Sinn Féin – páirtí na críochdheighilte

Is údar íoróin é, gan tracht ar údar grinn, go bhfuil Gerry Adams tar éis bheith ag taisteal timpeall na cruinne le déanaí ag caint faoi Éire Aontaithe.  Sea níl ann ach caint – cé go bhfuil ‘feachtas’ á thabhairt air ag Fheisire Westminster Iarthar Bhéal Feirste.

Tar éis do filleadh, an Satharn beag seo, thug sé le fios gurb í Mary Lou McDonald, iar fheisire Eorpach an pháirtí agus ‘idir postanna’ faoi láthair, a rogha mar cheannaire an phairtí sa deisceart.

Ar ndóigh is í Mary Lou leas uachtarán an pháirtí.   Toghadh í don phost sin ag Ard Fheis an pháirtí níos luaithe i mbliana.   Níl aon phost tofa eile aici taobh amuigh den phairtí.

An cheist atá agam:  cé acu an bhfuil an ról nua atá luaite leis an leas uachtarán, ceannaire an phairtí ó dheas, ag daingniú meoin na crioch dheighilte sa pháirtí?   Agus más i an leas uachtarán, agus í ina ceannaire ar an bpáirtí sna 26 contae, agus gurb é Gerry Adams ceannaire an phairtí agus a ról teorannta go dtí an tuaisceart, an féidir a rá go bhfuil tosaíochtaí agus tuiscintí an pháirtí ar straitéis agus ar thabhacht an deiscirt bun os cionn nó droim ar ais?

Inniu, san Uaimh, tá Sinn Féin ag cruinniú ag iarraidh treo agus brí an pháírtí san am amach romhainn a ríomh.  Léirigh roinnt eachtraí le tamall gairid anuas go bhfuil a méar bainte de chuisle na tíre agus go bhfuil siad ag imirt faoin bhuille.

Cé go n-aithním go bhfuil go leor daoine macanta is diograiseach i Sinn Féin, daoine a chreideann go bhfuil siad ag beartú ar son athaontú na tíre, sprioc a thugaim tacaíocht dó mé féin, creidim go bhfuil an páírtí caillte agus gan brí faoi láthair agus faoin cheannaireacht atá acu anois.

Aon tuairim amháin ar “Sinn Féin – páirtí na críochdheighilte

  1. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    Mairtin Ferris ag fanacht do na dúnmharfóirí ag geataí priosún Cáisleán Riabhach iarsma leanúnach de phairtí atá marbh sa deisceart.Tógfaidh sé níos mó na léas cheannaire doighiúil[An bhfuil sí fós ?!!!! Toireasa níos fearr anois]chun SF a chur chun tosaigh sa deisceart.Ní ghá le Gearóid Mac Adhamh aon deabhadh a bheith air ag teacht ar áis ón a gcamcúirt. Bhí SF igcónaí níos tabhachtaí i SAM ná sa deisceart.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s