Horslips fillte ó Thír na nÓg

Na Horslips i mbarr a réime

Na Horslips i mbarr a réime


Tá na Horslips ar ais is cosúil. Tá sé á thuairisciú ar An Druma Mór – agus chuala mé faoi agallamh iad ar sheó Ryan Tubridy ó chianaibh.
Liosta le h-áireamh iad na sár ghrúpaí ó na seachtódaí atá ar ais ar an mbóthar, i mbun coirmeacha ceoil agus eile. Ní foláir ach go bhfuil Tobar na hÓige aimsithe acu.
AC/DC, Iron Maiden, Led Zeppelin – agus anois na Horslips. Ní dócha go bhféadfaí gur banna trom-mhiotail iad na Horslips go mbionn na ceanntailmeálaithe sa tóir orthu. [trom mhiotail = heavy metal agus ceanntailmeálaithe – Freagra a chuir na leaganacha Ghaeilge den dhá fhocal sin ar fáil. Tuigim trom mhiotail ach táim go fóíll ag iarraidh a dhéanamh amach cén bun nó barr atá le ceanntailmeálaithe! Buiochas do lucht Freagra mar sin féin.]
B’é ‘Horslips Greatest Hits’ an chéad albam a cheannaigh mé, é sin agus Making Movies le Dire Straits ar an lá céanna, tar éis gur cheannaigh mé raidió agus téip sheinnteoir le mo chéad phá.
Agus caithfidh mé a rá gur bhain mé an taithneamh agus an úsáid as an albam – bhí na h-amhráin go léir ann, Dearg Doom, The Man Who Built America, Trouble With A Capital T, Happy to Meet Sorry to Part is go leor leor eile. Níl aon rian de cheachtar acu anois – an albam nó an seinnteoir ceoil.
Go luath bead féin ag dul chuig an Point i mBÁC chun freastal ar choirm cheoil Leonard Cohen – an t-é go ndúirt agus é i Londain cúpla mí ó shin gur cuimhin leis bheith i Londain cúig bliana déag roimhe ag a choirm cheol deireannach sa chathair nuair ná raibh ann ach ‘a kid with a crazy dream’ – tá Leonard Cohen 75, comhnaos lem’ athair dá mbeadh sé linn go fóill.
Cuireann seo ar fad scéal Oisín agus Niamh Chinn Óir i gcuimhne dhom. Samhlaigh dá dtarlódh sin inniu is go mbeadh Oisín díreach tar éis filleadh agus é ag iarraidh a fháil amach céard a bhí ag tarlú. Bheadh gach rud athruithe ach, ar a laghad, bheadh na bannaí ceoil céanna ag seinnt agus a bhíodh nuair a bhí sé timpeall roimhe!



Aon tuairim amháin ar “Horslips fillte ó Thír na nÓg

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Is cuimhin liom na Horselips san Town Hall i gCill Airne agus iad thar a bheith cool.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s