An triú sraith de Seacht á scannánú

Is cosúil go bhfuil an tríú sraith de Seacht á scannánú faoi láthair i mBéal Feirste agus tugaim faoi ndeara ón alt seo bhfuil sean chara liom, Tony Devlin, ag glacadh ceann de na príomhrólanna. 

An uair dheireannach a chonaic mé Tony, bhí sé ag glacadh páirte i léiriú Aisling Ghéar, Stones In His Pockets.  B’íontach an léiriú é agus bhí Tony féin thar barr sna páirteanna ina raibh sé iontu. 

Chun an fhírinne a ínsint, cheapas go bhfaca mé an 3ú sraith de Seacht le déanaí ach is cosúl go raibh dul amú orm nó b’é an dara sraith. 

Is cuma liom nó is sraith réasúnta taithneamhach é go gceapaim b’fhéidir go mbainfinn taithneamh níos mó as dá mbeinn níos óige, abair 20 bliain níos óige.  

Beag atá ar TG4 do mo leithéidse.  Cad faoi sraith nua 40 rud éigean!

Aon tuairim amháin ar “An triú sraith de Seacht á scannánú

  1. Oisín Mór

    amharcaim ar 7 mar go bhfuil sé i nGaeilge amháin ach níl sé ‘réasúnta taithneamhach’ ar chorr ar bith i mo thuairmse!Is cosúil gur shuigh roinnt daoine ó TG4 thart ar tábla agus dúirt siad right caithfimid rud eigin ‘edgy’ agus ‘cool’ a dhéanamh agus mar sin tá coincheap gléasta acu ach níor stop siad le aon feoil ar bith a chur ann. Is leir go bhfuil sé tiománta níos mó leis an íomha agus mothann an chaint is an scriopt folamh agus gan aidhm dá bharr. Mar sin titeann an teach cártaí seo as a chéile agus cailleann sé aon ‘cool’ a bheadh aige mar go bhfuil an cur i láthair chomh náireach, bréagach agus móiréiseach sin. Meascann siad suas ‘cool’ le suarachas agus ardnósachas i gcónaí fosta. Éist leis an dialogue mar sin- scairteann gach duine ar a chéile an t-am ar fad! Ní thiocfadh leat rud ar bith a mhothú d’aon de na caractóirí mar go bhfuil siad go léir grána, ardnósach, suarach, adhmadach, truamhéalach nó go bunasach, neamh-fhorbartha. Ní théann tú ar aon turas leo le linn a laethanta ollscoile agus i ndáiríre, ní bheadh fonn ort dul ach oiread. Níl mé féin nó mo chairde i bhfad amuigh ó Ollscoil na Bánríona, Béal Feirste agus ní raibh sé a dhath ar bith mar seo- bhí craic agus gáire againn an t-am ar fad!! Ní bhainim aon chraic nó tairbhe as an chlár seo, ba cheart do na scríobhnóirí amharc ar na ‘Intbetweeners’ nó ar a laghad teacht aníos le roinnt smaointe sula dtosaíonn siad ar ‘scriopt’ nua in áit a bheith ag cur isteach na sean ‘clichés’ go léir. Áfach, anois go bhfuil an clar ar a cosa le cupla sraith anois, b’fhéidir go dtiocfaidh fás agus feabhas ar na gnéithe a thug mé amach fúthú anseo mar, ag an bhomaite, níl ann ach feithicil fhaiseanta F1 spóirt go bhfuil inneal Skoda nó Lada istigh aige faoin húd- beidh mé féin ag féiceáint ar aon nós.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s