Bhí mé istigh oíche Dé hAoine, ag faire ar an Late Late Show, agus caithfidh mé a rá nár chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.
Ní mór a rá, áfach, gur thuig mé go raibh sé in am roinnt ceisteanna crua a chur ar an dTaoiseach, Brian Cowen, agus, i bhfírinne, nár chuaigh Ryan Tubridy fada a dhothain lena cheistiú. Tá ceist mhór agam faoi neamhspleachas an Late Late Show faoi chúrsaí reatha os rud é go bhfuil urraíocht ar fiú €1.5m á fháil acu ó Ghrúpa Quinn, comhlacht atá páirt nach beag acu sa chonspóid, go h-áirithe chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí an bhainc Angla Éireannaigh.
Bhí go leor tuairiscí is tuairimí sna nuachtáin i gcaitheamh an dheiridh seachtaine agus ar maidin faoin agallamh sin agus an méid a dúirt – agus nár dúirt – an Taoiseach.
Tá fadhb teangan ag an dTaoiseach, sa chiall is go mbionn sé ag baint úsáid as teanga dothuigte na n-údarás agus na gcomhlachtaí ina ghnath chaint agus é ag caint le gnath dhaoine. “Going forward” is a leithéid. Anois tuigim cuid den chaint seo – ach mothaím go bhfuil sé á úsáid chun freagraí beachta ar na ceisteanna crua a sheachaint.
An rud is mó thug mé faoi ndeara faoi seó, go raibh gach aoí a cuireadh faoi agallamh ar an show roimhe seo. Níl sé bliain ó shin ó bhí Brian Cowen ann – bhí Cherie Blaire ann nuair a céad foilsíodh a beathaisnéis agus is minic go raibh Niall agus Gilian Quinn gan trácht ar Brian McFadden agus Joan Collins.
Tá sé cosúl le na scannáin a bhionn á athchraoladh ar RTÉ rialta go maith anois. An chéad uair a thaispeanann siad scannán mór, abair timpeall na Nollag, bionn sé ina ocáid mhór, ach deintear an scannán céanna a chraoladh chomh minic sin ina dhiaidh go n-éiríonn sé tuirsiúil. Is doigh liom go mbionn scannán James Bond ann gach Domhnach i gcónaí.
Beidh sé amhlaidh le na h-aoíanna ar an Late Late Show. Feicfimíd na daoine céanna ag teacht ós ár gcomhair go rialta go dtí go mbeimíd braon díbh – agus tá mo ‘go dtí go’ sroichte agam.
Mar sin, táim ag fágáil slán leis an Late Late Show agus, as seo amach, táim chun úsáid níos tairbhí a bhaint as gach oíche Dé hAoine. B’fhéidir go mbéarfaidh mé mo mhadra ar siul nó go dtosnóidh mé ar an leabhar sin a scríobh agus, corr Aoine, raighidh mé amach le h-aghaidh piúnt nó dhó.
Tá an Late Late Show marbh – agus is dócha go raibh sé amhlaidh fiú roimh do Pat Kenny suí go h-adhmadúil sa rí chathaoir. Tá sé in am bogadh chun tosaigh i bhfirinne agus rud éigean iomlán nua agus radacach a dhéanamh. Cad faoi seó cainte as Gaeilge? Anois bheadh sin éagsúil!
N’fheadar an mbeadh ár dTaoiseach chomh hábalta céanna ag cuir ceisteanna ó dhoras sa Ghaolainn? Ní chuirfidh sé lá iontais orm dá mbeadh!
Agus cén duine, i do bharúil, a Chon, a bheadh in ann a leithéid de seó as Gaeilge a chur os ár gcomhair?
Bhain mé tairbhe as an Late Late, ach is maith liom an dóigh a dhéanann Ryan Tubridy cláir a chur i láthair ar aon nós, eisean agus Mirian O Callaghan.
Maidir leis an gcéad oíche sin le Ryan agus an Late Late, is dóigh liom go mbeadh sé deacair go leor ar aon láithreoir a leithéid de chlár a láithriú mar go mbeadh daoine de shíor á gcur i gcomparáid le Gay, cibé láithreoir a bheadh ann.
An cuimhin leat ‘Ardán’? Bhí an clár sin iontach, ach tuigim go raibh sé fíor dheacair orthu teacht ar aíonna suimiúla chuile sheachtain agus Gaeilge ar a dtoil acu..
…buailimís bos le Liam Ó Murchú – nó bhfuil sibh ró h-og…:-(
Cuimhne mhaith agam air, ó tharla mé chomh sean sin…:-)