Nuachtán nua á lorg: fo-eagarthóir de dhíth ar an bhForas

An oiread is nach bhfuil saoi gan locht, agus nár cheart don t-é atá i dteach gloine an chéad cloch a chaitheamh, tá fonn orm cic sa tóin eile a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge atá, is cosúil, saor go fóill ó scian an Bhoird Snip Nua. B’fhéidir go bhfuilim tógtha mar gheall ar an bhféin ceartúchán a rinne RTÉ ag tús na seachtaine ach seo chugaibh é, a Fhorais, crom síos agus….!

Seo an preas ráiteas a d’éisigh siad ar an Aoine seo chaite:

Comórtas Poiblí le fógairt i comhair conartha le Nuachtán Seachtainiúil Gaeilge a sholáthar.

Bhí an conradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a sholáthar faoi chaibidil ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge a bhí ar siúl i mBéal Feirste inniu, Dé hAoine, 17 Iúil. Ag an gcruinniú cinneadh próiseas tairisceana nua a fhógairt an tseachtain seo chugainn le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú. Tá sé mar sprioc ag an bhForas go mbeidh an nuachtán nua ar fáil do phobal na Gaeilge faoi Shamhain na bliana seo. Beidh sé sheachtain ag daoine ar spéis leo cur isteach ar an gconradh iarratas a ullmhú. Déanfar measúnú ar na hiarratais ansin agus bronnfar conradh maoinithe i gcomhair na tréimhse Samhain 2009 go Deireadh Fómhair 2013 ar an iarrathóir a n-éireoidh leis.

Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe dó, dúirt Cathaoirleach an Fhorais, Liam Ó Maolmhichíl, “Tá suim léirithe ag roinnt mhaith grúpaí cheana féin sa chonradh leis an nuachtán a sholáthar. Fógrófar an comórtas go luath an tseachtain seo chugainn agus tá sé de rún againn an próiseas a thabhairt chun críche chomh tapa agus is féidir, le go mbeidh foilseachán nuachta nua ar fáil do phobal na Gaeilge gan mhoill.”

Glacaim leis gur comórtas é seo ag an bhForas, ag iarraidh ar an bpobal an botún d’aon ghnó a thabhairt faoi ndeara agus go mbronnfar sintiúis saoil ‘Saol’ ar an t-é a thugann faoi ndeara an méid atá béim leagtha agam air, leis an gcló ‘dána’ thuas.

Thairis sin, nuair a eirímíd ón úrlár, agus nuair a thagann an anál chugainn arís, tar éis an taispeantas grinn seo ó chathaoirleach an Fhorais, Liam Ó Maolmhichíl, a fhagfadh Des Bishop féin in éad, tosnaíonn na ceisteanna ag teacht chun tosaigh nó, mar a deir siad ar Nuacht TG4 ‘ag ardú’.

An chéad cheist: an bhfuil sé lán chinnte go mbeidh an t-airgead ag Foras na Gaeilge ó mí na Samhna seo chugainn go dtí Deireadh Fómhair 2013 chun an togra seo a mhaoiniú? Tá’s againn go bhfuil an Fhoras tar éis teacht slán ón Bórd Snip ach is cosúil go bhfuil an Rialtas ó dheas ag caint leis an Fheidhmeannas ó thuaidh chun teacht ar réiteach mar gheall ar ionchur laghdaithe ó Bhaile Atha Cliath don Fhoras Teanga, mar aon leis na h-institiúidí tras teorainn eile.

Tá go leor leidí tugtha ag an Aire Ó Cuív faoin úsáid ar mhaith leis baint as Ciste na Gaeilge, nach bhfuil ceangailte leis an socrú thuaidh theas seo ar chorr ar bith, chun eagrais béasach ó dheas a mhaoiniú agus tá’s againn gur bhrea le Nelson McCausland, Aire an Chul (de sac) túir ó thuaidh, an deis a thapú le go mbeadh maoiniú cothrom don Ultais is don Ghaeilge ó thuaidh. Is cosúil go bhfuil an cead aige go pearsanta srian a chur ar bhuiséad an Fhorais más maith leis agus má dheineann sé an méid sin i bpáirt leis an Aire ó dheas.

Mar sin, an mbeidh an €1.4m le sparáil ag an bhForas don chonradh seo idir Samhain 2009 agus Deireadh Fómhair 2013?

Deirtear linn go bhfuil ‘roinnt mhaith’ grúpaí ann a léirigh suim sa togra. An bhfuil i bhfírinne? Nó an chuid é seo de chluiche an mhilleáin atá go fóill á throid ag an bhForas i ndiaidh an méid a tharla idir an Fhoras agus Moinéar Teo maidir le foilsiú Foinse?

Tar éis roinnt mhaith machnaimh a dhéanamh ar an gceist, bheadh fonn orm féin meitheal a thabhairt le cheile leis an ceist seo a phlé: ar cheart go mbeadh nuachtán clóite ann? Ní doigh liomsa é. Ní chreidim go bhfuil a dhothain airgid ann chun a leithéid sin de nuachtán a bheathú ar feadh ceithre mbliana, go h-áirithe i bhfianaise go mbeidh deireadh ar fad nach mór le fograíocht stáit de chineál ar bith gan ró mhoill, agus anuas ar sin go mbeidh deireadh go h-áirithe le fograíocht dhá theangach stáit sna meáin Bhéarla agus Ghaeilge {an meid acu atá fagtha].

Ar ndóigh is é Nuacht 24 atá i seilbh na liathróide faoi láthair agus ní beag an obair atá ar bun ag an nuachtán sin cé nach dtugaim faoi ndeara aon tagairt sonrach gur ann do san alt is déanaí faoi imeacht Foinse san Irish Times inniu, alt ‘Beocheist’ le Seán Ó hÉalaí: [Ceist: an féidir ‘beocheist’ a thabhairt ar an gconspóid seo go fóill?]. Alt é seo atá lán le baois is gaois. A leithéid seo:

hain Foinse amach an caighdeán is airde iriseoireachta sa nGaeilge go dtí seo; chuir siad foireann mhaith le chéile agus má scaiptear iad, beidh sé sin caillte go deo. Mheall siad scríbhneoirí maithe agus tá ábhar iontach fáis agus forbartha ann agus tá sé lonnaithe sa nGaeltacht.

I gcead don scríobhnóir, is abairt é sin a léiríonn aineolas ar chéird na nuachtán, amhail is go bhfuil tabhacht le suíomh Gaeltachta an nuachtáin. Agus cá bhfuil na scriobhnóirí maithe seo anois? An bhfuil siad ag scríobh? An bhfuil blaganna acu? Dúirt mé an méid seo ar bhlag eile agus déarfaidh mé anseo é: dá mbeadh tairbhe dá laghad i scriobhnóirí Foinse, bheadh siad go fóill ag scríobh in áit éigean, ag spreagadh conspóide, ag foilsiú ar an idirlíon. Ach níl. Cén fath?

Dá mbeadh an saol ina cheart, bheadh an Fhoras ag cnagadh ar an doras ag an gCultúrlann agus Liam is Ferdie is na cáirde ar a nglúine ag impí ar Eoghan Ó Néill is a gcáirde teacht i gcabhair orthu, pretty, pretty please, agus nuachtán a fhoilsiú. Ach ní mar sin atá an saol agus ní doigh liom go bhfuil fonn ar an bhForas an rud atá ciallmhar agus faoina srón a dhéanamh. Rinne Bórd na Gaeilge an botún céanna i 1996 agus sin a thug Foinse ar an saol nuair a bhí Lá ann agus i seilbh na liathróide is Anois imithe. Ach bhuaigh meoin na criochdheighilte an chluiche sin freisin.

An bhfuil sé go fóíll i gceist ag an bhForas an chomórtas seo a bheith srianta, gan cead ach iarrthóirí ar suim leo nuachtán clóite a fhoilsiú gach seachtain in ainneoin an ollchostas a bhaineann lena leithéid d’fhiontar?

Ar cheart meitheal uile Éireann a bhailiú timpeall ar Nuacht 24/An Druma Mór agus togra uaillmhianach idirlín a chur i láthair an Fhorais le h-infhéistíocht a lorg – ní deontas – agus ná beadh cumhacht beatha agus bás ag an bhForas mar a bhí go dtí seo agus mar a bheidh má leantar den sean mhúnla leis an bproiseas nua seo?

Creidimse gur cheart. Níl aon bhaint agam le Nuacht 24 seachas go gcuirim colún ar fáil doibh agus níl sé seo pléite agam le duine ar bith acu. Ach ní miste liom bheith páirteach in a leitheid de mheitheal oibre. Bhéinn páirteach ann le croí agus le fonn….

25 de thuairimí ar “Nuachtán nua á lorg: fo-eagarthóir de dhíth ar an bhForas

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Tá praiseach cheart deanta ag Foras na Gaeilge ar an nuachtán seachtainiúil.B’fheidir gur cheart deireadh a chur leo leis an Bórd Snip.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    ní bheidh i bPáipéar seachtanúil “náisiúnta” Gaeilge an lá atá inniu ann, a choncubhair, ach “status symbol” mar sin ní fiú a bheith ag caint ar é a bheith maith olc na dona.In aimsear seo an chumarsáid 24 uair sa lá níl aon chiall le páipéar seachtaine a bheith ag iarraidh a bheith ina pháipéar nuachta ” Náisiúnta”. Mar ghléas sáinspéise d’fhéadfadh ciall a bheith leis mar atá “NÓS”, an irisleabhair do dhaoine óga agus COMHAR mar uirlís litríochta agus critice. Leis an fhírinne a dhéanamh ba mhó an chiall a bheadh le seachtanán a dhéanamh de “SAOL”, atá sáin spéiseach ó thaobh na nGaeilgeoiri de ach nach mbíonn ag cur gothaí mórluacha air féin, ná a bheith ag cur airgid amú ar chur i gcéill de ” Phaipéar nuachta naisiúnta”.Tá an nuacht ar fáil ar líne gach bomaite den lá ach tá Foras na Gaeilge agus lucht á stiúrtha chom fada sin as teagbhail le fíor shaol an duine gur dócha nach dtiocfadh sé isteach ina gcloigne gur sin an áit a bhfuil an infhésítocht le déánamh.

    Freagra
  3. Anon

    Ní thuigim – le tamall anuas bhí muid briste mar phobal mar gheall ar “status symbol” sin an nuachtáin chlóite náisiúnta a bheith caillte againn, anois tá muid ag admháil nach fiú nó nach ciallmhar an infhéistíocht sin??

    Freagra
  4. Concubhar O Liathain

    Ní h-é sin atá ráite agam a Nóra. Séard a dúirt mé agus mé ag tagairt do mhaíomh Uí hÉalaí gur bhain Foinse amach an caighdeán is airde iriseoireachta sa Ghaeilge go dtí seo:

    I gcead don scríobhnóir, is abairt é sin a léiríonn aineolas ar chéird na nuachtán, amhail is go bhfuil tabhacht le suíomh Gaeltachta an nuachtáin. Agus cá bhfuil na scriobhnóirí maithe seo anois? An bhfuil siad ag scríobh? An bhfuil blaganna acu? Dúirt mé an méid seo ar bhlag eile agus déarfaidh mé anseo é: dá mbeadh tairbhe dá laghad i scriobhnóirí Foinse, bheadh siad go fóill ag scríobh in áit éigean, ag spreagadh conspóide, ag foilsiú ar an idirlíon. Ach níl. Cén fath?

    Níl aon rud ráite sa mhéid sin faoi ‘Lá’. Níl sé luaite ann. Creidim gur bhain Foinse caighdeán ard amach le linn do Bhreandán Delap a bheith ina eagarthóír ach bhí sé ag dul i léig ó shin, de bharr, dar liom, easpa infheistíochta agus easpa fáis.

    Mura n-aontaíonn tú liom maith go leor. Ach ná bí ag cur focail im bhéal led thoil. Anuas ar sin feictear dom nach bhfuil morán éagsúlachta le braistint i do phort féin….

    Freagra
  5. nora de Bhalla

    Ach nach bhfuil taithí fada ag Seán Ó hÉalaí? Bíonn sé ag scríobh don Irish Times go rialta agus bhí sé ag obair don Irish Press fadó. Taithí fada aige ar cheird na hiriseoireachta seachas aineolas

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    anon(3) a chara
    Is é an rud atá mé ag maoíomh sa phostáil thuas ná ó tharla gur cuireadh deireadh le FOINSE dar leat go ndéanfaí athmhachnamh ar cad atá de dhíth orainn mar phobal labhartha teanga mionlaigh sa tír seo.An raibh ceachtar den dá phaipéar clóite a bhí againn LÁ NUA agus FOINSE ag freastail ar riachtanas an phobail a raibh siad in ainm a’s a bheith díríthe air.Ní shílim go raibh ainneoin sár iarrachtaí na ndaoine a bhí ina mbun agus go fírinneach nach féidir sin a dhéanamh ar bhonn náisiúnta.Is sa chumarsáid áitiúl dar liom atá beatha i ndan don teanga mar sin bíodh ” FOINSE” againn cinnte ach é a bheith díríthe ar Chonamara (mar a bhí cuid mhór ar scor ar bith) agus é ceangailte leis an idirlíon. Mar a gcéanna le ” NUACHT 24″ i mBéal Feirste “iGaeilge” i gCorcaigh srl.B’fhearr liomsa go mbeadh comhaltaí Fhoras na Gaeilge abalta smaoíneamh go seiftiúl agus go radacach ar cad atá de dhíth orainn mar phobal seachas leanúint leis an rud sean chaite gur léir gur theip air.Tá gá le smaoínteacha nua réabhlóideacha má tá muid le dul chun tosaigh seachas cloí na modhanna an ama atá caite.

    Freagra
  7. RG Cuan

    Ar ndóigh an fhadhb le seirbhísí meán cumarsáide Gaeilge atá dírithe ar áiteanna faoi leith ná nach mbeidh aon teacht isteach airgid acu arbh fhiú trácht air. Tá pobal s’againne beag mar atá, ní fiú é a dhéanamh níos lú arís.

    Ní féidir le nuachtán seachtainiúil dul in iomaíocht leis an idirlíon ó thaobh nuachta de, ach is féidir ó thaobh stíleanna eile scríbhneoireachta agus nuachta, sin an áit a bhfuil an fhorbairt le déanamh. Theip ar Foinse agus ar Lá Nua ar chúiseanna éagsúla ach rud amháin (seachas FnaG) a bhí comónta leo ná gur gnáthnuachtáin a bhí iontu, caithfear briseadh amach as an mhúnla sin má tá rath le bheith ar aon nuachtán clóite amach anseo.

    Freagra
  8. Concubhar O Liathain

    Pé rud mar gheall ar thaithí Uí hÉalaí, ní aontaim leis, a Nóra.

    Maidir le na pointí eile, tá plé le dealramh ansan. Ní raibh Lá Nua nó Foinse in ann freastal ar a bpobal. Rinneas agus foireann Lá ár ndícheall. Ach niorbh leor sin.

    Ag an am chéanna, má tá daoine sásta amharc ar mhúnlaí difriúla, b’fhéidir go mbeadh sin indéanta. Múnla Nuacht 24 an múnla is fearr go dtí seo – b’shin an mhúnla a mhol mé roimhe. Ach tá na múnlaí áítiúla atá molta ag Séamus le moladh freisin.

    Aontaím le RG Cuan ar go leor bealaí agus tá’s agam go bhfuil togra atá luaite leis, Nós*, ag déanamh jab den scoth. Bheadh sé molta dá mbeinn im thost. Lean leis an obair….

    Gach seans go bhfuil an Fhoras ró bhródúil is ró shotalach sin a aithint agus

    Freagra
  9. aonghus

    Tá pobal na gaeilge idir áitiúl agus domhanda ann, agus gá le freastal ar an dá eite.

    Ní ar mhaithe le nuacht a bhí mé ag ceannach Lá ná Foinse; ach ar mhaithe le tuarimíocht. Bhí colúnaithe sár mhaithe ag an dá nuachtán.

    I ceann d’eagráin deiridh Foinse luaigh Alex Hijmans múnla arbh fiú tabhairt faoi – na cinnlinnte agus an nuacht ar líne, mar a dhéanann an druma mór. Agus anailís i gcló – arís, feictear dom gurbh é sin atá á dhéanamh ag Nuacht24.

    Dlús faoi sin, bheadh sé togha.

    Gné eile atá lagaithe go mór (agus a bhí riamh lag) ná léirmheastóireacht ar leabhair Ghaeilge. Bhí mise ag brath ar Lá agus Foinse cuid mór chun bheith ar an eolas faoi cé na leabhair nua arbh fiú iad a léamh. Tá sin imithe ar fad anois.

    Freagra
  10. GGN

    “Gné eile atá lagaithe go mór (agus a bhí riamh lag) ná léirmheastóireacht ar leabhair Ghaeilge”

    Ar ndóigh tá sé sin iontach doiligh a dhéanamh mar gheall ar mhéad an phobail.

    Is é an dóigh a d’oibrigh sé ná muna raibh tú sásta a bheith dearfach, thugais an leabhar ar ais.

    Drochrud amach.

    Mhól mé i gcónaí gurbh fhearr ainmneacha cléite a úsáid ach tá rud éigin iontach mí-ionraic fá sin a dhéanamh fosta agus tú ag déanamh léirmheas ar dhuine a bhfuil aithne agat air.

    Léigh mé roinnt stuif a bhí chomh dona sin le blianta beaga anuas … ach bhál … ní féidir!

    Freagra
  11. GGN

    Rinn Lá suirbhé ar léitheoirí an phaipéir agus más buan mo chuimhne ba é an rud is mó a bhí daoine ag iarraidh ná ‘An Irish Times as Gaeilge’.

    Is cuma cé chomh mór is atá an deontas, ní féidir sin gan na céadta míle a bheith sásta a dhéanamh, rud nach cosúil i láthair na huaire faraor. Go dtí sin, mar a mhól RG caithfear smaoineamh amach as an bhosca.

    Ar líne – Nuacht
    Cló – barúil

    Dála an scéil, cé go bhfuil sé rud beag as dáta faraor, b’fhiú an t-alt seo le Gordún Mac Aodha a léamh.

    http://www.thevacuum.org.uk/issues/issues0120/issue14/is14artnewgae.html

    Freagra
  12. séamus Mac Seáin

    RGCUAN ( cad chuige a núsáideann daoine ainmneacha pinn igcónaí?) a chara ” tá pobal’sagainne beag go leor ní fiú é a dhéanamh níos lú” is dearcadh seanchaite é sin dar liom a mbéinn ag súil leis ó sheandiúlach cosúil liom féin mar sin ta súil agam go bhfuil tú sean agus sioctha in do dhóigh mar go díreach an rud a tharlodha bhím féin go minic.Is cuimhin liom an dearcadh ceannan céanna a bheith ag daoine i mBéal Feirste nuair a bhí caint ann ar an darna bunscoil Ghaeilge a bhunú.”Ní bheidh go leor páistí ann” a dúirt na saoithe “agus loitfidh sé an scoil ata ann”.Féach anois é 10 mbunscoil áitiúl agus a deich noiread páistí ann dá bhfánfaimis taobh leis an dearcadh coiméadach atá a mholadh agat RG ní bheadh ach scoil amháin ann go fóill.Is dóigh liom gur sin an rud a thárlódh dá mbeadh cumarsáid áitiúl ar idirlíon nó clóite fríd an tír.Gheobhodh gach dream acu á gclientel féin agus is ag méadú seachas a laghdadh a bheadh an pobal.Dar ndóigh tá fainic amháin i gcónaí ann go gcaithfeadh na daoine a bheadh i mbun na dtógraí éagsúla éifeachtach agus abalta iad féin a dhíol go háitiúl.Rud nnar éirigh le dream ar bith a dhéanamh go fóill i bhfoilseachán ar bith Gaeilge. anois A RGCUAN tá mé ar shiúil agus mo chamán ban i mó dhorn liom.

    Freagra
  13. séamus Mac Seáin

    a aonghuis a chara is sean “luddite” mise ó thaobh na teineolaíochta de ach ní fhéicim cúis ar bith nach mbeadh léirmheasanna ar líne ann. iarradh ormsa 500 focal a scríobh ar Chultúrlann MacAdam/ÓFiaich do NUACHT 24 an tseachtain seo thart agus ca bith faoi fhiúntas an mhéid a scríobh mé bhí mé abalta é a dhéanamh taobh istigh de chúpla uair a chloig agus é a chur díreach chuig an eagarthóir gan castáil leis ar chor ar bith. Caidé a chuirfeadh bac ar dhuine sin a dhéanamh fa leabhar? Dar liom go bhfuil réabhlóid ag tarlú ó thaobh na cumarsáide de agus an rud atá ag cur isteach orm go raibh seans ag Foras na Gaeilge agus an dá pháipéar Gaeilge marbh dul i nglaic leis an teicneolaíocht nua agus an Ghaeilge a chur chun tosaigh go nualach ach cad a rinne siad ach pilleadh sa bhomaite gan smaoineamh ar an rud ar theip air go dtí seo a mholadh aris.An Zombies uilig iad comhaltaí an Fhorais?

    Freagra
  14. RG Cuan

    Is maith an rud é go bhfuil do rácht scaoilte a Shéamais!

    Baineann conradh an Fhorais le nuachtán náisiúnta – sin ar a raibh mé ag trácht agus tá an méid a scríobh mé thuas fíor sa chomhthéacs sin. Tá sé deacair comparáid a dhéanamh idir nuachtán agus scoil.

    Maidir leis an smaoineamh atá agat féin faoi na meáin áitiúla, is dóigh liom gur moladh fiúntach é don idirlíon. Seans nach mbeadh sé chomh oiriúnach sin don chló. Ar a bharr sin áfach bheadh nuacht níos leithne ná a n-áit bheag féin de dhíth ar úsáideoirí na seirbhíse agus bheadh ort riar a dhéanamh ar an dá rud.

    Freagra
  15. séamus Mac Seáin

    bhal a RG tugann tú racht ar an rud nach dtáitníonn leat ach is beatha duine a thoil. ach cuimhnigh gurb iad na páipéir áitiúla in Éirinn is fearr atá seasamh i gcoinne na géirchéime foilsitheoireachta atá ann faoi láthair agus na páipéir Náisiúnta ag fulaingt. agus och och Éire ‘lig a’s ó

    Freagra
  16. Seán Mícháel O Donnchadha

    Bhí tagairt don Irish Times as Gaeilge.An ndeanfadh forlíonadh Gaeilge ag an Irish Times an beart do Fóras na Gaeilge dár nuachtán seachtainiúil.D’fheadfadh siad é a fhoilsiú gach Satharn.

    Freagra
  17. jim jim

    Bheinnse an-sásta le nuachtán Gaeilge ón Irish Times faoi eagarthóireacht Phól Uí Mhuirí agus altanna maithe ar nós Tuarascáil, colún Titley agus beocheist ann. Cad a cheapann sibh?

    Freagra
  18. igaeilge Údar an Ailt

    An é go bhfuil tú fostaithe ag an mBórd Snip, a Shéamuisín, nó an bhfuil tú ag iarraidh iriseoireacht na Gaeilge a chur ó mhaith ar fad. Fiú dá mbeadh sé i gceist ag an Irish Times, atá ag cailleadh airgid ar aon nós, tabhairt faoi seo, ba amaideach an mhaise acu Pól Ó Muirí a cheapadh ina eagarthóir air. Más aon tomhas Comhar, atá faoi eagarthóireacht Uí Mhuirí faoi láthair, bheadh nuachtán Ghaeilge faoi eagarthóireacht Uí Mhuirí ina thubaiste amach is amach. An lá is measa riamh ag Lá/Lá Nua, bhí sé ag díol sa bhreis is 1500 in aghaidh an lae. Ar a mhéid, níl ach 600 coip in aghaidh an eagráin á dhíol ag Comhar. Sin titim ó na sean laethannta.
    Is léir go bhfuil feith an ghrinn ionat, a Shéamuisín.

    Freagra
  19. aonghus

    É sin nó go bhfuil sé ag iarraidh rise a bhaint asatsa.

    Tá na haltanna ag Alan thar barr, agus Beocheist uaireanta freisin. Ach ní hé sin a bhí i gceist agus daoine ag iarraidh “Irish Times” as Gaeilge.

    An útóip a bhí i gceist ná nuachtán chomh chuimsitheach agus údarásach leis an IT, ach go hiomlán i nGaeilge.

    Níl sin chun tarlú – tá an IT spléach chuid mór ar aisíneachtaí dá cuid nuachta anois, agus bheadh – ar a laghad – foireann mhór aistritheoirí de dhíth chun an clúdach nuachta sin a chuir ar fáil.

    Samhlóinn go bhfeadfaí panéil mhaith colúnaithe a chuir le chéile – Alex Hijmans, Philip Cummings, Ian Malcolm, Alan Titley – agus daoine nach iad – atá inchomórtas le saoithe an IT. Bheadh roinnt obair le déanmah i réimse na heolaíochta agus gnó, ach feictear dom na daoine le Gaeilge a bheith ann, ach gan ceist curtha orthu ag aoinne.

    Bheadh duine de stádas Geraldine Kennedy de dhíth mar eagarthóir – seans go mbeadh abair Deaglán de Breadún nó a mhacasamhail in inmhe aige.

    Ach…bheadh airgead mhór i gceist, fiú gan costas cló a chuir san áireamh.

    Beidh le feiscint, ach nílim ag súil ag le sop in áit na scuaibe. Ach sílim go bhfuil gá bolscaireachta leis an sop.

    Freagra
  20. Cú Chonnacht

    “Ar cheart meitheal uile Éireann a bhailiú timpeall ar Nuacht 24/An Druma Mór”

    Seo smaoineamh iontach a Chonchubhair, tá súil agam nach é seo an t-am deireanach a fheictear é. Meitheal oibre scríbhneoirí ag obair le chéile go deonach chun ailt, léirmheasanna etc a sholáthair do nuachtán Gaeilge.
    Ag caitheamh uair nó dhó in aghaidh na seachtaine ar an obair seo.
    Sin atá ag tarlú le Nuacht24, ní mór dúinne cabhrú leo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s