DUP – Páirti Éire Aontaithe

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigean.  Gach seans go bhfuil ath-aontú na tíre á bhrostú ag an lagtrá eacnamaíochta agus an eigeandáil sa chóras bhaincéireacht.

Tá Sammy Wilson, Aire Airgeadais na sé contae, ag iarraidh ról a bheith ag Feidhmeannas an Tuaiscirt i gcúrsaí NAMA an deiscirt. 

Aondachtóir é Sammy, ní gá a rá, agus is iomaí uair a dúirt sé agus a chomhleacaithe ón DUP roimhe seo go mbeadh sé ina lá fuar in ifreann sara mbeadh cead ag Rialtas an Deiscirt láimh a bheith acu i ghnóthaí an Tuaiscirt.   

D’imigh sin agus tháinig seo, is cosúil.  Nó tá sé anois ag lorg ról a bheith ag Feidhmeannas an Tuaiscirt i gcur chun cinn NAMA, fiú is nach bhfuil sé cinnte go fóill go mbeidh An Aisínteacht Náisiúnta um Bhainistiú Socmhainní.  Seo a bhí le rá aige de réir tuairisce ag an BBC. 

Speaking after Tuesday’s meeting Mr Wilson said: “Nama will obviously have some influence over the management and possible disposal of significant assets located within Northern Ireland, most notably land and development assets.”

“It is imperative that this management adopts a prudent and considered position to ensure the long-term interests of the Northern Ireland economy, and indeed that of the Republic of Ireland, are protected.”

Minister Wilson proposed that the Northern Ireland Executive should have a formal role in taking forward Nama

This would safeguard Northern Ireland’s interests, he said.

Following Tuesday’s meeting, a spokesman for the NI Department of Finance and Personnel said legislation for Nama had not been passed through the Dail as yet.

He said Mr Wilson had pushed for NI representation “at an appropriate level” and that ministers agreed that Northern Ireland would be “fully and appropriate represented with regard to Nama’s holding of loans pertaining to NI assets”.

Is ait an mac an saol, bí cinnte de sin.  Nó is ionann seo agus comhpháirtíócht gnó agus ní bunús ró olc d’aontas níos doimhne a leithéid de chomhpháirtíocht. 

Is cinnte go bhfagann sé iarrachtaí Shinn Féin agus an SDLP ar an gceist  in áit na leathphingine. 

3 thuairim ar “DUP – Páirti Éire Aontaithe

  1. crosbhealaí

    Ná bí ag léamh rudaí isteach i ráiteas Sammy nach bhfuil ann, in ainm Dé, a Choncubhair!

    Tá aondochtóirí an tuaiscirt thar barr ag aimsiú deiseanna chun a gcúraimí féin a chosaint i gcónaí- níl rud ar bith eile i gceist anseo. Tionchar a bheith acu san ar NAMA atá á iarraidh- gan tionchar ar bith ón ndeisceart a cheadú. Cur i gcás a n-iarrachtai leanúnacha
    na forais tras-teorainn (“north-southery”) a lagú ach na forais Thoir/Thiar a neartú.
    Tá sé ráite le fada ag Ian Paisley go nglacfadh sé le hÉire aontaithe ar aon choinníoll amháin- go mbeadh an tír ina iomláin laistigh den Ríocht Aontaithe athuair.Sin an chiall ceart ata le baint as “DUP- Páirtí Éire Aontaithe”.

    Freagra
  2. crosbhealaí

    “..gan tionchar ar bith eile ón ndeisceart i ngnóthaí inmheánacha an tuaiscirt a cheadú”, atá i gceist agam thuas. Aon tionchar a bheadh ag an bPoblacht tri NAMA, is ag leibhéil an mhargaidh a bheadh sé- agus ní ionstraim chun mianta polaitiula a chur chun tosaigh atá i NAMA (cé go bhfuil líomhainti éagsula déanta ar an ábhar sin abhus!!!!)

    Freagra
  3. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    Ní aontaoim go bhfuil Éire aontaithe igceist ag an DUP, cosaint a leas féin atá i gceist ach is fearr an comhpháirtíocht ná an troid aon lá.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s