Faoi dheireadh thiar, is cosúil, tá Gaelscoil na Camóige i mBaile Atha Cliath ag fáil foirgneamh nua glan, fiú más foirgneamh réamhdhéanta atá ann. Is fada priacal na múinteoirí agus na ndaltaí a bhí ag freastal ar an scoil seo, Lá Nua san áireamh, á thuairisciú sna meáin agus ba mhinic iad ag déanamh agóide faoi na droch choinniollacha ina raibh na páistí á múineadh.
Leagan FG den scéal atá agam – ní fhaca mé an pholaiteoir eile ag lorg creidiúint don scéal go fóill. Bhí go leor acu ann – is cuimhin liom labhairt le Patricia McKenna, a bhí páistí lei ag freastal ar an scoil, agus Mary Lou McDonald a chur spéis sa scéal freisin.
Níos spéisiúla ná sin, is cosúil go bhfuil beatha de short éigean sa Chomhaontas Glas nó tá sé ráite ag brainse amháin ar a laghad den pháirtí go mba cheart comhdháil speisialta a reachtáil chun tuairim an phairtí i dtaobh NAMA a chinntiú agus gur chóír olltoghchán a bheith ann chun dearcadh an phobail a dheimhniú….
brainse den Chomhaontas glas ag iarraidh Olltoghchán ag an am seo?.Tugann sé “Turcaí agus an Nollaig” chun cuimhne do dhuine ach ar a laghad bheadh sé orgánach is dócha
http://cumannnagaeilge.blogspot.com/2009/08/pobalbhreith.html
Ó tharla an breithiuúnas san Árd Cúirt ar phlean ghnó Liam Carroll a thug an breitheamh fanciful” air tá i bhfad níos mó daoine amharasach faoi NAMA mar bheart chun an córas baincéiteacht a shabháil.Chuirim fáilte roimh comhdáil an Comhaontais Ghlais chun NAMA a phlé.Tá dainséar mór ann dul igcoinne breith na hÁRD Cúirte.