Cowen an Slánaitheoir?

Is éan é, is eitleán é, ní h-ea, is é seo an Fior Thaoiseach,...

Is éan é, is eitleán é, ní h-ea, is é seo an Fior Thaoiseach,...

Is cosúil, de réir tuairiscí,  go bhfuil sé ráite ag an dTaoiseach, Brian Cowen, NACH bhfuil sé i gceist aige glacadh le moladh Mhic Charthaigh deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Cúis cheiliúrtha?

Níl a fhios agam.  Sa chéad dul síos, ní raibh i gceist ag Tuairisc Mhic Carthaigh ach liosta de chiorruithe a fhéadfaí a dhéanamh ar son choigiltis de bhreis is €5bn don bhliain seo – nó, mar is léir anois, an bhliain seo chugainn.

Mar sin ní bheadh morán airgid á shábháil tre deireadh a chur leis an Roinn seo – cé nach bhfuil aon chinnteacht ann go dtiocfadh na deontais éagsúla atá ag teacht ón Roinn slán ón tua atá á bhagairt.

Dar liomsa, tá gá le athshamhlú agus athstruchtúrú dá réir ar an nGaeltacht agus an slí a roinntear airgead ar thograí Ghaeilge agus ní miste liom an slí a tharlaíonn sin.  Níl an ‘status quo’ ina cur chuige cothrom ná ceart don ré seo nó don aimsir atá romhainn.

An deacracht a bhí agus atá le moltaí Mhic Carthaigh go bhfuil siad ró dhubh agus bán – ní aithníonn siad go bhfuil an maith á chaitheamh amach in éineacht leis an olc.   Cad is fiú deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge nuair a ghineann an scéim sin i bhfad Éireann nios mó ioncaim don Ghaeltacht – agus don statchiste – ná an bhuninfheistíocht.  Mar eacnamaí, is léir nach bhfuil fios a ghnó ag an tUasal Mac Carthaigh.

Cinnte, bhí fírinne searbh sa mhéid a dúirt sé:

In examining this Programme, the Group notes that substantial resources have been invested in

various incentive schemes to develop Gaeltacht areas.  The Group is of the view that resources

should be targeted at those most in need and that differential schemes aimed at Gaeltacht areas are

not justifiable.

An oibríonn Scéim Labhairt na Gaeilge?   Ní chreidim é.   An mbeadh sé níos fearr an t-airgead sin a chaitheamh ar leabhair chearta [nó acmhainní ar líne] do pháistí scoile na Gaeltachta – creidim é.    Níl a leithéid ar fáil faoi láthair.

Ar ndóígh, bheadh a leithéid ina bhuntáiste do gach páiste, cibé an raibh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nó lasmuigh.

Ní luíonn an moladh atá aige go gcuirfí deireadh le hUdarás na Gaeltachta le ciall ach an oiread.  Cruthaíonn an aisínteacht seo go leor postanna sa Ghaeltacht agus tá siad thar a bheith eifeachtach á dhéanamh seo ar chostas nach mó é ná costas na bpostanna a chruthaíonn leithéidí Enterprise Ireland/Fiontar Éireann.  Ar ndóigh, is léir nach bhfuil ceantar lár Chorcaí nó ceantaracha maguaird na nGaeltachtaí eile ar radar FÉ nó is beag tionscail atá lonnaithe sna ceantracha sin ag FÉ le blianta beaga anuas.


Cinnte is reigiún speisialta an Ghaeltacht.  Ach is é an slí go bhfuil sí speisialta faoi láthair ná go bhfuil sí imeallaithe ag an bpobal mór agus na h-údaráis.   Tá leathan-bhanda níos moille sa Ghaeltacht, tá na bóithre níos measa, tá an bonneagar ar chaighdeán níos ísle, ní ann do chóras iompair.  Ach toisc go bhfuil na deontais suaracha ar nós Scéim Labhairt na Gaeilge ann, deitear go bhfuilimíd ag crú go deireadh bó bainne an Stáit anseo sa Ghaeltacht.

Tuairiscíodh freisin go ndúirt an Taoiseach go bhfoilseofar Plean 2028 roimh deireadh na bliana.  Níor thug sé le fios cén bhliain….

Tá freagra substaintiúil tugtha ag Conradh na Gaeilge ar mholtaí Mhic Charthaigh agus tá sé ar fáil anseo.    Creidim go bhfuil gá le plean substaintiúil anois ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun sinn féin a chur in oiriúínt do threimhse amach romhainn ina mbeidh deireadh le sruth na ndeontaisí.

Ní bua é seo ach gairm dúiste.

4 thuairim ar “Cowen an Slánaitheoir?

  1. aonghus

    Bhí lé ag Mac Carthaigh (agus maorlathaigh Sráid Muirfean a thug a ordaithe dó) riamh le lárnú. Sin an chúis a bhí acu le deireadh a chuir leis an Údarás agus na Boird Infheistíochta Contae.

    An deacracht le mórán chuile scéim Rialtais ná nach bhfuil aon slat tomhas ceart leagtha síos dóibh. Cén sprioc atá ag Scéim Labhairt na Gaeilge? Cuir le líon na teaghlaigh ag tógáil clainne i bpobail Gaeltachta? Sprioc ciallmhar. Ach, más ea, nach bhfuil ag teip air?

    Maidir le bonneagar, sílim go bhfuil sé fíor go bhfuil réigiúin tuaithe atá sa Ghaeltacht beagán níos fearr as na réigiún ar chomh chosúlacht leo ó thaobh daonra agus rl nach bhfuil sa Ghaeltacht.

    Ach an deacracht is mó ná go bhfuil an tír ar fad i bhfad ró BhÁC lárnaithe, agus nach bhfuil plean cheart againn i leith forbairt na tuaithe i gcoitinne.

    Tá gá cinnte le ceannaireacht, fís agus sprioc. Cá bhfuil Máirtín Ó Cadhain na linne seo? Fear a raibh cos aige sa chathair agus sa Ghaeltacht.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Nil aon dabht ach go bhfuil fadbh ann faoi forbairt na tuaithe comh maith leis an Gaeltacht.Tá an tuath ag meath, oifigi an phoist a dhunadh agus áiseanna éile a dridim cosúil le tithe tabhairne amuigh faon tuath.Ní raibh aon phlean ag an Rialtas le linn Ré an Tiogair nuair a bhí an t-airgead chun pleananna a mhaonú ach tithe aonair a thogáil ar mhaithe leis na boic móra sna cathaireacha agus cairde FF gur leo na suimh agus na forbroirí áitiúila.Caithfidh forbairt na tuaithe agus na Gaeltachta dul ar aghaidh as lamh a chéile agus comhlacht stáit amháin i mbun an fhorbairt sin.

    Freagra
    1. aonghus

      Aon rud atá ag tarlú, is faoi Roinn Uí Chuív a tharlaíonn sé – mar shampla, an córas Iompar Tuaithe. (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá ann, tar éis an tsaoil)

      Ach caithfidh sé bheith níos glice ná riamh ag léiriú “luach an airgid”

      Freagra
  3. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    A Choncubhair léigh mé d`alt faoi cailleadh meachain sa Nuacht 24.Cheap mé go mbeadh tú in ísle bhrí taréis Craobh na hÉireann ach tá tú ag déanamh go maith, “alán déanta ach níos mó le déanamh” mar a dhearfadh Bertie tráth.Is dócha go bhfuair tú ardú meanma ó mhná Chorcaí as an cuigiú Craoibh a bhuachaint as a chéile, éacht nách bheag.An reifreann cháilte mar a bhí mé ag tnúth, feachtas bréagach éile ó FF, an Chiarraíoch Mallaithe sin de Cheann Comhairle Séan Ó Donnchadha imithe thar fóir ar fad le ró-chaiteachas ar a chamcuairt domhanda in éineacht lena bhean ó iarthar Chorcaí, €800K agus muid fós ag comhaireamh.Tá sé in am dó leithscéal a ghabhail le muintir na hÉireann agus éirí as nó bhféidir nách bhfuil aon náire air cosúil le Seán MacGiollaphadraig.Ní doigh liom go bhféadfadh lucht FF a bheith dócasach don toghachain atá ag teacht toisc an bua a bheith acu san reifreann.Tá muintir na hÉireann ag fáire san fhéar ghearr le díoltas a bhaint amach.Beidh leo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s