Ceist Andy Reid nó ceist Éamon Dunphy?

Andy Reid

Andy Reid

Má tá aon creidiúint ag Eamon Dunphy, is é an ceist faoi Andy Reid, imreoir lár páirce ag Sunderland agus cé acu ar cheart do Giovanni Trapattoni é a roghnú ar fhoireann na Poblachta.

Tar éis d’fhoireann na Poblachta criochnú comhscór, 2-2, leis an Iodáil, curaidh an domhain ó 2006, i bPáirc an Chrócaigh Dé Satharn, cluiche ar bhuaigh siad, geall leis, dúirt Dunphy go raibh an taispeantas a thug siad ina ‘údar náire’ agus ná raibh aon tairbhe leo.

Tar éis an cluiche agus Trapattoni faoi agallamh ag comhfhreagraí de chuid RTÉ, tógadh an ceist arís faoi Andy Reid.

Chuir sé i gcuimhne dhom an eachtra i ndiaidh Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann nuair a bhuaigh foireann Chill Chainnigh an ceathrú craobh as a cheile.  Bhí Brian Cody faoi agallamh ag Marty Morrisey agus ní raibh Marty ag iarraidh aon rud a fháíl amach ach cé acu an raibh Cody sásta aon ní conspóideach a rá faoin reiteoir.

Gan amhras, d’fhéadfaí a rá gur teip a bhí ann nár bhuaigh Éire agus iad 2-1 chun tosaigh gan ach trí nóiméad fagtha ón 90.  Ag an am chéanna, bhí forlámhas ag an Iodáil ar feadh cuid mhór den 90 agus mar sin, ba dea thoradh amach is amach bheith 2-1 chun tosaigh ar feadh seal ghairid agus cothrom 2-2 ag an deireadh.

Mothaím gur scéal mór é scéal Andy Reid i measc na meáin cumarsáide – ach nach bhfuil sé ina cheist mhór i measc na n-imreoirí.  Ba bhrea liom dá mbeadh níos mó fiacail againn i lár na páirce ach cheapas féin nár imir Andrews nó Whelan – an t-é a fuair an chéad chúl íontach sin – go h-olc agus bhí Lawrence agus McGeady ar fheabhas freisin.  Nuair a tháinig Stephen Hunt chun páirce i dtreo an dheiridh, rinne sé go maith agus b’é a thug an phas a chuidigh le St Leger an dara cúl a aimsiú.

An bhfuil sé in am dúinn deis a thabhairt do thrachtairí spóirt nua teacht chun tosaigh mar, i bhfirinne, níl morán brí le Eamon Dunphy – a fhaigheann geall leis €300,000 ó RTÉ in aghaidh na bliana – seachas go mbionn sé ag tarraingt aird ar féin?

Nior mhiste liom dá mbeadh Andy Reid ag imirt ar fhoireann na Poblachta – b’fhearr liom gan amhras go mbeadh foireann 32 contae againn ach sin scéal eile – ach nior mhaith liom baint den éacht atá déanta ag Trapattoni agus a fhoireann, idir imreoirí agus comhairleoirí, Liam Brady ina measc, agus sinn a thabhairt chomh fada le seo.

Más amhlaidh gur féidir linn comhscór a bhaint amach in aghaidh na h-Iodáile, a bhuaigh an Chorn Domhanda i 2006, ar cheart dúinn eagla ar bith bheith orainn faoi fhoirne ar nós An Rúis, An Ghréig, An Fhrainnc nó An Phortaingéil?

Seans ar bith.

Aon tuairim amháin ar “Ceist Andy Reid nó ceist Éamon Dunphy?

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Éacht gan dabht bainte amach ag foireann na hÉireann agus gan ach cúpla diobh ag imirt sa Phríomhroinn.Ag tosnú amach bhí droch phainéal ag Trappatoni ach diaidh ar n-diaidh tá siad taréis feabhsú.Tá sé thar am an painéal in RTE a feabhsú agus fáil reidh le Dunphy.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s