Deireadh leis an nGaeltacht?

Tá an tuairimíocht ag dul i dtreise inniu agus ullmhuithe á dhéanamh le h-aghaidh foilsiú thuairisc an Bhoird Snip Nua go molfar deireadh a chur leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ar ndóigh más amhlaidh go ndeintear an moladh sin i dtuairisc an ghrúpa atá faoi stiúr Colm McCarthy, ní gá go nglacfar leis ach tá furmhór na meáin ar maidin ag moladh go nglacfar leis scun scan nach mór, cibé rud a mholtar ann, agus iad ag súil go mbuailfear pá na seirbhíse poiblí – agus postanna san earnáil céanna. Is cluiche é seo agus ní bheidh buaiteoirí ann.

Más amhlaidh go gcuirtear deireadh le Roinn Uí Chuív, is é todhchaí na Gaeltachta féin an cheist is mó a fhagtar gan freagra. Cé nglacfaidh an cúram – an mbeidh aon roinn nó fo roinn ann le cúram na Gaeltachta air? Cad faoi Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, An Choimisinéir Teanga? Cad faoin Ghaeltacht féin?

Ceisteanna móra iad seo don Ghaeltacht ach is ceisteanna beaga iad sa mhór phobal. Go h-áirithe nuair atá moltaí á dhéanamh go mbeidh comhairlí áitiúla á chomhnascadh is eile.

An cheist eile, ar ndóigh: an gá go mbeadh seo ina droch rud amach is amach don Ghaeltacht is don Ghaeilge? An bhfuil rudaí ‘maith go leor’ mar atá? An deis é seo an Ghaeltacht a athshamhlú gan an maorláthas ar fad a bhain leis an Roinn seo?

Níl ann ach ceist…

5 thuairim ar “Deireadh leis an nGaeltacht?

  1. séamus Mac Seáin

    is dóigh liom gur cuireadh cúramaí POBAIL agus TUAITHE ar Aire na Gaeltachta an chéad lá ariamh le hairgead a shabháil, dar leat mar sin má tá deireadh leis na cúramaí sin gur céillí an mhaise don Rialtas tuilleadh cumhachtaí a thabhairt do Údaras na Gaeltachta (cúrsaí oideachais mar shampla) agus an tÚdaras a fhágáil i mbun na Gaeltachta go hiomlán ach tá ceisteanna ann go fóill ar cad is Gaeltacht ann an lá atá inniu ann.An bhfuil gá leis an Ghaeltacht a leathnú seachas í a chúngú? An mithid comhcheangail a bheith ag Gaeilgeoirí fríd an tír leis an Údaras is cuma cá bhfuil siad ina gcónaí? Áithním mé fein mar chuid den Ghaeltacht cé go bhfuil mé imo chónaí i mBéal Feirste. an mbeadh áit ann domsa agus do mo mhacasamháil fríd an tír san Údaras nua? Má tá ionadaithe Rath Carn i gCo.na mí ar Údaras na Gaeltachta an mbeadh buntáiste ar bith ann do chaomhnú na teanga ionadaíthe tofa ó “Ghaeilphobail ” eile as áiteanna éagsúla fríd an tír a bheith ar an Údaras? an bhfuil “meas criticúil” tabhachtach? nár cheart go mbeadh ceann ceathrú gach eagras Gaeilge sa tír suite sna sean Ghaeltachtaí faoi chúram an Údaráis Nua mar comhartha tacaíochta agus mar áitheanatas don rud ar eascair muid uilig as tráth mar phobal teanga.? Conradh na Gaeilge,Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus go deimhin Foras na Gaeilge ? An bhfuil go leor spriolladh ionann mar dhream go namharcfaidh muid ar an ghéarcheim seo mar fhaill le moladh radacach réabhlóideach a chur chun tosaigh i gcomhar caomhnú na teanga? ní neart go cur le chéile agus is lucht aon teanga sinn is cuma ca bhfuil muid inar gcónaí. cad é bhur mbarúil?

    Freagra
  2. GGN

    Ní bheidh mé popular as seo a rá ach silím go mbaineann ceist na Gaeilge sna Gaeltachtaí le muintir na Gaeltachta, beag beann ar rialtas ar bith.

    I ndeireadh na dála ba chóir go mbeadh tacaíocht is cearta ann ón stáit ach baineann sé le roghnú pearsanta an duine aonair, rogha teaghlaigh agus rogha phobail.

    Ní féidir linne taobh amuigh den Ghaeltacht traidisiúnta mórán a dhéanamh faoi ach tá an rogha ceánnna againne, ag teaghlaigh s’againne agus ag pobail s’againne i ndeireadh na dála.

    Dar liomsa, is reabhlóid í an Ghaeilge, ní féidir le rialtas na mBéarlóirí ach teacht salach ar sin.

    Ní labhairtear an Ghaeilg i mo pharóiste fhéin níos mó de bhrí gur roghnaigh daoine gan í a labhairt. Bhí forsaí cumhachtacha a chur brú orthu ach sa deireadh bhí an rogha ann.

    Ní féidir aon athrú a dhéanamh go dtí go nglacfaidh muid go bhfuil an cumhacht is an freagracht againne.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    mura bhfuil rud éigin ann nach bhfeicim dar leat go bhfuil an Bord snip i ndhiaidh moladh a dhéanamh deireadh a chur leis an Ghaeltacht mar aonad ar leith teanga sa tír seo. Galldú iomlán na tíre a thosaigh le linn réimeas Éilis a haon agus é á chur i gcríoch le linn réimeas Éilis a dó.
    “Sacsan eile darbh ainm dí Éire”!!!

    Freagra
  4. Seán Mícháel O Donnchadha

    Dár leis an Bord Snip tá deireadh leis an Roinn Ghnothaí Pobal Tuaithe agus Gaeltachta.Ní fáiltím roimh seo ach caithfear a adhmháil cé go raibh Áire na Gaeltachta ann ó thús an stáit níor cabhraigh sé leis an Gaeilge a threisiú agus a leathnú tríd an stáit.Cé go raibh Údarás na Gaeltachta ann le fada níor reitigh sé cúrsaí fostaíochta do mhuintir na Gaeltachta ach oiread.Caithfidh muintir na hÉireann agus muintir na Gaeltachta, san áireamh, greim a fháil ar a saol féin agus ar ár dteanga féin.Is reablóid í an Gaeilge agus forbairt na Gaeltachta agus caithfimíd é a dhéanamh sinn féin.Ní féidir linn ár dtír a fhagáil i seilbh polaireoirí agus baincéirí cama.Tá sé molta ag an tuarascáil go gcuirfí COGG agus rudaí a bhaineann le cursaí na teanga Gaelaí faoi churam an Roinn Oideachais, go bhfóire Dé agus sean naimhdeas acu siúd i leith an Gaeilge igcónaí.Beidh cúrsaí fiontar ag dul ó Údaras na Gaeltachta go dtí an Roinn Fiontar, Tradáil agus Fostaíochta.An t-aon rud mhaith san tuarascáil ná go ngearrfaí siar ar aistriú doiceiméidí poiblí go Gaeilge faoin Act 2003.Ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta tuarascail gan fís gan ciall ó cheann de laochra mór an Tíogar Cheiltigh saoi Doheny agus Nesbits Colm M

    Freagra
  5. Feirsteach

    Beidh gá againn le seasamh le chéile níos mó ná riamh: Gael Galltachta, pobal na Gaeltachta thuaidh agus theas, siar agus aniar, anseo agus thar sáile.

    Muna ndéanann muid amhlaidh:
    Abair slán leis na cúrsaí samhraidh!
    Abair slán leis na Gaeltachtaí traidisiúnta (deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge, Scéim na bhFoghlaimneoirí Gaeilge (na mná tí)!
    Abair slán le Hector, Paisean Faisean, Spongebob, Ben 10 & an Tour de France as Gaeilge ar TG4 (ciorruithe 1/3)!
    Abair slán le (haon tionchar fiúntach)hAcht na dTeangacha Oifigiúla!
    Abair slán le COGG agus leathnú amach an cúrsa comhtháite Séideán Sí!
    Abair slán leis an Roinn Pobail Tuaithe agus Gaeltachta (athdháileadh ar Ranna Rialtas éagsúla – ina measc an Roinn is naimhdí leis an nGaeilge – Roinn Oideachais agus Eolaíochta)!
    Abair slán €1m ó Chiste na Gaeilge (Raidió Rí-Rá, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, an Taibhearc go léir ag bráth air mhaoiniú ón gCiste)!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s