Tuilleadh fadhbanna le hAcadamh na hUltaise

De réir na tuairisce seo ón BBC, is cosúil go raibh – agus go leanann – go leor fadhbanna maidir le bunú Acadamh na hUltaise. D’eirigh duine de na h-ollaimh a bhí luaite leis an Acadamh, an Dr. Alison Henry, as an ghrúpa feidhmiúcháin de bharr a mishuaimhneas faoin tionchar a bheadh ar an cheangal idir í agus an tionscnamh ar a clú acadúil. Bhí duine de na polaiteoirí, agus scoláire mór is gníomhaí teanga na hUltaise, an Dr. Ian Adamson, den tuairim go n-eireodh sé as freisin ach gur chloigh sé leis mar nár theastaigh uaidh aon trioblóid a chothú.

Tagann an scéal seo chun solais sna sála ar an méid a tuairiscíodh anseo inné, go raibh ar an Acadamh £5m a thabhairt ar ais don Roinn Airgeadais is Pearsanra ó 2005 go dáta de bharr ná raibh siad in ann é a chaitheamh. Sa tréimhse céanna, bhí airgead á ghearradh ar thionscnaimh Ghaeilge, Lá Nua ina measc.

5 thuairim ar “Tuilleadh fadhbanna le hAcadamh na hUltaise

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Acadamh nd hUltaise cur amú ama agus airgead.Ceann éile de na polasaithe míre ó socrú Cill Rimhinn.

    Freagra
  2. crosbhealaí

    Ní dócha go mairfeadh “Acadamh” dá leithéid soicind dá mba Acadamh Gaeilge a bhí ann……

    Freagra
  3. Gabhán Ó Fachtna

    Tá cónaí ar 98% de lucht labhartha na hAlbainise in Albain, agus ba cheart do Rialtas na hAlban suas go 98% den airgead a bheadh riachtanach d’aon fhorbairt teanga a chur ar fáil. Ach ní bheadh an tAire in ann jabanna a chruthú dá chairde neamhcháilithe anseo ná an maoiniú don Ghaeilge a laghdú dá ndéanfaí é sin.

    Freagra
  4. crosbhealaí

    an-phointe go deo, a Gabhán. Agus cuimhnigh go mbíonn Rialtas na hÉireann ag cur an-chuid airgid i dtreo na hUltaise (faoin Chomhaontú) agus tá nuachtáin Ghaeilge á dhúnadh ag an am céanna……the world’s gone topsy-turvey!!!

    Freagra
  5. crosbhealaí

    …heh heh…nach bhfuil se anois in am do Rialtas Westminster teacht ar chapall ban chun Foinse agus Lá a tharrtháil?

    Agus in am don Bhanríon Eilís II ráiteas a dhéanamh- bhuel, tá freagaracht do chúrsaí teanga bun os cionn, nach bhfuil??? Sauce for the goose and all that….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s