Ná cuirtear amú an géarchéim seo

Táim ar saoire gairid sna Dése agus ag scriobh seo ar iPhone. Is é seo mo chéad fhreagra ar thuairisc an Bhoird Snip.
Nach den íorón go bhfuil aithne ar an ngrúpa seo de reir a ainm Ghaeilge nuair a thuigtear i gceart an sceannairt a moladh ina dtuairisc ar an nGaeilge is ar an nGaeltacht.
Moltar ar shuíomhanna eile go ndeinfear na giorruithe seo a throid
go tréan. Ní aontaim go h-iomlan. Aontaim gur tubaisteach don Ghaeilge is don Ghaeltacht na moltai seo. Ach creidim gur deis iontach atá ag glún nua cinnirí an stiúr ar ghluaiseacht na Gaeilge a bhaint on gceannasaiocht a thug sinn go dtí an cul de sac seo.
Bhiomar beo ar dheontaisi ar feadh Ii bhfad agus seo an toradh. Nuair a meabhraimid ar an an gceist, nach dtuigimid gur tugadh na tionscnaimh is fiúntaí ar an saol gan deontas – leithéidí Gaeltacht Bhéal Feirste mar shampla.
Beidh gach grúpa atá amuigh ag troid in éadan na ngiorrú a bhaineann leo féin. Agus má théimíd an bealach sin go h-iomlán, gan malairt straitéise, caillfear ár n-achainí i measc an slua agus caillfear ár gcúis mar nach mbeidh an dara rogha againn.
Níl mé ach ag tosnú ar seo. Fillfidh mé ar ball agus beidh a thuilleadh le rá agam….ach an comhairle is tréine atá agam idir seo agus sin. Is géarchéim é seo agus deis. Ná cuirtear amú é!

3 thuairim ar “Ná cuirtear amú an géarchéim seo

  1. Ping: Ná cuirtear amú an géarchéim seo « iGaeilge

  2. séamus Mac Seáin

    a chonchúbhair.
    Chonaic mé píosa den agallamh a rinne an tAire Ó Cuív ar TG4 mar gheall ar na giorraithe agus ní raibh cuma an fhir bhaite air mar a bheadh dar leat dá sílfeadh sé go raibh sé féin agus a chriú ag dul go tóin poill. Ar tugadh geallúinti dó na mbeidh cúrsaí chomh holc dó agus a tathar ag cur i niúl ?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s