Achainí aistritheora

Seoladh an freagra seo ar thrachtaireacht eile níos luaithe inniu agus sílim gur fiú é a chur ós bhúr gcomhair mar abhar machnaimh.

Dar le hAna B, an t-é a scrígh, tá iGaeilge ag cur a slí beatha i mbaol leis na h-íonsaithe seo ar ghairm an aistriúcháin agus deir sí gur pinginí atá á chaitheamh ar aistriúchán i gcomparáid leis na bínse fiosruithe.

B’fhéidir é. Táimse ag teacht ar an dtuairim, dá fheabhas iad na h-aistritheoirí, dá ghaelaí iad, go bhfuil earnáil an aistriúcháin ag tarraingt míchlú ar an nGaeilge leis an ró-chaiteachas atá á dhéanamh ann ar chaipéisí gan tairbhe i mBéarla a aistriú go Gaeilge.

Dá mba amhlaidh go raibh airgead a dhothain ann le h-aghaidh na meáin Ghaeilge agus an aistriuchán, bheinn ar an bport céanna. Táimíd ag cur an dubh ina gheal orainn féin leis an bport seo faoi ‘stadas’ teanga agus ag maíomh go bhfuil tabhacht éigean ag baint le caipéisí oifigiúla a bheith ar fáil i nGaeilge, fiú mura léitear iad, go h-áirithe mura léitear iad.

Ach nílimíd ag cur an dubh ina gheal ar aoinne taobh amuigh de chiorcal chúng daoine. Táimid ag cur daoine i gcoinne na Gaeilge le gach caipéis gan brí atá aistrithe ó Bhéarla doleite go Gaeilge doleite.

Cinnte tá gá le straitéis níos eifeachtaí ó thaobh caiteachas ar an réimse chaipéisí oifigiúla trí chéile – agus mura dtugann an Bórd Snip faoi seo sa tuairisc rúnda atá curtha faoi bhráid an Rialtais, agus mura bhfuil aistriúchán san áireamh, beidh sé le tuiscint ón mhéid sin nach bhfuil an Rialtas dáiríre ar chorr ar bith faoin mhór fhadhb eacnamúil a luaitear leis an tír seo de shíor na laethannta seo. Más amhlaidh go bhfuil an Rialtas sásta airgead a chaitheamh ar chaipéisí – leithéidí na h-ionstraimí reachtúla mar shampla – a aistriú go Gaeilge, in áit ar mhúinteoir breise i seomra ranga nó leabhair fiúntach do na daltaí i scoileanna Ghaeilge nó leaba breise in oisbidéal nó teiripeoir cainte le Gaeilge i gceantar le pobal Ghaelach ann, beidh a fhios againn nach bhfuil sna ciorruithe seo ar fad ach cleas suarach éigean.

Ach sin a dhothain de mo chaint: seo léargas Ana B.

Is aistritheoir mé, in ainm Dé, éiríodh na daoine seo as a bheith ag cur mo ghairme i mbaol, tá dóthain frigin imní orm cheana!! Mo SHAOLSA atá i gceist for frig’s sake, Pinginí suaracha fánacha a chaitear ar an aistriúchán le hais na diabhail binsí fiosrúcháin sin – targaid éasca í an Ghaeilge is na haistriúcháin – coinnigí cuimhne air seo in ainm Dé, Táthar ag cur mo shaol iomlán is mo ghairmse i mbaol!!!! Ba cheart go mbeadh dóthain airgid ann do na meáin Ghaeilge agus do na haistritheoirí – níl sibh ag cabhrú le bhur gcomh-Ghaeilgeoirí ar chor ar bith is bhí Concubhar ariamh ag tochailt ar a cheirtlín féin maidir leis seo gan trócaire ar bith aige dá chomh-Ghaeilgeoirí atá ag obair go dian – mo náire thú!

3 thuairim ar “Achainí aistritheora

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    A Chonchbhair maith tú as an stáid a thabhairt do na h-aistritheoirí a chas a chur.Cé gur futh dom aon duine a gcailleadh a bpost caithfidh mé a admháil go n-aontoinn leat a Choncubhair maidir le ceist na h-ionstraimí reachtúla a aistriú go Ghaeilge, cur amú ama agus airgead.Tá Gaeilge ar a dtoil ag na h-aistritheoirí seo agus ba cheart postanna fiúntacha a bheith acu ag muineadh an Gaeilge le daoine fásta ar mhian leo Gaeilge a fhoglaim, ag scríobh leabhair scoile
    tarraingtí [ a la des bishop agus an Áire] do daltaí scoile agus ag ullmhú áiseanna muinteoireachta do na muinteoirí scoile.Da mbeadh an obair seo ar siúl acu ní bheadh aon cur amú airgead agus ní bheadh siad ina targaid bhog do lucht na frith – Ghaeilge.

    Freagra
  2. colm

    Deir Concubhar:
    “Táimid ag cur daoine i gcoinne na Gaeilge le gach caipéis gan brí atá aistrithe ó Bhéarla doleite go Gaeilge doleite.”

    Ní dóigh liom é, a Choncubhair,
    – tá na daoine sin i gcoinne na Gaeilge cheana féin, ní theastaíonn aon chúis seachas an Ghaeilge a bheith ann chun na daoine sin a chur ar mire.

    Deir Concubhar
    “Más amhlaidh go bhfuil an Rialtas sásta airgead a chaitheamh ar chaipéisí – leithéidí na h-ionstraimí reachtúla mar shampla – a aistriú go Gaeilge, in áit ar mhúinteoir breise i seomra ranga …”

    Arís, a Choncubhair, trí rud anseo.
    – 1. tá sé ráite agamsa, agus ag go leor daoine eile ar an bhfóram seo, nach ceist í na cáipéisí a chur ar fáil i nGaeilge seachas rud eile a chur ar fáil. Mura gcaitear an t-airgead seo ar cháipéisí a chur ar fáil i nGaeilge, rachaidh sé isteach i bpoll mór dubh agus ní fheicfear arís é. Bí lánchinnte nach ar aon rud eile i nGaeilge a chaifear é.
    – 2. An bhfuil tú ar son na dlíthe a bheith ar fáil i nGaeilge? nó an dóigh leat gur chóir an bunreacht a leasú chun nach mbeidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil sa tír seo?
    – 3. Má tá tú ar son na dlíthe a bheith ar fáil i nGaeilge, cén dóigh dar leat ar chóir iad a chur ar fáil? Tríd an gcóras aistriúcháin mar a dhéantar faoi láthair, nó an bhfuil bealach eile agat chun iad a chur ar fáil?

    Ar an gceist seo, dúirt tú cheana go mbeifeá sásta dá gcuirfí an rannóg nua ar fáil i Múscraí, agus aontaím leat. Is maith an smaoineamh é. Ach ná smaoinigh gur drochrud é má lonnaítear í in áit eile sa nGaeltacht.
    Ba mhaith liom féin aonad den státchóras a fheiceáil i ngach aon cheantar Gaeltachta agus ar an gcaoi sin fostaíocht bhuan a chur ar fáil iontu (cuid d’ar gcáin a thabhairt ar ais) agus beocht a chur ar ais sa nGaeltacht, ach ní tharlóidh sé gan brú láidir ó chuile dhuine againn.

    Freagra
  3. Sean Mor

    Ce go dtuigim do phointe a Chonchubhair, ni shilim go ndeanann tu aon idirdhealu idir cad is caipeis fhiuntach ann agus cad is caipeis gan mhaith ann. Mar shampla, mas mian le cainteoir Gaeilge foirm iarratais a chur chuig seirbhis phoibli ar bith, ar cheart go mbeadh sin ar fail i nGaeilge? Ma ta Comhairle Contae ag cur plean ceantair le cheile do cheantar Gaeltachta, ar cheart go mbeadh sin ar fail i nGaeilge do mhuintir na haite, mar chuid den phroiseas comhairlichain phoibli? Ta daoine ann a iarrann na seirbhisi seo. Ni shilim go dtig leat gach caipeis oifigiuil a chaitheamh isteach san aon bhad amhain lena cheile, leis an aon phort amhain ata agat a sheinm.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s