Suíomh ‘dhá theangach an Daingin’ – ach gan scéal i nGaeilge go fóill

Suíomh snásta é an suíomh Dingle News a sheoladh le déanaí agus é mar aidhm aige nuacht leithnis Chorca Dhuibhne a thuairisciú go beo beathach ar líne.  Tá acmhainn ann le h-aghaidh scéalta Ghaeilge a thuairisciú – ach níl scéal ar bith ann go fóíll.

Nach aisteach an tuiscint é sin ar dhá theangachas!

Mar sin féin is cur chuige inmholta é do phobail Gaeltachta agus Gaelacha na tíre tabhairt faoi suíomh mar seo dá gcuid féin.  Tá sé déanta roimhe seo ag Baile Atha’n Rí is bailte eile.

4 thuairim ar “Suíomh ‘dhá theangach an Daingin’ – ach gan scéal i nGaeilge go fóill

  1. aonghus

    Feictear dom gur lucht gnó an Daingin atá taobh thiar de seo, seachas pobal Chorca Dhuibhne. Ní haon ionadh an easpa Gaeilge mar sin. Níl ach corr gnó sa Daingin a thuigeann buntáiste na Gaeilge dóibh féin, agus tá dream nach beag a fheiceann constaic ann.

    Bhí ionadh orm an suíomh úd fógartha ar Ghaelport mar suíomh “dhá theangach”.

    Seans go mba cheart do Thodhchaí na Gaeltachta a suíomh féin a chuir ar bun, ag tógáil ar an méid atá ar Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

    Tá iris saor in aisce anois ag lucht turasóireachta na Leithinise freisin, agus bhí ar a laghad alt nó dhó i nGaeilge ann.

    Tá Corca Dhuibhne fós i lár streachailt, feictear dom, ainneoin críoch measartha sásúil a bheith ar scéal na Pobalscoile.

    Freagra
  2. Cad a tharla leis an mbeart sin “Corca Dhuibhne ag caint”?
    Níl tasc nó tuairisc de timpeall an Daingle, nó na leithinse!

    Freagra
  3. deirdre

    Ba chóir dúinn liosta a chruthú de na gnónna sa Daingean a thugann seirbhís as Gaeilge, gan aon cheist faoi nó gan deacrachtaí a chruthú.
    Gnónna FAOFA AG AN bPOBAL.
    D’fhéadfaí é seo a dhéanamh ar an idirlíon i dtosach, agus leanacht ar aghaidh ar ball le suaitheantas feiceálach – suaitheantas a d’fhéadfaí a bhaint chomh h’easca lena fháil.

    Freagra
  4. Seán Mór

    Tchím go bhfuil suíomh dhátheangach á fhorbairt ag dream thall ag insideireland.ie Táthar ag lorg moltaí don suíomh san am i láthair. Dúirt mé leo inné gur cheart go mbeifí in ann bualadh isteach go díreach chuig an leagan Gaeilge gan dul fríd an suíomh Béarla ar dtús…. tá féidearthachtaí leis an suíomh sin…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s