An vóta agus na ceachtanna atá le foghlaim

Tá an reifreann ar son Chonradh Liospóin buaite – nó caillte – ag brath ar do dhearcadh.   Agus is é an toradh amháin cinnte ar an vóta seo: ní bheidh aon vóta eile in Éirinn ar reifreann a bhaineann le ceist faoin Aontas Eorpach.

B’fhéidir nach bhfuil sin fíor, fiú.  Nó má chuireann Poblacht na Seice moill ar an dearbhú go dtí go mbeidh olltoghchán sa Bhreatain.  Má tharlaíonn sin, beidh reifreann sa tír sin  – nó sin atá geallta ag David Cameron, ceannaire na gCaomhach atá chun tosaigh sa choimhlint pholatúil sin faoi láthair, agus má théann an Bhreatain in éadan an Chonartha, bhuel beidh sé deacair a fheiscint an leanfaidh an Aontas le tionscnamh Liospóin.  Murab ionann agus an tír seo, tugann an Bhreatain níos mó airgid don Aontas ná mar a fhaigheann si.

Má tá aon solás le baint ón toradh seo, go bhfuair lucht an UKIP agus a gcomhthaistealaithe, Sinn Féin, freagra diultach.

Gan amhras, chaitheas féin mo vóta in éadan an Chonartha.  Thar aon ní eile, ní raibh mé sásta go mbeadh an dara vóta ar an gConradh céanna tar éis go raibh vóta chomh cinniúnach ann anuraidh.

Ritheann sé liom nach mbeadh rialtas Fhianna Fáil – agus a leath bhadóirí sa Chomhaontas Glas – chomh tapaidh ag tabhairt an dara seans don phobal le h-Olltoghchán, fiú is gur léir go bhfuil bá an phobail caillte go h-iomlán acu thar mar a bhí acu dhá bhliain ó shin nuair a bhí an Olltoghchán ann go deireannach.

Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón reifreann seo.  Is féidir eagla a chur ar an dtoghlach le bagairtí agus le h-imeaglú – agus b’shin an rud a dhein lucht ‘Tá’ leis an gcaint a bhí acu go ndeinfí immeallú orainn dá dtabharfaimís an dara ‘Níl’ do Liospóin.  Ní raibh lucht ‘Níl’ thar moladh beirte lena gcaint faoi ginmhilleadh agus conscríobh ach an oiread.

Ceacht cinnte atá le foghlaim ag pobal na Gaeilge gur féidir le grúpaí nach pairtithe polatúla tionchar a bheith acu.  Bhunaigh leithéidí Pat Cox agus Olivia Buckley grúpaí a thug tacaíocht nach beag don fheachtas ar son ‘Tá’ agus ní aibhéil a rá nach dócha go lagóidh seo a dtionchar amach anseo.

Tá sé maith go leor bheith ag bunú gluaiseachtaí ar nós ‘Guth na Gaeltachta’ chun cur in aghaidh giorruithe atá molta i dTuarascáil McCarthy – cé acu an bhfuil an cnamhdroma ag an Rialtas na ciorruithe sin a chur i bhfeidhm sin ceist eile – ach caithfear trathchlár dearfach a léireoidh gur ionann leas na Gaeilge agus leas na tíre (go h-iomlán) a chur i láthair agus níl sin déanta go h-eifeachtach ag aon dream go fóill.

Táim ar mo shaoire i gCeatharlach – mar sin slán go fóill…..

5 thuairim ar “An vóta agus na ceachtanna atá le foghlaim

  1. crosbhealaí

    Níl tú ag uasdhátú chomh minic sin le déanaí, a Choncubhair!! “Slippery slope” contuirteach atá ansin, a chuir deireadh le mo chuid blagála féin de réir a chéile!! An amhlaidh nach dtuigeann tú nach mbíonn cead ag blagálaí saoire a ghlacadh riamh! “Bás iGaeilge Sular Shroich sé 100,000 Amharc”- nil tu ag iarraidh a leithéid de cheannteideal, táim cinnte?

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Deachair gach trá a fhreastail A Choncubhair ach tá súil agam go n-éiteoidh leat.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s