Beidh mé ag daileadh nótaí €50 ar Dhroichead Uí Chonaill…

Mar fhreagra ar litir ó dhíoltóir leabhair chuig Eagarthóir an Irish Times, bhí litir eile sa nuachtán le déanaí ag aithint croí na faidhbe maidir le scríobh agus léamh na Gaeilge.   Is é sin go bhfuil furmhór an eolais atáimid ag iarraidh i nGaeilge ar fáil i mBéarla theana féin agus mar sin gur áisí i bhfad dúinn an t-eolas sin a fháil i mBéarla. 

Is é an moladh atá ag Vincent Holmes go mbeadh níos mó ábhair i nGaeilge amháin i nuachtáin ar nós an Irish Times agus go gcothódh sin cultúr na leitheoireachta i nGaeilge.   

Here is the nub: a daily user of Irish is presumably bilingual with English also, so why are we not challenged to read material as Gaeilge only? If more and more material was produced in Irish (The Irish Times take note!) we would be engendering a culture of reading in Irish and be challenged to do so (without the help or crutch of a translation) and over time Mr Hayes’s difficulty with writers of Irish would be addressed.

Agus is dócha go bhfuil an cheart aige sa mhéid seo: 

If I write exclusively in Irish (without translation) “Beidh mé ag tabhairt amach nótaí caoga euro ar Dhroichead Uí Chonaill ag meánlae amárach” I am in no doubt that an orderly queue will have formed by 11.45 to avail of the opportunity!

Ní doigh liom go dtuigeann sé an slí a oibríonn an Stát ar son an ‘status quo’ agus ní doigh liom go mbeidh aon toradh fónta ar an ndóchas atá léirithe aige: 

So, go raibh maith agat, Mr Hayes, you have done an Ghaeilge a major favour, by drawing attention to this issue, and probably saving the State a lot of cost into the future.

Is é an fhirinne go bhfuil an t-uafás airgid – suim nach féidir a áireamh – á chaitheamh ar aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla ó Bhéarla go Gaeilge, caiteachas nach dtabharfaidh aon spreagadh do leitheoireacht nó litríócht na Gaeilge ach a thabharfaidh an deis do Éamon  O Cuív bheith ag maíomh as an méid atá á dhéanamh ag an Rialtas seo, an Rialtas a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla dúinn, ar son na teanga. 

Tá’s agaibh mo thuairim faoin Aire agus faoin Acht. 

Fhaid is atá na caipéisi seo á aistriú – agus nach bhfuil siad á léamh – tá’s agam go bhfuil sé rí dheacair páistí scoile na tíre a ghriosadh chun Gaeilge a léamh de bharr easpa éagsúlachta na leabhar Ghaeilge.   Níl an réimse ann is atá i mBéarla do naíonán mór nó beag – tá mo mhac féin ag fáil an leabhar céanna ón scoil agus tá sé dubh dóite leis an athléamh.  Ar ndóigh, tá roinnt mhaith leabhair Ghaeilge sa teach agus bionn sé á léamh sin.     

Tá gá le réimse níos forleithne leabhair Ghaeilge – leabhair scoile agus leabhair spraoi, cothrom leabhair ar nós ‘Batman’ is a leithéid.   Níl siad ann, ar ndoigh, mar go bhfuil an oiread sin airgid á chaitheamh ar chaipéisí oifigiúla nach bhfuil á léamh i nGaeilge nó i mBéarla.  

Má tá géarchéim eacnamaíochta ann – agus deirtear go bhfuil – cén fath go bhfuil airgead á chur amú ar na nithe nach bhfuil éileamh orthu agus gan aon riar á dhéanamh ar éilimh atá ann?

Status quo.

4 thuairim ar “Beidh mé ag daileadh nótaí €50 ar Dhroichead Uí Chonaill…

  1. Dave Mc

    Dar liomsa, is mór an trua é go mbíonn fotheidil Béarla ag bun an scáileáin ar TG4. Tá sé an-deacair d’intinn a dhíriú ar éisteacht leis an nGaeilge nuair atá sé i bhfad níos éasca an Béarla a léamh. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh TG4 ar fáil ar dhá chainéal – ceann amháin leis na fotheidil agus an ceann eile gan iad.

    Freagra
  2. Mise Áine

    Chuile dhuine agus a éileamh féin aige, is dócha, agus tá daoine ann a dteastaíonn ‘limousine’ uatha agus iad ag dul timpeall an aerfoirt…

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Sea an “Bull” O’Donoghue! Cás den “limousin” sa “limousine”, tá mé ag ceapadh.

      Freagra
  3. Aidan

    Aontaím go hiomlán leat. B’fhearr liom go mbeadh níos mó leabhair. scannáin srl. le fáil as Ghaeilge ná aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla. Ar an gcéad dul síos tá Gaeilge sa gnáthshaol i bhfad níos tábhachtaí.
    Ar gceist fotheidil Béarla is docha go bhfuil rogha mar ‘gan fotheidil’ nó ‘fotheidil Béarla’ nó ‘fotheidil Gaeilge’ ar teilfís digiteach. Má feicim Discovery mar shamplan tá rogha teanga na fotheidil agam (anseo san Olainn).
    Ceapaim go bhfuil fadhb ag mórán Béarlóirí le léamh is dteangann eile (ní amháin Gaeilge). Cé mhéad daoine a léann as Fraincís agus foghlaimaíonn furmór na daoine an teanga sin ar scoil freisin?

    Freagra

Freagair Dave Mc Cealaigh an freagra