Faoiseamh [cánach] a gheobhadsa….

Tuairim mire eile nó b’fhéidir nach ea! Le fada an lá tá an Ghaeilge beo ar dheontaisí – deontaisí chun tigh a thogáil sa Ghaeltacht, deontaisí chun fostaíocht a chur ar fáil, deontas chun nuachtán a fhoilsiú[go dtí le déanaí] agus iliomad deontaisí eile.

Ach má tá an Ghaeilge beo beathach inniu – agus, tá, mar a léiríonn suíomhanna is fiontair ar nós, bhuel, nós*, An Druma Mór, Nuacht 24, Gaelnet, Caint, go leor leor eile, nil aon chreidiúint ag dul do na deontaisí [ach a mhalairt b’fhéidir].

Is amhlaidh go bhfuil nadúr an chaidrimh idir an Ghael agus an Stát – agus na h-udaráis ó thuaidh – bun os cionn. Táimíd ag féachaint ina dtreo ag súil go dtacóidh siad le cibé fiontar atá ar bun againn agus creidimíd mar go bhfuil sé san fhuil anois gurb é an deontas an t-aon uirlis atá ag an Stát chun teacht i gcabhair orainn. Sa tsli sin tugaimíd an cumhacht ar fad, cumhacht beatha agus bás fiontair, don Stát.

Ba cheart go dtuigfimís gur againne atá cumhacht beatha agus bás an togra. Gan sinne, ní bheadh na fiontair thuasluaite, fiontair a thugamar beatha dóibh gan deontas, beo ar chorr ar bith. Ní bheidís ag cur le ‘caipteal shoisialta’ an phobail, ag feabhsú an tsaoil don phobal Gaelach agus, mar gur cuid den mhór phobal an phobal Gaelach, don mhór phobal.

Ag an am chéanna tá obair ar bun againne ar cheart a bheith ar siúl ag an Stát. Mar shampla nuair a deir Éamon O |Cuív gur cheart go mbeadh cultúrlann cosúil le Cultúrlann McAdam O Fiaich i ngach cathair is baile mór [agus baile beag!] sa tír, is é an chéad freagra a bheadh againn – agus ní cáineadh é seo nó táim féin ciontach as seo freisin – cá bhfuil an deontas chun íoc as. Mar atá’s ag an saol, ní raibh deontas ann nuair a bunaíodh Cultúrlann Mc Adam O Fiaich agus dá mbeadh bunaitheoirí na Cultúrlainne ag fánacht ar dheontas roimh dul i mbun oibre, seans maith go mbeimís go fóill gan Cultúrlann.

Conas mar sin a aithneoidh an Stát, agus is cuma an thuaidh nó theas atá tú, nó tá dualgaisí ar na h-údaráis beart a dhéanamh ar son na Gaeilge agus pobal a labhartha sa dhá dlínse de réir caipéisí éagsúla – an Bunreacht ó dheas, Comhaontaithe Chill Rimhinn is Aoine an Chéasta ó thuaidh, an chaipiteal shoisialta atá á chur ar fáil ag na Gaeil?

Sa tslí céanna a d’aithin siad an chaipteal soisialta a cuireadh ar fáil nuair a deineadh athfhorbairt ar cheantaracha sna cathracha a raibh imithe i léig – leithéidí Barra Temple i mBaile Átha Cliath mar shampla – le scéimeanna faoiseamh cánach.

Dá mba rud é go raibh faoiseamh cánach ar fáil d’fhiontraithe a rinne beart éigean ar son na Gaeilge agus, mar sin, ar son an phobail, nár cheart go mbeadh spreagadh ann doibh sin a dhéanamh agus aitheantas as a gcuid iarrachtaí?

Os rud é gur faoiseamh cánach a bheadh i gceist, bheadh gach éinne i dteideal a leithéid – ní bheadh sé teoranta don Ghaeltacht amháin – agus bheadh sé bunaithe ar obair a dhéanamh seachas deontas a éileamh ar bhunús eigean eile – suíomh tír eolaíoch. D’oibreodh sé mar a oibríonn faoiseamh cánach i réimsí eile an tsaoil – sé sin shaothródh fiontar brabhús ach d’fhéadfadh an fiontraí cuid dá chostaisí a chur in éadan an bhrabhúis chun an dlisteanacht cánach a laghdú go mór.

Tarlaíonn seo ar aon nós – go deimhin, tá sé ag titim amach i réimse na n-acmhainí nadúrtha nó tá margadh ar leith idir an Stát agus Shell faoin cháin a íocfar amach anseo ar an ollbhrabhús a dhianshaothróidh Shell as an ghás sin a dhíol go h-idirnáisiúnta. Is é an argóint atá ag an Stát ar son an mhargaidh sin, go ndeir siad go bhfagfaí an ghás faoin ghruinneal mura mbeadh sé ann.

Céard eile an Ghaeilge ach acmhainn nadúrtha? Ach tá sí á iompó, in ainneoin iarrachtaí tionscnóirí na dtionscnaimh eile agus gniomhaithe diograiseacha eile in eagrais ar nós Conradh na Gaeilge, ina docmhainn. San aoráid seo, tá béim as an nua ar chur amú acmhainní agus nuair nach bhfeictear an buntáiste díreach óna leithéid don phobal mór, tugtar amach na sceanna agus tosnaítear ar an ghearradh.

Ceapaim féin gur tuairim réabhlóideach a dhothain é seo ach aithním freisin go bhfuil an réabhlóid sin curtha i gcrich theana féin le beartanna dionghabhailte ag daoine eile – na tionscnóirí thuasluaite, mar shampla, bunaitheoirí Phobal Bhóthar Seoighe, Bunscoil Phobal Feirste (iad san a bagraíodh priosún orthu dá leanfaidís leis an scoil sin!).

Aon tuairim amháin ar “Faoiseamh [cánach] a gheobhadsa….

  1. naionrai

    Aontaím go pointe leis do mheon ar an gceist seo. Tuig áfach nach le lucht bainistíochta an Chultúrlann an ionad féin agus mar sin tá go leor de bhrabús an Chultúrlann ag dul ar cíos. É sin ráite b’fhearr Cultúrlann ar cíos ná faic.

    An dúshlán atá romhainn mar phobal gaelach, mar a fheicimse ná an meon fiontraíochta, an chaidreamh pobail agus an féin-infheistíocht a nascadh le tacaíocht stáit (deontas, faoiseamh cánach, fiú ionad/foirgneamh a chur ar fáil [ar léas fhadtéarmach]). Beidh gá le tacaíocht stáit leis na fiontair sin go léir ag staid éigin fiú mura bhfuil ann ach fógraíocht a ghlacadh.

    Ceapaim nár chóir bheith go hiomlán spleách ar an stát ach ag an am céanna nár chóir diúltú de thacaíocht stáit nó gan é a lorg ar bhonn prionsabail. Tá a leithead de thacaíocht ar fáil ag comhlachtaí ilnáisiúnta “chun fostaíocht a chruthú”. Ba chóir go mbeadh sé ar fáil don fháth céanna agus breise d’fhiontair gaelacha.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s