An bhfuil siad i ndáiríre?

Is cosúil go bhfuil na Briotanaigh ar bís le Conradh Liospóin a chur go tóin phoil.

Nó cén údar eile atá acu le moladh go mbeadh Tony Blair, iar phríomh ire na Breataine, an t-é a sheas ‘gualainn ar ghualainn’ le George W. Bush agus a chur tús leis an aidbhintiúr mí-amharach san Iaráic agus san Afganastáin, ina uachtarán ar Chomhairle na hEorpa. Caithfidh go bhfuil a fhios acu nach mbeadh fáilte roimh árdú céime mar seo do Tony Blair ní h-amháin in Éirinn ach ar fuaid an domhain.

Má tá oidhreacht ar bith ag Blair ón seal a chaith sé ag Uimhir 10 Sraid Downing, is e an chogadh san Iaráic agus an sléacht a lean é an oidhreacht sin.

Mura cuma le Rialtas na Breataine faoi na ceadta mílte Iaraicigh a maraíodh, nach cuma leo faoi na céadta, ní hea, na mílte saighdiúirí óna dtír féin agus ó Mheirceá a maraíodh i gcogadh Bush agus Blair?

Faoi láthair tá Blair ina thoscaire sa Mheán Oirthear agus é ag iarraidh teacht ar shocrú buan ar an gcoimhlint idir Iosrael agsu na Pailistínigh. Agus níl aon leid ann go fóill go bhfuil ag eirí leis.

Is cosúil go bhfuil an Bhreatain ag déanamh talamh tirim de toradh ‘sea’ sa tír seo – nó ag iarraidh a chinntiú go mbeidh toradh ‘ní hea’ ar an reifreann. Ni feidir liom cuimhneamh ar phostaer níos fearr ar son vóta ‘Níl’ ná ‘Votáil in éadan Tony Blair – Votáil Níl’!

Blair ina Uachtarán ar an Eoraip – ní doigh liom é!

3 thuairim ar “An bhfuil siad i ndáiríre?

  1. Cú Chonnacht

    Cíbe locht nó lochtanna atá sa gConradh Liospóin níl páirt ar bith ag Tony Blair leis, agus bheadh sé áiféiseach amach is amach do aon dream a bheith ag tarraingt ainmniúchán na Sasanach don uachtaránacht isteach sa scéal.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O Donnchadha

    Nár cheap mé go gaibh na Sasanaigh frith an -aontas Éorpaigh igcónaí ; Tony Blair mar Úachtarán, níl seans dá laghaid.

    Freagra
  3. Feirsteach

    Sraith cláracha iontacha “Taking Liberties” faoi oidhreacht Blair ar an mBreatain. Bhí eipeasóid ar siúl oíche aréir, ar cainéal 4, ceapaim.

    Tá breis eolais faoin leagan scannáin ar fáil anseo maraon leis an réamhbhlaiseadh (trailer- focal.ie).
    http://www.noliberties.com/trailer.htm

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s