Scéal Foinse – léargas ón dtaobh eile

sundaytimesTá go leor ráite ag lucht tacaiochta Foinse anTá go leor ráite ag lucht tacaiochta Foinse anseo faoi na h-údair ar cheart don Stát/Rialtas/Buanaíocht Thuaidh Theas/Foras na Gaeilge tacú le Foinse agus na meáin Ghaeilge.

Seo dearcadh éagsúil, ach is dócha go bhféadfaimís rá go rabhmar ag súil leis. Dar le Mick Heaney, agus é ag scriobh ailt i bhforlíonadh Culture an Sunday Times ag an deireadh seachtaine, ní údar é teip Foinse le tuilleadh tacaíochta ón Stát a thabhairt do na meáin ach a mhalairt.

Ní dearcadh ‘frith Ghaeilge’ go h-iomlán é seo agus níor cheart é a chur as an áireamh. Nuair a chuireann an Stát tacaíocht ar fáil do na meáin, cuireann sé isteach ar an mhargadh agus ní spreagann sé na meáin chun iad féin a chur in oiriúint do mhargadh atá ag athrú.

Agus tá a fhios ag an saol, creidim, gur sin locht amháin a fhéadfaí cur ar Foinse.

Ní léir go bhfuil an t-alt seo ar fáil ar an idirlíon agus is trua sin. Déanfaidh mé mo dhícheall rud éigean a dhéanamh faoi seo ar ball.

Seo ráiteas eile ón alt a spreagfaidh aisfhreagra, cheapfainn…

The misfiring nature of most Irish language media ventures, with their improving didactism and over eager populism [céard a chiallaíonn sin?], stands in contrast to the less altruistically driven success of Gaelscoileannaa or Irish language schools [is ionann iad ar ndóigh!]. Benefitting from more generous markings for exam papers taken through the medium of Irish and, frankly, a more homogenous student body [an seana phort seo faoi chiníochas sna gaelscoileanna arís – an mó uair a chaithfear sin a bhréagnú?], the schools achieve disproportionately high scores when it comes to university feeder league tables in the republic – proof that when people’s self interest is at stake, Irish is enthusiastically embraced.
Irish language media must make themselves similarly indispensable. Presenting failures as harbingers of change does nobody any favours.

Abhar machnaimh gan amhras. Abhar plé?

7 dtuairim ar “Scéal Foinse – léargas ón dtaobh eile

  1. GGN

    Ní aontaím leis go hiomlán ach is ábhar machnaimh é.

    Caithfidh muid an cheist a chur orainn féin, cad chuige a bhfuil nós* i bhfad níos fearr ná abair, An tUltach, a fhaigheann na mílte?

    Ní féidir le maoiniú áit thalann agus fiontrachta a ghlacadh. Ach caithfidh daoine a bheith ábalta iad féin a mbeathú.

    Ach gan fhórsaí margaidh bíonn cuid mhaith den mheán Gaeilge fá … och fágfaidh mé é, seanphort atá ann.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    léigh mé an talt sin agus cé go dtiocfadh leat fiche poll a phiocadh ann is cinnte go bhfuil gráinín den fhírinne ann chomh maith.Tá gluaiseacht na Gaeilge ag brath an iomarca ar dheontais dar liom agus múchann sé sin séiftiúlacht agus cur chuige éifeachtach.Éiríonn daoine sathach ina ndóigh agus ró chompórdach leo féin agus i ndhiaidh tamaill ní bhíonn i gceist ach an lá a chuir isteach agus corr thuairisc a scríobh le deontas na bliana dar gceann a fháil. Níl lucht na gaeilge a dhath níos measa ná dream ar bith eile ó thaobh sin de ach an bhfuil sé lenar leas?.Níl eolas agam ar an ghluaiseacht áit ar bith eile sa tír ach ó Thuaidh tá obair dheonach a bheag nó a mhór imithe ó tugadh na deontais isteach le teacht Comhaontú Aoine an Chéasta agus ní shílim go ndeacha sé chun sochair dúinn.Buíochas le Dia is féidir go bhfuil athrú ag teacht nó chonaic mé go bhfuil an Chultúrlann úr i nDoire Colmcille ag iarraidh daoine le hoibriú go deonach san áit agus ag an aifreann Ghaeilge anseo i mBéal Feirste Dé Domhnaigh seo thart hiarradh ar dhaoiní roinnt ama a chaitheamh gan íocaíocht i gColáiste Feirste le cuidiú leis na daltaí.Ní neart go cur le chéile bíodh íochtha nó nach mbíodh.Is fada mé den tuairim gurbh iad na grúpaí is mó a thugann cuid dá gcaiteachais féin isteach as foinsí eile seachas deontais is túisce a ba chóir deontais a fháil.Is dócha go bhfágfadh sé sin FORAS na GAEILGE ar an trá fholamh!!!

    Freagra
  3. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaoim leat a Sheáin.Is iad na deontais is cúis leis na trioblóidí ar fad, titim dha paipear, an trioblóid leis an eagarthóir i gComhar agus araile.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    cé nach mbaineann sé le habhar is dócha, a GGN, is ráiteas ró mhór é a rá go bhfuil NÓS i bhfad níos fearr ná an tULTACH. is dhá iris difiúil iad .Tá síntiús agam leis an dá cheann agus cé go bhfuil cuma shnásta ar NÓS agus curtha le chéile go maith. Tá sé díríthe ar dhaoine óga, baill ó Dhia orthu,agus tá sin de dhíth ach ó thaobh abhar de braitheann an sean diúlach seo go bhfuil NÓS éadrom agus gan doimhneact. cuireann sé i gcuimhne domh an sean nathán “tá sé lom nocht ach tá cóta fionnaidh air” ach ní chuig mó mhacasamhail atá sé.Tá rud amhain faoin tULTACH níl cóta fionnaidh air.Ní níos fearr ná a chéile atá siad ach diriúil agus go maire an éagsúlacht.

    Freagra
  5. Feirsteach

    Pointe soiléirithe:
    Gaelscoil – bunscoil lán-Ghaeilge go hiondúil lasmuigh den nGaeltacht.
    Gaelcholáiste – iarbhunscoil lán-Ghaeilge go hiondúil lasmuigh den nGaeltacht.
    Irish-language school (d’fhéadfadh sé bheith ag trácht do cheachtar dóibh siúd ach gaelscoileanna is ag trácht don mbunleibhéal). Cé go bhfuil mo dhuine cruinn chuirfeadh sé iontas orm dá dtuigfeadh sé an difir.

    Freagra
  6. Right. Here We Go

    Right. Níl mo Ghaeilge céad faoin gcéad. Táim líofa, ach nílim ag iarraidh ne bitseachaí gramadaigh mé a mharú, so:

    Nós* is doing better than an tUltach because it is young and fresh with a stunning design. Lá Nua and Foinse’s designs were minging, and Lá Nua had millions of boxes on each page to split actual news from advertising, a bit like the Andytown “Shinner” News.

    Funding would work well for every company also, if Foras wasn’t run by such a group of old people who cared only about themselves and thought that they were the nationalist equivalents of the Duke of Edinburgh and his brand spanking new daughter in law, Parker-Bowles.

    Although Foinse was a much better paper, by a VERY long shot, both refused to get in touch with their younger side. As Cucumber is a child who complains about anything that is not (or in economical competition with) Lá Nua, I believe that maybe, just maybe, and this point is of course satire, HE should be Lá Nua Úr II’s new get-in-touch-with-youth director. Only a thought…

    Foras may be made of corrupt, self-interested asses, but Lá Nua and it’s (past) employees need not complain: they should be embarassed.

    Lá Úr Nua Úr Saol-Le-Gearóid ABÚÚÚ!
    Seáinín

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Níl a fhios agam cé tú féin ach tá sé greanmhar a bheith ag léamh do chuid ramhaillí. Tá fáilte romhat teacht anseo agus bheith ag bitseáil leat – b’fhearr liom go ndeinfeá i nGaeilge é agus má chuireann éinne isteach ort, ar chúinsí gramadaí, ní chuirfear suas le sin.
    Chomh maith le sin, ba cheart duit é a dhéanamh faoi d’ainm féin seachas ainmneacha cleite.
    Ní aontaím le do chuid tuairimí ach is mór an spórt a bheith á léamh. Bhí lochtanna ar Lá/Lá Nua – d’admhaigh mé sin i gcónaí – ach dheineamar ár ndícheall taobh istigh de na srianta a bhíomar ag obair faoi. De ghnath na daoine a bhionn ag gearán faoi chaighdeán Lá Nua, nior dhein siad riamh rud chomh fónta leis iad féin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s