T-léinte Gaelacha do gach Gael….

peigmothoinBionn tú ag feitheamh ar feadh na mblianta le h-aghaidh comhlacht t-léinte Gaelach le dearthaí nua le teacht ar an mhargadh – agus ansan tagann beirt i ndiaidh a chéile.

Inné bhí mé ag caint ar ‘Caint‘ agus chomh blasta is a bhí na t-léinte ansan. Ach, i gcead do Caint, tá mé tar éis teacht ar an mhathair long ó thaobh na t-léinte. Gaelshirt ainm an tsuímh sin.

Tá an oiread san t-léinte éagsúla nár mhiste liom a chaitheamh anseo gur mhothaigh mé cosúil leis an bpáiste i siopa na mílseáin.

Níl sa suíomh t-léinte seo ach bláisín den iomlán nó is cuid é seo de shuíomh ollmhór, Gaelnet, suíomh líonra shoisialta atá chomh snásta le suíomh idirlín is go bhfuil sé deacair é a chreidiúint.

An oiread agus Caint, ní léir go bhfuil aon bhaint ag aon chomhlacht stat urraithe leis an suíomh seo.

Rud amháin cinnte, más amhlaidh go mbeidh 250,000 cainteoir laethúil Ghaeilge ann faoi 2028 – nó 2030 – gur cosúil go mbeidh go leor t-léinte Gaelacha ann chun iad – sinn – a ghléasadh!

3 thuairim ar “T-léinte Gaelacha do gach Gael….

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Fan amhras bheadh an Spailpin molta is mise im thost. Na blianta fada o shin, chinn me gan t leinte le branndai orthu a chaitheamh. Ma bhi mo chorp le h-usaid sa tsli sin ag rud no neach ar bith, le h- ainm in airde a bhronnadh ar chomhlacht no foireann, is i an Ghaeilge amhain a bhfaigheadh an buntaiste! Mar sin ta vardrus LAN de t leinte an Spailpin agam, t leinte a chaithim go minic.

    Freagra
  2. Éamonn Ó hÉileasain

    A chara,
    go raibh maith agat as an dea-scéal a scríobh faoi shuíomh s’agamsa GaelNet. Is múinteoir Gaeilge ‘s ríomhaireachta me agus tá mó chroí istigh sa Ghaeilge agus i dteicneolaíocht an eolais. Chuir mé an suíomh sin le chéile do Ghaeilgeoirí agus do dhaoine atá ag foghlaim. Táim an-sásta gur bhain tú sult as an suíomh. Mar a deir an seanfhocal, “Go máire sí i bhfad!”

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s