Cnamhdroma Uí hAoláin

Is aisteach an scéal é nuair a mhothaíonn Pádraig Ó hAoláin, príomh fheidhmeannach sár eifeachtach Údarás na Gaeltachta, aerthonnta Raidió 1 a thabhairt air féin chun achainí a dhéanamh ar an Roinn Airgeadais airgead atá geallta don eagraíocht chun spreagadh a thabhairt d’fhostaíocht sa Ghaeltacht a chur ar fáil.

Chuala mé eireabal an scéil ar Morning Ireland – agus cé go bhfuil an tUasal Ó hAoláin dóchasach go mbeidh réiteach ann ‘laistigh de mí nó dhó’, fagann an údar go bhfuil sé ag déanamh gearáin sa chéad dul síos go bhfuil ceist ní h-amháin faoi choimitmint an Rialtais don Ghaeltacht is don Ghaeltacht ach don obair is tabhachtaí a bhféadfadh Rialtas bheith ag déanamh sa Stát faoi láthair, ag cruthú agus ag cothú postanna fiúntacha.

Maith thú, a Phádraig, as seasamh suas agus do chuid a rá gan eagla. Mo náire sibh, a Roinn Airgeadais agus a Rialtais.

Aon tuairim amháin ar “Cnamhdroma Uí hAoláin

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    An í seo an Rialtas atá ar tí deireadh a chur le Roinn na Gaeltachta más fíor na ráflaí on mbord spip agus atá taréis dul i muinín comhairle ó Deasún MacAneaspaigh ar chur cun cinn na Gaeilge faid agus atá da nuachtán Gaeilge fagtha ar an dtrá folamh.An bhfeadfach an duine deireannach a fhagann an tír na sóilse a mhucadh más é do thoil ?!!!!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s