Messe ocus Pangur Gasta

Thug mé cuairt ar Pháirc na n-Ainmhí ar Oileán Fóta le na páistí Dé Domhnaigh.   Agus anseo a chas mé ar Pangur Gasta!   Ar ndóigh níl aon ghá don chát seo bheith ag iarraidh meachan a chailliúint, tá sí chomh seang sin.     Má táím ag dul sa treo céanna mé féin, is fada go fóill an aistear romham.

Seo agaibh an griangraf…tabhair faoi ndeara an teachtaireacht ar an dt-léine!  Fuair mé an t-léine sin ó Gaelshirt – agus caithfidh mé a rá go bhfuil an úsáid á bhaint agam as agus a leath bhadóir, an t-léine, Recession Póg Mo Thóin….

MiseagusPangur

Níos déanaí an oíche sin, thug beirt chara ón dtuaisceart dubh cuairt orm agus chuamar amach ag ól i dteannta cheile go dtí an Muileann.  Tar éis roinnt mhaith dí agus argóna, thánag abhaile agus mé beagán ar sheachrán ón mbóthar díreach chun na sláínte agus seangachta.

Ach táim ar ais ar an mbóthar sin arís – agus ní rachaidh mé ar strae arís(!).

Cheannaigh mé an singil ó Bubba Shakespeare agus GMC ar maidin – tá sé go diabhail ar fad.   Maith sibh!  Ceannaigí é go luath agus cuirfimíd amhrán i nGaeilge ar bharr na gcairteacha an chéad uair ó bhí An Poc Ar Buile ann…

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s