Seo an íomhá a foilsíodh ar chéad leathnach an Irish Times ar maidin. Léiríonn sé ceannairí na mór pháirtithe ó dheas, an rogha atá os comhair na votairí ó dheas.
Tá easnamh mhór le sonrú gan amhras. Bíodh is go bhfuil Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin, luaite sa suirbhé TNS/MRBI, agus go bhfuil 28% den phobal sásta leis, níl a aghaidh féasógach le tabhairt faoi ndeara ar an íomhá seo.
An cheist atá agam: An léiríonn seo criochdheighilteachas ag an Irish Times – nó an léiríonn sé laige Shinn Féin ó dheas?
An dá rud.
Déanta na fírinne, tá 3 oiread níos mó tacaíocht a SF ná na Greens, mar sin ní bhaineann sé le méid tacaíochta, sin ceadatán ó dheas fosta, ní bhaineann sé le críochdheighilteachas mar sin.
Baineann sé le polaitíocht.
Nach í Mary Lou an ceannaire ó dheas?
A gnúis siúd ba cheart a bheith ann, mar sin.
Ní bheinn ag dréim le cairdeas ón Irish Times do Shinn Féin.
An dá rud atá i gceist, mar a deir Seán Mór – caol seans go mbeidh SF páirteach i Rialtas deisceartach, fiú i ról mar atá ag na Glasaigh, go ceann tréimhse eile. Ainneoin an tacaíocht acu.
Laige SF ó dheas.Chruthaigh Gearóid MacAdamh san toghacháin deiridh ná raibh aon taithí aige ar an saol ó dheas.Níl i Maru Lou ach ceann des na cailiní nua éirimiúla a dhfeadfadh a bheith in aon phairtí a mbeadh ina bhuntáiste dí féin.Tá dhá le ceannaire nua ó dheas ag SF, duine iomráitheach a bheadh dáirire faoin pholataíocht, a mhacasamhail Máire MacGiolla Íosa, cé go bhfuil fhios agam nách mbeadh aon bhaint léi le SF.