An G-spota….

Ar bhóithrín na smaointe – nó ar mór bhealach an eolais – tháínig mé ar an bpíosa seo a scríobh mé le h-aghaidh Lá na blianta ó shin.  Tá sé anois ar fáil ar shuíomh den scoth Eoin Uí Riain.  An Ghaeltacht.    Is oth liom nach bhfuil an diospóireacht tar éis bogadh chun tosaigh ó shin agus, dá bharr sin, go bhfuil an Ghaeltacht anois ar an gcúlchos de bharr an meid atá ráite i dTuarascáíl Mhic Carthaigh.

Ar aon nós, seo chughaibh an athshamhlú a rinne mé ar an nGaeltacht i 2006.   Ní raibh an chaint seo teorannta le teorainneacha…..

Beag áit ar fuaid an domhain nach bhfaighfeá an “M” mór ann os do chomhair amach.

“Tá sé in am deireadh a chur leis an phlé maidir leis an Ghaeltacht sna téarmaí ina bhfuil sé frámáilte faoi láthair. In áit bheith ag caint ar theorainneacha , ba cheart dúinn bheith ag caint ar dheiseanna fiontraíochta is dul chun cinn.”

“Cothrom “M” mór McDonalds a bheadh ann, nó mura dtagann an chomparáid sin le do dhearcadh ceart chreidmheach polaitiúil, comhionann an bhrait ghlais a fhaigheann scoileanna ar fuaid na tíre chun a ndea chlú maidir le cúrsaí timpeallachta a chur in iúl.”

“M” mór McDonalds atá i gceist agus tá a fhios ag an taistealaí cad a bheidh ar fáil má ghabhann sé isteach faoi áirsí an “M” sin. Beidh biachlár ar leith ann, bia de chaighdeán áirithe agus seirbhís de chaighdeán áirithe anuas air sin.

Tá cosúlachtaí áirithe ann idir scéal McDonalds agus scéal na Gaeilge ar fuaid an domhain. Tá pobal líonmhar ar fuaid an domhain a labhraíonn Gaeilge – cúpla seachtain ó shin bhí scéal i Lá ag tabhairt le fios go raibh breis is 25,000 cainteoir Gaeilge i Stáit Aontaithe Mheirceá.

Má chreideann tú an léamh is sprionlaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge i nGaeltachtaí na hÉireann, is ar éigean go bhfuil an méid sin ann fiú.

Tá a fhios ag Lá, mar shampla, ó bheith ag déanamh anailíse ar na staitisticí a bhaineann le híoslódáil na n-eagráin PDF ón idirlíon nó na podchraoltaí, go bhfuil éileamh domhanda ann ar an Ghaeilge.

Ní againne amháin atá an teolas seo nó féach go bhfuil seirbhís leathanbhanda teilifíse á cur ar fáil ag TG4 , saor in aisce, ar fuaid an domhain ó thús mhí Iúil seo caite.

Cuid mhór de phobal léitheoireachta Beo.ie, mar shampla, tá siad lonnaithe taobh amuigh den tír seo.

Agus tá Global Gaeilge, comórtas idirnáisiúnta do ghrúpaí Gaelacha ar fuaid an domhain, á reáchtáil ag Glór na nGael. Cá fhad go mbeidh an phríomhdhuais á baint ag grúpa ó Frankfurt nó ón Astráil nó ó Mheirceá ní amháin sa chomórtas Global Gaeilge ach i gcomórtas Ghlór na nGael trí cheile?

Mar sin de, ní hamháin go bhfuil pobal Gaeilge idirnáisiúnta ann – ach tá siad ag éileamh seirbhís trí mheán na Gaeilge.

An dúshlán atá romhainn riar a dhéanamh ar an éileamh sin. Rith an smaoineamh liom gur cheart tabhairt faoi seo ar bhonn gnó, is é sin le rá saincheadúnas a dhíol le pobail idirnáisiúnta chun Gaeltacht a thabhairt orthu féin. Ní amháin go mbeadh táille réasúnta ard le híoc ag an phobal chun go mbeadh sé de phribhléid acu ‘Gaeltacht’ a thabhairt orthu féin.

Anuas air sin, bheadh orthu caighdeáin áirithe a bhaint amach ó thaobh labhairt na Gaeilge de – an bhéim ansin ar an mheon is an iarracht seachas ar an gcaighdeán, i dtús ama pé scéal é. Agus ó thaobh reachtáil pobail trí mheán na Gaeilge – oideachas, cúrsaí eaglasta, ocáidí sóisialta, cumann don óige (craobh de na Gaeil Óga, Feachas, Ógras) &rl.

Abraímis go mbeadh taille €100,000 le híoc acu in aghaidh na bliana don phribhléid sin – dhéanfaí an t-airgead a infheistiú i síolchiste le go mbeadh sé ar fáil do thionscnaimh úra a bheadh ar leas na nGaeltachtaí ar fad – mar shampla, mar a bhíonn ciste d’Oireachtas na Gaeilge nó a leithéid.

Ar son an airgid sin bheadh roinnt ábhair is tacaíocht ar fáil don Ghaeltacht Idirnáisiúnta seo. Bheadh seirbhís TG4 ar fáil, ar leathanbhanda, do gach teach a bheadh cláraithe leis an bpobal. Bheadh Raidio na Gaeltachta, Raidio na Life, Raidio Fáilte, Lá, Foinse, Beo.ie agus eile ar fáil freisin. Bheadh ceoltóirí agus amhránaithe móra na Gaeilge ar fáil, ranganna Gaeilge ar an idirlíon, cúnamh airgid le haghaidh cultúrlann a thógáil san áit, áis ina mbeadh siopa leabhair is caifé is amharclann. Gach rud beo a shamhlaíonn tú le pobal Gaeilge/Gaeltachta in Éirinn, bheadh sé ar fáil anseo.

Agus mé ag smaoineamh liom go fánach ar an dtuairim seo, rith sé liom go bhféadfaí comhlacht caidrimh poiblí, dream ardchlú ar nós Mitchell agus Kane ó Bhéal Feirste, an dream a dhear an sainchomhartha d’Fhoras na Gaeilge is grúpaí eile nach iad, chun sainchomhartha inaitheanta do na pobail seo a chumadh. Táim ag baisteadh an “G” spota ar an sainchomhartha seo cheana féin ach ní chuireann seo cosc ar dhuine theacht aníos le rud éigin níos…feiliúnaí.

Cothrom “M” mór McDonalds a bheadh ann, nó mura dtagann an chomparáid sin le do dhearcadh ceartchreidmheach polaitiúil, comhionann an bhrait ghlais a fhaigheann scoileanna ar fuaid na tíre chun a ndeachlú maidir le cúrsaí timpeallachta a chur in iul.

Chuirfeadh an ‘G’ spota in iúl don té a thabharfadh faoi ndeara é gur Gaeltacht a bheadh i gceist. Bheadh sé chomh hinaitheanta do Ghaeilgeoirí is atá na sainchomharthaí eile thuasluaite don domhan.

Agus ansin rith sé liom, go gcaithfí tús a chur leis an scéim chraiceailte seo in áit éigin. Cad faoi anseo in Éirinn? Tá Gaeltachtaí againn cheana féin. Tá pobail ann freisin a d’fhéadfadh tús a chur leis an obair.

Tá sé in am deireadh a chur leis an diospóireacht maidir leis an Ghaeltacht sna téarmaí duairc is lagmhisniúil ina bhfuil sé frámáilte faoi láthair. In áit a bheith ag caint ar theorainneacha, ba cheart dúinn bheith ag caint ar dheiseanna fiontraíochta is dul chun cinn.

An oibreoidh an teoiric seo má chuirtear i bhfeidhm í? Cá bhfios? An oibríonn an teoiric mar theoiric? Sin scéal eile. Má tá barúil agat faoi, cén fáth nach nochtann tú an bharúil ar an suíomh úr blagadóireachta atá tosnaithe ag Lá mar áis chun plé a dhéanamh ar athshamhlú na Gaeltachta, an t-athshamhlú atá riachtanach dar leis an nuachtán le go mbeidh Gaeltachtaí ní amháin beo ag deireadh an chéid seo ach faoi bhláth is rathúnas.

Tá an suíomh idirlín seo ar fáil ag gaeltacht21.blogspot.com. Ná bí cuthallach, ná bíodh drogall ort teacht chun tosaigh le do bharúil, cibé chomh craiceáilte is a shamhlaíonn tú é bheith. (N&iacutel an nasc seo ag obair anois 2/4/2008)

Tá fáilte roimh gach barúil, craiceáilte nó stuama ar an suíomh úr seo agus foilseofar cuid de na tuairimí i leathanaigh Lá amach anseo. Cá bhfios nach smaoineamh ‘craiceáilte’ a thabharfaidh an Ghaeilge slán!

4 thuairim ar “An G-spota….

  1. Feirsteach

    Maith thú, a Chonchubhair.
    Is tús maith (eile) í leis an díospóireacht tábhachtach seo ar aon nós.

    Mar eolas, tuigeann tú nach bhfuil an blag sin gaeltacht21.blogspot.com ag feidhmiú a chuile.

    Beidh mé ag déanamh mo mhachnamh féin ar an treo chun tosaigh sna seachtainí amach romhainn agus tiocfaidh mé ar ais chugat.

    Freagra
  2. Séan Míchaél Ó Donnchadha

    Maith an smaoineamh.Beidh Éireannaigh ag dul ar imirce aris leis an ghearr chéim eachnamaíochta agus bheadh an tseirbhís seo an – óiriúnach dóibh.An Gaeilge a cheangail leis an bhfionntraíocht, sin é an bhóthar ceart.

    Freagra
  3. colm

    Suimiúil, ach cén fáth an gcaithfeadh dream ar bith €100,000 sa mbliain ar sheirbhísí atá saor in aisce ar an idirlíon?

    I mo thuairim mheáite féin, theastódh plean i bhfad níos fearr ná seo ó éinne a bheadh ag íoc an méid sin airgid.

    Ach má creideann tú ann, cuir tusa na seirbhísí sin ar fáil. Bheadh airgead ag teastáil uait chun tosú, agus faraor ní dóigh liom go bhfuil banc ar bith in Éirinn a chuirfeadh an t-airgead ar fáil sna cúinsí atá ann anois, leis an gcúlú eacnamaíochta srl. D’fhéadfá dul chuig an Údarás, ach arís, tá tú i bponc ansin mar beidh siad ag cur ciorruithe i bhfeidhm, freisin. Ní fheicim aon bhealach as, ach maoiniú a fháil as do phóca féin, mar sin, chun an togra a bhunú.
    Ach mar a déarfadh an Bhagwan fadó, “Déan é”.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s