An mbionn tú ag ‘cúl éisteacht’ le RTÉ Raidió na Gaeltachta?

Ag éisteacht dom le ‘Iris Aniar’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar maidin chuala mé agallamh le Leas Cheannasaí an staisiúin, Dónal O Braonáin agus é ag déanamh cur síos ar shuirbhé phríobháideach a rinne an staisiún coimisiúnú air chun líon agus spéis na n-éisteoirí a mheas. 

Ar chúis nár rinneadh ró shoileir le linn an agallaimh, ní chuirtear RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh le linn suirbhéanna éisteoirí an JNLR.   Ait liom an méid sin os rud é, má tá figiúiri an tsuirbhé le creidmheáil agus caithfear glacadh leis, is dócha, gur suirbhé neamhspleach a dhothain é in ainneoin gurb é RTÉ RnaG atá á choimsiúnú agus á fhoilsiú, tá sciar mhór den lucht éisteachta ag RTÉ RnaG i gceantair Ghaeltachta áirithe. 

Tabhair faoi ndeara nár deineadh an suirbhé seo, is cosúil, ach i gceantair Ghaeltachta.  Agus nior deineadh i ngach ceantar Ghaeltachta é ach an oiread.  Tá sé amhail is go bhfuil Raidió na Gaeltachta tar éis cinneadh a ghlacadh as a stuaim féin, gan imeacht i gcomhairle le duine ar bith, gan pobail sna Gaeltachtaí beaga, leithéidí An Rinn, Rath Chairn, Múscraí agus Oileán Cléire a chur san áireamh.   

Má táím ag déanamh éagóir ar Raidió na Gaeltachta, maith dhom é.  Chuala mé an tUas.  O Braonáin ag rá go sonrach gur deineadh an suirbhé sna mór cheantair Gaeltachta, Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill. 

Ní raibh a fhios agam go raibh teorainneacha na Gaeltachta gearrtha theana féin – is cosúil gur tharla sé i nganfhios dúinn go léir. 

Ar ndóigh, ní ceist Gaeltachta amháin é seo.  Má ghlacaimíd leis an méid a deir an tUas. O Braonáin mar admháil nach bhfuil RTÉ RnaG ach in ainm is riar a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta – pobal Ghaeltachtaí ar leith is é sin le rá nach bhfuil aon riar ceart á dhéanamh ar na céadta, na mílte chainteoirí Ghaeilge  ar fuaid na tíre atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.    Ar a laghad, is féidir a rá gur cuma sa tsioc le bainistíocht Raidió na Gaeltachta cad é barúil na ndaoine seo, a n-eisteoirí, faoin seirbhís a bhfaigheann siad ó RnaG. 

Tá sé in am, agus thar am, go mbeadh riar mar is ceart á dhéanamh ag an gcraoltóir náisiúnta ar éisteoirí Ghaeilge na tíre ina iomlán agus bíodh is gur sciar bheag den phobal éisteachta sin pobal na Gaeltachta, níl sé maith a dhothain, dar liom, go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú amhail is gur staisiún áitiúil é sna mór cheantair Gaeltachta seachas bheith ina staisiún náisiúnta Ghaeilge. 

Léiríonn gach suirbhé dá bhfuil á dhéanamh – fiú an Daonáireamh féin – go bhfuil furmhór na nGaeilgeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht agus mar sin ba cheart go mbeadh riar níos fearr á dhéanamh orthu le cláracha cúrsaí reatha, cláracha ceoil, cláracha siamsaíochta is eile. 

Molaimse an Raidió as an méid atá déanta acu ó 1973 i leith.  Ach anois creidim go gcaithfidh an Raidió an cur chuige a athrú – sin nó caithfidh an Rialtas dul i gcomhar le RTÉ agus staisiún raidió Ghaeilge don náisiún ar fad a bhunú, cothrom Raidió 1 ach i nGaeilge.   Tuigtear an méid seo, má tá tusa id chónaí i gceantar nach ceantar Gaeltachta é, tá tú i dteideal an oiread is an áitritheoir Gaeltachta, seirbhis craoltóireachta i dteanga oifigiúil na tíre atá ag déanamh riar ort seachas tú bheith curtha san áireamh mar chúl éisteoir ar sheirbhís atá ag ioc as go daor ód cheadúnas teilifíse! 

An bhfuilim mí réasúnta san éileamh sin?

11 de thuairimí ar “An mbionn tú ag ‘cúl éisteacht’ le RTÉ Raidió na Gaeltachta?

  1. Micilín Muc

    D’fhreagair mé féin ceann de na suirbhéanna sin nuair a thug mé cuairt ar Chonamara ag tús an tsamhraidh. Chuir an t-agallóir na ceisteanna i mBéarla. Nuair a luaigh mé gurb as Baile Átha Cliath mé, ní raibh an phríomhchathair ar an liosta roghanna.

    Nach ait an rud é go bhfuil ceadúnas craolacháin náisiúnta acu ach nach ndéanann siad freastal ach ar phobal na Gaeltachta (tuigim go bhfuil Glór Anoir ann ach níl ann ach uair a’ chloig in aghaidh an lae)?

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    nárbh fhearr a choncubhair raidió áitiúl a bheith ag Gaeil Chorcaigh idir Ghaeltacht agus Ghalltacht seachas uair a chloig ar an raidió Náisiúnta Gaeilge anois agus arís.mhothaigh mé go mbíonn clár uair sa tseachtain ag GAELTACA Chorcaigh ar raidió Fáilte ‘s againne féin i mBéal Feirste.Is breá liom an chúléisteacht sin ach is Raidió áitiúl Feirste é Raidió Failte atá ag freastáil ar phobal áitiúil agus sílim gur sin an bealach chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de.Tá sé níos fusa ná ariamh raidió áitiúl a bhunú.Níor mhiste liom a bheith ag cúléisteacht le clár ó raidió Mhuscraí ó am go chéile mar ata mé ag déanamh le cláir as na Doirí Beaga i dTír Chonaill. ar bhealach ní náisiúnta go háitiúl sna cúrsaí seo.

    Freagra
  3. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    Aontaoim leat a Choncubhair, staisiún náisiúnta seachas staisiúin áitiúil ba cheart a chur ar bhun ag RnaG.Tá dainséar ann go racfaidh siad an bothar cheanna le Foinse, ró- áitíúil agus deireadh leo.

    Freagra
  4. aonghus

    Tá cúis simplí nach gcuirtear RnaG san áireamh san JNLR. Is ar mhaith le lucht fógraíochta atá sé sin ann, agus níl RTÉ sásta íoc as RTÉRnaG a chuir san áireamh.

    Cúis imní agus iontais é go nglacann ceannasaíocht RnaG leis gur stáisiún don Ghaeltacht amháin iad. Tá éisteacht náisiúnta agus idirnáisiúnta acu – eolas atá ar fáil dóibh ach scagadh a dhéanamh ar na téacsanna agus r-phoist a théann isteach chuig clárach ceoil.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    A Sheáin a chara ní de bharr é a bheith ró áitiúl ná ró Náisiúnta a thuit FOINSE ach de bharr nach bhfuair sé an tacaíocht a bhí ag teastáil lena choinneáilt beo ach is fada mé den tuairim anois gur ar bhonn áitiúl seachas ar bhonn Náisiúnta a dhéanfar an teanga a shlánú.Is ionann agamsa an teanga a bheith beo beathach go háitiúl agus í a bheith beo beathach go Náisiúnta agus is féidir linn uilig rud éigin a dhéanamh go háitiúl nach dtig linn a dhéanamh go Náisiúnta mar sin b’fhearr liom raidió áitiúl Gaeilge a bheadh ag freastáil orm féin agus ar mo mhuintir ná raidió Náisiúnta nach mbeadh ag plé liom ach go hannamh.bheadh sé suimiúl a fhail amach i gceann dena suirbhéanna seo cé mhéad duine as Dún na nGall atá ag éisteacht le clár as Ciarraí agus vice versa

    Freagra
  6. Caomhán

    An rud is fearr atá déanta ag RNG i rith na blianta , i mo thuairim, ná sort ceangal a crothú idir na Gaelteachtaí eagsúla. Cé go féidir a rá go mbeadh radio náisiunta indán an rud céanna a dhéanamh, ní bheadh an mion eolas faoi saol na gcéantair eagsúla ar fáil air, a spreagach an “ceangal san intinn” seo a crothíonn craoladh radio. Mar sin fhéin tá díospóireacht simúil thosnaigh agat a Choncubhair.

    Freagra
  7. Dave Mc

    Is as Cathair Luimnigh mé agus i mo chónaí anois i gCathair Chorcaí. Éistim le RnaG gach lá ar m’ iPod – An Saol ó Dheas go háirithe. Ní bhím ag éisteacht leis mar phríomhfhoinse nuacht áfach. Bím ag éisteacht leis ach amháin chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú (agus tá a lán obair le déanamh agam fós – tá a fhios agam!). Mar sin de, is cuma liom cé chomh náisiúnta is atá RnaG. Chun na fírinne a rá, is saghas ‘escapism’ é domsa bheith ag éisteach le tuairiscí faoi fhadhbanna áitiúla i gCiarraí Thiar nó áiteanna eile éigin.

    Freagra
  8. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    A Sheamuis, tá na staisiúin radio áitiúil ag deanamh go maith ó thaobh éisteoirí, Radio Chiarraí san áireamh.Bhfeidir gur cheart níos mó claracha i nGaeilge a bheith sna stáisiúin áitiúla.

    Freagra
  9. Concubhar O Liathain

    Tá an cheart ag Séamus ar go leor bealaí. Dá mbeadh staisiún raidió cosúil le Raidió Fáilte, atá ag craoladh i mBéal Feirste, i ngach aon phobal Gaelach sa tír, bheadh linn.

    Má tá Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú mar raidió don Ghaeltacht amháin, bíodh sé ag feidhmiú i ngach Gaeltacht -na Gaeltachtaí beaga san áireamh. Agus más suim leo tuairimí na n -eisteoirí sna mór cheantaracha ba cheart go mbeadh suim acu freisin i dtuairimí iad san i Múscraí, an Rinn, Ciarraí Theas, Oileán Cléire, Rath Chairn, Maigh Eo.

    In éagmais aon seirbhís náisiúnta eile, áfach, a dheineann riar ar éisteoirí na Gaeilge, caithfidh RnaG cuid den chúram sin a ghlacadh

    Creidim nár cheart go mbeadh aon bhac orthu bheith ag lorg fograíochta sna ceantaracha ina bhfuil cuid is mhó den mhargadh acu – thart ar 45% den phobal sa Ghaillimh éisteann siad le RnaG, de réir an tsuirbhé seo. Fagann sin na stáisiúin áitiula sa cheantar atá beo ar fhograíocht amháin in áít na leath phingine.

    Ach fagfaidh mé mar sin noimead – tá tuairim eile ag teacht chugam. Roinnfidh mé libh ar ball é.

    Freagra
  10. Aodán Ó Sé

    Ní aontaím leat, sa mhéid cáinte a chaitheamh ar RnaG. Sa mhéid go bhfuil eachtraí suimiúla ag titim amach sna mion-Ghaeltachtaí, deineann RnaG freastal ortha. Cuir i gcás, bhí tuairisc cuimsitheach ar imeachtaí Daonscoil na Mumhan sa Rinn. Is le miuntir na Gaeilge ó cheann ceannna tíre RnaG. Agus is le muintir uiligh na hÉireann an Ghaeilge. Cuirigí and dá smaoineamh siúd le chéile agus is mór an éacht atá á dheanamh ag RnaG. Cén chaoi ná cuirfeadh pobail éagsúla (gaeltacht nó eile)fios ar RnaG tráth go bhfuil ábhar nuachta nó cultúrtha le craoladh acu?

    Freagra
  11. séamus Mac Seáin

    a Aodáin a chara ní dóigh liom go bhfuil duine ar bith ag caitheamh anuas ar RnaG.Tá siad molta dá mbéimis inár dtost ach is é a locht a laghad.Tá na scórtha Raidió Béarla sa tír. nach bhfuil sé in am againn sé nó seacht gcinn de Raidió áitiúla Gaeilge a bheith againn comh maith? faoi cheannas RnaG má’s maith leat.Ta réabhlóid chumarsáide sa tsiúil sa tír seo le blianta beaga anuas agus i gcúrsaí raidió ach go áirithe ach is ar éigeann go bhfuil na Gaeil páirteach ann sílim gur mór an trua sin.Tá feabhas nach beag tágtha ar an teicneolaíocht fosta a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos fusa raidíó a reachtáil ar bheagán achmhainní.Ní ciorrú ar RnaG a bheadh anseo ach leathnú.Déarfainn go dtiocfadh le dosaen duine sé chinn de raidíó áitiúla a reachtáil ach inchur deonach a bheith acu mar atá á dhéanamh le raidío na Life i mBAC agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste.Ní féidir linn fánacht taobh le rud a bunaíodh tríocha bliana ó shin (dá fheabhas é) gan bogadh ar aghaidh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s