faoin gcré….ar luaigh duine éigin ‘fadtéarma’?

      Freagra
  6. Gael gan Naire

    Nior mhiste liomsa da ndeanfadh siad ‘tweakail’ eigin ar an Acht Teanga ce go smaoinim gur rud iontach tabhachtach e agus deir gach saineolai teanga sa tsaol seo go gcaithfidh cothrom na feinne a bheith ann ma ta mionteanga le maireachtail – aontaim leis sin.

    Is e mo bhuaireamh na ma gheilltear ar an cheist go mbogfaidh na frithGaelaithe ar aghaidh go dti an chead targaid eile.

    Cad e sin? Gaeilge sna scoileanna, comharthaiocht, an Ghaeltacht?

    Is ar namhaid iad. Ar choir a gcomhairle a ghlacadh ar cheist ar bith?

    Muise, ta na daoine seo chomh dubh i gcoinne na Gaelscolaiochta is ata siad i gcoinne cearta teanga – agus is cearta teanga i an Ghaelscolaiocht.

    Ta an Acht Teanga ann mar thoradh ar an Bhunreacht, ma chuirtear deireadh leis an Acht Teanga beidh orthu an Bhunreacht a athru – sin an fath a chuir siad an Acht ar bun.

    “You may change the constitution but you may not ignore it”

    Ma chailltear stadas na Gaeilge sa Bhunreacht bheadh baol ann nach mbeadh oiread is Gaelscoil amhain fagtha sna 26 Chontae.

    Da mbeadh mo bhealach fein agam ar ndoigh, bheadh nios mo aistriuchan ann ar ndoigh, bheadh pacaistiocht datheangach de reir reachtaiocht mar shampla, ach is fada ar shiuil an aisling sin.

    Bheadh litriocht an domhain ar fail i nGaeilge mar ata se i mBascais mar shampla. Aris, is aisling e sin.

    Sin ar fad raite, deanann Daoi argoint iontach maith, leifidh me an freagra sin aris is aris eile. Ba mhaith liom e a leamh i mBearla chomh maith ce gur beag an tseans a chuirfeadh an mean Bearla argoint ar son na Gaeilge i gclo.

    Le bhur dtoil a Dhaoi, gabh i mbun pinn.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh tá namhaid ann don Ghaeilge a bhionn de shíor ag tápú gach deis chun an teanga agus a pobal labhartha a chur faoi chois.

    Ar an droch uair is sinne a thugann an armlóin dóibh.

    Cén chiall atá le hAcht Teanga nach ndeineann leas na teanga – ach go dtugann fuiollach armlóin do lucht a ionsuithe bheith ag gabhail don phort mhallaithe sin – go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge de bharr, mar shampla, nach bhfuil daoine ag éileamh na h-aistriúcháin atá á dhéanamh go costasach ar chaipéisí nach bhfuil suim iontu i mBéarla, i nGaeilge nó i dteanga ar bith.

    Tá eagla orainn geilleadh ar an gceist seo ar eagla go mbainfear leas as an ngeilleadh sin chun cuireadh a thabhairt do na namhaid íonsaí a dhéanamh ar rud éigean eile – ie Gaelscolaíocht, TG4 etc.

    Déanfaidh siad na h-ionsuithe sin ar aon nós.

    Mar sin de, is é an t-eagla seo atá ar siocadh. Tá greim an duine báite againn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla – fiú is nach bhfuil aon mhaith ann dúinn. Ní thabharfaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla an teanga slán ná baol air. Seo í an reachtaíocht a thugann na h-aistriúcháin gan tairbhe dúinn. Na rudaí atá de dhíth orainn, níl siad ann. Níl réimse leathan irisí is nuachtáin i nGaeilge, níl téacsleabhair ar ard chaighdeán sna scoileanna Gaeilge, níl réimse leathan leabhair, cluichí riomhairí is suíomhanna idirlín ar fáíl i nGaeilge.

    Agus an oiread is go ndeirtear liom é, ní aontaím gur mhaith le éinne a bheith ag léamh reachtaíocht nó tuairiscí oifigiúla nó pleananna forbartha chontae i nGaeilge fiú is gurb é sin ár ceart.

    Táimid ag lorg na gceart mí cheart.

    Agus is é an ceart sin a thabharfaidh an bás don teanga. Ní bhraitheann beatha teanga ar chearta ach ar úsáid – agus níl Acht na dTeangacha Oifigiúla úsáideach.

    Cinnte is buntáiste é go gcothaíonn sé tionscal an Aistriúcháin agus go bhfuil an tionscal sin anois ábalta gnó a mhealladh ó thiortha eile. Ach bheadh sin indéanta freisin dá mba rud é go raibh na h-aistritheoirí ag obair ar irisí is leabhair is cluichí riomhaireachta is eile a aistriú go Gaeilge, seachas caipéisí nach léann furmhór na ndaoine.

    Freagra
  8. colm

    Tá ceisteanna suimiúla ardaithe anseo, cinnte.

    Ar an gcéad dul síos, tá rudaí éagsúla i gceist anseo. Is seirbhís do Ghaeilgeoirí atá ann i gcás amháin, agus is seirbhís oideachais atá ann sa gcás eile. Cuireann cuid mhaith Gaeilgeoirí a chónaíonn taobh amuigh den Ghaeltacht a gcuid páistí chuig Gaelscoileanna – ach sa gcás is fearr, is mionlach beag atá iontu. In go leor scoileanna, ní rachadh líon na Gaeilgeoirí thar 2% nó 3%. Is seirbhís don phobal i gcoitinne atá iontu seachas seirbhís do Ghaeilgeairí – cé go mbaineann Geilgeoirí go leor leas astu. Ach cuireann Gaeilgeoirí eile a bpáistí chuig scoileanna Béarla freisin.

    Ó thaobh an Acht Teanga de, is rud suimiúil é go gcaithfidh na comhlachtaí stáit cáipéisí áirithe a chur i gcló sa dá theanga oifigiúla go comhuaineach. Rud suimiúil eile faoi, ní deirtear in áit ar bith nach bhfuil dualgas ar an stát gach cáipéis oifigiúil a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúil. Glacaim leis gur ag éirí as cás cúirte Uí Bheoláin go mbeadh cead ar shaoránach cóip de cháipéis ar bith a iarraidh i nGaeilge, fiú mura luaitear san Acht Teanga í. Ach an cháipéis a iarraidh, tríd na cúirteanna más gá. Soiléireoidh cás atá ós comhair na Cúirte Uachtaraí faoi láthair an pointe seo, nuair a eiseofar an bhreith

    Ó thaobh an aistriúcháin de, ní dóigh liom go ndeireann an t-acht in áit ar bith go gcaitear “aistriúchán” de cháipéis ar bith a chur ar fáil, más buan mo chuimhne, ach go gcaitear cáipéisí áirithe a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla ag an am céanna. Agus chun an fhírinne a rá, creidim gurbh fhearr ar fad an cur chuige é na cáipéisí a dhréachtadh sa dá theanga go comhuaineach seachas iad a aistriú.

    Mar sin féin, tuigim daoine mar Choncubhar a éilíonn bunseirbhísí i nGaeilge – ar nós scoileanna cearta, téacsleabhair srl. – agus is é ceann de na fadhbanna atá ós ár gcomhair amach mar Ghaeilgeoirí go gcaithfidh muid a bheith ag troid ar gach fronta ag an am céanna.

    Agus an freagra sa bhfad téarma?
    Oifig a bheith ag gach rannóg stáit agus comhlacht stáit ar fad sa nGaeltacht, ag freastal ar lucht labhartha na Gaeilge fud fad na tíre – Córas riaracháin trí mheán na Gaeilge do lucht labhartha na Gaeilge. Ní dhéanfaidh aon rud eile cúis.

    Freagra
  9. Gael gan Naire

    “dá mba rud é go raibh na h-aistritheoirí ag obair ar irisí is leabhair is cluichí riomhaireachta is eile a aistriú go Gaeilge, seachas caipéisí nach léann furmhór na ndaoine”.

    An eileamh e sin ar Acht Teanga nios laidre? Sin mar a dheanann siad i dtiortha eile e. Mar shampla, san Ioslainn, caithfidh gach program riomhaireachta a bheith ar fail in Ioslainnis – de reir reachtaiochta.

    Ar ais, i Quebec caithfidh product discriptions a bheith ann san Fhraincis.

    Ar ndoigh, sin ab choir a bheadh againn – ar choir togail ar an Acht Teanga seachas a chur sa bocsa bruscair. Sin mo bharuil cibe ar bith. Ta barulacha difiriula ann.

    Is e an t-aon doigh arbh fheidir aisling s’agam fein a bhaint amach na an Conradh a aththogail aris, eagraiocht mar CLG a thogail, club soisialta i ngach bhaile, culturlann i ngach baile mor, Gaelscoileanna gach ait – ni reachtaiocht dul sin a dheanamh ar ndoigh.

    Is e mo thuairim fein fosta gur cheart go mbeadh Gaeil ag dul isteach i bpairtithe polaitiula, cibe ceann a chreideann siad fein ann go dti pointe airithe chun cas na Gaeilge a argoint ag gach casadh. Ta daoine eile ann a chreideann nar choir go gcaithfeadh Gaeilgeoiri vota fiu, biodh acu.

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Oifig a bheith ag gach rannóg stáit agus comhlacht stáit ar fad sa nGaeltacht, ag freastal ar lucht labhartha na Gaeilge fud fad na tíre – Córas riaracháin trí mheán na Gaeilge do lucht labhartha na Gaeilge. Ní dhéanfaidh aon rud eile cúis.

    Cén drugaí iad na drugaí ar léir go bhfuil tú á nglacadh? Tá culú eacnamaíochta ann agus tá an Stát ag gearradh siar ar na seirbhisí atá á thairiscint. Níl baol go dtarlóidh sé seo – go h-áirithe nuair atá sé léirithe ag Gaeil nach bhfuil na seirbhísí seo de dhith orthu. ie Co. an Chláir.

    Roghnaigh na seirbhísí is tabhachtaí – ie oideachas agus na meáin cumarsáid – agus dírigh na h-acmhainní ar fad orthu san. Lig na maorláthaigh chun bealaigh.

    Tá an ceart ag GGN – tá gá le h-eagraíocht a la cumann CLG i ngach baile sa tír chun na h-ionaid cultúrtha is eile a aimsiú – fuiollach foirgintí folamh anois a bhuí do theitheadh an Tiogair. Ní gá airgead – ach tá duthracht ar an dtalamh riachtanach.

    Freagra
    1. aonghus

      Ní gá go mbeadh costas i gceist le moladh Choilm. Tá na daoine le Gaeilge ann – ach iad scaipthe thart agus leo féin i dtreo is nach bhfuil siad in ann obair as lámha a chéile.

      Bhí fear amháin as rannóg Stáit ag cruinniú faoin bplean 20 bliain úd a mhol díreach an rud a dúirt Colm.

      Tá daoine le dea thoil san Státseirbhís – ach go bhfuil siad scaipthe amach. Samhlaigh an feabhas a bheadh ar an Roinn Éadóchais ach an 3% den fhoireann atá inniúil gnó a dhéanamh tré Ghaeilge a thabhairt le chéile agus cúram an oideachas Gaeilge, Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a leagan orthu. Tar éis an tsaoil, ainneoin gan ach fostaí amháin nó beirt a bheith ag COGG, bhain siad a lán amach.

      Freagra
  11. colm

    [i]Oifig a bheith ag gach rannóg stáit agus comhlacht stáit ar fad sa nGaeltacht, ag freastal ar lucht labhartha na Gaeilge fud fad na tíre – Córas riaracháin trí mheán na Gaeilge do lucht labhartha na Gaeilge. Ní dhéanfaidh aon rud eile cúis.[\i]

    “Roghnaigh na seirbhísí is tabhachtaí – ie oideachas agus na meáin cumarsáid – agus dírigh na h-acmhainní ar fad orthu san. Lig na maorláthaigh chun bealaigh.”

    Nach suimiúil gur tábhachtaí iad na meáin chumarsáide ná an tsláinte? ná seirbhísí leasa sóisialaigh?
    Ach a Choncubhair, léigh arís an méid a dúirt mé: “An freagra sa bhfad téarma”.
    Agus nuair a bheidh na seirbhísí is tábhachtaí ar fáil – sláinte, oideachas agus leas sóisialach, cheapfainn, níor mhór tosú ar na seirbhísí tánaisteacha – seirbhísí d’fheilméirí, d’iascairí, do lucht gnó beag agus mór, na gardaí, agus sea, na meáin chumarsáide, srl. – a chur ar fáil, agus mar sin ar aghaidh. De réir a chéile, go dtí go mbeidh na seirbhísí ar fad á gcur ar fáil.

    “Cén drugaí iad na drugaí ar léir go bhfuil tú á nglacadh?”
    Áá a Choncubair, dá réiteodh na maslaí na fadhbanna, bheadh tú cuid mhaith chun tosaigh ar an gcuid eile dínn.

    “Tá culú eacnamaíochta ann agus tá an Stát ag gearradh siar ar na seirbhisí atá á thairiscint.”
    Léigh arís eile an méid a scríobh mé: “An freagra sa bhfad téarma”.

    “Níl baol go dtarlóidh sé seo – go h-áirithe nuair atá sé léirithe ag Gaeil nach bhfuil na seirbhísí seo de dhith orthu. ie Co. an Chláir.”
    Cruthaíonn sé seo nach bhfuil daoine sásta íoc go daor as seirbhís atá ar fáil saor in aisce ar an idirlíon. Chuirfinn geall gurb iad na heagraíochtaí stáit eile a cheannaigh mórchuid na gcóipeanna Béarla a díoladh – mar feidhmíonn na heagraíochtaí sin trí mheán an Bhéarla.

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh is mise is túisce a thug chun solais i Lá Nua nach mbionn daoine sásta íoc go daor as seirbhís atá ar fáil saor in aisce. Rinne mé sin tar éis don Irish Examiner scéal mar seo a dhéanamh faoi phleananna a aistríodh go costasach i gCorcaigh ach nar cheannaigh an phobal. Gan dabht bhí an pobal ábalta iad a íoslódáil ón idirlíon agus dhein siad amhlaidh – breis is 3,000 uair i gcás plean amháin. Níl aon eolas ann faoin líon uaireannta a deineadh íoslódáil ar an gcaipéis Ghaeilge i gContae an Chláir, áfach, mar sin ní féidir a chruthú go bhfuil daoine ag roghnú na seirbhíse saoire seachas íoc go daor as an gcaipéis clóite.

    Creidim, má táimid ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh mar uirlis cumarsáide, go gcaithfear tosaíocht a thabhairt do na meáin cumarsáide ar shlí amháin nó eile. Mar sin ní seirbhís tanaisteach é.

    Is seirbhísí riachtanacha na seirbhísí eile ceart go leor ach dar liom go gcaithfear an spreagadh a thabhairt do Ghaeil an Ghaeilge a úsáid agus iad ag éileamh na seirbhísí seo agus is tríd an oideachas agus na meáin a dheinfear an spreagadh seo.

    Chomh fada is a bhaineann sé liom, táim ag iarraidh diospóireacht a spreagadh seachas duine a mhaslú. Tá brón orm más amhlaidh gur mhaslaigh mé thú – nath cainte a bhí sa mhéid a dúirt mé faoi ‘drugaí’ seachas rud ar bith eile.

    Rud amháin a chreidim go bhfuilimíd aontaithe faoi – go bhfuil an ‘status quo’ ar aimhleas na Gaeilge agus pobal a labhartha.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s