Faoiseamh de dhith tar éis na deireadh seachtaine….

Deireadh seachtaine saoire bainc mo thóin!   Bhí an deireadh seachtaine díreach caite an ghnóthach anseo i gCúil Aodha agus muintir na h-áíte go dícheallach ag ullmhú le h-imeachtaí éagsúla.   Faoiseamh atá i gceist le tús na seachtaine úire.

Faoiseamh agus pleisiúr atá i gceist nuair a fhoilsítear an eagrán is déanaí de Nuacht 24, príomh nuachtán náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeilge, agus nuair a chuirtear in iúl don phobal an méid sin leis an teachtaireacht úd ar An Druma Mór.  Ní túisce go mbionn an eagrán is déanaí ar mo scaileán ná go mbím ag súil go mór leis an gcéad eagrán eile.

Mar atá ráíte agam anseo roimhe, is ag Nuacht 24 atá seilbh na liathróide chomh fada agus a bhaineann sé leis an ‘gcomórtas’ atá á reachtáíl ag Foras na Gaeilge chun comharba a aimsiú ar Foinse, a lig siad leis imeacht le sruth i mí an Mheithimh.   Tá Eoghan  O Néill agus a cháírde chomh fada sin chun tosaigh go bhfuil sé geall le bheith ag amharc ar Chiarraí ag tabhairt greadadh nach beag do pheileadóirí Bhaile Atha Cliath ar bhrat Bhriotanach Pháirc an Chrócaigh Dé Luain.  Is Corcaioch mise agus, mar sin, mothaím pian lucht peile na hArd Cathrach – cé go gcreidim go raibh sé aiféiseach go raibh talamh tirim á dhéanamh ag na trachtairí peile de ‘chosa nite’ na gCiarraíoch.  Ní h-ionann an rud a ghuíonn tú ar a shon agus an rud a tharlaíonn ar pháirc na h-imeartha, tá’s agat.

Ach ní chuige sin atáim.  Is le moladh a thabhairt do Nuacht 24 atáim inniu – agus ní de bharr go gcuirim féin colún ar fáil go deonach don nuachtán atáim ag déanamh san.  Bhíos ag léamh Nuacht 24 ar maidin agus, mar a dheinim go rialta, tosnaím le colún mo shean chara, Gearóid O Cairealláin.   Bhíodh ‘Seo an rud’ ó pheann Ghearóid ina bhuaic phointe i Lá – agus is deas liom go bhfuil faobhar ar pheann Ghearóíd aris agus Nuacht 24 ar an bhfód.

Bhí sé ag tagairt do na Gaeil móra le rá a bhí ag scríobh in altanna i Nuacht 24 roinnt seachtainí ó shin, ag scríobh agus na deora ag sileadh óna súl, faoi ná raibh aon nuachtán Ghaeilge ann níos mó anois go raibh Foinse á bhású ar an slí céanna is ar cuireadh Lá Nua chun báis roimhe sin.

Nách dtuigeann na saoithe seo an íoróin a bhaineann le bheith ag rá a leithéid in altanna atá á fhoilsiú i Nuacht 24, an t-aon nuachtán Ghaeilge atá fagtha.     Dearcadh sean fhaiseanta ar nuachtáin atá ag lucht caointe Foinse – agus ní chreidim ar feadh noiméid gur chaoin siad deor le bás Lá Nua nó níor áirigh siad an nuachtán sin ina nuachtán cheart ar chorr ar bith.

Tá anailís ghéar ag Gearóid ar na bhfathanna lena dearcadh maslach, fiú más dearcadh neamh choinsiasach é, i leith Nuacht 24 agus Lá Nua.   Creideann sé gur dearcadh crioch dheighilteach atá ar chúl cuid den mheoin aigne sin – ach léiríonn an dearcadh freisin an spleachas maraitheach atá ag céasadh na Gaeilge agus na nGael le tamall anuas, an spleachas tachtach seo ar an Stát.

Is léir go bhfuil sé sa bhfuil ag cuid againn, nach féidir le glacadh le rud ach é bheith tite anuas chugainn mar a thitfeadh blúirín aráin ó bhórd bídh an Stáit.  Ní foirfe go faofa ag an Stát is cosúil.   Ar ndóigh má tá an Stát ag seachaint na dualgaisí atá air – agus má tá dream eile go neamhspleach ag seasamh sa bhearna agus ag déanamh na h-oibre sin – ba cheart duínn bheith buioch agus ag áireamh na mbeannachtaí.

Agus chun riar a dhéanamh ar an gcur chuige craiceáílte sin, tá Foras na Gaeilge ag reachtáíl comórtais chun nuachtán nua a fhoilsiú.    A leithéid d’amaidí.  Is aimsir na h-eigeandála é seo – ba cheart don bhForas a rá, ós ard, go bhfuil siad ag tabhairt urraíochta do Nuacht 24 arbh fhiú €100.000 sa bhliain é abraimís agus nach bhfuil siad chun leanúint leis an gcomórtas craiceáilte seo.   Ní gá comórtas poiblí a reachtáil ar son urraíochta – thug siad urraíocht €65,000 don Sunday Independent chun dluth dhioscaí maidir le foghlaim na Gaeilge a scaipeadh agus ní raibh comortas ann chuige sin.

Níor cheart go mbeadh ar Nuacht 24 aon athrú a dhéanamh ar an módh scaipeachán – ach b’fhéidir go gcuideodh seo leo daoine a íoc – agus nílim ag caint orm féin nó ní ghlacfaidh mise pingin as mo cholún – mar is ceart.     Bheadh sé seo ina shocrú eatramhach go dtí go mbeadh Nuacht 24 – agus ní aon ‘carpetbagger’ eile – in ann socrú ceart a dhéanamh leis an bhForas nó cibé dream a thagann i gcomharbacht ar an bhForas chun nuacht sheirbhís atá maoinithe mar is ceart a chur ar fáil.

Tá ré nua breactha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le foilsiú tuairisc McCarthy.  Tá na baincéirí agus na forbróirí is na polaiteoirí a thug go dtí an poll ifrinn seo sinn ag suí go te agus taimíd go léir ceaptha le h-ioc as a bhfeall agus a bhfaillí.     Tá modhanna nua oibre ag teastáil chun torthaí nua fónta a bhaint amach.  Má leanaimíd lena sean módhanna, ná bíodh íontas orainn má bhionn na torthaí tubaisteacha céanna ar an saothar.

5 thuairim ar “Faoiseamh de dhith tar éis na deireadh seachtaine….

  1. Seosamh Ó Beirgin

    “príomhnuachtán náisiúnta agus idir náisiúnta na Gaeilge”!An bhfuil tú i ndáiríre?

    San eagrán reatha de Nuacht 24 (02/08/09)tá agallamh ann le Kevin Myers agus níor bac lucht Nuacht 24 an rud a aistriú ó Béarla go Gaeilge. Níl sé sin inmhaite cuma cé comh gann is atá an t-airgead.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    cén uair a bhéas do pháipéar nua lán gaeilge féin ag teacht amach,? A Sheosaimh.Is cinnte nach easpa airgid ach easpa daoine agus easpa ama a ba chúis le é a bheith i mbéarla. Nach gasta atá an focal cáinte ar bhéal cuid de na daoine.

    Freagra
  3. GGN

    Maith thú a Sheosaimh, rinne tú Gaeilgeoir maith asat féin ansin, gearáin gan fáth.

    Bíodh a fhios agat gur rud deonach é Nuacht 24 a bheag nó mhór, daoine ag briseadh magairlí s’acu ag an fhronta ar mhaithe leis an teanga agus ar mhaithe leis an teanga amháin.

    Cad chuige nach féidir leatsa dul i dteagháil leis an phaipear chun do chuid seirbhísí a ofráil?

    “príomhnuachtán náisiúnta agus idir náisiúnta na Gaeilge”

    Tá sé dáirire – is é Nuacht 24 an t-aon páipeár Gaeilge!!!! bunaithe ag na daoine ceanna a bhunaigh Lá!

    Bunaigh tú féin paipear níos fearr is tar ar ais chugainn,

    Mar a dúirt Chris Rock ‘Is breá liom na Gaeil, is fuath liom Gaeilgeoirí’

    Freagra
  4. Concubhar O Liathain

    Bheadh sé go deas agallamh le Kevin Myers a léamh i nGaeilge ach ba dheacair a chreidiúint gurb eisean a bhí ann, an méid atá ráíte aige faoin teanga agus pobal a labhartha, ag labhairt i nGaeilge.

    Ar ndóigh, níl Nuacht 24 gan locht. Bhí lochtanna ar Lá/Lá Nua freisin – ach an rud nach dtarlaíonn le Nuacht 24 – agus nár tharla le Lá Nua – níor eirigh siad /muid chomh lán le cac agus gur cheap siad/muid go rabhmar gan locht agus gur thugamar ‘príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ orainn féin, gan údar.

    Anois is é Nuacht 24 an t-aon nuachtán Ghaeilge agus is maith ann é. Má bhionn an nuachtán a roghnaíonn an Fhoras le bheith ina chomharba ar Foinse leath chomh maith le Nuacht 24, beidh sé ag déanamh go maith.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Ná bí ag cumadh leithscéalta dóibh, a Choncubhair. Is é an riachtanas is bunúsaí d’aon nuachtán Gaeilge, bíodh sé náisiúnta, idirnáisiúnta nó cibe, ná go mbeadh an stuif atá ann i nGaeilge. Muna raibh siad in ann alt Myers a aistriú in am, tiochfadh leo é a fhágail ar lár do dtí an chéad seachtain eile nó an seachtain ina dhiadh sin fiú. Ní dóigh liom gur scéal eisióch aon rud atá le rá ag K.M. faoin nGaeilge.

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s