Polataíocht an ionsaí dheiridh

tuairiscscéal san Irish Examiner inniu agus baineann sé leis an sean phort faoi airgead a bheith á chur amú ar an nGaeilge tre acmhainní bheith curtha amú ag aistriú caipéisí go Gaeilge nach mbionn á éileamh [á cheannach] ag pobal na Gaeilge.

An iarraidh seo is i gContae an Chláir atá an achrann seo.   Tá comhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais, Brian Meaney, ag tabhairt chun solais gur caitheadh €30,000 ar leagan Ghaeilge den phlean forbartha chontae a chur ar fáil.    Is cosúil nach bhfuil aon dream tar éis an chaipéis a cheannach.

Tá comhbhá áirithe agam don Chomhairleoir Meaney.  Is cinnte go bhfuil go leor airgid á chur amú ar chaipéisí oifigiúla – na leaganacha Ghaeilge agus na leaganacha Bhéarla.

Mar a deir sé féin:

“Spending this money on translating these plans, that no one reads, makes a mockery of the language. If the council is given a choice in the future of spending €10,000 on translating an annual report into Irish or providing €10,000 in grants in improving homes for the elderly or people with disabilities, I know which choice I would make.”

Ach an é sin an rogha atá á dhéanamh?   Ní dealraíonn sé domsa go bhfuil easpa acmhainní ann.   Ar an bpríomh leathnach céanna atá an scéal seo luaite san Irish Examiner inniu, tá scéal ann faoi Mary Harney ag séanadh aon fhreagracht as ucht an bónas €70,000 in aghaidh na bliana a díoladh leis an Ollamh Brendan Drumm, ceannasaí an Feidhmeannacht Seirbhísí Sláinte, trath go bhfuil an seirbhís sin i bpriacal de bharr easpa airgid!   Anuas ar sin, níl aon easpa airgid ann chun pinsean brea ramhar a ioc le John O’Donoghue, an Ceann Comhairle ar eirigh as de bharr an raic faoi na costaisí taistil a shaothraigh sé le dhá bhliain anuas mar Cheann Chomhairle, isteach is amach le €250.000 ag freastal ar na Rasaí i Longchamps is eile.

Ach go tobann tá easpa airgid ann maidir leis an nGaeilge.

Tá rud éigean aisteach faoi sin.

Tá sé raite agam go minic roimhe nach fiú na h-aistriúcháin seo a dhéanamh a fhaid is nach bhfuil téacsleabhair ar chomhchéim leis na téacsleabhair Béarla ar fáil sna scoileanna do pháistí atá ag foghlaim Gaeilge agus trí Ghaeilge.  Sin an feall is mó atá á dhéanamh ar an dteanga – mar mura dtuigeann páisti go bhfuil an leagan Ghaeilge chomh maith nó níos fearr ná an leagan Bhéarla agus iad ar scoil nó fiú ar an naíonra, ní bhacfaidh siad riamh le leagan Ghaeilge de chaipéis níos déanaí ina saol.

B’fhearr liom freisin go mbeadh an airgead á chaitheamh ar leabhair Ghaeilge, agus ar dhíolaíocht na leabhar sin, seachas é a bheith á chaitheamh go h-amaideach, dar liom, ar chaipéisí nach léifear i dteanga ar bith.   Ach sin maorláthas an Stáit duit – tá dúil uafásach acu i ndubhach agus i bpáipéar agus is cuma leo sa tsioc faoin chostas mar ní iadsan atá ag ioc na mbillí.  Ní iadsan atá ag ioc na mbillí…ach sinne!

Creidim féin go bhfuil talann na n-aistritheoirí á chur amú ar chaipéisí oifigiúla nuair a fhéadfaidís bheith ag cur rudaí i bhfad ní ba thairbhí ar fáil i nGaeilge, ábhar a bheadh éileamh ann do gan amhras.

Creidim go laidir mar sin go bhfuil sé fánach a bheith ag gabhail don siar agus aniar seo le leithéidí Brian Meaney le cur in iúl do go bhfuil slí níos fearr ann chun airgead an chomhairle a chaitheamh.   Eirímíd, mar phobal, sáite i gcogadh nach mbainfimid mar tá na fórsaí atá inár gcoinnibh ró thréan agus ró ghlic.   Tá sé in am athrú cur chuige bheith ann.

Mhothaigh mé go raibh athrú dearcaidh le sonrú sa bhealach a raibh Julian de Spainn ag plé leis an cheist inniu ar chlár Eamon Keane ar Newstalk – bhí sé ag rá nach é aistriú gach caipéis go Gaeilge an cloch is mó ar phaidrín an Chonartha.  Dúirt sé go raibh an Chonradh ar shon,mar shampla, módhanna níos eifeachtúla chun an Ghaeilge a theagasc ionas go mbeadh níos mó daoine in ann í a usáid agus, amach anseo, go mbeadh níos mó daoine ag éileamh na caipéise conspóidí seo: ie http://www.clarecoco.ie/Planning/Docs/Irish_Version_County_Dev_Plan.pdf.

Roinnt blian ó shin, agus mé ag obair le Lá Nua, tógadh raic den tsort céanna i gContae Chorcaí mar gheall ar fhoilsiú phleananna áitiúla i nGaeilge agus gan éinne bheith á lorg. Ach ní h-é ná raibh daoine á lorg – ní rabhdar á gceannach.  Cé a chuirfeadh an locht orainn nó chosain siad breis is €150 an coip?  Agus bhí siad ar fáil saor ar an idirlíon.  Mar atá plean an Chláír….anseo.

Ach tá lúb ar lár ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, an reachtaíocht faoinar dréachtaíodh na scéimeanna atá ag solathar an phaipearachais ar fad i nGaeilge dúinn.  Cén fath nach féidir iachaill a chur ar an Roinn Oideachais, mar shampla,  faoin reachtaíócht seo, cúram a dhéanamh de sholathar leabhair Ghaeilge do bhunscoileanna, Gaelscoileanna, Scoileanna Gaeltachta, Mean Scoileanna agus araile?    Cairt na maorlathach atá ann agus is beag an tairbhe é don ghnath Ghaeilgeoir, nach léir go bhfuil aon leas á bhaint aige nó aici as.

Ach sin mise fillte ar mo shean phort in athuair.

4 thuairim ar “Polataíocht an ionsaí dheiridh

  1. aonghus

    Tá blas an fheachtais ar seo. Tá an scéal chéanna, agus an griangraf stáitsáilte chéanna i ngach nuachtán.

    N’fheadar cén brabach a bhí ar an 190 cóip i mBéarla a ceannaíodh? Bheadh amhras orm an bhfuair siad costais an chló orthu!

    Freagra
  2. colm

    Agus cé mhéid ar chosain sé an leagan Béarla den tuarascáil a ullmhú?
    Nó an amhlaidh go n-ullmhaitear saor in aisce é?

    Freagra
  3. Lionárd

    Cén fáth nach bhfostaíonn siad oifigigh le Gaeilge chun aistriúchán inmheánach a dhéanamh ar chodán an chostais.

    Freagra
  4. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Níl reiteacht na faidgbe sna freagraí thuas.B`fheidir gur cheart an Acht a leasú chun an leagan Béarla agus Gaeilge a fhoilsiú ar an t-idirlíon amháin.Agus na foraisí baistí a chaomhnú bheadh na Glasaigh sásta leis an chur cuige seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s