Eagrán nua nós* – racht ón eagarthóir ar an gclaí

nos11-coverTá an eagrán is déanaí de nós* faighte sa phost agam – más mall is mithid. Mar is dual don iris tá sé lom lán le h-ailt, griangrafanna is eile. Tá roinnt colúin nua ann – ina measc colún breá motair, an chéad cholún i nGaeilge ar mhótair ar léigh mé agus a bhain mé sult as, agus tá colún nua d’fhir óg aeracha, Buachaill sa Bhruachbhaile. Is dócha gurb é seo an chéad cholún ‘aerach agus Gaelach’ cé go bhfuil a fhios agam go raibh cúpla colúin Gaelacha ag scríobhnóirí aeracha roimhe seo. Is maith ann é, fiú nach mbaineann sé liom. Léigh mé é, agus shíl mé gur scríobhnóir ionraic macanta a scrigh agus go raibh léargas suimiúil aige ar chúrsaí.

Bhain mé taitneamh freisin as an gcolún Bhéarla, An Taobh Eile, ar an leathnach Bhéarla. Mhothaigh mé spioraid ‘Ross O’Carroll Kelly’ ann agus bhí sé greannmhar. Cé go gcreidim go bhfuil an coincheap, leathnach Bhéarla in iris Ghaeilge, greannmhar, mothaím nach raibh morán dealramh leis an alt faoi ‘white dwarves’.

Ní iris é nós* don dream atá spéis acu i gcúrsaí reatha – cé go bhfuil roinnt cúrsaí reatha ann agus bionn alt spéisiúil ann i gcónaí i ‘Léargas’. An mhí seo tá sé ag plé leis an gcorraíl sa Choiré. Tá colún géar – agus cliste – ag an Seanduine Liath faoi Thuairisc Uí Riain agus mí órd na n-órd rialta.

Eagrán mí an Mheithimh an eagrán is déanaí agus níl sé ach direach éisithe. Nílim ag iarraidh lucht a fháil ar an eagarthóir nó ar a fhoireann nó tuigim go bhfuil siad ag déanamh na h-oibre seo, obair íontach, go deonach ach go gairmiúil. Léiríonn an mhoill seo go bhfuil deacracht ann i gcónaí cloí le sceideal docht nuair atá acmhainní gann. Is ró mhinic a bhionn Gaeil ag fáil locht ar earraí Gaelacha agus ag tabhairt droim láímhe dóibh dá bharr. Tá sé tabhachtach, áfach, go mbeadh tacaíocht ag nós ó phobal léitheoireacht na Gaeilge, go mbeadh sintiús agat leis an iris (mura bhfuil ceann agat, faigh ceann anois!) mar go mbeadh sé thar a bheith deacair iris chomh maith le nós* a fhoilsiú amach anseo dá dteipfeadh ar an iris seo.

San eagrán seo, tá roinnt mhaith griangrafanna ann agus tá siad ana mhaith iontu féin. Ach ba mhaith liomsa níos mó scéalta a fheiscint – léirmheasanna de na gigeanna seachas gigghraif amháin. Ba mhaith an rud é freisin chun cur leis an díolachán go mbeadh leathnach shoisialta ann – ar nos ocáidí i Foinse+ agus Gaeil sa Phictiúr+ ar nós Lá Nua. Tá na leathnaigh ar dhearadh agus ar ghiúirleidí go maith – ach b’fhéidir go bhfuil gá le níos faisin is smais.

Ceist eile: seo séasúr na laethannta saoire. Ach ni féidir go bhfuil na Gaeil óga ar an Camino de Santiago nó táim cinnte go bhfuil léite agam faoin dturas seo, nó turas cosúil leis, san iris seo roimhe. Maith go leor, íontach spioradálta, ach nach dtéann siad in áiteanna eile, oileáin na Gréige, coláistí samhraidh sa tír seo is eile….

Agus is easnamh mhór nach bhfuil aon trácht ar spórt san eagrán is déanai. Tá na craobhacha peile is iomána faoi lán tseol agus curaithe cúige i ngach cúige is an dhá chluiche nach mór fán dtrath seo. Ba cheart go mbeadh tagairt éigean ar sin i nós*, dar liom. An bhfuil aon seans Dara Ó Cinnéide a mhealladh chun colún rialta a scríobh do nós* anois go bhfuil deireadh le Foinse?

Bhí trath ann go mbíodh nuachtáin ag cur tairiscintí speisialta saoire ar fáil dá leitheoirí. Ní fheadar an mbeadh sé fiúntach do lucht nós* tairiscint speisialta a chur ar fáil le h-aghaidh saoire do Ghaeil óga ar oilean Gréagach nó a leithéid ar feadh coicíse. B’fhéidir go mbeadh brabhús le saothrú óna leithéid….

Ritheann smaoineamh eile liom ar cheist ghaolmhar ach fillfidh mé ar sin ar ball.

Ar aon nós, níl anseo ach racht caradach ón eagarthóir ar an gclaí. Tá nós* ar fheabhas ar fad. Ná bac liomsa!

Dá mbeadh an cur chuige céanna ag mo ghlúin, bheadh iris fónta cúrsaí reatha agus cultúrtha ann fadó. Ná h-abair é, dein é!

13 de thuairimí ar “Eagrán nua nós* – racht ón eagarthóir ar an gclaí

  1. nora de balla

    Bhí do sheans féinig agat mar eagarthóir a Choncubhair agus ní raibh Lá thar moladh beirte. Ní cheapadfsa go bhfuil aon údar clamhsáin a’t nuair nach ndearna tú féinig mórán maitheasa ach altanna fada tuirsiúla

    Freagra
  2. greavsie

    Is fíor dhuit a Nora. Bhí Lá lán le cacamas go háirithe agus Conchubhar mar dheachtoir air

    Freagra
  3. GGN

    nora de balla 7 greavise i gcoinne Chochubhair fá choinne an chéad ‘Léargas’ eile?

    Cad fá ailt ar thithe tabhairne thíos ansin a Mhuimhnigh?
    Cad fá alt ar an road bowls sin?
    Cad fá rud ar puke football?

    Scríobhaígí!!!

    Freagra
  4. An Ulster Scot anaithnid

    Nóra de Balla? Nach aithním an t-ainbm sin ó scéalta nuachta ar na mallaibh?

    Freagra
  5. MiseÁine

    Creidim gurb é atá i gceist ag Con san alt seo uaidh ná cuidiú agus comhairle a thabhairt do Nós*, agus nach deachtóireacht atá ann, sa chás seo cibé scéal é.

    Más rud go ndeara sé botúin agus é ag plé le Lá Nua, agus nílimse a mhaíomh go ndearna, nach aige atá an t-eolas a chinnteodh, b’fhéidir, nach rachaidh Nós* sa treo céanna?

    Freagra
  6. Seán Mícháel O Donnchadha

    Ceist deachair atá anseo.Tuigim go bhfuil Conchubair ag iarraidh dea – chomhairle a thabhairt do Nós ach tá stíl an nua aimsire ag Nós bunaithe ar an aos óg.Ní doigh liom gur altanna fada faoi chúrsaí reatha atá de dhith ach níos mó altanna éadroime ó leitheidí “An Cailín sa cathair”.Ní doigh liom go bhfuil aon bhunús anois bheith ag plé Lá Nua.Léigh míse Lá Nua agus ní raibh na h-altanna ro-fhada ná ro-chasta.Maidir le deachtóireacht nách bhfuil a ardán féin ag Choncubhair anois lena rogha féin a dheanamh leis i.e iGaeilge.

    Freagra
  7. Concubhar O Liathain

    Tá an chontúirt ann i gcónaí nuair a nochtann tú tuairim – mar a nocht mé anseo níos luaithe – ina bhfuil leirmheas ionraic ar chúrsaí go mbainfidh cearc gan ceann éigean mí chiall as agus go rithfidh siad ar fuaid na h-áite ag scairteadh go bhfuilim ag íonsaí nós*. Tuigeann Áine, ar a laghad, nach íonsaí é seo ach iarracht éigean comhairle a thabhairt ó mo shuíomh ar an gclaí.

    Bhí mé féin sa chathaoir te uair amháin – agus dhein mé mo dhícheall ann. Is dócha gur shasaigh iarrachtaí Lá Nua agus é faoi mo stiur roinnt daoine – agus nár shasaigh sé an chuid is mó de leitheoirí na Gaeilge, nó níor cheannaigh siad Lá Nua ar an gcaoi chéanna nár cheannaigh siad Foinse nó Comhar nó nós* fiú.

    Ag an am chéanna, b’fhéidir gur comhtharlúint iomlán é seo ach bhí díolachán Lá Nua ag dul i dtreise le mo linn, go h-áirithe tar éis ar tháinig athrú ar an ndáílitheoir i dtreo deireadh 2007. Ba mhaith liom cuid den chreidiúint a ghlacadh as sin. Ait go leor, agus díolachán Lá Nua ag dul i méid, a tháinig an íonsaí a d’fhag é go gonta go leor agus é ar leathchois ag dul i dtreo deireadh 2008. Ach sin scéal eile atá léite agus pléite roimhe seo.

    Ní chuireann na trachtaireachtaí ó leithéidí Nóra nó Greavesie isteach orm an oiread is nach gcuireann trachtaireachtaí ó dhaoine gan gusta gan éifeacht isteach orm ar aon nós.

    Creidim go dtuigeann lucht nós* gur ag iarraidh cuidú a bhí mé.

    Iar nóta: ní h-é go bhfuilim ag iarraidh go mbeadh nós* ina iris chúrsaí reatha – is iris do dhaoine óga é, iris chultúrtha is spleodair agus is fearr é mar sin. Ba mhaith liom féin roinnt anailís spóirt a léamh ann mar is leitheoir cíochrach mé ar an iris. Ceapaim go bhfuil sé chomh tabhachtach go mbeadh colún spóirt ann is go mbeadh colún do bhuachaillí aeracha nó cailíní gnéasacha (loirg mé an Ghaeilge ar focal.ie le h-aghaidh ‘horny’ agus ‘randy’ is ní raibh aon toradh ar mo chuardach!) ach sin mise. Ní lia duine ná tuairim.

    B’fhéidir gurb é an rud is fearr ar féidir liomsa a dhéanamh ná gan faic eile a rá ar an ábhar go dtí go mbionn m’iris féin ar chúrsaí reatha á fhoilsiú agam amach anseo. Sin cuid den phlean a bhí agam an chéad lá le iGaeilge agus b’fhéidir gur cheart filleadh air. Má eiríonn liom, gach seans go mbeidh ardán eile agam le h-aghaidh m’altanna fada tuirsiúla agus mo ‘chacamas’ a spalpadh ann. Ait go leor, áfach, na daoine a bhí ag gearán, iad san a tháinig anseo, go dtí dún an Cholúnaí Thuirsiúil, le bheith ag gearán….

    Freagra
  8. nós*

    Is mór ag nós* an clúdach seo ar an iris agus tuigeann muid go maith go bhfuil Concubhar ag iarraidh cuidiú agus aischothú dearfach a thabhairt dúinn.

    Ar ndóigh, an deacracht is mó atá againn ná easpa airgid agus infheistíochta agus dá mbeadh go leor áiseanna againn bheadh muid in ann riar a dhéanamh ar gach blas agus gach mian.

    Go dtí go mbaineann muid an lá sin amach – agus tá muid muiníneach go mbainfidh mar creideann muidne, agus ár léitheoirí, go bhfuil an táirge maith go leor – leanfaidh muid linn ag déanamh ár ndíchill, ag obair go deonach ar son ár bpobail féin.

    Cuireann muid fáilte roimh aischothú, agus roimh chabhair, i gcónaí!

    Tomaí Ó Conghaile
    Eagarthóir nós*

    Freagra
  9. Seán Mícháel O Donnchadha

    A Choncubhair tuigim a bhfuil á rá agat, gur ag iarradh a bheith dearfach i gcomhar Nós a bhí tú.Ach tá cúpla léid ann doibh ann comh mhaith.Tá mé ag tnúth go mór leis an iris nua “tuirsiúl” ar cúrsaí reatha atá ar intinn agat a bhunú.

    Freagra
  10. Feirsteach

    N’fheadar an bhfuil sé seo “ceart” de réir lucht na dtéarmaíochta ó tharla gur aistriúcháin díreach í ar an mbéarla ach tá earcach sa ghnáth chaint i measc Gaeil (óga) le haghaidh ‘horny’.

    Freagra
  11. RG Cuan

    Agus bhí fear, a bhfuil aithne agam air, le bean as Conamara oíche amháin a dúirt go raibh ‘dáir’ uirthi 🙂

    Freagra
  12. Séamas Ó Neachtain

    Sílim go bhfuil sé go breá go bhfuil éagsúlacht suntasach ann idir na foilseacháin nua-aimseartha atá ann as Gaeilge. Tá An Gael níos traidisiúnta, b’fhéidir, agus an bhéim ar litríocht agus cultúr. Tá Nós ag díriú ar an aos óg agus a gcultúr féin. Tá nuacht (crua) ar fáil ó nuacht24. Gach ceann díobh déanta go deonach, lasmuigh den chóras oifigiúil (an é sin an fáth go bhfuil siad chomh maith?). Tá bearna ann (mura bhfuil tú sásta le Comhar) maidir le tuairimí faoi chúrsaí reatha, cinnte. Ach is deacair gach éinne a shásamh, dar ndóigh, go háirithe ar an ábhar sin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s