Reifreann Liospóin – Níl Gaeilge eigeantach…níl sí de dhith ar chorr ar bith!

 

Mo leagan den phostaer Béarla

Mo leagan den phostaer Béarla

Agus mé ar an mbóthar inné, thug mé faoi ndeara roinnt postaeir timpeall chathair Chorcaí faoin ath-imirt ar Reifreann Liospóín a bheidh ann mí ón lá inniu.  Postaeir ag moladh vóta ‘Níl’ a bhí crochta ag an bhfeachtas grúpa, Cóir, a bhí ann.  Ar cheann acu tá an manna ‘They Died For Our Freedom – Don’t Throw It Away” agus griangrafanna de cheannairí an Eirí Amach,  Pádraig Mac Piarais, Tomás  O Cléirigh agus Séamus O Conghaile. Teachtaireacht cumhachtach – teachtaireacht i mBéarla amháin in ainneoin go bhfuil sé ag liostáil Pádraig Mac Piarais, Gaeilgeoir dílis, san fheachtas in éadan an Chonartha seo.

 

Tá an claonadh ionam votáil i gcoinne Chonradh Liospóin – níl fonn orm m’intinn a athrú ón uair dheireannach ar votáil mé ar an gceist seo.   Ag an am chéanna, nuair nach bhfuil aitheantas d’aon tsort á thabhairt do mo theanga dhúchais i bpostaeirí Cóir, ar shuíomh idirlín an eagrais, agus cuireann sin olc orm. 

 

Tá an claonadh ionam votáil i gcoinne Chonradh Liospóin – níl fonn orm m’intinn a athrú ón uair dheireannach ar votáil mé ar an gceist seo.   Ag an am chéanna, nuair nach bhfuil aitheantas d’aon tsort á thabhairt do mo theanga dhúchais i bpostaeirí Cóir, ar shuíomh idirlín an eagrais, agus cuireann sin olc orm. 

coirsuiomhAr ndóigh ní ar thaobh ‘Níl’ amháin atá an neamairt.   Fuair mé teachtaireacht r-phoist ar maidin ón Aire Ghnóthaí Eachtracha, Micheál O Máirtín, tugann an r-phost an méid sin le fios ar aon nós, i mBéarla amháin ag moladh dom votáil ar son an Chonartha.  Tá’s agam gur cainteoir brea Ghaeilge an Aire agus, mar sin, ní thuigim cén fath nach féidir le teachtaireacht agus a ainm luaite leis an Ghaeilge a úsáid, fiú cúpla abairt. 

Ar shuíomh fheachtais Fhianna Fáíl, suíomh atá ‘Stronger With Europe’ mar ainm air, níl focal Ghaeilge ach an oiread.   Os rud é go maíonn FF gurb é an pháirtí ar eirigh leis aitheantas mar theanga oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach – pé fiúntas atá le sin, níl a fhios agam anois – ní thuigim cén fath nach seasann an pháirtí leis an nGaeilge ina gcuid litríochta a bhaineann leis an bhfeachtas fíor Eorpach seo.

fiannafailbearlaIs cosúil gur teanga í an Ghaeilge nach bhfuil ‘úsáideach’ do lucht pholataíochta ar an dhá thaobh den argóint.  B’fhéidir go mbeidh orm féin eagras a bhunú – Gaeil ar son Liospóín agus Gaeil in éadan Liospóin – chun a thabhairt le fios do na polaiteoirí nach bhfuil spéis againn ina dteachtaireachtaí aonteangacha. 

Ní fhaca mé postaer ar bith ar son an Chonartha go fóíll, ag páirtí ar bith.   Níl duine ar bith tagtha chomh fada liom ag lorg mo vóta agus más aon teist an fheachtas a bhí ann anuraidh, ní thiocfaidh.   Níl aon fonn ar chos shaighdiúirí Fhianna Fáil – nó baill na bpairtí eile – dul ar an gcanbhas ar son Liospóin agus an tír ina bponc ina bhfuilimíd sáinithe faoi láthair. 

Cén slí a cheapann aon pháirtí go meallfaidh siad mé chun votáil ar son – nó in éadan – an Chonartha seo mura dtagann siad chomh fada liom nó mura labhraíonn siad liom i mo theanga féin, teanga oifigiúil na tíre seo agus teanga oifigiúil freisin de chuid an Aontais Eorpaí.

10 dtuairim ar “Reifreann Liospóin – Níl Gaeilge eigeantach…níl sí de dhith ar chorr ar bith!

  1. Feirsteach

    Lár na Cathrach, Baile Átha Cliath:

    Tá meascán de phóstaeir Fhianna Fáil as Gaeilge agus as Béarla sa chathair.

    Is as Béarla atá amháin atá póstaeir CÓIR, mar a fheictear dom.

    Tá póstaeir IBEC as Béarla amháin chomh maith, mar a fheictear dom.

    Ní fhaca mé póstaeir grúpa nó páirtí ar bith eile go fóill.

    Freagra
  2. deirdre

    Má fuair tú rphost ón Aire mar bhall den rialtas, d’fhéadfá clamhsán faoi a chur ar aghaidh chuig an Coimisiún Reifrinn, mar bheadh sé ag baint mí-úsáid as a sheasamh oifigiúil chun dul i dteagmháil leat, i mo thuairim féin.

    Freagra
  3. Seosamh Ó Beirgin

    A Choncubhair, bheadh sé an-amaideach, an-amaideach ar fad, votáil i gcoinne an reifrinn toisc na bhfuil an t-ábhar poiblíochta le fáil i nGaeilge.

    Freagra
  4. GGN

    Minic go leor a thit polaiteoir amach liomsa théis om ceist na Gaeilge a thógáil ar leac a dorais.

    Deir siad liomsa, ‘they are other issues, you can’t vote on the Irish language’.

    Deirimise leo – ‘you’re right, there are loads of issues, and I demand to hear about them as Gaeilge’.

    Ach ag an am ceanna, ní bheadh fonn orm vótáil ar son na páirithe lán Béarla cibé ar bith, vótálaím ar son páirithe dhátheangach, más lochtach an dhátheangachas fiú.

    Freagra
    1. instsignpost

      Scríobh mé inné chuig Cóir mar seo!
      “Bhfuil postaerí i nGaeilge le cuir suas anseo sa ceantair Ghaeltachta seo?”

      Agus fuair mé an freagra taobh istigh de cúpla uair a chloig!

      “Conas taoi Eoin

      Táimíd ag iarraidh é seo a dheánamh, beidh a fhios again go gairid an mbeidh an tairgead againn.

      Míle buíochas

      Tom”

      Is cosúil gur tháinig an Bórd Snip go luath chuig an dream seo!

      Freagra
  5. deirdre

    “A Choncubhair, bheadh sé an-amaideach, an-amaideach ar fad, votáil i gcoinne an reifrinn toisc na bhfuil an t-ábhar poiblíochta le fáil i nGaeilge.” a deir Seosamh.

    Ach an mbeadh sé amaideach vótáil i gcoinne Liospóin mar

    – thug an AE córas dúin a chuir muid sa bponc ina bhfuil muid faoi láthair
    – brúann sé an domhandú ar aghaidh, ag ligean do na margaí airgid an cleasaíocht ar fad sa chóras bancaeireachta
    – a chothaigh tithíocht chomh daor sin go bhfuil daoine go leor gan a bheith in ann teach a cheannacht – nó a thug orthu morgáiste i bhfad Éireann ró-ard a thógáil amach
    – atá ag cur na mílte as obair gach seachtain
    – a ligeann do NAMA dul ar aghaidh

    Ar ndóigh tá cuid d’airm na hÉireann ar dualgas le NATO san Afghanastáin – ar fhaitíos nach raibh a fhios agat – a bhuíochas don AE.

    Creidim gur chóir dúinn troid chun na rudaí seo a chur i gceart seachas breis cumhachta a thabhairt don AE.

    Freagra
  6. deirdre

    Agus ní hé seo an chéad uair a bhfuil muid i bponc mar seo san AE – tharla mórán an rud céanna sna 80í, agus mhair an lagtrá 10 mbliana an uair sin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s