Plean 20 bliain – sé sin 20 bliain go dtí go bhfoilseofar an phlean!

An dara seachtain as a cheile, tá Seán Tadhg Ó Gairbhí, iar eagarthóir Foinse, i mbun pinn i gcolún Tuarascáil san Irish Times. An tseachtain seo chaite bhí sé ag caoineadh imeacht an ‘Ginger Haired Cousin’ – an tseachtain seo tá sé ag moladh do léitheoirí an cholúin a bplean féin don Ghaeilge a ullmhú, seachas bheith ag fánacht le h-aghaidh plean an Rialtais.

Is é sin plean atá ‘sine die’ go fóill – níl a fhios againn cén uair a fhoilseofar é. Táim ag teacht ar an dtuairim go bhfuil Plean 20 Bliain á thabhairt ar an bplean seo mar go mbeidh sé 20 bliain sara bhfoilseofar é – gurb é 2028 nó 2030 an sprioc foilsithe seachas an sprioc do chomhlíonadh mholtaí an phlean. Agus mé ag léamh sin anois, tá an chosúlacht idir é agus an mhíniú a thabharfadh an Aire féin ar cheist dá leitheid.

Tá casta agam le feidhmeannaigh i ranna rialtais a deir go bhfuil dréacht den chaipéis ina seilbh – ach níl a fhios agam nó acu an é seo an dréacht a fhoilseofar.

Idir an dhá linn, cad é bhúr mbarúil ar an moladh atá ag Ó Gairbhí? Agus dá mbeadh sibh i mbun oibre ar an bplean seo, cad a mholfadh sibh? An bhfuil moladh amháin agaibh arbh fhiú a chur i gcaipéis agus a sheoladh chuig an Roinn, fiú ag an uair dhéanach seo, le féachaint an mbeadh sé úsáideach?

2 thuairim ar “Plean 20 bliain – sé sin 20 bliain go dtí go bhfoilseofar an phlean!

  1. jim jim

    Chonac ar an Nuacht ar TG4 Dé Domhnaihgh gur i mí Dheireadh an Fhómhair a fhoilseofar é

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    shíl mé ar feadh tamaill go raibh mé tár éis múscáilt i ndhiaidh codladh leath chéad bliain a bheith agam nó is cuimhin liom go maith ” tuarascáil an chomisiúin chum athbheochán na Gaeilge” a tháinig amach i lár na seasgáidí.800 tágairtí ann do gach gné de shaol an hÉireann san am agus 300 moladh cinnte déanta.Tá sé ina luí ar sheilf éigin i roinn éigin rialtais lán de dheannach.Ghlac rialtas an ama sin leis an tuarascáil go forbhfáilteach ach níor cuireadh an céadú cuid dena moltai i bhféidhm ariamh .cad chuige a mbeadh sé difriúil an tam seo? dá mbeadh ciall ar bith ag an Rialtas seo agus ní dócha go bhfuil bhainfeadh siad an deannach den tuarascáil sin agus í a chur i bhféidhm.Ba leor sin agamsa mar thús.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s