Aighneacht Aonghuis

Chaith mé seal gairid ag léamh an aighneacht a d’ullmhaigh Aonghus mar fhreagra ar fhoilsiú dhréacht straitéis idirlín Fhoras na Gaeilge don aos óg. Bí ag caint ar lán béil!  

Ar aon nós, tá go leor san aighneacht atá ag Aonghus agus is fiú go mór é a léamh nó, le cois a mholtaí spéisiúla, tá léargas ar leith aige ar chúrsaí riomhaireachta agus idirlín de bharr a thaithí mar innealtóir bog earraí. 

Beidh suim ar leith ag aistritheoirí ina mholtaí.  Is minic mé féin agus Aonghus in adharca a chéile faoi fhiúntas na n-aistritheoirí céanna.  Ach creidim go bhfuilimíd ar aon fhocal faoi seo: gur acmhainn íontach an saineolas atá acu ar theanga na Gaeilge do phobal a labhartha.  Dar liom go bhfuil an saineolas seo á chur amú ar aistriú chaipéisí doleite [caipéisí nach léitear anuas ar sin] i mBéarla go Gaeilge.   Creideann Aonghus go bhfuil sé tabhachtach do sheasamh is stadas na Gaeilge go mbeadh leaganacha de chaipéisí oifigiúla ar fáil sa dhá theanga oifigiúil ag an am céanna.    Tá an ceart aige ar shlí – ach amháin go gcreidimse gur cheart a gheilleadh, mar gheall ar chúinsí eacnamaíochta na linne seo, gur fearrde an Ghaeilge dá gcaithfí ciste an aistriúcháin ar rud éigean seachas caipéisi nach léitear.   Má táím ag déanamh éagóir ar Aonghus, ní sin atá i gceist agam agus déanfaidh mé an ceartú laithreach bonn nuair a chloisim a mhalairt. 

Ach má léann tú na moltaí seo, feicfidh tú go mbeidh úsáid á bhaint as na h-aistritheoirí céanna le h-aghaidh úsáid thar a bheith inmholta.

 

7 Moltaí

 

 

Go leagfaí síos slat tomhais d’éifeacht gach gné den Straitéis Idirlíon, agus go ndéanfaí measúnaí leanúnach air.

 

 

Go fhorbródh an an Foras lámhleabhar logánaithe, agus bunachar téarmaíochta chun na críche sin. Go gcuirfí na hacmhainní seo ar fáil ar líne.

 

 

Go gcuirfí acmhainní foclóireachta agus eile an Fhorais ar fáil ar líne faoi cheadúnas oscailte a cheadódh táirgí a bhunú ar na hacmhainní sin. 

 

 

Go ndéanfadh an Foras scéim aitheantais do dea-chleachtais sa Ghaeilge ar an idirlíon a chuir ar fáil, bunaithe ar mhúnla an gCóras Creidiúnaithe d’Aistritheoirí [CA].

 

 

Go gcuirfí duaiseanna ar fáil do tháirgí – cluichí, físeáin agus táirgí nach iad – a bheadh ar fáil ar líne, a thagadh le haidhmeanna an Fhorais faoi straitéis seo.

 

 

Go rachadh an Foras i bpáirt le soláthraithe na meán Ghaeilge, le féachaint chuige go bhfuil cluichí agus ábhair marsantaithe eile ar fáil i nGaeilge.

 

 

●Go leagfaí freagracht d’aon tairseach a fhorbraítear ar dream cinnte5, ach go mbeadh sé de chumas ag an pobal ar líne ceartúcháin a sheoladh go héasca. 


2 thuairim ar “Aighneacht Aonghuis

  1. colm

    Díreach rud amháin faoi aistritheoirí agus na 7 bpointí a luann tú.
    Is obair chruthaitheach é go leor den obair a theastaíonn, agus ní obair aistriúcháin.
    I gcásanna mar seo ní mór rud a scríobh as an nua seachas é a aistriú. Thógfadh sé níos mó ama, b’fhéidir, ach go mór mór más le haghaidh páistí atá sé, is fiú an dua teanga nádúrtha a scríobh seachas aistriúchán a dhéanamh.

    Freagra
  2. aonghus

    Bhí mé ag caint go sonrach ar comhéadáin do leithéidí Bebo.
    Bíonn na nathanna céanna in úsáid go minic i gcás mar sin – agus tá siad nach mór caighdeánach sa Bhéarla.

    Ach uaireanta bíonn leaganacha go hiomlán difirúil in úsáid i dtairgí logánaithe go Gaeilge.

    Ba mhaith liom caighdéanú a fheiscint ansin – chun go mbeadh na daoine atá ag logánú saor chun diriú ar an méid atá sonrach, agus chun go mbeadh na husáideoirí in inmhe dul i gcleachtadh ar thairge nua go tapaidh.

    Maidir le cearta a ghéilleadh – tá drogall orm é sin a dhéanamh gan barántas láidir go mbeadh luach ar an ngéilleadh!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s