Seod Ghaeilge Luimní

Bhí cruinniú an spéisiúil – agus ana thaithneamhach – agam le Deirdre Ní Loingsigh, Stiurthóir Aonad na Gaeilge in Ollscoil Luimní, agus tá súil agam go bhfeicfear toradh ar an gcruinniú sin go luath anseo i Múscraí.

Sa chéad dul síos, is ollscoil don 21ú aois é Ollscoil Luimní. Tá an campas féin go h-alainn agus tá fairsinge spáis ann.

Tá Aonad na Gaeilge ag solathar chúrsa an Fhómhar seo, An Ghaeilge Sa Saol Chomhaimseartha, a bheidh Teastas agus, níos déanaí, Dioplóma, ar fáil doibh san a eiríonn leo sa chúrsa.

Ní h-amháin sin ach tá cúrsa ullmhaithe ag an Aonad chun cuidiú le tuismitheoirí atá páistí leo ag freastal ar Ghaelscoil agus ar mhaith leo níos mó Ghaeilge a bheith acu chun cuidiú lena gcuid obair baile is eile.

Ba thogáil croí dom an dea thoradh a bhí ar an gcruinniú seo agus tá súil agam go mbeidh a thuilleadh comhoibrithe ar bun ag an gComharchumann anseo i Múscraí leis an Aonad uaillmhianach úsáideach seo.

Aon tuairim amháin ar “Seod Ghaeilge Luimní

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Maith tú a Choncubhair as beart a dheanamh de réir briathar.An raibh sé ar intinn agat cúrsa a reachtáil i Muscraí le comh-oibriú ó Ollscoil Luimní?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s