Go ndéanaí Dia trocaire ar chúrsaí reatha i nGaeilge…

Tá sceideal nua an Fhomhair fogartha ag RTÉ agus beidh áthas ar chuid agaibh a chloisteáil go mbeidh go leor cláracha ceoil nua ar sceideal RnaG.

Fillfidh an chuid is mó de chláracha na maidine i rith na seachtaine, ach beidh clár nua ceoil agGráinne Ní Dhomhnaill ag 10.00 r.n. ó Luan-hAoine, Geantraí Ghráinne.

Agus….

cuirfear tús le clár nua ceoil agus fógraí, Na Ceithre Cúigí, san fhómhair, á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé agus Áine Uí Laoithe

Agus…

Beidh roinnt athruithe ar sceideal an deireadh seachtaine – beidh clár nua ceoil le Jó Ní Chéide agus Gemma Ní Chionnaith Dé Sathairn, Spleodar an tSathairn

Gan amhras is seod é an ceol traidisiúnta agus caithfear éisteacht leis.  Ag an am chéanna, mothaím go bhfuil rud éigean ar iarraidh ó sceideal nua RnaG.

Níl oiread is clár amháin nua cúrsaí reatha ar an sceideal.  An bhfuil oiread is clár amháin cúrsaí reatha ar an sceideal, gan bacaint an bhfuil sé nua nó sean?

Cuireadh deireadh an Samhradh seo chaite le Seo Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil, dhá chlár phlé cúrsaí reatha ó Bhaile Atha Cliath.  Ní raibh na cláracha féin ró mhaith, dar liom, nó bhíodh painéil ana theorannta acu – ciorcal ana chúng ar fad agus ní raibh réimse leathan tuairimíochta le cloisteáil ar cheachtar den dhá chlár.   Ach is fearr leath dhiospóireacht ná ceann ar bith.

Anois níos mó ná riamh, tá gá le cláracha cúrsaí reatha.  Aithníonn RTÉ féin an méid sin nó tá clár nua cúrsaí reatha ag Pat Kenny ar an dteilifís oíche Dé Luain.  Beidh iar laithreoir an Late Late Show ag cur ‘The Frontline’ i láthair.   Ar ndóigh is ionadaí é The Frontline ar Questions and Answers ach is léir go dtuigeann an craoltóir go bhfuil éileamh ann do chláracha chúrsaí reatha.

Ar ndóigh, an fath go bhfuil dornán cláracha nua cúrsaí reatha ar RnaG go bhfuil níos lú oibre ag baint leo.  Is féidir leo na cláracha a líonadh le ceol ón chartlann.   Go deimhin, tá barúil agam go bhféadfaí córas a chumadh chun ceirníní a sheinnt gan ach corr píosa cainte ann.

Tá sé ráite go neamh bhalbh ag ceannaire RnaG, go bhfuil ciorruithe i bhfeidhm agus go bhfuil sí ag tabhairt faoin bproiseas seo ar mhaithe le postanna a chosaint.  Maith go leor, ach is iad na h-eisteoirí a bheidh thíos leis.

Beidh sraith nua faisnéise ar sceideal RnaG an Fhómhair.

Cuirfear tús le sraith nua faisnéise ar 27 Meán Fómhair – Pobal ar Aire: Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2009.

Gan amhras is maith ann a leithéid – ach is clár faisnéise bunaithe ar abhar chartlainne agus, is dócha, agallaimh le na príomh phairtithe agus iad ag féachaint siar ar eachtraí 1969 ó chompórd an lae inniu atá i gceist.

An bhfuil spiorad 1969 sa chré, in éineacht le cúrsaí reatha tre Ghaeilge?

Aon tuairim amháin ar “Go ndéanaí Dia trocaire ar chúrsaí reatha i nGaeilge…

  1. shinnylites

    A Choncubhair,

    Thaitin an teachtaireacht thuas go mór liom so go raibh maith ‘ad as ucht an ‘update’ ar cúrsaí RnaG.

    Ba aoibhinn liom má bhí níos mó clárachaí á chraoladh as Mhaigh Eo. Níl an oiread aird á thabhairt ar an gceantar saibhir seo agus ar ndóigh tá a gcuid teanga ag lagú chuile lá 😦 Teastaíonn cúnamh RnaG leo lom láithreach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s