Aire an Aineolais

An é go bhfuil Peter Robinson ag iarraidh daoine níos aineolaí ná a chéile a ainmniú ina airí san Fheidhmeannas ó thuaidh? Sara bpléifidh mé le Nelson McCausland, an Aire Chultúir, tugaim chun cuimhne Sammy Wilson, an Aire Airgeadais nua a chaith seal ina Aire Timpeallachta cé go séanann sé, a la George Bush, go bhfuil aon bhaint idir oll-tomhaltacht an iarthair. Níl a fhios agam a dhearcadh ar an eigeandáil eacnamaíochta – b’fhéidir go gceapann sé gur mallacht ó Dhia atá ann?

Tá Nelson McCausland ina Aire Cultúir, Spóirt agus Foillíochta anois le cúpla seachtain agus is dócha go bhfuil sé a chosa faoina dheasc fán dtrath seo. Tuairiscítear go raibh sé sa Ghaeltacht i dTír Chonaill an tseachtain seo agus is íontach an léargas ar a aineolais an méid a dúirt sé ag an ocáid sin.

Is é seo an méid a deir an Aire le freagracht ar chúrsaí teanga faoin chúram sin:

“I always take the view that just because somebody can say a few words in any language, it doesn’t mean they’ve got any great knowledge of it,” he said.
“I’m living at present in a cul-de-sac but it doesn’t mean I’m fluent in French.”

Agus is é an Aire le cúram an spóirt freisin:

Mr McCausland is also responsible for sport, following DUP leader Peter Robinson’s reshuffle last month.
His predecessor Gregory Campbell caused a row by referring to the all-Ireland football final as an “international event” after Tyrone’s victory over Kerry last September.
Mr McCausland said he did not know Tyrone were the Gaelic football champions, adding that neither did he know who the Northern Ireland champions were in squash or lacrosse.

Chuala mé ag caint ar an dteilifís faoin dearcadh a bheadh aige i leith na Gaeilge agus na h-Ultaise. Dar leis go bhfuil deireadh le laethannta an mhíchothromais idir an Ghaeilge agus an Ultais agus bhí sé le togaint ón méid a dúirt sé go mbeadh cothromas maoinithe á lorg aige.

Ar ndóigh tá míchothromas idir an dhá theanga de bharr go bhfuil siad éagsúil óna chéile. Fiú amháin má ghlacaimid leis gur teanga í an Ultais – agus níl morán teanga-eolaithe a aontódh gur teanga í seachas canúint – tá an Boord o’Ulster Scotch ina mhaoinitheoir ar chúrsaí teanga AGUS cultúr agus is maoinitheoir ghnóthaí teanga amháin Foras na Gaeilge.

An toradh ar sin, gur léir go bhfuil an Fhoras Teanga ina eiseamlár den scoilt seicteach ó thuaidh. Cé go bhfuil an oiread cainteoirí Ultaise ann i nGlinntí Aontroma ar Chaitlicigh iad is náisiúntóirí nó is é sin an canúint atá ar a gcuid Béarla, tá an Boord o’Ulster Scotch ag feidhmiú mar mhaoinitheoir ar ‘chultúr Aondachtach Phrotastúnach’ agus níl náire ar bith ar an mBoord faoi seo.

Fágann sin go bhfuil Foras na Gaeilge in ainm is a bheith ag déanamh riar ar an ‘dtaobh eile’, Gaeil, náisiúntóírí is Éireannaigh, lucht na Gaeilge. Ach mar a thuigimid níl an scoilt seicteach chomh dubh agus bán le sin agus tá go leor á dhéanamh chun Protastúnaigh/Aondachtóírí a mhealladh i dtreo na Gaeilge – nuair a deirim ‘go leor’ ní h-ionann sin agus glacadh leis nach bhfuil a thuilleadh gur féidir a dhéanamh. Cé chomh eifeachtach is atá an Fhoras, sin ceist eile. Ach tá sé soiléir domsa go bhfuil dearcadh níos oscailte agus níos fáiltiúla ag lucht na Gaeilge – go bhfuil iarracht á dhéanamh daoine a mhealladh ina treo – agus go bhfuil iarracht déanta agus go fóill á dhéanamh ag lucht na hUltaise, sciar áirithe acu ar aon nós, eite Nelson McCausland, cultúr Protastúnach agus Aondachtach a thogáil agus an Ultais a úsáid chun an maoiniú seo a ghnóthú. I bhfirinne is beag meas atá ag Nelson McCausland agus a cháirde ar an Ultais féin – ní doigh liom go labhrann sé í – ach go bhfeiceann siad an deis cultúr dílseach a mhaoiniú faoi éide bréige.

Tuigimid go maith céard atá ar bun aige – agus is straitéis bréagach é bunaithe ar bhréaga.

Níl a fhios agam cad é an margadh príobháideach is rúnda atá ann idir SF agus an DUP ach caithfidh go bhfuil cluiche eile á imirt agus duaiseanna is spriocanna eile i gceist. Conas a fhéadfadh SF, ar cheart go dtuigfeadh siad an tabhacht bunúsach atá le cultúr san obair ar son na síochána, an aireacht rí thabhachtach seo a fhagáil le páirtí ina bhfuil dúramáín ar nós McCausland is Campbell is Poots, daoine glic b’fheidir ach daoine gan tuiscint ar chultúr thar an tuiscint atá ag peileadóir ar an slí chun cluiche peile a bhuachaint?

Faillí dochreidte – agus domhaite – atá i gceist le sin.

4 thuairim ar “Aire an Aineolais

  1. instsignpost

    Ait go leor bhí Ultais ar a thoil ag mo sheanathair (ar thaobh mo Mháthair), Caitliceach as Co an Cabhán agus bhí sé i ndán an teanga a léamh leis – Ní doigh liom go raibh Gaeilge ar bith aige!

    Freagra
    1. colm

      Tá sé seo thar a bheith suimiúil, mar níor thuig mé go raibh an chanúint sin á labhairt chomh fada sin ó dheas.
      De réir na staidéir teangeolaíochta atá léite agam, bhí sí á labhairt in áiteacha i dtuaisceart agus in oirthear Uladh – ó Leitir Ceanainn soir go Latharna agus as sin síos go Baile na hInse.
      Níos faide ó dheas ba í an Hiberno English a thóg áit na Gaeilge.

      Freagra
  2. An Ulster Scot anaithnid

    hoots, mon, dinnae ye understand that’s tis the blabberin n witterin away in tha wee Gaelic among tha God-fearin’ folk o Ulster that we wannae put a stop to, and we could no care less aboot the puttin’ forward of our we awn wee way o talkin?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s