Níl éinne ag léamh leabhair Ghaeilge….díoltóir leabhair

litir san Irish Times inniu ó dhíoltóir leabhair a mhaíonn nach bhfuil éinne ag ceannach nó ag léamh leabhair i nGaeilge agus gur cur i gcéill amach is amach na duaiseanna luachmhara, le h-airgead mór ag gabhail leo, a bhronntar gach bliain ar údair éagsúla.   Freagra an litir seo ar litir ón údar is file, Gabriel Rosenstock, inar cheistigh sé cé acu an raibh leatrom á dhéanamh ar leabhair i nGaeilge i siopaí leabhair agus leabharlainn ar fuaid na tíre agus, anuas ar sin, ná raibh aon árdán á thabhairt do leabhair Ghaeilge ag mór fhéiltí litríochta.    A mhalairt scéil atá sa litir atá foilsithe inniu. 

Irish books are actually displayed disproportionately to the demand for them due to the regard that most booksellers and librarians have for the language. I know many booksellers who take copies of books in Irish just to support the writer, knowing in their hearts that the books will never be sold. And most public libraries that I know have large sections of books in Irish which are in perfect condition  for the simple reason that they are never touched.

Tamall ó shin, d’fhoilsigh mé ar an suíomh seo an fhigiúir ar mheán díolachán leabhar Ghaeilge.   Cé gur cheap mé go mbeadh sé thart ar 1,000 nó 1,500 cóip, is cosúil nach bhfuil ann ach 184 coip.   Más aon solás é, níl ach meán díolachán de isteach is amach le 300 coip ar leabhair i mBéarla.  Ar ndóigh, is mó i bhfad líon is éagsúlacht na leabhair atá ar fáil i mBéarla ná mar atá ann i nGaeilge.    Cad é an chúis atá le sin.   Bhuel seo tuairim an scriobhnóra i litir an lae inniu. 

Mr Rosenstock asks can all 300 Irish-language writers be bad the answer is nobody knows. Nobody is reading what they write and the public do not know how their money is being spent to keep a mini cottage industry alive.

Is not the real problem that writers in Irish are writing in a language that very few read and even fewer are able to judge its literary quality? And what is Mr Rosenstock’s solution to this? More grants for translation and more inclusion in posters. Who says the Stalinist command economy is dead? 

Gan amhras, tá blúirín den aiféis agus den fhírinne sa ráiteas sin.  Is tromchúisí i bhfad an méid a deirtear sa mhír seo den litir. 

Perhaps the problem lies in the ease with which one can publish a book in Irish. More than one writer in the native language has confided in me that he will make a profit even if he does not sell a single book such are the grants available for publishing and writing in Irish. This obviously has an effect on quality. Thus quality control is virtually non-existent as a small community of “critics” review books written and published by their colleagues who take it in turns to win the annual round of prizes that are doled out at the taxpayers’ expense.

An bhfuil seo fíor?  Nó an scéal scéil é nach bhfuil bunús leis? 

Ar ndóigh, tá cúis mhaith nach mbeadh daoine ag ceannach leabhair Ghaeilge i siopaí leabhair léithéidí an dhíoltóra seo níos mó.  Tá titim ar dhíolachán leabhair Bhéarla ó siopaí leabhair freisin mar gheall ar an idirlíon. Is féidir teacht ar gach leabhar Ghaeilge ar phraghas réasúnta ar shuíomhanna ar nós Litríocht agus údar.   

Ritheann sé liom go bhfuil íoróin áírithe ag baint le foilsiú na litreach seo san Irish Times.  Cé go ndeintear go leor leabhair a léirmheas sa nuachtán sin, is annamh a dheintear leabhair Ghaeilge a leirmheas.    Ní eisceacht é an Irish Times i measc nuachtáin na hÉireann. 

Tá deacracht ann, freisin, de bharr go ndeintear an oiread san poiblíochta ar bhonn leanúnach ar leabhair Bhéarla ar gach meán, ar an raidió (Cumann Leabhair Seó Tubridy, mar shampla), ar an dteilifís (le déanaí bhí conspóid faoi shraith teilifíse ar shaol agus tionchar Devalera ag an am chéanna is ar foilsíódh leabhar faoi), agus ar an líon. 

Níl a leithéid ann don Ghaeilge.   Dá fheabhas iad iarrachtaí ar nós Leabhar Power, níl ann ach sop in áit na scuaibe.   Tá gá le margaiocht buan ar leabhair Ghaeilge agus is margaíocht feiceálach atá i gceist, margaíocht a fheiceann an mór phobal seachas margaíocht atá á dhéanamh le dream nach léann leabhair Ghaeilge ach go h-annamh – pobal na Gaeilge. 

Conas é seo a dhéanamh, sin an cheist!

23 de thuairimí ar “Níl éinne ag léamh leabhair Ghaeilge….díoltóir leabhair

  1. Aidan

    Ba mhaith liom níos mó a léamh as Ghaeilge ach i mo thuairim bheadh sé go breá níos mó aistriúcháin a chu ar fáil. Tá a fhios agam go bhfuil aistriúchán “Le Grand Meaulnes” ar fáil as Ghaeilge mar shampla. Dá mbeadh rogha mór aistriúcháin bheadh níos mó suim agam a léamh go minic as Ghaeilge. Níl mé spreagnaithe leabhair a cheannach ar suíomh mar Litríocht gan aithne a bheith orm ar an údair. Cheannaigh mé trí leabhair as Open Doors as Gaeilge mar go raibh aithne agam ar na údair.

    Freagra
    1. aonghus

      An deacracht leis an gur chuige sin (a trialadh cheana, sna 40í) ná go mbeidh tú ag tógaint scribhneoirí ó bheith ag scríobh ábhar nua i nGaeilge chun aistriúcháin a dhéanamh.

      Agus gach seans go mbeidh leagan i mBéarla den leabhar ar fáil i bhfad roimh an leagan Gaeilge.

      Margaíocht & Léarmheastóireacht an leigheas. Agus, b’fhéidir, (mar atá Michéal Ó Conghaile ag smaoineamh ar a dhéanamh le leabhair Sairséail 7 Dill, fch Nuacht24 reatha) leaganacha i mBéarla de sahothar roinnt scríobhneoirí Gaeilge a chuir amach – ach roinnt a choiméad siar freisin, chun go mbeadh cúis le dul go dtí an bun saothar!

      Freagra
      1. Aidan

        I mo chás ba mhaith liom Gaeilge a léamh chun an teanga a chur chun cinn ach tá sé tábhachtach freisin rud suimiúl a léamh. Tá sé i bhfad níos éisteachta a léamh as Béarla ach ní hé sin mo chúl. Léim as Fraincís agus Spáinnis agus fóclóir agam freisin. Ní comórtas é i mo thuairim. An eán is fearr focail a fhighlaim is ea léamh, léamh, léamh, as Ghaeilge agus i gach teanga eile.

  2. GGN

    Tá mise 100% ar son tuilleamh leabhair a aistriú ó theangacha eile.

    Ní cheannaím mo leabhair Gaeilge i siopaí Béarla, b’fhearr liom tacú le siopaí Gaeilge.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    má’s fíor na figúir a thugann tú a chonchubhar dar le duine nach bocht an mhéid í 184 leabhar Gaeilge i gcomórtas le 300 leabhar Bearla ag glacadh stadas an dá theanga sa tír seo san áireamh.Ta mé in amhras go mór an mbeadh an mhargaíocht intí féin ina cuidiu mhór do dhíol na leabhar gaeilge agus an pobal scaipthe mar atá cé nach ndéanfadh sé dochar.Sílim go gcuirtear fógraí ar irisí Gaeilge srl. agus is geall le deontas iad don iris agus níl aon rud cearr le sin.Is díolaíocht seachas margaíocht atá ag teastáil is dócha.Mar atá a fhios agat a Chonchubhair tá Club Leabhair againn i mBéal Feirste a bhfuil 124 ball aige agus scaiptear 5 leabhair sa bhliain ar na baill.An dtiocfadh do go bhfuil muidinne i mBéal Feirste ag ceannacht 66% dena leabhair sin a chuirtear i gcló? Ní shílfea é.Is mar ghléas caidrimh agus teacht le chéile a bunaíodh CLUB LEABHAIR COISCÉIM FEIRSTE an chéad lá ariamh.Ar bhfiú an rud céanna a dhéanamh in áiteanna eile a bhfuil pobal ann faoi na choinne? BÁC,Corcaigh,Gaillimh,Doire srl.Is feidir go dtiocfadh meán fhigiúir an Bhearla a bhaint amach fiú amháin
    Níl aon amhras ach go bhfuil léirmheas de dhíth. an mithid sin a thoiseacht ar iGaeilge agus ar Nuacht 24 srl?.Agh dá mbeadh paipéar nuachta againn anois nach sinn a bheadh sásta.?

    Freagra
  4. aonghus

    @Aidan

    Is mó leabhar suimiúl i nGaeilge léite agam le bliain!
    Conas a chuirfidh tú aithne ar scríobhneoirí na Gaeilge muna léann tú iad?

    Freagra
  5. Aidan

    Ta ceart agat gur thabhactach e scríobhneoirí lan Gaelach a leamh mas mian leat ach b’fhearr liom go mbeadh rogha mor scriobhneoiri ann agus i beagnach gach uile teanga (Bearla freisin) ta aistriuchain le fail.
    De gnath feicim ar Amazon chun scribhneoiri nua a fhail amach. Mar shampla lorg me “The Attack” le Yasmina Khadra as Bearla (aitriuchain) agus anois ta me ag leamh na leabhair eile sa Fraincis. Da mbeadh ceann de na leabhair le fail as Gaeilge go hiontach ach nil.
    Ta dha rudai i gceist leabhair scriobtha as Gaeilge agus leabhair na scriobhneoiri Gaelacha. Ta an cead rud i bhfad nios tabhachtai. Gan Harry Potter, Dan Brown agus a leithead le fail as Gaeilge ta an margadh mor caillte agat.
    Ta aithne agam ar moran daoine san Olainn nach leann scriobhneoiri Olannach ach amhain aistriuchain as Bearla go hOlainnais. Is as an Plholainn ata mo beac ceile ach ni mhinic a leann si leabhar scriobhte as Pholainnis sa cead dul sios. Ta teachtaireacht ansin i mo thuarirm.

    Freagra
  6. caomhán

    Tá rogha maith go leor leabhar gaeilge le fáil san leabharlann a usáideann mise anseo i nGaillimh, ach faroir is beag uair a thugaim faoi ndearra aon duine ag togáil aon cheann acu amach. Níl me cínnte faoi an tuairaim go dtugadh meadú ar líon léitheoirí an teanga dhá mbeadh aistriucháin ann dona “mórdíoltóirí” nós Dan Brown 7rl ach oiread.

    Freagra
    1. shinnylites

      Hm cinnte tá an fhírinne ag gabháil le chuid den ráiteas sa litir sin- fuair mé féin dhá leabhar Ghaeilge sa leabharlann le déanaí agus ní raibh mé tógtha le cheachtar acu faraor 😦 Ach tá leabhar filíochta ‘Anam Mhadra’ á léamh agam anois le Simon Ó’Faoláin a fuair mé ó chara liom, agus is leabhar iontach iontach maith é. Scoth na Gaeilge Mhumhain atá ann.
      Teastaíonn tuilleadh léirmheastóireachta uainn cinnte.

      Freagra
  7. Aidan

    @Caomhán
    B’fheidir nach mbeidh ach i gach teanga eile ata agam ta an rogha sin agam agus bheadh se go brea da mbeadh rogha mor leabhair as an domhain go leir le fail as Gaeilge. Ta a lan airgead caite ar aistriuchain go Gaeilge ach ni leann ach cupla daoine furmhor na focail aistrithe, is cur amu e sin ma gceapann to gye bhfeadfa a lan leabhair a aitriu leis an meid airgead ata caite ar aistriuchain neamhriachtanacha.

    Freagra
  8. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    Tá leabhair a thagann amach as Béarla agus bheidís an-oiriúnach d`aistriúcháin go Ghaeilge, leabhair Brian Cody cur i gcás atá ar na bacain.Dá mbeadh leabhair suimiúla ar fáil i nGaeilge taréis aistriúcháin a dheanamh ar an leagan béarla leighfí iad.

    Freagra
    1. colm

      Níl mé cinnte go léifí, a Sheáin – faoi láthair ar aon nós.
      Ó mo thaithí le mo chuid páistí féin, feicim go bhfuil cumas léitheoireachta níos fearr acu i mBéarla ná mar atá i nGaeilge, agus gur fearr leo a gcuid léitheoireachta a dhéanamh i mBéarla dá bharr.
      Os a choinne sin, níl mé ag rá nár deas an rud a leithéid a bheith ann, ach bheadh suim agam a fháil amach cén ráth a bhíonn ar leabhartha aistrithe den chineál sin.
      I mo theach féin, cé gur léigh na páistí chuile dhiabhal leabhar de chuid Harry Potter, is mise an t-aon duine a léigh an t-aistriúchán Gaeilge a rinne ar cheann acu.

      Freagra
      1. aonghus

        Sin mo thaithí freisin.

        Cur amú ama atá ann saothar a aistriú, muna bhfuil rud éigin ann chun an dua a aisíoc don leitheoir.

        Má taimid le aistriúcháin a dhéanamh, is as teanagcha seachas Béarla is ceart díriú.

        Rud a deántar roinnt de – mar shampla Pedro Parama aistrithe ag Mac Siomóin (ar mo liosta, ach gan é bheith léite fós agam)

  9. Aidan

    Aontaím leat Aonghus ach amháin nach bhfuil an iomarca daoine le fáil gurb fhéidir mar shampla Spáinnis go nGaeilge a aistriú, tá níos mó daoine le cumas aistriúcháin Béarla – Gaeilge. Is ealaín é an aistriúcháin freisin i ndeireadh na dála. Ach smaointe maith é sin aon sórt European Classics as Gaeilge. Ceannódh mé é!

    Freagra
    1. colm

      Ní aontaím leat, a Aidan, tá an t-uafás Gaeilgeoirí ann le Spáinnis. Cheapfainn go bhfuil an rud céanna fíor faoin bhFrainics, agus bheadh a fhios ag Aonghus cé mar a bheadh cúrsaí leis an nGearmáinis.
      Rud eile é an mbeadh siad sásta agus inniúl chun tabhairt faoi leabhar a aistriú go Gaeilge.

      Freagra
  10. aonghus

    Tá dornán leabhar filíochta trí theangacha curtha amach ag Gabriel Rosenstock (Gearmáinís/Gaeilge/Béarla ó H.C. Oeser)

    Go deimhin, tá roinnt de chlaisicí an Oirthir curtha amach ag an bhfear céanna.

    Tá na leabhair ann!

    Nár chuir an tAthair Peadar Gaeilge ar Don Cíochotae, agus é i gcló arís le tamall!

    Ach tá fadhb na margaíochta ann fós.

    Freagra
  11. colm

    “Nár chuir an tAthair Peadar Gaeilge ar Don Cíochotae”

    Níor chuir. Is leabhar é a bhfuil dhá imleabhar thar a bheith toirtiúil ann Don Quixote.
    Chuir an tAthair Peadar leagan ciorraithe – coillte an focal is fearr, cheapfainn – de amach.
    Ní féidir a rá gurb é an rud céanna é ar chor ar bith.

    Freagra
    1. Panu

      Bhuel nílim a rá nach bhfuil cuid mhór den cheart agat, ach ón taobh eile de, is deacair teacht ar aistriúchán iomlán Chíochótae in aon teanga (an Béarla san áireamh), toisc go bhfuil cuid mhaith ábhair ansin nach mbaineann leis an bpríomhphlota (eachtra an ridire féin agus Sanchó) mórán. Mar sin, fágadh cuid mhór ar lár de na haistriúcháin go léir, a bheag nó a mhór. An rud a rinne an tAthair Peadar, ní déarfainn gur rud as an ngnáth a bhí ann. Ní áibhéil a rá gurb é Don Cíochótae an leabhar is mó a ndearnadh leaganacha giorraithe nó ciorraithe de i stair na litríochta domhanda.

      Is lón maith léitheoireachta ann féin an leagan a rinne an tAthair Peadar den leabhar, is píosa mór toirtiúil de Ghaeilge Chontae Chorcaí é agus déarfainn go ngearrfaidh sé bealach an léitheora i dtreo an bhuntéacs, – agus sin ceann de na príomhchúiseanna le saothair liteartha a aistriú go teanga ar bith.

      Ar ndóigh bheadh sé i bhfad Éireann ní b’fhearr dá mbeadh an t-ardsaothar clasaiceach liteartha ina iomlán againn i nGaeilge dhúchasach an Athar, ach níl an scéal go ródhona mar atá sé.

      Freagra
  12. Séamas Ó Neachtain

    Brabús! Faighim níos mó in dhá lá ag obair ná mar a fuair mé as bliain ag scríobh leabhair. Ach is fíor, ní dhíoltar leabhair ach amháin nuair a sheoltar iad agus ceannaíonn na daoine i láthair é, ach amháin cúpla cóip ó am go ham, má tá an t-ádh leis an údar.

    Freagra
  13. Dónall Chaoimhín Pheadair

    Léigí leabharthaí Joe Steve Ó Neachtain, má tá sibh ag iarraidh leabharthaí maithe Gaeilge a léamh. Go háirtithe Lámh Láidir, leabhar iontach! Leabhar eile filíochta foilsithe aige le déanaí Ár Dé Deireadh, iontach maith fosta.

    Scríbhneoir mhaith atá in Gabriel Rosenstock fosta. Go háirithe a chuid próis, ach seans ann nach dtuigeann sé féin é sin.

    Is breá liom na leabharthaí Ghaeilge, léim níos mó leabharthaí in Gaeilge ná mar a léim i mBéarla. An t-aon fáth nach ndéanann níos mó daoine amhlaidh, is dócha, ná nach dtuigeann siad conas leabharthaí Gaeilge a léamh.

    Ní hionann bheith ag léamh in Gaeilge agus léamh i mBéarla. Tá claonadh ag cuid mhór scríbhneoirí Gaeilge i dtreo na hársaíochta, mar shampla, ó thaobh roghnú foclóireachta agus nasc cainte de, srl. Ní mór duit dul i dtaithí ar stíl, chanúint na scríbhneora de réir mar a léann tú an leabhair. B’fhéidir leathanach/caibidil a léamh faoi dhó.

    Tá sé iomlán difriúil go díreach, agus ní mór duit dul i dtaithí air. Ach is fiú é a dhéanamh mar tá leabharthaí iontach Gaeilge amuigh ansin le léamh.

    Freagra
  14. Dónall Chaoimhín Pheadair

    Rud eile de, ní fiú aistriúcháin go Gaeilge a dhéanamh ar leabhair Bhéarla, nach bhfuil an Béarla againn ar fad le gur féidir linn an bunsaothar a léamh. Tá traidisiún scríbhneoireachta dar gcuid féin againn b’fhearr dúinn forbairt a dhéanamh ar sin.

    Caithfidh muid níos mó leabharthaí do dhéagóirí a fhoilsiú. B’fhéidir go dtiocfadh linn cuid de na leabhair ón Spainnis/Fraincis/Gearmainis a aistriú sa dóigh is go mbeadh rud éagsúil againn le hofráil againn dóibh sa Ghaeilge.

    Ach tá an Béarla go mór in vougue faoi láthair na huaire i measc aos óg gach náisiúin agus tá sé an-deacair dul san iomaíocht leis.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s