Na Péindlithe i réim ó thuaidh go fóill

Is cosúil go bhfuil na péindlithe i réim ó thuaidh go fóill, más aon tomhas é an diultú seo a tugadh d’iarratas Caoimhín Mac Giolla Chátháin ar iarratas s’aige ar son ceadúnais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Baineadh úsáid as an reachtaíocht, Feidhmiú na gCúirteanna 1737, chun diultú don iarratas seo.

De réir na reachtaíochta seo: “all proceedings in courts of justice within this kingdom shall be in the English language.”

Ach tá cead ag cainteoirí i nGaeilge na hAlba a gcás a throid sa teanga sin in Albain agus tá an chéad céanna a dteanga féin a úsáid sna cúirteanna ag cainteoirí na Breatnaise sa Bhreatain Bheag.

Mar sin, ní fheadar dá mba rud é go dtarlódh sé go mbrisfí an dlí amach anseo agus go raibh an t-é a bhris an dlí ós comhair na cúirte agus dá n-iarrfadh an duine sin cead an cás a throid i nGaeilge na hAlba (agus ansan labhairt i nGaeilge Bhéal Feirste), an bhféadfaí cosc a chuir air ansan?

Tá deacracht ag na breithimh ó thuaidh nó, fiú go bhfuil an reachtaíocht ann, tá an scéal tar éis bogadh chun tosaigh go polatúil. Mar shampla, tá an t-aitheantas céanna ag an Ghaeilge i dtuaisceart na hÉireann is atá ag an Bhreatnais agus ag an Ghaidhlic in Alban faoin Chairt Eorpach. Mar sin de nár cheart go mbeadh an cead céanna an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna.

Thall ar bhlag Mháirtín Uí Mhuilleoir, tá moladh spéisiúil déanta ag Séamus Mac Seáin i bhfreagra ar thrachtaireacht an Mhuilleoirigh ar an chonspóid.

an bhfuil a fhios againn caídé go díreach a dúirt an breitheamh ina bhreithiúnas?.i bhfad siar ag tús an 20ú aois nuair a bhí leatrom mar seo á chleachtadh ag OIFIG A’ PHOIST i mBAC chuir Dúghlas de hÍde agus a chairde 100 duine isteach in Árd Oifig A’ Phoist agus beart beag an duine acu gur stád siad obair na hoifige ar feadh an lae.An fiú briseadh dlí siombalach a eagrú leis an rud chéanna a dhéanamh i bhfus leis na cúirteanna a phlodú?

Agus má chriochnaíonn gach éinne sa phriosún de bharr diultú don reachtaíocht a ordaíonn doibh an cás a throid i nGaeilge, nach mbeifear ábalta tabhairt faoin bhfeachtas atá á mholadh scéim tithíochta do Ghaeil a bhunú.

B’fhéidir go bhfuil an moladh sin ró bhaoth do scéal chomh tromchúiseach.

Is eachtraí mar seo a dhaingníonn an cháis ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh. Ní cur amú airgid atá i gceist ach ceist cearta daonna go mbeifeá ábalta do chás a throid i do theanga féin. Ag an am chéanna, tá an scéal sin imithe thar fóir ó dheas agus na milliún Euro á chaitheamh ar aistriú na n-ionstraimí reachtúla.

Tá’s agam go bhfuil daoine nach n-aontaíonn liom ar na ceisteanna seo – go bhfuil daoine ann a chreideann go bhfuil mé i mbun feachtais chun na h-aistritheoirí ar fad a dhí fhostú!

Ach sin é mo phort-sa.

5 thuairim ar “Na Péindlithe i réim ó thuaidh go fóill

  1. séamus Mac Seáin

    má’s fíor mó chuid eolais bá é SEAMUS TREACY ,breitheamh de chuid na hardcúirte sna sé chontae a rialaigh nárbh fhéidir an Ghaeilge a úsáid sa chás seo.Is léiriú é seo nach ar aon taobh amháin den scoilt sheicteach ó thuaidh atá doicheall roimhe an Ghaeilge.Is iardhalta de chuid Choláiste Maolmhaodhog i mBéal Feirste é, scoil iomráiteach Chaitliceach, a ndeacha cuid mhór iardhaltaí da chuid isteach sa dlí ó thuaidh.Chaith mé féin seal blianta ar an scoil chéanna agus seal mó chuarta ann b’éigéan do gach dalta Gaeilge a ghlacadh sa chéad bhliain.Níl a fhios agam an raibh sin fíor le linn do Seamus Treacy a bheith ann ach an amhlaidh gur duine a raibh a bheagán nó a mhórán den teanga aige a rialaigh go raibh na péindlithe dlisteanach i nÉirinn go fóill?. Is ait an mac an saol

    Freagra
  2. Cú Chonnacht

    dheara, in ainm Dé a Con. Tá tú ag caitheamh an iomarca ama ag léamh na nuachtáin Béarla siúd. Táid ag dul i bhfeidhm ort go deimhin:

    “Ag an am chéanna, tá an scéal sin imithe thar fóir ó dheas agus na milliún Euro á chaitheamh ar aistriú na n-ionstraimí reachtúla.”

    Freisin tá tú ag moladh an dlí a athrú ionas go bhféadfadh cásanna a dhéanamh tríd an Ghaeilge, ach ní mór cuimhneamh, gan na haistriúcháin ar na hionstraimí reachtúla ní fhéadfaí cás a dhéanamh go héifeachtach!
    B’fhéidir ba chóir duit do chuid fuinnimh a chaitheamh níos éifeachtaí ar leas na teangan…. le do thoil.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní gá go mbeadh na h-ionstraimí reachtúla i nGaeilge le go bhféadfaí na casanna a throid i nGaeilge go h-éifeachtach. Níl ansan ach cur i gcéill. Ní ‘ar leas na teanga’ an oiread san airgid a chaitheamh ar aistriúcháin nach léitear le go mbeidh doicheall ar an bpobal roimh airgead a chaitheamh ar thograí fiúntacha.
    Gan amhras, a bhuí den ró chaiteachas ar an aistriúchán ar chaipéisí nach léitear, níl aon nuachtán Ghaeilge fagtha le go mbeinn á léamh…..

    Freagra
    1. colm

      Cúis amháin gur gá na dlíthe agus na hionstraimí a bheith ar fáil chun cásanna dlí a throid ná go mbíonn téarmaíocht i gceist iontu a úsáidtear sna cúirteanna. Tugtar míniú beacht ar go leor focla agus nathanna iontu, agus má úsáideann tú focal áirithe, ní mór a bheith cinnte gur bhfuil an chiall cheart aige sa gcomhthéacs sin.

      Tarlaíonn sé seo sa mBéarla, agus i ngach córas dlí.
      Ní gá go mbíonn an chiall chéanna ag focal áirithe, nó ag nath áirithe, i ndlí amháin is a bhíonn i ndlí eile. Mura mbíonn an reachtaíocht ar fáil i nGaeilge, bíonn ort an Béarla a úsáid. Ní chun fianaise a thabhairt, b’fhéidir, ach chun an próiseas a stiúradh.

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s