Comhghairdeas le nós*

Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir nós*

Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir nós*

Féilim Borland agus Tomaí Ó Conghaile, nós*, ag glacadh lena ngradam

Féilim Borland agus Tomaí Ó Conghaile, nós*, ag glacadh lena ngradam

Ní raibh mé ann – ach bhí saghas tuairim agam faoin toradh roimh ré.   Bhuel, ba é nós* an suíomh idirlín Ghaeilge is fearr gan aon agó le bliain anuas – cé go raibh iomaíocht laidir acu ó leithéidí An Druma Mór, Litríocht agus Gaelshirt. Mar sin cé air a bheadh an t-íontas dá n-eireodh leo an svae a bhreith leo ag na Irish Web Awards, a bronnadh i mBAC Dé Satharn.

Suíomhanna éagsúla go maith iad na suíomhanna seo – agus b’fhéidir nár cheart iad a bheith san iomaíocht in aghaidh a cheile ach, go fóill beag, níl ach dornán beag suíomhanna idirlín i nGaeilge i gcomparáid leis an t-uafás suíomhanna i mBéarla.

An oiread is go bhfuil gá le forbairt agus fás ar an suíomh seo, tá gá freisin a rá go bhfuil gá do lucht idirlín na Gaeilge fás agus forbairt a dhéanamh.  Fás ar an réimse suíomhanna atá ar fáil – agus forbairt ar chaighdeán na suíomhanna sin.

An bhliain seo chugainn, ba cheart go mbeadh sé níos deacra an buaiteoir a aimsiú mar go mbeidh níos suíomhanna den scoth ann – tugaim faoi ndeara na dea iarrachtaí atá á dhéanamh ag an Iora Rua, suíomh Ghaeilge atá suite san Astráil.    Tá sé chomh snásta le suíomh ar bith a chonaic mé riamh.

Buaiteoir Gradam Idirlín na Gaeilge 2009:  nós*

Buaiteoir Gradam Idirlín na Gaeilge 2010:   Tusa. b’fhéidir!

An oiread is gur suíomh ana bhrea é nós*, ní bhionn stuif nua ann leath minic a dhothain.   Tá sé deacair iris agus suíomh a choimead ag dul, gan amhras, ach creidim gurb é nós* an todhchai ó thaobh slua na n-óg a mhealladh agus is mór an trua é nach bhfuil aon tacaíocht oifigiúil acu ón bhForas.     Níl aon easpa misnigh ar Thomás agus ar Fheilim, afach, agus níl siad ag staonadh óna gcuid oibre mar gheall ar easnamh den tsort seo.

6 thuairim ar “Comhghairdeas le nós*

  1. Gael Ar Line

    Aontaim leat a Choncubhair, & dearfainn go bhfeadfadh nos* abhar a chur suas nios rialta da mbeadh na haiseanna acu.

    Gaeil Ar Line Abu!

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Comhghairdeas do Nós, suíomh snásta, gáirmiúil, gréasach, nualaíoch, sea an saghas suíomh chun an aos óg a mhealladh.Is mór an trua nách gcoimeadann siad suas go dáta é ach is dócha gurbh é sin an fadhb le formhór na suiomhanna Gaeilge, iGaeilge as an áireamh a bhuíochas duit féin a Choncubhair.

    Freagra
  3. aonghus

    Ba cheart go mbeadh nós in iomaíocht don iris ar líne Éireannach is fearr, beag beann ar teanga.

    Agus, b’fhéidir Litríocht nó Gaelshirt san rannóg siopaí.

    Is maith ann an duais seo, ach go dtí go mbeadh suíomhanna i nGaeilge san iomaíocht do na “fíor” duaiseanna, níl an cath buaite!

    Freagra
  4. nós*

    Go raibh maith agat a Choncubhair, agus a chairde, as na moltaí ar fad.

    Ar ndóigh, is togra deonach muid go fóill beag agus dá mbeadh an infheistíocht againn thiocfadh linn cur go mór leis an suíomh agus é a nuashonrú go han-rialta.

    Go dtí go mbaineann muid an sprioc sin amach, leanfaidh muid linn ag forbairt an tsúimh, agus an eagráin chlóite, de réir a chéile.

    Agus aontaím le hAonghus gur cheart na suíomhanna Gaeilge bheith in iomaíocht le suíomheanna Béarla sna gradaim seo, agus gradaim eile.

    Beirígí bua!

    Tomaí Ó Conghaile
    Eagarthóir nós*

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Tá’s agam na laincisí faoina oibríonn Tomaí agus a chairde. Níl aon amhras orm ach go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall. Nilim ach ag rá, le go mbeidh suíomhanna idirlín Ghaeilge, i gcoitinne, san iomaíocht le na suíomhanna Bhéarla seachas bheith sáite i ngeiteo dá gcuid féin de shíor, beidh gá le feabhas suntasach ar réimse agus caighdeán na suíomhanna. Ní ag caineadh na suíomhanna atáim go díreach – ach ag rá go neamh bhalbh go mbeidh orainn feabhsú má tá ardú céime go dtí an príomh-shraith ag teastáil uainn go firinneach. Táimid go fóill ag imirt i Sraith 1 – ní fiú amháin Sraith na Craoibhe.

    Freagra
  6. aonghus

    N’fheadar. Feictear dom nos* a bheith ar a laghad chomh maith le cuid mór irisí idirlíon eile. An bhfuil samplaí agat dá mhacasamhail i mBéarla atá níos fearr?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s