Ó trom go h-éadrom II

Seachtain amháin caite ar an aiste bídh seo agus ar éigean go n-aithním mé féin.  Mothaím níos beoga, níos fuinniúla, nios dearfaí i ngach gné dem shaol.  Tús maith leath na h-oibre gan amhras ar bith.

Ní raibh an seachtain cruaigh ná baol air – cé go raibh amannta ann nuair a cuireadh cathú orm – agus amannta freisin nuair a ghéill mé.  Ach má ghéill mé an uair amháin, mála brioscáin prataí má tá an oiread sin suime agat san ábhar, bhog mé ar aghaidh ar bhóthar mo leasa.

Aiste bía dian go leor atá ann – laghdaitear an líon calra a bhionn á ithe agat ó thart ar 3,000-2500 go dtí 1,500 ar a mhéid in aghaidh an lae.

Má úsáideann tú 500 calra fuinnimh, is ionann é agus leath phúnt meachan.  Mar sin, is ionann laghdú 1,000 calra ar do chuid aiste bídh in aghaidh an lae agus púnt níos lú meachan a ithe.   De réir na teoirice, mar sin, beidh do chorp ag úsáid na calraí storáilte – sé sin an bonn sa bhreis thart ar mo choim! – chun bheith beo.

Agus is é sin an slí a chailleann tú meachan.

Ar chailleas meachan le linn na seachtaine?  Ceist mhaith, a chara, tá áthas orm gur chuir tú an cheist.  Ar dtúis lig dom an chomhthéacs a mhiníu duit agus ansan tabharfaidh mé freagra duit ar do cheist.  Ar dúirt mé gur ceist mhaith a bhí ann?

Ní mór duit a thuiscint gur dhearna mé botún an tseachtain seo chaite – dúirt mé go raibh 21 cloch cúig phúnt á iompar agam.    Ní raibh sin ceart – bhí mé sé phúnt níos eadroime nuair a meadh mé – sé sin bhíos 20 cloch 13 púnt.   Pé slí a tharla sé, b’fhéidir ná raibh mé ‘tiúineáílte isteach’ i gceart agus an chomhairleoir ag labhairt liom agus níor chuala mé mar is ceart í.  Tarlaíonn sé ó am go chéile – cur ceist ar mo bheanchéile croí cráite!

Ar aon nós, tá mé ag teacht chuig freagra na ceiste.  [Eag: brostaigh ort, beidh an scealloglann ag druidim gan mhoill agus tá fonn orm dul le h-aghaidh mála sceallóga is trosc – ní h-ionann agus troscadh – batráilte]

Arís, cuirim an cheist, cé mhéid meachan ar chaill tú?    Tog go bog é, cad é an dithneas atá ort?

Bhí mé ag iarraidh an scéal a mhíniú duit – chaill mé sé phúnt sara d’fhag mé oifig an chomhairleora an seachtain roimhe ar chorr ar bith (de bhrí gur ghlac mé síos an suim mícheart – tá sé saghas cosúil leis an carta ‘seans’ sa chluiche Monopoly, earraid bainc ar do shon].

Agus, drumaí á bhuaileadh agus trumpaí á shéideadh, chaill mé sé phúnt eile le cois le linn na seachtaine.  Ciallaíonn sin go raibh mé 20 cloch seacht bpúnt tar éis an chéad seachtain – nar mhair ach sé lá mar a tharlaíonn sé ach sin scéal eile do lá eile.

Táim ag scríobh an ailt seo agus cuid is mó den dara seachtain – seachtain ocht lá! – caite agam agus beidh le feiscint cé acu an leanfaidh an tanú seo ag an ráta céanna.

Táim dóchasach gur lean sé – cé nach bhfuilim ró chinnte go mbeidh toradh chomh soiléir agam an dara seachtain.

Is é an rud tabhachtach, áfach, go bhfuil an aiste bídh tosnaithe agus tá sé anois ar siúl. Ní gá dom bheith imníoch níos mó faoin dial rud a thosnú.   Agus ní ‘dial rud’ é ar aon nós ach cara de short.

Thárla sé go raibh orm dul chuig an dochtúir le h-aghaidh scrudú rialta – agus deirtear liom go bhfuil mo bhrú fola ‘den scoth’ – 115/75.  Sin titim nach beag ón uair dheireannach go raibh mé faoi scrúdú – bhí sé thart ar 135/85.

Ach ní h-iontas sin, agus mé ag rith is ag ráis ar fuaid na h-áíte, tá mála prataí amháin, a bhí im bholg, nach bhfuil á iompar agam.

Leanfaimíd linn agus beidh a thuilleadh scéalta agam an tseachtain seo chughainn, ach go h-áírithe tabharfaidh mé cúntas ar mar ar tháinig mé slán ón oíche nuair a cuireadh an muc ar róstadh ar ghob….

Meachan caillte an tseachtain seo: 6 phúnt

Mo mheachan:   20 cloch 7 bpúnt

Meachan le baint amach: 15 cloch

4 thuairim ar “Ó trom go h-éadrom II

  1. séamus Mac Seáin

    crothnaigh me an talt ar Nuacht 24 an seachatain seo agus is maith a bheith a léamh anseo.B’éigin domh cúpla cloch a chailleadh de bharr deachrachtaí sláinte roinnt bliana ó shin agus d’éirigh liom a bheag nó a mhór mo mheachán a choinneáilt síos.D’úsáid mé an córas 80/20 i gcónaí i.e má choinníonn tú leis 80% den am is féidir é a bhriseadh 20% den am.Sílim go laghdaíonn sin an claonadh atá ann meachán a chailleadh go gasta ach é a thógáil chomh gasta céanna. ach an cheist atá agam ,an é an Concubhar céanna é an Concubhar a bhfuil “com seang singil” aige ?

    Freagra
  2. caomhán

    Bhfuel ba chóir domsha cúpla púnt a chailleadh chomh maith agus bainfeadh mé usáid as do sampla mar spreagadh dhom fhéin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s