Ag seachaint an cul de sac….

Tar éis dom deireadh seachtaine a chaitheamh ar shaoire ghairid sna Déise – ar an dTrá Mhór – thug mé strac fhéachaint ar na nuachtáin ag an deireadh seachtaine agus bhí snath amháin comónta ar thug mé faoi ndeara – is é sin na trachtairí ar fad ar thug faoi ndearna na ciorruithe ar eagrais is fiontair Ghaeilge is Ghaeltachta, bhí siad aontaithe nach mór narbh fhiú iad a choinneáil. Má bhí aon cheist ann faoi rud ar bith a thabhairt mar lón do na mictíre, bhí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar bharr a mbiachlár.

Ní íontas an méid sin nó tá, bhí agus beidh na trachtairí sna meáin Bhéarla naimhdeach don Ghaeilge, an chuid is mó acu ar aon nós. Ní ón spéir a fuair Colm McCarthy an frith Ghaelachas. B’fhéidir go bhfuil rud éigean sa leann ag Doheny agus Nesbitt’s?

B’fhéidir nach ‘naimhdeach’ an focal ceart – ach is cinnte nach dtuigeann siad an Ghaeilge is an Ghaeltacht nó a ról sa phobal. Ní thuigeann siad an tabhacht atá leo. Ní thuigeann siad an riachtanas atá le tacaíocht stáit chun iad a choimead beo – agus mar sin níl siad chun an deis seo a chur amú.

An t-é atá thuas, óltar deoch air. An t-é atá thíos buailtear chos air!

Ach ní áthraíonn sin an áit ina bhfuilimíd. Ní athraíonn sin an priacal ina bhfaighimid sinn féin. Léiríonn sé dúinn go cinnte nach mbeidh sé éasca feachtas a reachtáil a thabharfaidh slán sinn. Bí cinnte faoi rud amháin, fiú má reachtáilimíd feachtas den chéad scoth, a sharóidh iarrachtaí na bhfeirmeoirí agus na n-iascairí agus na gceardchumann agus eile, ní bhfaighimíd an éisteacht a bhfaighidh na h-earnálacha sin agus ní thabharfaidh na h-údaráis an cluas dúinn.

Ní mór meabhrú ar seo – tá an chomhthéacs athruithe go h-iomlán ag Tuairisc McCarthy. Is tríd an Roinn Airgeadais a tháinig sé. Tá naimhdeas na Roinne sin don Ghaeilge is don Ghaeltacht fad bhunaithe. Is léir go n-amharcann na feidhmeannaigh sa Roinn seo ar an nGaeilge amhail is gur poll dubh í le h-airgead a chaitheamh ann gan aon seans go mbeidh airgead ag teacht ón bpoll.

Ní bheidh aon rud mar a bhí agus ciallaíonn sin go gcaithfimíd ullmhú chuige sin.

Má tá feachtas le reachtáil mar iarracht ar éifeacht na moltaí seo a mhaolú, murach gur feachtas in aisce a bheidh ann, beidh gá le h-eilimint difriúil ann.

Inniu, bhí scéal ar Morning Ireland faoi eagras a bhionn ag feachtasú faoi chúrsaí ailse. Tá sé i gceist ag an gcumann €1m a thabhairt mar dheontas don Roinn Sláinte le cinntiú go mbeidh tionscnamh náisiúnta chun tastáil ar dhaoine le féachaint cé acu an bhfuil ailse inní orthu.

Níl mé ag moladh go mbeadh airgead á thogáil ag lucht na Gaeilge ar mhaithe le deontas a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge nó don Rialtas – ach tá gá le seiftiúlacht den chineál seo.

Is mór an náire é do phobal na Gaeilge is do phobal na Gaeltachta nach bhfuil ciste náisiúnta bunaithe againn go dtí seo chun deis a thabhairt do Ghaeil cibé áit a bhfuilimíd airgead a chur ar fáil go rialta le h-aghaidh síolchiste a chur ar fáil d’fhiontair Ghaeilge a bheadh fónamh orthu. Go fóill tá Conradh na Gaeilge suite i gceanncheathrú atá siocaithe i ré na sean aoise, é chomh sean fhaiseanta is nach n-oireann sé d’eagras atá ag gluaiseacht chun tosaigh i mbealaí eile. Ach níl an t-airgead á chur ar fáil ag na baill chun áis níos fearr a chur ar bun – nár cheart go mbeadh cothrom Pháirc an Chrócaigh ag an Chonradh? Tuigeann sibh céard atá i gceist agam.

Níor chuaigh an CLG go dtí an Rialtas go h-umhal agus iad ag lorg deontais – bhí tréimhse idirbheartaíochta i gceist ach bhí a fhios ag an saol nach ndiultófaí doibh. B’fhear CLG go smior é Bertie.

Ar ndóigh, má chreidimíd an méid a deirtear faoin dTaoiseach atá ann faoi láthair, is fear é atá gean is meas mór aige don Ghaeilge. Níor chuala mé é ag labhairt na Gaeilge le déanaí – ach thosnaigh sé go maith.

Ní fheictear domsa gur féidir linn maoiniú na Gaeilge a fhágáil faoin Rialtas níos mó. Tá orainn seilbh a ghlacadh ar ár gcinniúint féin agus is é an slí chun seo a dhéanamh Fondúireacht a bhunú ar mhaithe leis an sprioc seo.

Is féidir leis an Rialtas cuidiú linn anseo. Ba cheart go mbeadh faoiseamh cánach thar an ghnath ar fáil do dheontóirí don fhondúireacht seo. Nuair a rabhas ar an ollscoil, d’fhéadfadh tuismitheoir €1,000 a thabhairt don mhacléinn agus bheadh aisioc €400 ar fáil do na tuismitheoirí ón gCigire Cánach.

Rud éigean mar sin atá i gceist. Agus creidim go bhfuil sé réasúnta é a lorg agus go mbeadh sé thar a bheith mí réasúnta ag an Rialtas é a dhiultú. Go h-áirithe nuair a chuirimíd in iúl doibh is don phobal go bhfuilimíd á dhéanamh seo chun an bearna atá á fhágáil acu a líonadh.

Ansan nuair atá fondúireacht ar bun agus cinste réasúnta á charnadh – de réir dochar díreach is mar sin – tá sruth ioncaim ann agus is féidir infhéistiú i dtograí straitéiseacha – ar nos cultúrlann ceart i mBaile Átha Cliath, fiontair ar nós nós*, Raidió Rí Rá is fiontair eile nach iad.

Sin iad mo thosaíochtaí. Ach tá tosaíochtaí eile ag daoine eile. Bheinnse ar shon airgead a thabhairt d’fhondúireacht ina mbeadh pearsaí aitheanta mar iontaobhaithe agus an treoir acu, de reir suirbhé ar na dheontóirí, an t-airgead a dháileadh go cuí.

Ní fheictear dom go bhfuil seo ró chasta. Tá sceim ann ar feadh na mblianta, an American Ireland Fund, agus tugann deontóirí airgead do thograí ar leith agus faigheann siad an chomh-mhéid in airgead tirim ó fhoinsí oifigiúla. Tá scéim i mBéal Feirste – Arts & Business – agus tá an prionsabal céanna ar a chúl. Tugann comhlacht priobháideach airgead le h-aghaidh togra ealaíón – agus faigheann an togra an chomhmhéid airgid ó Arts & Business.

An mbeadh sé indéanta fondúireacht ar nos sin a bhunú – an Ghnó agus an Ghaeilge. Níl gach éinne sa saol ghnó naimhdeach don Ghaeilge. Agus dá gceapfadh siad go raibh faoiseamh cánach le fáil as, b’fhéidir go mbeadh siad sásta maoiniú a chur ar fáil. Más fíor do na trachtairí, féach thuas, is sa saol ghnó a fheicfear an chéad radharc de na glasóga….

Is cul de sac é feachtas a reachtáil ar mhaithe le Roinn na Gaeltachta a thabhairt slán nó COGG nó fiontair eile cosúil leis mura bhfuil Plean B ann. Creidimse gurb é seo an slí chun tosaigh anois agus mar fhianaise ar seo, táim sásta an €1,000 a gheall mé roimhe a gheallúint do chiste mar seo, gan réamh choinnioll eile ar bith.

Tá ré an lóín saor thart….

10 dtuairim ar “Ag seachaint an cul de sac….

  1. aonghus

    D’fhreastal mé ar chruinniú i mBÁC thart ar bhliain ó shin áit a raibh a mhacasamhail á phlé.

    Ní cuimhin liom cén ainm a bhí ar an bhfiontar níos mó, agus níor chuala mé dada ó shin.

    Bhíodar ag lorg níos mó airgid in aghaidh na míosa ná mar a bhí ar fáil agam. Seans mura mbeadh íosmhéid luaite go mbeadh rud éigin déanta agam faoi.

    Tá scéim ann do charthanachtaí, áit a bhfaigheann siad 21% sa bhreis ach duine le cáin ioncaim a bheith ag tabhairt ar a laghad 250€ sa bhliain – 21€ sa mhí dóibh.

    Bailíonn brobh beart.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    is cinnte go bhfuil an ceart agat,go teoiriciúl,faoi mhaoíniú na Gaeilge, A Choncubhair,ach níl a fhios agam an ar scala náisiúnta is éigean an ciste airgeadais a bheith agus nárbh fhearr fócas a bheith ar tógraí áitiúla agus gur fearr a d’éireodh leo.Ta baint agam le carthanacht amháin (TACA) i mBéal Feirste a bháilíonn airgead do Ghaelscoileanna sna sé chontae.Is ciste neamhspleach gan deontas é até beo ar chibé airgid a thig leis a thabhairt isteach fríd boscaí sna siopaí,agus díolachán scríob cartaí agus fríd deonacháin phearsanta ó dhaoine a thabhaíonn 28% sa bhreis ón rialtas ar an airgead a thugtar don chiste.Níl ach duine amháin fostaíthe go lán aimsearthe ag an chiste agus ní íoctar aon rud (costasaí fiú amháin) leis na hiontaobhaithe ata ina bhun.Éiríonn leis is dóigh liom cionnus go bhfuil sé díríthe ar rud éigin cinnte agus go bhfuil sé áitiúl. Níl a fhios agam ar bhfiú ciste ar leith a bheith bunaithe le dul ar aghaidh le bunú oifig COGG in do dhúiche féin a bhí geallta ach anois a bhfuil amhras ann ní amhain ar an oifig ach ar an eagras féin má ghlactar le moltaí Mhic Charthaigh.Ciste ar leith,dírithe ar chúis chinnte ar leith an sprioc agus ma éiríonn le sin is féidir ansin fócasáil ar an chéad tógra eile.Cá fios nach fondúireacht mór a bheadh agat sa deireadh ach is dóigh liom gur theip ar an fhondúireacht a bhfuil Aonghus ag caint uirthí de bharr go raibh sé ró uaillmhianach agus neamhphearsanta.Is féidir gur fearr toiseacht go beag agus tógail ar sin seachas a bheith ollmhór ón tús

    Freagra
  3. Seán Mícháel O Donnchadha

    A Choncubhair aontaoim leat go bhfuil deireadh le ré an “lóin saoir” agus go bhfuil cur chuige nua de dhith ó muintir na Gaeilge.Ar deireadh thiar thall níor éirigh go ró – mhaith leis an Roinn Ghnothaí Pobal Tuaithe agus Gaeltachta an teanga a caomhnú agus postanna a chruthú.Cheapaim sa mhaorlathas go mbionn Roinn ann ar mhaithe lena leas féin agus bionn na custaméirí san dara áit i gcónaí.Chruthaigh an Cultúrlann i mBéal Féirste go bhfuil fiúntas leis an Gaeilge a cheangal le fionntraíocht ionnas go mbeadh na h-ionaid seo in ann iad féin a mhoinniú beag beann ar Áire nó Rialtas.Ach tá poinnte maith ag Séamus faoi cúrsaí áitiúl i gcoinne cúrsaí náisiúnta.Tá aghallamh maith ag Seosamh MacMuirí i mBeo Meitheamh 2009 leis an t-ollamh Fionbarr Ó Brolchán mar gheall ar an Gaeilge agus cúrsaí fionntraíochta.Seo an nasc agus is fiú é a leamh.
    http://www.beo.ie/index.php?page=agallamh_beo&content_id=878

    Freagra
  4. colm

    Bhí an méid seo le rá ag Ruairí Quinn sa Sunday Tribune:

    McCarthy was right to call time on the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs, which has never made the necessary impact.
    It was turned instead into a propaganda machine for handing out small grants.

    I mo thuairim féin, tá cuid den fhírinne anseo.

    Freagra
  5. RG Cuan

    Fondúireacht na Gaeilge an t-ainm atá ar an ghrúpa atá luaite ag Aonghus, cé nár chuala mé futhu ó shin.

    Tá an ceart ar fad ag Concubhar nuair a deir sé go gcaithfidh Iontaobhas Gnó bheith ann don Ghaeilge. Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta/TACA ann ag obair ar son an Ghaeloideachais ach caithfidh Iontaobhais eile bheith ann ag bailiú airgid agus ag mealladh infheistíochta ar son gnéithe eile dár bpobal.

    Freagra
  6. Seán Mór

    Ní tharlóidh seo ach:

    1. Gach Gael isteach i gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge (í a bhunú murab ann di)

    2. béim ar thograí áitiúla (oideachas, gnó, pobal, poiblíocht etc; daoine a mhealladh, daoine a mhealladh agus daoine a mhealladh!

    3. nascadh le tograí/acmhainní/áiseanna áitiúla nach í an Ghaeilge an chéad chloch ar a bpaidrín

    3. tacú le tograí fiúntacha náisiúnta (eg nós*, An Druma Mór, Oireachtas srl)

    4. An Conradh a úsáid mar mhór-eagras ceart náisiúnta fá choinne phobal na Gaeilge

    Tá gá le ‘civic society’ na Gaeilge a thógáil mar is ceart, taobh amuigh den chóras stáit. Gan an tsochaí shibhialta sin a bheith tógtha againn, is ag snámh in aghaidh an easa a bheas muid go deo. Tá snáthannaí na sochaí sin againn cheana féin… níl de dhíth ach ‘gluaiseacht’ lena gceangal le chéile. Tá áis iontach againn sna gréasáin shóisialta sin ar an idirlíon chomh maith.

    Is é an Conradh an fheithicil, agus tá a fhios againn cad iad na tograí fiúntacha ar cheart dúinn tacú leo (gaelscolaíocht, Gaeltachtaí, nós*, ráidió rí-rá, RnaG, An Druma Mór, leabhair Ghaeilge, na gnéithe is fearr d’Acht na dTeangacha Oifigiúla srl)

    Níl aon €1,000 agam le tabhairt d’aon fhondúireacht in aon chnap mór amháin airgid… ach thabharfainn €20 in aghaidh na míosa go lá mo bháis!

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Creidim go bhfuil an ceart agat, a Sheáin, mar gheall ar an gConradh. Is é sin an eagras is faide ar an bhfód agus is mó iontaoibhe. An mbeidh an Chonradh sásta ról ceannaireachta a ghlacadh?

    Tuigim do chás mar gheall ar an €1000 – níl sa €1000 seo ach suaitheantas tacaíochta agus ní bheadh €1000 i gceist agam ach gur bhuaigh mé an méid sin airgid de bharr mo bhua sa chomórtas blagála anuraidh ag an Oireachtas. Ní bheadh sé i gceist agam íosteorainn a bheith le mo chuid tacaíóchta – bhéinn ar shon córas dochar díreach a bhunú le go mbeadh €20 nó €10 nó cibé á ioc gach mí le lár chiste.

    Ba cheart dúinn tosnú le cárta bán – sé sin le rá tosnú ar an nGaeilge agus an nGaeltacht agus a ról a athshamhlú ó bhun anios. An bhfuil gá le ‘Gaeltacht’ sa chiall traidisiúnta – nach Gaeltacht gach áít ina labhartar an Ghaeilge?

    Níl aon fonn orm féin mo chuid airgid a chaitheamh le gné ar bith d’Acht na dTeangacha Oifigiúla agus aontaim leis an méid a deir an Bórd Snip faoi seo, nach n-aistreofaí ach réimse teorannta caipéisí go Gaeilge.

    Ach nílim chun an choinnioll sin a cheangal le mo thacaíocht. Sin mo bharúil. Ní barúil gach duine é.

    Freagra
  8. aonghus

    Bórd Snip faoi seo, nach n-aistreofaí ach réimse teorannta caipéisí go Gaeilge.

    Táim brean de bheith á rá, ach is réimse teoranta atá luaite san Acht. Cinnte, d’fheadfaí é a theorannú arís, nó diloúine a thabairt do chomhlachtaí nach bhfuil i gcaidreamh díreach leis an pobal. Ach…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s