An bhfuil cinsireacht ar siúl ag Focal.ie?

horny
Tá ana chuid tionscnaimh foclóra ar siúl faoi láthair – an tionscnamh foclóra atá faoi stiur Fhoras na Gaeilge le blianta fada anois agus costas na milliún Euro air an phríomh thogra orthu seo ach tá tuilleadh acu ann freisin.

Luaim é seo mar go bhfuilim in amhras faoi fhiúntas na bhfoclóirí seo ar fad. Is minic dom ag tabhairt cuairte ar shuíomh ar nós focal.ie agus mé sa tóir ar fhocal amháin nó eile, go h-áirithe focail a bhaineann leis an gcultúr comhaimseartha. Níl mé im chónaí i gConamara agus mar sin níl an nós agam -áil a cheangal le stoc an fhocail i mBéarla mar atá i gConamara.

Táim cinnte go bhfuil focail breatha Gaelacha ann le cur síos a dhéanamh ar an gcuid sin dár saol a bhí linn riamh, sé sin an ghnéas/an buaileadh craicinn/agus gach rud gaolmhar. Ní inniu nó inné a thosnaigh fir ag cuir dúíl i mná (agus a mhalairt).

Mar sin bhí ag lorg an fhocail ar ‘horny’ agus, le cois, ar ‘randy’. Focail gairsiúla le cuid againn ar nós – ach focail réasúnta coitianta sa ghnathchaint mar sin féin.

Ach nuair a loirg mé an dhá fhocal seo ar ‘Focal.ie’, ní raibh siad ar fáil. Tá leaganacha éagsúla ag RG Cuan ar Horny – Earcach – agus ar Randy-dair a bheith ar dhuine. Ach an leor seo? Cheapfainn go mbeadh níos mó ná sin ann? Aon tuairim agaibh?

Agus, an cheist mhór, cén fath nach bhfuil na leaganacha seo fiú, atá sa ghnath chaint, ar fáil ar ‘Focal.ie’?

An bhfuil cinsireacht de shórt eigean ar bun?

An é go bhfuil Foras na Gaeilge, atá ag solathar na sonraí téarmaíochta, ag iarraidh cosc a chur ar shuirí is ar chollaíocht na nGael óg?

Nó an bhfuil míniú níos réasúnta – gan blas na comhcheilge – ag aoinne amuigh ansin?

21 de thuairimí ar “An bhfuil cinsireacht ar siúl ag Focal.ie?

  1. Ana

    Is acmhainn don fhoclaíocht teicniúil é focal.ie a Chonchubhair, níl agus ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh sé ina acmhainn chuimsitheach do réimsí uile na teanga. Luadh an méid sin i gcló áit éigin fosta más buan mo chuimhne. Is mó an t-ábhar imní dom leagain éagsúla d’fhocail teicniúla a bheith bainte anuas ar son an chaighdeánaithe is dóigh. Níl cinsireacht den sórt a luaigh tú féin ar siúl áfach, ní raibh sé riamh i gceist go gcuimseofaí ach raon áirithe focal. Seans maith go méadófar amach anseo é nuair a bheifear in ann, ach níorbh shin é an cuspóir tosaigh ná don am i láthair pé scéal. Agus sin hoifigiúil go bhfios domsa.

    Freagra
  2. Feirsteach

    A Chonchubhair,
    Féach an méid thíos ón suíomh Focal.ie

    “Nár aimsigh tú a raibh uait?

    * Cuimhnigh gur foclóir don téarmaíocht speisialaithe é seo. Ní aimseoidh tú focail ghinearálta anseo, ná aistriúchán ar abairtí iomlána.
    * Bain triail as litriú nó foclaíocht eile. Léigh na comhaid chabhrach le go dtuigfidh tú conas a oibríonn an t-inneall cuardaigh.
    * Má cheapann tú gur chóir go mbeadh an téarma atá á lorg agat ar fáil anseo, is féidir iarratas a chur chuig an gCoiste Téarmaíochta.”
    http://www.focal.ie/Enquiry.aspx

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    is í mo chomhairle duit,a Choncubhair, mar a bhíonn i gcónaí, na habair é déan é.

    Freagra
  4. GGN

    Tá foclóir collaíochta ó Chorca Dhuibhne ar fáil, ta English-irish slang ann fosta.

    Tá Feirsteach clúiteach ag obair ar Sex Dictionary fosta.

    Ar fhocal.ie ní gheofar a leithéid ach gheofar rudaí teicnicúla.

    Creidim gur ais den scoith é. Tig sé ar ais chugat go tapaidh fosta. Tá oibrithe maithe acu.

    Freagra
      1. GGN

        Ó Ghlíomáil go Giniúint: Foclóir na Collaíochta, Dáithí Ó Luineacháin, Coiscéim (1997).

        http://www.coisceim.ie/1997.html

        Sin é, níl sé agam a dhuine uasail. Tá mé ag déanamh go bosca nó dhó acu ina luí thart do na Gaeil seo ar dáir ar fud na tíre.

  5. igaeilge Údar an Ailt

    Níl aon mhiniú thuas sasúil. Má thugann tú ‘focal’ mar ainm ar do shuíomh, ba cheart go mbeifeá ábalta teacht ar fhocal ar bith. Tá an cuma ar an scéal nach don ghnath phobal iad na h-acmhainní seo, atá á n-íoc as ón sparán phoiblí, ach do dhream an bheag aistritheoirí nó a leitheid.

    Is faillí é seo a fhagfaidh go mbeidh focail Bhéarla á ghaelú mar a dheintear i gConamara. An toradh deiridh, teanga pidgin. Buiochas arís le Foras na Gaeilge….

    Freagra
  6. RG Cuan

    ‘Adharcach’ an focal seachas ‘earcach’, sílim. Ach nuair a bhíonn an dáir ort níl a fhios agam an mbíonn tú ag smaoineamh faoi cad é an focal ceart nó mícheart le cur síos a dhéanamh ar, eh, do chuid mothúchán 🙂

    Is cinnte gur chóir go mbeadh na focail seo ar fad sna foclóirí agus tá súil agam go mbeidh sna cinn úra – muna mbeidh, ní fiú faic iad.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Thriail mé teacht ar an bhfocal ar shuíomh eile – seachas focal – agus fuair mé an foclóir seo: Ní raibh aon chúthall ar an suíomh sin an focal cuí a thabhairt dom.

    Maidir leis na leithscéalta faoi focal a bheith dirithe ar théarmaí theicniúla, nach bhfuil sé fíor gur réimse ar leith an chollaíocht agus go bhfuil foclaíocht ar leith a ghabhann le sin. Mar sin, sa chomhthéacs sin, seachas comhthéacs ar bith eile a bheadh ar aigne cuid agaibh b’fhéidir, ba cheart go gcuimseodh focal.ie an réimse riachtanach sin dár saol?

    Tá seo ar fad ag cur síol im inchinn faoi cheist i leith chomh fiúntach is atá sé na millliún Euro a chaitheamh ar tionscnamh foclóra Fhoras na Gaeilge. Tá sé deich mbliain ó tugadh an obair seo don bhForas – agus céard atá déanta ó shin? Cúpla duine a fhostú – ach níl rian ar bith den bhfoclóir, nó an bhfuil?

    Tá an saol ag gluaiseacht chun tosaigh agus is cosúil go bhfuil an tionscnamh seo siocaithe san oighear aois.

    Freagra
  8. Séamas Mac Murchaidh

    Cad is fiú a bheith ag gearáin fá easpa soláthair foclóireachta sa Ghaelainn agus gearáin fá fhoclóireacht i nGaeilge ag an am ceanna, nach bhfuil an dá rud ag teacht salach ar a chéile?

    Baineann focail.ie le saineolas, sin sin. Níl horny ansin de bhrí nach focal é sin a bheadh i mbéal doctúra, agus í/é ag obair.

    Nach cainteoir dúchais i nGaeltacht thú? Abair tusa linne cad a deir daoine i Muscraí fá ‘horny’.

    Deirimid adharcadh ach is Béarlachas é sin.

    An bhfuil cainteoirí Ros Muc, Gaoth Dobhair nó Dún Chaoin thart ata horny anocht?

    Freagra
  9. ggn

    Ar ábhar rud beag difriúil, rinneas foclóir CLG don té a bhfuil spéis aige nó aici.

    Ba bhreá liom cur leis i gcónaí.

    Freagra
  10. MiseÁine

    A Shéamais, ní labhraíonn muintir Chonamara ar a leithéid! Beart in áit an bhriathair…

    A Chon, tá tú ag spochaireacht arís…:-)

    Freagra
  11. Aaron Mac Fhionnlaoich

    A Chon, tá an ceart agat agus ba cheart go mbeadh áit amháin ar an idirlín chun an eolas ar fad a fháil, foclóir a threasnaíonn gach réimse. Is féidir cláraigh le http://www.focloirgaeilge.ie agus cuir leis an bhfoclóir sin. Áis iontach (dá mbeadh níos mó daoine á úsáid).

    Freagra
  12. colm

    Deir Concubhar:
    “Táim cinnte go bhfuil focail breatha Gaelacha ann le cur síos a dhéanamh ar an gcuid sin dár saol a bhí linn riamh, sé sin an ghnéas/an buaileadh craicinn/agus gach rud gaolmhar. Ní inniu nó inné a thosnaigh fir ag cuir dúíl i mná (agus a mhalairt).”

    Nach barúil an rud é cainteoir dúchais Gaelainne a tógadh sa nGaeltacht, agus é a bheith aineolach ar an réimse seo teanga.
    Mura bhfuil na focail agat, téigh amach agus labhair leis na comharsan. Déan bailiúchán de na focail seo agus cuir ar an margadh é (le mínithe i nGaeilge, ar ndóigh).
    Seans go mbeadh rath ar an obair.

    Freagra
  13. Sean Mór

    Ní shílim gur ceist cinsearachta atá ann, a Chonchubhair. Cuir isteach ‘mutual masturbation’ in Focal.ie agus gheobhaidh tú Gaeilge air sin. Ní foclóir atá in focal.ie. Dearbhaíonn siad ar an suíomh, go breá soiléir, gur ‘bunachar náisiúnta téarmaíochta’atá i gceist leis an togra ag an phointe seo. Is focail iad ‘horny’ agus ‘randy’ atá ar fáil i bhfoclóirí cheana féin… ní téarmaí úra nó neamhghnácha iad.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s