“Best-sellers” na Gaeilge….

An Cléireach - Leabhar na Bliana 2008

An Cléireach - Leabhar na Bliana 2008

Ní inniu nó inné a thosnaigh an phlé anseo faoin díolaíocht atá ar leabhair Ghaeilge – nó an díolaíocht nach bhfuil orthu – agus an cheangal idir sin agus libhéal an deontais a shaothraíonn roinnt udair, gan trácht ar an easpa tré dhearcachta a bhaineann leis an bproiseas faoina ceadaítear na deontais céanna.

Chonac caint ar alt chonspóideach ar Facebook ar na mallaibh – agus is é seo é an t-alt céanna ón Sunday Times.   De réir an ailt, fuair dornán údair, nár dhíol san iomlán ach 76 coipeanna dá gcuid leabhair eatarthu ar fad, €74,000 de dheontaisí dá saothar.

De réir an ailt seo, mar shampla, níor díoladh ach sé choip den leabhar ‘An Cléireach’ ó pheann (agus ó theach foilsitheoireachta) Dharach Uí Scolaí.   Ach bhíos i láthair ag ocáid ag a cheannaigh mé dhá choip, ceann dom féin agus ceann eile dom’ athair.  Tá náire orm a rá nár léigh mé an leabhar go fóill cé go bhfuil sé tosnaithe agam – rud a chiallaíonn go mbeidh sé léite agam faoi, abair, 2013!   Sár shaothar atá ann – agus leabhar a shaothraíonn cibé deontas a fuair sé.

Mar sin, tá’s againn go bhfuil na h-uimhreacha atá luaite le díolaíocht na leabhair Ghaeilge mí chruinn.   Tá’s agam mar shampla go bhfuil furmhór na leabhair i nGaeilge á dhíol tre Litríocht ar an idirlíon.

Deir an t-alt sa Sunday Times go neamh-bhalbh:

The 76 book sales tracked by Nielsen had a total value of €897.39. AIS, a group for Irishlanguage publishers, did not have additional sales figures.

Is faoi AIS atá sé an scéal a chur ina cheart faoin díolaíocht atá ar leabhair Ghaeilge.   Má tá an oiread sin leabhair Ghaeilge á dhíol agus a thuigim go bhfuil anois – bhuel tá éagóir á dhéanamh ar an earnáil ag an Times agus níl a gceart á thabhairt d’fhoilsitheoirí  na Gaeilge.

An bhfuil sé i gceist ag AIS liosta – best-sellers na Gaeilge – a fhoilsiú am ar bith?  Nach mbeadh sé go maith, amach anseo,nuair a bheidh nuachtán nua Ghaeilge ann, go mbeadh a leithéid sin de liosta ann gach seachtain!

16 de thuairimí ar ““Best-sellers” na Gaeilge….

  1. Feirsteach

    Smaointe maith ach amháin nach mbeadh a leithead d’fhigiúr sách cruinn ach an oiread.

    Díolann ÁIS leabhair go dtí leitheidí An Siopa Leabhar, Cúpla Focail, srl (nílim cinnte an díolann siad chuig scoileanna chomh maith) ní thig le daoine aonáracha leabhair a cheannach ó ÁIS.

    Mar sin ní bheadh figiúir díolachán ÁIS ach ina fhigiúir de dhíolachán leabhair Gaeilge chuig siopaí seachas chuig an leitheoirí.

    Is ceist doiligh í a réiteach nó gan a leithead d’fhigiúr tá lucht litríochta na Gaeilge (agus pobal na Gaeilge) neamhchosanta i gcoinne ionsaithe cosúil leis an cheann sa Sunday Times le déanaí.

    Freagra
  2. An Dubhaltach

    dheara a Chon, léigh An Cléireach, tá sé ar fheabhas.

    Conas gur féidir le halt mar seo a dhul i gcló, nach bhfuil éinne ag ceistiú na bhfigiúirí le feiceáil go bhfuil siad cruinn. Ba chóir go mbeadh an t-alt seo ina chúis náire don nuachtán sin.

    Freagra
  3. Gael Fanach

    Cogadh atà ann, cogadh bolscaireachta ach cogadh is ea è. Tà namhaid na Gaeilge sàsta brèaga a inse de bhrì go sìleann siad gurbh ionann sin agus fìrinne ‘nìos airde’.

    Scrios Dè orthu.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    tá naimhde na gaeilge beo beathach agus glórach agus sin mar a bhí ó thús mar atá anois agus mar a bhéas go brathach ach is fíor nach gcaithtear dóthain ama ar dhíol na leabhair Ghaeilge agus ní margaíocht atá i gceist agam ach díolaíocht. Is rud ana bheag é ach tá CLUB LEABHAIR againn i mBéal Feirste a bhfuil 124 ball aige agus scaiptear leabhair de chuid COISCÉIM cúig uair sa bhliain ar na baill. ta mé cinnte gur ar éigeann go ndíolfaí a leath sin i mBéal Feirste gan an Club Leabhair a bheith ann.Cad chuige nach bhfuil a leithéid sin i mBaile Átha Cliath,i gCorcaigh,i nGaillimh srl.Is ocáidí sultmhara iad na seoltaí leabhair agus tugann sé faill do dhaoine bualadh le chéile( an chúis ar bunaíodh an club an chéád lá ariamh).Nach dtiocfadh le FORAS NA GAEILGE duine de na Maorlathaíthe atá ina suí in oifigí galanta fríd an tír a chur amach lena leithéid de rud a dhéanamh? Nuair atá siad ina cheann b’fhéidir go dtiocfadh leo cúrsa goirid sa “Mhangaireacht” a mhaoíniú le go dtiocfadh le cuid de Fheidhmeannaigh na Gaeilge dul i dteagmháil le daoine sa fíor shaol seachas ag Comhdhalacha agus Siompósia.Tá caint ann ar Pháipéár Nuachta Gaeilge a shaoladh athuair in áit Foinse agus is maith sin ach teipfidh air sin mar a theip ar Lá agus Lá nua agus Foinse de bharr easpa díolaíochta agus ní de bharr droch chaighdéan nó easpa spéise.

    Freagra
  5. anniebheag

    Cuirtear go leor truflais i gcló i nGaeidhlig. Dhíolfaí níos mó leabharthaí mura mbeadh ag trí nó ceithre leabhar maith ar díol gach bliain.

    Freagra
  6. greavsie

    Ceart ar fad agat a Annie. Chuirfeadh Coiscéim páipéar leithris i gcló dá mbeadh sé i nGaeilge. Rinne mé iarracht An Cléireach a léamh. Do-dhéanta. Ró-dheacair agus leadránach

    Freagra
  7. aonghus

    Tá deacracht do sháraithe ann.
    Níl ach fostaí amháin ag ÁIS. Go leor le deánamh acu an gnáth obair a dhéanamh, gan a bheith ag bailiú staidrimh.

    Pé scéal é, dearfainn gur ar seoltaí leabhair 7 rl is mó a dhíoltar leabhair i nGaeilge – mar sin, ní bheadh an t-eolas sin ag ÁIS.

    Suirbhé chuimsitheach ar na foilsitheoirí agus ar Litríocht, Cúpla Focail 7 rl atá de dhíth.

    Don té a léigh alt úd an Sunday Times, ba léir nach raibh na figiúrí cruinn – ó tharla nach mbíonn Nielsen ach ag plé le siopaí móra – dream nach mbíonn leabhair i nGaeilge ar díol acu. (Seachas, b’fhéidir, Hodges Figgis)

    Freagra
  8. Gael Fanach

    Cuireann Coiscèim rudaì i gclò nàar chòir go mbeadh i gclò ach is laochra iad. Murach iad nì bheidh ann ach rèimse fìorbheag d’àbhar ar fàil nach mbeadh i gclò ach iad.

    Maidir le leabhair Gaeilge arbh fhiù a leamh, Foras Feasa na hèireann, an tAonaran, An Bèal Bocht.

    Freagra
  9. Úna

    Ní bhionn cuma na caoi ar leabhair Choisceim. Desktop publishing gan aon suil ar chaighdean

    Freagra
  10. greavsie

    An bhfuil sé fíor go bhfuil tú le bheith mar eagarthóir ar an nuachtán nua a Chonchubhair. Chonac mír ar an nuacht go bhfuil tú istigh ar iarratas leis an Irish Times?

    Freagra
    1. igaeilge

      Mise agus an Irish Times? Ha ha ha! An bhfuil tu ag cur im leith go mbeinn ag slumail le leitheidi Phoil ui Mhuiri? Ha ha ha! Bhi go leor michruinnis I dtuairisc nuacht tg4 – droch thuairisc a bhi Ann, dar liom.

      Freagra
  11. Seán Mór

    Bheadh sé an-doiligh figiúirí cruinne a choinneáil maidir le díol na leabhar Gaeilge, ach ba chóir iarracht éigin a dhéanamh. Dá mbeadh na figiúirí ag dul isteach chuig aon eagraíocht amháin ó fhoinsí éagsúla, bheadh sin ina chuidiú le tús a chur leis (ó litríocht.com, cuplafocal.ie, ó sheoltaí leabhair, an ceathrú póilí arl).

    Aontaím go huile is go hiomlán le Séamas thuas nuair a deir sé nach bhfuil go leor béime ar dhíol na leabhar i measc an phobail… tchífidh mé an féidir club den chineál atá acu i mBéal Feirste a bhunú sa taobh seo tíre. Bhí seoladh beag leabhair againn ar an tSrath Bán ar na mallaibh, agus cé nár díoladh ach fiche leabhar (ar fiche punt an ceann), is tús é, agus dá ndíolfaí fiche leabhar Gaeilge in achan bhaile sa tír bheadh figiúirí díolacháin i bhfad Éireann níos sláintiúla againn!

    Freagra
  12. aonghus

    Cad chuige an ghoimh seo faoi Choiscéim?

    Ní aontaím leis. Tá leabhar bhreátha léite agam a d’fhoilsigh Coiscéim.

    Is cinnte go bhfeadfadh an earnáil ar fad a bheith níos gairmiúla – ach an t-airgead a bheith ann chuige! Foilsítear i bhfad Éireann níos mó truflais i mBéarla.

    Freagra
  13. séamus Mac Seáin

    A Sheáin Mhóir a chara

    Nuair a bunaíodh CLUB LEABHAIR COISCÉIM FEIRSTE bhí dhá chuspóir againn.Seans a thabhairt do dhaoine bualadh le chéile ar bhonn neamh fhoirmeálta agus an Ghaeilge a úsáid (beatha teanga í a labhairt srl) agus san am chéanna cur le díol na leabhar Gaeilge. Tá an dá chuspóir sin chomh tabhachtach le chéile agus tá faighte amach againn thar na blianta gur fiú an tairbhe an trioblóid. Idtaca le Úna agus Greavsie de a Aonghuis agus á gcuid cnáimhseála,na déan dearmad gur minic a mbíonn “dhá dtrian tormán le soitheach folamh” go háirithe nuair atá sé gan ainm.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s