Tuairisc na scoilte

Cuireadh ceist ar Mao uair amháin faoina dhearcadh i leith Réabhlóid na Fraince. Dúirt sé go raibh sé ró luath le rá, fiú go raibh sé ag caint beagnach 200 bliain i ndiaidh na Réabhlóíde sin.

Níl seachtain caite ó fhoilsíodh Tuairisc McCarthy nó An Bórd Snip Nua – agus creidim go bhfuil sé ró luath breith iomlán a thabhairt air cé go gcreidim go bhfuil an cumhacht ag an dtuairisc seo an stat seo a scoilt ar bhealach atá chomh bunusach sin nach n-aithneoimíd é. Béimíd ar nós Oisín ag filleadh ó Thír na nÓg na céadta bliain ón uair gur fhag sé a fhód dhúchais.

alt spéisiúil san Irish Times ar maidin ag caint timpeall ar an dtéama seo.

Battle lines for urban-rural confrontation have been drawn. In that classic Irish tradition of marking the man and not the ball, Irish Farmers Association president Pádraig Walshe told protesters in Cavan on Sunday that the report was written by “Dublin 4” economists who do not know how the rural economy works. Yet, the import of the McCarthy report suggests rural Ireland has been in receipt of disproportionate privilege from the exchequer.

The report says the Government should: amalgamate small rural primary schools, cease funding for the Rural Transport Scheme, terminate the Suckler Cow Scheme, close the Rural Environmental Protection Four Scheme (Reps), suspend the Western Development Commission, reduce the allocation for local and community development programmes, possibly privatise Bord na Móna, and rationalise Teagasc offices. Oh, and abolish the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs.

The report did not mince its words. Rural Ireland will perceive itself to be under attack, with proposals beginning with verbs such as amalgamate, cease, discontinue, terminate, abolish and close. This is where implementation of the McCarthy report will face its biggest challenge.

Glacaim leis gur de bhunadh cathrach an scríobhneoir seo agus nach n-aithníonn sí na buntáistí atá faighte ag Baile Átha Cliath de bharr mí rialtas Fhianna Fáil agus cibé dream a bhionn ag leath bhadóireacht leis an bpáirtí sin. An Luas, an Dart, an bonneagar ar fad atá ina thalamh tirim sa chathair ach a chaitear saothrú go dian ar a son fán dtuath. Mar shampla, ar an gCeathrú Rua agus i go leor ceantracha eile ar fuaid na tíre, ní féidir an t-uisce a ól ón sconna. Tá sé lofa. Ar ndóigh níor óladh uisce ón sconna sa chathair le linn ré an Tiogair – níor óladh ach uisce i mbuidéil galánta.

Ní séanadh an méid sin ar na buntáistí a fuarthas fán dtuath. Nó a raibh le fáil ag sciar ar leith den bpobal fán dtuath. De reir loighic Charlie Haughey agus a chomharbaí, de réir mar a líon an taoide, d’ardaíodh gach bád san uisce. Ar ndóigh bhí Fianna Fáil agus a gcáirde ar bhórd na luaimheanna galánta agus bhí an chuid eile againn i leath bháid is sean churachaí!

Agus ansan, de bharr mí rialtas Charlie agus Bertie is Brian, táimid go léir anois ar snámh i ndíle an éadóchais. Ach tá lucht seolta na luaimheanna fós sna luaimheanna agus táimid go fóill sna sean churachaí.

Anois an t-am le meabhrú ar cá bhfuilimíd ag dul – nílim ag iarraidh ‘geilleagar’ seachas ‘pobal’. Nílim ag iarraidh go n-íocfadh mo pháistí as peacaí mo ghlúinse nó go n-íocfadh na h-easláin an éiric atá dlite uaimse.

Tá gá le athrú dearcaidh uaim agus uainn go leir le teacht slán. Más amhlaidh go mbeidh an tír banc bhriste, béidh an IMF istigh chugainn gan mhoill agus béimid go léir ag íoc go daor an uair sin.

Tá gá le h-athrú Rialtais gan moill. Níl aon muinín agam as na pairtithe atá i gcumhacht faoi láthair. Ar maidin bhí FF agus FG ag argóint faoi cé acu ar cheart pairc glas a bheith ar chúl Teach Laighin nó carr chlós.

Tá fonn orm Fianna Fáil a chur os cómhair na cúirte – ní bínse fiosruithe – chun go gcuirfí iochaill orthu íoc as a gcuid mí rialtais go dtí seo.

Ach ni sin an tosaíocht faoi láthair. Caithfimid teacht ar chomhthuiscint nua faoi nadúr na tíre seo – an bhfuil an geilleagar ag obair ar son an phobail nó an bhfuil an pobal ag sclabhaíocht ar son an gheilleagair?

Mura réitímid an cheist seo, deinfear scoilt ar an dtír seo a bheidh níos buaine agus níos fuiltí ná an gcrioch dheighilt atá linn mar oidhreacht ar an gcogadh cathardha dheireannach ar an oileán seo.

2 thuairim ar “Tuairisc na scoilte

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Anailís maith ar cúrsaí óilc A Choncubhair.Tá baol ann go bhfuil an scoilt taréis tarlú ceanna féin.Bhí mé ag éisteacht le buíon atá ag criochnú ag an ollscoil le déaní agus bhí gach mac mathair acu ar tí bailiú leó ar an bád bhán go Ceanada, áit ar shabháil a chuid rialúcháin airgid iad ó fadbhanna an Tiogair Cheiltigh.Gan dabht tá an Bord Snip [ masla don Ghaeilge] an-dhian ar muintir na tuaite.Le linn ré an Tíogair bhog an bhorradh go mór i dtreó Baile Ath Cliath agus cósta oirthear na tíre.Na daoine sa Rialtas a bhi an cumhacht acu Bertie agus Charlie an saor mhargaidh ní raibh suim acu ach sa pale.Don chuid éile den tír d`oirfeadh mana Cromaill “go Chonnachta nó go hIfreann”.Caithfear ceist an geilleagar nó pobal a reiteach.Ansin an bhfuil an geilleagar ag obair ar son an phobail nó an bhfuil an pobal ag sclábhaíocht ar son an gheilleagar.Bhí bhean ceille le Gerard Mulally Comhairleoir Chondae in Úibh Fhaillí agus forbróir maoine sa chuairt le déanaí agus dúirt sí leis an breitheamh go raibh €16K don mhí de dhith uirthí chun a teach a reáchtáil. Bhí Jackie Lavin ar An Seo Déanach ag caint faoi Bainisteoir in Ostán ag obair don íos phá náisiúnta agus faoi fiú oibreoirí bheith toilteannach obair saor in aisce.Cén phlainéad a bhí na daoine seo “laochra mhóra an Tiogair Ceiltigh ” ag maireachtáil agus iad ag éitilt timpeall na tíre ar héileacaptair ag tabhairt comhairle don chuid éile duinn.Caithfimíd an tír a fháil ar ais ó daoine mar seo agus tír don phobail go léir seachas geilleagar don lucht racmhais a reacgtáil.Athrú rialtas an chéad rud agus ansin cás cúirte a chur ar FF le cabhair ó Chuairt Choiriúil na hÉorpa.Ansin caithfear tréas a chur igcoinne na forbróirí agus na bainceirí a loit an tír.Nuair a bheidh se sin deanta beidh muid in ann tabhairt faoi slanú na Gaeilge le díograis.

    Freagra
  2. colm

    Cén fáth nach féidir an t-uisce a ól ón scoNSa ar an gCeathrú Rua? An amhlaidh nach mbeadh sop sách fada ag duine nó ar chúis éigin eile?

    Ar ndóigh, nuair a bhí mé féin ar an gCeathrú rua, bhí uisce an scoNNa brocach, agus bheiféa i mbaol tinnis dá n-ólfá é …

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s